8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 148/3


AISTRIÚCHÁN

PRÓTACAL lena leasaítear Comhaontú Marrakech lena mbunaítear Comhaontú na Heagraíochta Domhanda Trádála Comhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh

TÁ COMHALTAÍ NA hEAGRAÍOCHTA DOMHANDA TRÁDÁLA;

AG FÉACHAINT don Chinneadh ón gComhdháil Aireachta i ndoiciméad WT/MIN(22)/33 — WT/L/1144 arna ghlacadh de bhun mhír 1 d’Airteagal X de Chomhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’);

AG COMHAONTÚ, LEIS SEO, AN MHÉID SEO LEANAS:

1.

Ar theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo de bhun mhír 4, déanfar Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT a leasú, tríd an gComhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh, arna leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo, a chur isteach i ndiaidh an Chomhaontaithe maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh.

2.

Ní fhéadfar aon fhorchoimeádas a dhéanamh maidir le haon cheann d’fhorálacha an Phrótacail seo.

3.

Leis seo, beidh an Prótacal ar oscailt lena ghlacadh ag na Comhaltaí.

4.

Tiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm i gcomhréir le forálacha mhír 3 d’Airteagal X de Chomhaontú EDT (1).

5.

Déanfar an Prótacal seo a thaisceadh le hArd-Stiúrthóir na hEagraíochta Trádála Domhanda a thabharfaidh cóip dheimhnithe de go pras do gach Comhalta mar aon le fógra faoi gach cás ina nglactar leis de bhun mhír 3.

6.

Clárófar an Prótacal seo de réir fhorálacha Airteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe.

Arna dhéanamh sa Ghinéiv, an seachtú lá déag de Mheitheamh, dhá mhíle fiche agus a dó, in aon chóip amháin sa Bhéarla, sa Fhraincis agus sa Spáinnis, agus is téacs barántúil é gach téacs.

 


(1)  Chun críocha glacadh a ríomh faoi Airteagal X:3 de Chomhaontú EDT, déanfar ionstraim ghlactha ag an Aontas Eorpach ina leith féin agus i leith a Bhallstát a áireamh mar ionstraim ghlactha a ghlacfaidh líon Comhaltaí atá cothrom le líon na mBallstát den Aontas Eorpach ar Chomhaltaí EDT iad.


IARSCRÍBHINN

AN COMHAONTÚ MAIDIR LE FÓIRDHEONTAIS IASCAIGH

Airteagal 1

Raon feidhme

Tá feidhm ag an gComhaontú seo maidir le fóirdheontais, de réir bhrí Airteagail 1.1 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh (Comhaontú SCM) ar fóirdheontais shonracha iad de réir bhrí Airteagal 2 den Chomhaontú sin, d’iascaireacht gabhála fiáine mhuirí agus do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht ar muir (1) , (2) , (3).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo:

(a)

ciallaíonn ‘iasc’ gach speiceas d’acmhainn bhitheolaíoch na mara, bíodh siad próiseáilte nó ná bíodh;

(b)

ciallaíonn ‘iascaireacht’ iasc a lorg, a mhealladh, a aimsiú, a ghabháil, a thógáil nó a shaothrú nó aon ghníomhaíocht a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go ndéanfaí iasc a mhealladh, a aimsiú, a ghabháil, a thógáil nó a shaothrú de thoradh na gníomhaíochta sin;

(c)

ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht’ aon oibríocht chun tacú le hiascaireacht nó mar ullmhúchán d’iascaireacht, lena n-áirítear tabhairt i dtír, pacáistiú, próiseáil, trasloingsiú nó iompar éisc nár tugadh i dtír cheana ag calafort, chomh maith le soláthar pearsanra, breosla, trealaimh agus soláthairtí eile ar muir;

(d)

ciallaíonn ‘soitheach’ aon soitheach, long de chineál eile nó bád a úsáidtear le haghaidh iascaireachta nó le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht, nó atá feistithe a úsáid nó a bheartaítear a úsáid lena n-aghaidh sin;

(e)

ciallaíonn ‘oibreoir’ úinéir soithigh, nó aon duine, atá i bhfeighil an tsoithigh nó a stiúrann nó a rialaíonn an soitheach.

