16.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 49/16


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 6/2020

an 7 Feabhra 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/284]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2074 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla sonracha ar choinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe agus earraí áirithe de thionscnamh an Aontais, agus gur ag filleadh ar an Aontas atá siad, tar éis do thríú tír diúltú dá dteacht isteach (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cásanna amhrasta neamhchomhlíontachta nó cásanna neamhchomhlíontachta arna suí le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid substaintí nó iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá údaraithe i dtáirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheatha nó le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid substaintí nó iarmhair substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir leis na cásanna ina bhféadfar seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar tháirgí áirithe a dhéanamh ag pointí rialaithe, agus na cásanna ina bhféadfar seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh i gcéin ó phoist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na seiceálacha sin a dhéanamh (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí atá faoi bhealach, á dtrasloingsiú agus á n-iompar ar aghaidh tríd an Aontas, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 798/2008, (CE) Uimh. 1251/2008, (CE) Uimh. 119/2009, (AE) Uimh. 206/2010, (AE) Uimh. 605/2010, (AE) Uimh. 142/2011, (AE) Uimh. 28/2012 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/759 ón gCoimisiún agus Cinneadh 2007/777/CE ón gCoimisiún (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2126 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla sonracha i ndáil le catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí, bearta atá le glacadh i ndiaidh na rialuithe sin a dhéanamh agus catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2127 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm forálacha áirithe de Threoracha 91/496/CEE, 97/78/CE agus 2000/29/CE ón gComhairle (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124, aisghairtear Cinntí 2000/208/CE (7) agus 2000/571/CE (8) ón gCoimisiún agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/215/AE ón gCoimisiún, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(8)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2126 aisghairtear Cinneadh 94/641/CE ón gCoimisiún (9), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(9)

Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le sláinte plandaí. Ní thagann reachtaíocht maidir le sláinte plandaí faoi raon feidhme Chomhaontú LEE agus dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag forálacha maidir le sláinte plandaí maidir le Stáit CSTE

(10)

Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe. Forálacha maidir le hainmhithe beo, cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe, ní bheidh feidhm acu maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE.

(11)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta, ábhair bheatha agus ábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ábhair bheatha agus ábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointí 11b (Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) i gCuid 1.1 de Chaibidil I agus 31q (Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil II:

“-

32019 R 2127: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2127 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 321, 12.12.2019, lch. 111).”

2.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 11bs (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2130 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1 de Chaibidil I:

“11bt.

32019 R 2074: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2074 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla sonracha ar choinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe agus earraí áirithe de thionscnamh an Aontais, agus gur ag filleadh ar an Aontas atá siad, tar éis do thríú tír diúltú dá dteacht isteach (IO L 316, 6.12.2019, lch. 6).

11bu.

32019 R 2090: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cásanna amhrasta neamhchomhlíontachta nó cásanna neamhchomhlíontachta arna suí le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid substaintí nó iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá údaraithe i dtáirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheatha nó le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid substaintí nó iarmhair substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de (IO L 317, 9.12.2019, lch. 28).

11bv.

32019 R 2123: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir leis na cásanna ina bhféadfar seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar tháirgí áirithe a dhéanamh ag pointí rialaithe, agus na cásanna ina bhféadfar seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh i gcéin ó phoist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na seiceálacha sin a dhéanamh (IO L 321, 12.12.2019, lch. 64).

11bw.

32019 R 2124: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí atá faoi bhealach, á dtrasloingsiú agus á n-iompar ar aghaidh tríd an Aontas, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 798/2008, (CE) Uimh. 1251/2008, (CE) Uimh. 119/2009, (AE) Uimh. 206/2010, (AE) Uimh. 605/2010, (AE) Uimh. 142/2011, (AE) Uimh. 28/2012 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/759 ón gCoimisiún agus Cinneadh 2007/777/CE ón gCoimisiún (IO L 321, 12.12.2019, lch. 73).

11bx.

32019 R 2126: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2126 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla sonracha i ndáil le catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí, bearta atá le glacadh i ndiaidh na rialuithe sin a dhéanamh agus catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann (IO L 321, 12.12.2019, lch. 104).”

3.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas i bpointí 86 (Rialachán (CE) Uimh. 1251/2008 ón gCoimisiún) i gCuid 4.2 agus 9c (Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún) i gCuid 7.1 de Chaibidil I:

“-

32019 R 2124: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 321, 12.12.2019, lch. 73).”

4.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31qs (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2130 ón gCoimisiún) de Chaibidil II:

“31qt.

