12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 11/18


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 256/2019

an 25 Deireadh Fómhair 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/79]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1175 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2019 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Roundtable on Sustainable Palm Oil RED’ maidir le comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta faoi Threoir 98/70/CE agus faoi Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 6aza (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1854 ón gCoimisiún) de Chaibidil XVII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘6azb.

32019 R 1175: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1175 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2019 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Roundtable on Sustainable Palm Oil RED’ maidir le comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta faoi Threoracha 98/70/CE agus 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú (IO L 184, 10.7.2019, lch. 21).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1175 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Gunnar PÁLSSON


(1)   IO L 184, 10.7.2019, lch. 21.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.