Airteagal 3

Fóirdheontais is cúis leis an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (4)

3.1   Ní dhéanfaidh aon Chomhalta aon fhóirdheontas a dheonú ná a choinneáil ar bun do shoitheach ná d’oibreoir (5) atá ag gabháil d’iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) nó do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht mar thaca le hiascaireacht NNN.

3.2   Chun críocha Airteagal 3.1, measfar soitheach nó oibreoir a bheith i mbun iascaireacht NNN má chinntear go bhfuil ceann amháin de na nithe seo a leanas fíor ina thaobh (6)(7):

(a)

Comhalta cósta, i gcás gníomhaíochtaí i limistéir atá faoina dhlínse; nó

(b)

Comhalta Stáit brataí, i gcás gníomhaíochtaí a dhéanann soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu; nó

(c)

Eagraíocht nó Comhshocrú Réigiúnach Bainistithe Iascaigh (E/CRBI) ábhartha, i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta E/CRBI agus leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear trí fhógra tráthúil agus faisnéis ábhartha a sholáthar, i limistéir agus i gcás speiceas atá faoina inniúlacht.

3.3

(a)

Tagraíonn cinneadh dearfach (8) faoi Airteagal 3.2 don chinneadh críochnaitheach ó Chomhalta agus/nó don liostú críochnaitheach ó E/CRBI go raibh soitheach nó oibreoir i mbun iascaireacht NNN.

(b)

Chun críocha Airteagal 3.2(a), beidh feidhm ag an toirmeasc faoi Airteagal 3.1 i gcás ina bhfuil an cinneadh a dhéanann an Comhalta cósta bunaithe ar fhaisnéis fhíorasach ábhartha agus inar chuir an Comhalta cósta an méid seo a leanas ar fáil don Chomhalta brataí agus, más eol, an Comhalta atá ag tabhairt an fhóirdheontais:

(i)

fógra tráthúil, trí bhealaí iomchuí, gur coinníodh soitheach nó oibreoir go sealadach ar feitheamh imscrúdaithe breise i ndáil le bheith páirteach in iascaireacht NNN, nó gur thionscain an Comhalta cósta imscrúdú ar iascaireacht NNN, lena n-áirítear tagairt d’aon fhaisnéis fhíorasach ábhartha, dlíthe, rialacháin, nósanna imeachta riaracháin, nó bearta ábhartha eile is infheidhme;

(ii)

an deis faisnéis ábhartha a mhalartú (9) sula ndéanfar cinneadh, ionas gur féidir an fhaisnéis sin a bhreithniú sa chinneadh críochnaitheach. Féadfaidh an Comhalta cósta an bealach agus an tréimhse ama a shonrú inar cheart an malartú faisnéise sin a dhéanamh; agus

(iii)

fógra faoin gcinneadh críochnaitheach, agus faoi aon smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear, más infheidhme, a bhfad.

Cuirfidh an Comhalta cósta cinneadh dearfach in iúl don Choiste dá bhforáiltear in Airteagal 9.1 (dá ngairtear ‘an Coiste’ sa Chomhaontú seo).

3.4   An Comhalta atá i mbun fóirdheonú, cuirfidh sé san áireamh cineál, tromchúis agus atarlú na hiascaireachta NNN a rinne soitheach nó oibreoir agus fad chur i bhfeidhm an toirmisc in Airteagal 3.1 á shocrú aige. Beidh feidhm ag an toirmeasc in Airteagal 3.1 ar a laghad fad a mhairfidh an smachtbhanna (10) is toradh ar an gcinneadh a spreag an toirmeasc, sin nó ar a laghad fad a bheidh an soitheach nó an t-oibreoir liostaithe ag E/CRBI, cibé acu is faide.

3.5   Tabharfaidh an Comhalta atá i mbun fóirdheonú fógra don Choiste faoi na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 3.1 i gcomhréir le hAirteagal 8.3.

3.6   I gcás ina dtugann Comhalta calafoirt fógra do Comhalta atá i mbun fóirdheonú go bhfuil forais shoiléire aige lena chreidiúint go raibh soitheach i gceann dá chalafoirt i mbun iascaireacht NNN, tabharfaidh an Comhalta atá i mbun fóirdheonú aird chuí ar an bhfaisnéis a fuarthas agus déanfaidh sé na gníomhaíochtaí i ndáil lena fhóirdheontais de réir mar a mheasann sé is iomchuí.

