12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 11/11


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 252/2019

an 25 Deireadh Fómhair 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/75]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1289 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2019 maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 11201P a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1290 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/338 a mhéid a bhaineann le híoschion ullmhóide 6-fíotáis, arna tairgeadh ag Aspergillus niger (DSM 25770) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróg (sealbhóir an údaraithe BASF SE) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 252 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/338 ón gCoimisiún):

 

‘arna leasú le:

32019 R 1290: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1290 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2019 (IO L 203, 1.8.2019, lch. 6).’

2.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 301 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1125 ón gCoimisiún):

‘302.

32019 R 1289: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1289 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2019 maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 11201P a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 203, 1.8.2019, lch. 2).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1289 agus (AE) 2019/1290 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Gunnar PÁLSSON


(1)  IO L 203, 1.8.2019, lch. 2.

(2)  IO L 203, 1.8.2019, lch. 6.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.