5.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 4/77


CINNEADH Uimh. 242/2019 Ó CHOMHCHOISTE LEE

an 27 Meán Fómhair 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/47]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 12(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (1), arna cheartú le IO L 28, 4.2.2016, lch. 18, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir le sonraíochtaí íosta agus nósanna imeachta teicniúla íosta a leagan amach le haghaidh leibhéil mhuiníne do mhodhanna ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2015 lena mbunaítear socruithe nós imeachta le haghaidh comhar idir na Ballstáit maidir le sainaithint leictreonach de bhun Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1984 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2015 lena sainítear na cúinsí, na formáidí agus na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt de bhun Airteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 51e (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/650 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘5lf.

32015 R 1501: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 12(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 1), arna cheartú le IO L 28, 4.2.2016, lch. 18.

5lg.

32015 R 1502: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir le híos-sonraíochtaí teicniúla agus íosnósanna imeachta teicniúla a leagan amach i dtaca le leibhéil mhuiníne le haghaidh modh ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 7).

5lh.

32015 D 0296: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2015 lena mbunaítear socruithe nós imeachta le haghaidh comhar idir na Ballstáit maidir le ríomh-shainaitheantas de bhun Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 53, 25.2.2015, lch. 14).

5li.

32015 D 1984: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1984 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2015 lena sainítear na cúinsí, na formáidí agus na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt de bhun Airteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 289, 5.11.2015, lch. 18).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501, arna cheartú le IO L 28, 4.2.2016, lch. 18, agus (AE) 2015/1502 agus Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296 agus (AE) 2015/1984 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Meán Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meán Fómhair 2019.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Gunnar PÁLSSON


(1)   IO L 235, 9.9.2015, lch. 1.

(2)   IO L 235, 9.9.2015, lch. 7.

(3)   IO L 53, 25.2.2015, lch. 14.

(4)   IO L 289, 5.11.2015, lch. 18.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.