3.7   Beidh dlíthe, rialacháin agus/nó nósanna imeachta riaracháin i bhfeidhm ag gach Comhalta chun a áirithiú nach ndeonófar ná nach gcoinneofar ar bun fóirdheontais dá dtagraítear in Airteagal 3.1, lena n-áirítear fóirdheontais den sórt sin a bheidh ann tráth theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

3.8   Ar feadh tréimhse 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, i gcás fóirdheontais arna ndeonú nó arna gcoinneáil ar bun ag Comhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad, lena n-áirítear Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt (TLF) iad, suas go dtí an limistéar eacnamaíoch eisiach agus laistigh de, beidh siad díolmhaithe ó ghníomhaíochtaí bunaithe ar Airteagail 3.1 agus 10 den Chomhaontú seo.

Airteagal 4

Fóirdheontais maidir le stoic a ndéantar ró-iascaireacht orthu

4.1   Ní thabharfaidh ná ní choinneoidh aon Chomhalta fóirdheontais le haghaidh iascaireachta nó gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht maidir le stoc a ndearnadh ró-iascaireacht air.

4.2   Chun críoch an Airteagail seo, measfar go bhfuil ró-iascaireacht á dhéanamh ar stoc i gcás ina n-aithníonn an Comhalta cósta a bhfuil an iascaireacht á dhéanamh faoina dhlínse go bhfuil ró-iascaireacht ar siúl, sin nó i gcás ina n-aithníonn E/CRBI amhlaidh i limistéir agus i gcás speiceas atá faoina inniúlacht, ar bhonn na fianaise eolaíche is fearr atá ar fáil dóibh.

4.3   D’ainneoin Airteagal 4.1, féadfaidh Comhalta na fóirdheontais dá dtagraítear in Airteagal 4.1 a dheonú nó a choinneáil ar bun má chuirtear na fóirdheontais sin nó bearta eile chun feidhme chun an stoc a atógáil go leibhéal atá inbhuanaithe ó thaobh na bitheolaíochta de (11).

4.4   Ar feadh tréimhse 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, i gcás fóirdheontais arna ndeonú nó arna gcoinneáil ar bun ag Comhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad, lena n-áirítear Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad, suas go dtí an limistéar eacnamaíoch eisiach agus laistigh de, beidh siad díolmhaithe ó ghníomhaíochtaí bunaithe ar Airteagail 4.1 agus 10 den Chomhaontú seo.

Airteagal 5

Fóirdheontais eile

5.1   Ní dhéanfaidh aon Chomhalta fóirdheontais a dheonú ná a choinneáil ar bun, ar fóirdheontais iad a tugadh d’iascaireacht nó do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht lasmuigh de dhlínse Comhalta cósta nó neamh-Chomhalta cósta agus lasmuigh d’inniúlacht E/CRBI ábhartha.

5.2   Agus fóirdheontais á ndeonú do shoithí nach bhfuil bratach an Chomhalta sin ar foluain acu, tabharfaidh an Comhalta aire ar leith dó sin agus feidhmeoidh sé srian cuí ina thaobh.

5.3   Agus fóirdheontais á ndeonú aige d’iascaireacht nó do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht i gcás stoic nach eol a stádas, tabharfaidh an Comhalta aird ar leith dó sin agus feidhmeoidh sé srian cuí ina thaobh.

Airteagal 6

Forálacha sonracha do Chomhaltaí TLF

Feidhmeoidh an Comhalta srian cuí i dtaobh ábhair a bhaineann le Comhalta TLF a ardú agus cuirfear san áireamh sna réitigh a bhféachfar orthu staid shonrach an Chomhalta TLF atá i gceist, más ann do staid dá leithéid.