32019 R 2074: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2074 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla sonracha ar choinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe agus earraí áirithe de thionscnamh an Aontais, agus gur ag filleadh ar an Aontas atá siad, tar éis do thríú tír diúltú dá dteacht isteach (IO L 316, 6.12.2019, lch. 6).

31qu.

32019 R 2090: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cásanna amhrasta neamhchomhlíontachta nó cásanna neamhchomhlíontachta arna suí le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid substaintí nó iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá údaraithe i dtáirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheatha nó le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid substaintí nó iarmhair substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de (IO L 317, 9.12.2019, lch. 28).

31qv.

32019 R 2123: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir leis na cásanna ina bhféadfar seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar tháirgí áirithe a dhéanamh ag pointí rialaithe, agus na cásanna ina bhféadfar seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh i gcéin ó phoist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na seiceálacha sin a dhéanamh (IO L 321, 12.12.2019, lch. 64).

31qw.

32019 R 2124: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí atá faoi bhealach, á dtrasloingsiú agus á n-iompar ar aghaidh tríd an Aontas, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 798/2008, (CE) Uimh. 1251/2008, (CE) Uimh. 119/2009, (AE) Uimh. 206/2010, (AE) Uimh. 605/2010, (AE) Uimh. 142/2011, (AE) Uimh. 28/2012 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/759 ón gCoimisiún agus Cinneadh 2007/777/CE ón gCoimisiún (IO L 321, 12.12.2019, lch. 73).

31qx.

32019 R 2126: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2126 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla sonracha i ndáil le catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí, bearta atá le glacadh i ndiaidh na rialuithe sin a dhéanamh agus catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann (IO L 321, 12.12.2019, lch. 104).”

5.

Scriosfar téacs phointí 29 (Cinneadh 94/641/CE ón gCoimisiún), 88 (Cinneadh 2000/208/CE ón gCoimisiún), 106 (Cinneadh 2000/571/CE ón gCoimisiún) agus 148 (Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/215/AE ón gCoimisiún) i gCuid 1.2. de Chaibidil I.

Airteagal 2

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 164s (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2130 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

“164t.

32019 R 2074: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2074 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla sonracha ar choinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe agus earraí áirithe de thionscnamh an Aontais, agus gur ag filleadh ar an Aontas atá siad, tar éis do thríú tír diúltú dá dteacht isteach (IO L 316, 6.12.2019, lch. 6).

164u.

32019 R 2090: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cásanna amhrasta neamhchomhlíontachta nó cásanna neamhchomhlíontachta arna suí le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid substaintí nó iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá údaraithe i dtáirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheatha nó le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid substaintí nó iarmhair substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de (IO L 317, 9.12.2019, lch. 28).

164v.

32019 R 2123: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir leis na cásanna ina bhféadfar seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar tháirgí áirithe a dhéanamh ag pointí rialaithe, agus na cásanna ina bhféadfar seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh i gcéin ó phoist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na seiceálacha sin a dhéanamh (IO L 321, 12.12.2019, lch. 64).

164w.

32019 R 2124: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí atá faoi bhealach, á dtrasloingsiú agus á n-iompar ar aghaidh tríd an Aontas, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 798/2008, (CE) Uimh. 1251/2008, (CE) Uimh. 119/2009, (AE) Uimh. 206/2010, (AE) Uimh. 605/2010, (AE) Uimh. 142/2011, (AE) Uimh. 28/2012 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/759 ón gCoimisiún agus Cinneadh 2007/777/CE ón gCoimisiún (IO L 321, 12.12.2019, lch. 73).

164x.

32019 R 2126: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2126 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla sonracha i ndáil le catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí, bearta atá le glacadh i ndiaidh na rialuithe sin a dhéanamh agus catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann (IO L 321, 12.12.2019, lch. 104).”

Airteagal 3

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2074, (AE) 2019/2090, (AE) 2019/2123, (AE) 2019/2124, (AE) 2019/2126 agus (AE) 2019/2127 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 8 Feabhra 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 210/2019 ó Chomhchoiste LEE an 27 Meán Fómhair 2019 (10), cibé acu is déanaí.

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT


(1)  IO L 316, 6.12.2019, lch. 6.

(2)  IO L 317, 9.12.2019, lch. 28.

(3)  IO L 321, 12.12.2019, lch. 64.

(4)  IO L 321, 12.12.2019, lch. 73.

(5)  IO L 321, 12.12.2019, lch. 104.

(6)  IO L 321, 12.12.2019, lch. 111.

(7)  IO L 64, 11.3.2000, lch. 20.

(8)  IO L 240, 23.9.2000, lch. 14.

(9)  IO L 248, 23.9.1994, lch. 26.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(10)  IO L 4, 5.1.2023, lch. 11.