5.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 4/55


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 233/2019

an 27 Meán Fómhair 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/38]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1397 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2019 maidir le ceanglais deartha, tógála agus feidhmíochta agus caighdeáin tástála le haghaidh trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/773 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1397 aisghairtear Rialachán (AE) 2018/773 ón gCoimisiún, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 3 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/773 ón gCoimisiún) de Chaibidil XXXII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

32019 R 1397: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1397 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2019 maidir le ceanglais deartha, tógála agus feidhmíochta agus caighdeáin tástála le haghaidh trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/773 (IO L 237, 13.9.2019, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1397 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Meán Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meán Fómhair 2019.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Gunnar PÁLSSON


(1)   IO L 237, 13.9.2019, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.