Airteagal 7

Cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta

Soláthrófar cúnamh teicniúil spriocdhírithe agus cúnamh forbartha acmhainní do Chomhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad, lena n-áirítear Comhaltaí TLF, chun na disciplíní faoin gComhaontú seo a chur chun feidhme. Chun tacú leis an gcúnamh sin, bunófar sásra cistiúcháin deonach EDT i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) agus an Ciste Idirnáisiúnta um Fhorbairt Talmhaíochta. Is ar bhonn deonach amháin a dhéanfaidh Comhaltaí EDT ranníocaíochtaí leis an sásra agus ní úsáidfear gnáthacmhainní buiséadacha dó.

Airteagal 8

Fógra agus trédhearcacht

8.1   Gan dochar d’Airteagal 25 de Chomhaontú SCM agus chun fógraí faoi fhóirdheontais iascaigh a neartú agus a fheabhsú, agus chun faireachas níos éifeachtaí a chumasú maidir le gealltanais fóirdheontas iascaigh a chur chun feidhme, déanfaidh gach Comhalta

(a)

an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt mar chuid dá fhógra rialta faoi fhóirdheontais iascaigh faoi Airteagal 25 de Chomhaontú SCM (12) , (13): cineál na gníomhaíochta iascaireachta dá dtugtar an fóirdheontas;

(b)

a mhéid is féidir, an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt mar chuid dá fhógra rialta faoi fhóirdheontais iascaigh faoi Airteagal 25 de Chomhaontú SCM (12) , (13):

(i)

stádas na stoc éisc san iascach dá dtugtar an fóirdheontas (e.g. ró-iascaireacht, iascaireacht uasta inbhuanaithe, nó tearc-iascaireacht) agus na pointí tagartha a úsáidtear, agus cé acu a roinntear (14) nó nach roinntear na stoic sin le haon Comhalta eile, sin nó cé acu atá nó nach bhfuil siad á mbainistiú ag E/CRBI;

(ii)

bearta caomhnúcháin agus bainistithe atá i bhfeidhm don stoc éisc ábhartha;

(iii)

acmhainn an chabhlaigh san iascach dá dtugtar an fóirdheontas;

(iv)

ainm agus uimhir aitheantais an tsoithigh iascaireachta nó na soithí iascaireachta a bhaineann tairbhe as an bhfóirdheontas; agus

(v)

sonraí gabhála de réir speicis nó de réir grúpa speiceas san iascach dá dtugtar an fóirdheontas (15).

8.2   Tabharfaidh gach Comhalta fógra i scríbhinn don Choiste ar bhonn bliantúil maidir le liosta soithí agus oibreoirí a chinn sé go dearfach go raibh siad i mbun iascaireacht NNN.

8.3   Déanfaidh gach Comhalta, laistigh de bhliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, an Coiste a chur ar an eolas faoi bhearta atá ann nó a dhéantar chun cur chun feidhme agus riar an Chomhaontaithe seo a áirithiú, lena n-áirítear na bearta a rinneadh chun toirmisc a leagtar amach in Airteagail 3, 4 agus 5 a chur chun feidhme. Cuirfidh gach Comhalta an Coiste ar an eolas go pras freisin faoi aon athrú ar bhearta den sórt sin ina dhiaidh sin, agus faoi bhearta nua a dhéanfar chun na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 3 a chur chun feidhme.

8.4   Déanfaidh gach Comhalta, laistigh de bhliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tuairisc a sholáthar don Choiste ar a chóras iascaigh ina mbeidh tagairtí dá dhlíthe, dá rialacháin agus dá nósanna imeachta riaracháin is ábhartha don Chomhaontú seo, agus cuirfidh sé an Coiste ar an eolas go pras faoi aon mhodhnú ina dhiaidh sin. Féadfaidh Comhalta an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí nasc leictreonach atá cothrom le dáta a chur ar fáil don Choiste chuig leathanach gréasáin an Chomhalta nó chuig leathanach gréasáin oifigiúil eile ina leagtar amach an fhaisnéis sin.

8.5   An Comhalta atá ag tabhairt fógra, féadfaidh Comhalta eile tuilleadh faisnéise a iarraidh ar an gComhalta sin maidir leis na fógraí agus an fhaisnéis a sholáthraítear faoin Airteagal seo. An Comhalta atá ag tabhairt fógra, tabharfaidh sé freagra ar an iarraidh sin chomh tapa agus is féidir i scríbhinn agus ar bhealach cuimsitheach. Má mheasann Comhalta nár cuireadh fógra nó faisnéis faoin Airteagal seo ar fáil, féadfaidh an Comhalta sin aird an Chomhalta eile sin nó an Choiste a tharraingt ar an ábhar.

8.6   Tabharfaidh na Comhaltaí fógra i scríbhinn don Choiste, ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, faoi aon E/CRBI a bhfuil siad ina bpáirtithe ann. Is éard a bheidh san fhógra sin, ar a laghad, téacs na hionstraime dlí lena dtionscnaítear E/CRBI, an limistéar agus na speicis faoina inniúlacht, an fhaisnéis maidir le stádas na stoc éisc bainistithe, tuairisc ar a bhearta caomhnúcháin agus bainistithe, na rialacha agus na nósanna imeachta lena rialaítear a chinntí iascaireachta NNN, agus liostaí nuashonraithe na soithí agus/nó na n-oibreoirí ar chinn an Coiste go raibh siad i mbun iascaireacht NNN. Féadfaidh Comhalta amháin nó grúpa Comhaltaí an fógra sin a chur i láthair (16). Cuirfear aon athrú ar an bhfaisnéis sin in iúl don Choiste go pras. Coinneoidh Rúnaíocht an Choiste liosta E/CRBInna mar a fógraíodh de bhun an Airteagail seo.

8.7   Má thugtar fógra, aithníonn na Comhaltaí nach rud é sin a dhéanann réamhbhreith ar (a) a stádas dlíthiúil faoi GATT 1995, faoi Chomhaontú SCM, nó faoin gComhaontú seo; (b) éifeachtaí an bhirt faoi Chomhaontú SCM; nó (c) cineál an bhirt féin.

8.8   Níl aon rud san Airteagal seo lena gceanglaítear faisnéis rúnda a thabhairt.

Airteagal 9

Socruithe institiúideacha

9.1   Bunaítear leis seo Coiste um Fhóirdheontais Iascaigh ar a mbeidh ionadaithe ó gach Comhalta. Toghfaidh an Coiste a Chathaoirleach féin agus tiocfaidh sé le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad agus seachas sin mar a bheartaítear le forálacha ábhartha an Chomhaontaithe seo arna iarraidh sin d’aon Chomhalta. Comhlíonfaidh an Coiste freagrachtaí arna sannadh dó faoin gComhaontú seo nó arna sannadh ag na Comhaltaí agus tabharfaidh sé deis do na Comhaltaí dul i gcomhairle leis maidir le haon ábhar a bhaineann le feidhmiú an Chomhaontaithe seo nó le cur ar aghaidh a chuspóirí. Gníomhóidh Rúnaíocht EDT mar rúnaíocht don Choiste.

9.2   Scrúdóidh an Coiste an fhaisnéis uile a sholáthraítear de bhun Airteagail 3 agus 8 agus de bhun an Airteagail seo gach 2 bhliain ar a laghad.

9.3   Déanfaidh an Coiste athbhreithniú bliantúil ar chur chun feidhme agus ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo, agus cuspóirí an Chomhaontaithe seo á gcur san áireamh. Cuirfidh an Coiste an Chomhairle um Thrádáil Earraí ar an eolas gach bliain faoi fhorbairtí le linn na tréimhse a chumhdaítear le hathbhreithnithe den sórt sin.

9.4   Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, athbhreithneoidh an Coiste feidhmiú an Chomhaontaithe seo d’fhonn na modhnuithe uile is gá a shainaithint chun feidhmiú an Chomhaontaithe seo a fheabhsú, agus cuspóirí an Chomhaontaithe seo á gcur san áireamh. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coiste tograí a chur faoi bhráid na Comhairle um Thrádáil Earraí chun téacs an Chomhaontaithe seo a leasú ag féachaint, inter alia, don taithí a fuarthas agus é á chur chun feidhme.

9.5   Coinneoidh an Coiste dlúth-theagmháil le FAO agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile i réimse an bhainistithe iascaigh, lena n-áirítear E/CRBInna ábhartha.

Airteagal 10

Réiteach díospóidí

10.1   Beidh feidhm ag forálacha Airteagail XXII agus XXIII de GATT 1994 arna míniú agus arna gcur i bhfeidhm ag an gComhaontú um Réiteach Díospóidí (DSU) maidir le comhairliúcháin agus réiteach díospóidí faoin gComhaontú seo, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt go sonrach ann (17).

10.2   Gan dochar do mhír 1, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 4 de Chomhaontú SCM (18) maidir le comhairliúcháin agus réiteach díospóidí faoi Airteagail 3, 4 agus 5 den Chomhaontú seo.

Airteagal 11

Forálacha críochnaitheacha

11.1   Ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagail 3 agus 4, ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo cosc ar Chomhalta fóirdheontas a dheonú i leith fóirithint tubaistí (19), más fíor an méid seo a leanas i gcás an fhóirdheontais:

(a)

tá sé teoranta d’fhóirithint tubaiste ar leith;

(b)

tá é teoranta don limistéar geografach lena mbaineann;

(c)

tá sé teoranta ó thaobh ama de; agus

(d)

i gcás fóirdheontais atógála, tá sé teoranta don iascach a bhí buailte agus/nó don chabhlach a bhí buailte a thabhairt ar ais go dtí an leibhéal a bhí ann roimh an tubaiste.

11.2

(a)

Ní bheidh aon impleacht dhlíthiúil ag an gComhaontú seo, lena n-áirítear aon chinneadh, moladh agus dámhachtain i ndáil leis an gComhaontú seo, maidir le héilimh chríche ná teorannú críoch muirí.

(b)

Ní dhéanfaidh painéal arna bhunú de bhun Airteagal 10 den Chomhaontú seo aon chinneadh i ndáil le haon éileamh lena gceanglófaí air a chuid cinntí a bhunú ar aon éileamh críche dearbhaithe nó ar aon chríoch mhuirí a theorannú (20).

11.3   Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo ná ní chuirfear i bhfeidhm é ar dhóigh a dhéanfaidh dochar do dhlínse, do chearta agus d’oibleagáidí Comhaltaí, a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear dlí na farraige (21).

11.4   Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt, ní thabharfaidh aon ní sa Chomhaontú seo le tuiscint go bhfuil Comhalta faoi cheangal ag bearta nó cinntí, nó go n-aithníonn sé, aon E/CRBInna nach páirtí ná neamhpháirtí comhoibríoch ann é.

11.5   Ní dhéantar aon cheart ná oibleagáid dá bhforáiltear i gComhaontú SCM a mhodhnú ná a neamhniú leis an gComhaontú seo.

Airteagal 12

An comhaontú a Fhoirceannadh mura nglacfar disciplíní cuimsitheacha

Mura nglacfar disciplíní cuimsitheacha laistigh de 4 bliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus mura gcinnfidh an Chomhairle Ghinearálta a mhalairt, déanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh láithreach.


(1)  Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, eisiatar dobharshaothrú agus iascach intíre ó raon feidhme an Chomhaontaithe seo.

(2)  Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní mheasfar gur fóirdheontais de réir bhrí an Chomhaontaithe seo íocaíochtaí ó rialtas go rialtas faoi chomhaontuithe rochtana iascaigh.

(3)  Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh fóirdheontas inchurtha i leith an Chomhalta a thugann é, beag beann ar bhratach nó ar chlár aon soithigh atá bainteach leis nó ar náisiúntacht an fhaighteora.

(4)  Tagraíonn ‘iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (iascaireacht NNN)’ do ghníomhaíochtaí a leagtar amach i mír 3 de Phlean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú a ghlac Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) in 2001.

(5)  Chun críoch Airteagal 3, ciallaíonn an téarma ‘oibreoir’ an t-oibreoir de réir bhrí Airteagal 2(e) tráth a dhéantar sárú iascaireachta NNN. Ar mhaithe le cinnteacht níos mó, tá feidhm ag an toirmeasc ar fhóirdheontais a dheonú nó a choinneáil ar bun d’oibreoirí atá i mbun iascaireacht NNN maidir le fóirdheontais a thugtar d’iascaireacht agus do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht ar muir.

(6)  Ní dhéanfar aon ní san Airteagal seo a léiriú mar oibleagáid ar Chomhaltaí imscrúduithe iascaireachta NNN a thionscnamh nó cinntí maidir le hiascaireacht NNN a dhéanamh.

(7)  Ní dhéanfar aon ní san Airteagal seo a léiriú mar ní a dhéanann difear d’inniúlacht na n-eintiteas a liostaítear faoi ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha ná lena ndeonaítear cearta nua do na heintitis a liostaítear maidir le cinntí iascaireachta NNN a dhéanamh.

(8)  Ní dhéanfar aon ní san Airteagal seo a léiriú mar ní a chuireann moill ar chinneadh iascaireachta NNN, sin nó a dhéanfadh difear dá bhailíocht nó dá in-fhorfheidhmitheacht.

(9)  Mar shampla, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sin deis chun idirphlé a dhéanamh nó chun faisnéis a mhalartú i scríbhinn má iarrann an Comhalta brataí nó an Comhalta atá i mbun fóirdheonú é.

(10)  Déantar foráil maidir le foirceannadh smachtbhannaí faoi dhlíthe nó faoi nósanna imeachta an údaráis a rinne an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 3.2.

(11)  Chun críche na míre seo, is é is leibhéal atá inbhuanaithe ó thaobh na bitheolaíochta de ann an leibhéal a chinnfidh Comhalta cósta a bhfuil dlínse aige ar an limistéar ina bhfuil an iascaireacht nó an ghníomhaíocht a bhaineann le hiascaireacht ag tarlú, agus úsáid á baint as pointí tagartha amhail uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) nó pointí tagartha eile, i gcomhréir leis na sonraí atá ar fáil don iascach; nó ag E/CRBI ábhartha i réimsí agus i gcás speiceas faoina inniúlacht.

(12)  Chun críocha Airteagal 8.1, soláthróidh na Comhaltaí an fhaisnéis sin sa bhreis ar an bhfaisnéis uile a cheanglaítear faoi Airteagal 25 de Chomhaontú SCM agus mar a shonraítear in aon cheistneoir a úsáideann Coiste SCM, mar shampla G/SCM/6/Rev.1.

(13)  Maidir le Comhaltaí TLF, agus Comhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad nach mó ná 0.8 faoin gcéad an sciar bliantúil de thoirt dhomhanda na gabhála muirí atá acu de réir na sonraí FAO is déanaí arna bhfoilsiú de réir mar a scaipeann Rúnaíocht EDT iad, féadfar an fhaisnéis bhreise san fhomhír seo a fhógairt gach ceithre bliana.

(14)  Tagraíonn an téarma ‘stoic chomhroinnte’ do stoic a tharlaíonn laistigh de limistéir eacnamaíocha eisiacha de chuid dhá Chomhalta cósta nó níos mó, nó iad araon laistigh de limistéar eacnamaíoch eisiach agus i limistéar lastall de agus cóngarach dó.

(15)  I gcás iascaigh ilspeiceas, féadfaidh Comhalta sonraí gabhála ábhartha eile atá ar fáil a sholáthar ina ionad sin.

(16)  Féadfar an oibleagáid seo a chomhlíonadh trí nasc leictreonach atá cothrom le dáta a chur ar fáil chuig leathanach gréasáin an Chomhalta atá ag tabhairt fógra nó chuig leathanach gréasáin oifigiúil eile ina leagtar amach an fhaisnéis sin.

(17)  Ní bheidh feidhm ag fomhíreanna 1(b) agus 1(c) d’Airteagal XXIII de GATT 1994 ná ag Airteagal 26 de DSU maidir le díospóidí faoin gComhaontú seo a réiteach.

(18)  Chun críocha an Airteagail seo, tagraíonn an téarma ‘fóirdheontas toirmiscthe’ in Airteagal 4 de Chomhaontú SCM d’fhóirdheontais atá faoi réir toirmisc in Airteagail 3, 4 nó 5 den Chomhaontú seo.

(19)  Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, níl feidhm ag an bhforáil seo maidir le géarchéimeanna eacnamaíocha ná airgeadais.

(20)  Beidh feidhm ag an teorannú sin freisin maidir le headránaí arna bhunú de bhun Airteagal 25 den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí.

(21)  Lena n-áirítear rialacha agus nósanna imeachta E/CRBInna.