2.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 143/7


Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chomhrac

Iostanbúl, 11.V.2011

Brollach

Tá Ballstáit Chomhairle na hEorpa agus na sínitheoirí eile a ghabhann leis seo,

Ag meabhrú dóibh an Coinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ETS Uimh. 5, 1950) agus na Prótacail a ghabhann leis, Cairt Shóisialta na hEorpa (ETS Uimh. 35, 1961, arna athbhreithniú in 1996, ETS Uimh. 163), Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Gníomhaíocht in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine (CETS Uimh. 197, 2005) agus Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Leanaí a Chosaint ar theacht i dtír gnéasach agus ar Mhí-úsáid Ghnéasach (CETS Uimh. 201, 2007);

Ag meabhrú dóibh na moltaí seo a leanas a thug Coiste na nAirí do Bhallstáit Chomhairle na hEorpa: Moladh Rec(2002)5 maidir le mná a chosaint ar fhoréigean, Moladh CM/Rec(2007)17 maidir le caighdeáin agus sásraí comhionannais inscne, Moladh CM/Rec(2010)10 maidir le ról na mban agus na bhfear i gcosc agus réiteach coinbhleachtaí agus i bhforbairt na síochána, agus moltaí ábhartha eile;

Á chur san áireamh dóibh corpas méadaitheach chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine lena leagtar síos caighdeáin thábhachtacha i réimse an fhoréigin in aghaidh na mban;

Ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (1966), don Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (1966), do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (“CEDAW”, 1979) agus don Phrótacal Roghnach a ghabhann leis (1999) chomh maith le Moladh Ginearálta Uimh. 19 ó Choiste CEDAW maidir le foréigean in aghaidh na mban, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (1989) agus a Phrótacail Roghnacha (2000) agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (2006);

Ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (2002);

Á mheabhrú dóibh bunphrionsabail an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta, agus go háirithe Coinbhinsiún na Ginéive (IV) maidir le Cosaint Daoine Sibhialta in Aimsir Chogaidh (1949) agus Prótacail Bhreise I agus II (1977) a ghabhann leis;

Á cháineadh dóibh gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus foréigin baile;

Á aithint dóibh, agus foréigean in aghaidh na mban á chosc, gur den tábhacht é an comhionannas de jure agus de facto idir mná agus fir a bhaint amach;

Á aithint dóibh gur léiriú é an foréigean in aghaidh na mban ar an gcaidreamh stairiúil idir mná agus fir a bhí éagothrom ó thaobh cumhachta de, as ar eascair forlámhas ar mhná, idirdhealú ina n-aghaidh agus cosc ar a ndul chun cinn iomlán;

á aithint dóibh cineál struchtúrach an fhoréigin in aghaidh na mban mar fhoréigean inscnebhunaithe agus go bhfuil foréigean in aghaidh na mban ar cheann de na sásraí sóisialta ríthábhachtacha lena gcuirtear iallach ar mhná seasamh níos ísle a bheith acu le hais na bhfear;

Á aithint dóibh, agus é ina ábhar mór imní dóibh, gur minic mná agus cailíní neamhchosanta ar chineálacha tromchúiseacha foréigin, mar shampla foréigean baile, gnéaschiapadh, éigniú, pósadh éigeantais, coireanna a dhéantar 'ar son na honóra', mar a thugtar air, agus ciorrú ball giniúna, ar sárú tromchúiseach iad ar chearta daonna na mban agus na gcailíní agus ar bacainn mhór iad ar bhaint amach an chomhionannais idir mná agus fir;

Á aithint dóibh na sáruithe leanúnacha ar chearta an duine a tharlaíonn in aimsir coinbhleachtaí armtha a mbíonn an pobal sibhialta, agus go háirithe mná, thíos leo, mar shampla éigniú agus foréigean gnéasach, a d'fhéadfadh a bheith forleathan nó córasach, agus an méadú is féidir teacht ar fhoréigean inscnebhunaithe le linn coinbhleachtaí agus ina ndiaidh;

Á aithint dóibh gur mó an baol go ndéanfaí foréigean inscnebhunaithe ar mhná agus cailíní ná ar fhir;

Á aithint dóibh go mbíonn tionchar díréireach ar mhná agus cailíní ag an bhforéigean baile, agus go bhféadfadh sé go mbeadh fir thíos leis an bhforéigean baile freisin;

Á aithint dóibh go mbíonn leanaí ina n-íospartaigh foréigin baile, trína bheith ina bhfinnéithe air freisin;

Ós uaillmhian dóibh Eoraip saor ó fhoréigean in aghaidh na mban agus ón bhforéigean baile a chruthú,

Tar éis comhaontú mar a leanas:

Caibidil I

Cuspóirí, sainmhínithe, comhionannas agus neamh-idirdhealú, oibleagáidí ginearálta

Airteagal 1

cuspóirí an Choinbhinsiúin

1   Is iad na cuspóirí atá leis an gcoinbhinsiún seo:

a

mná a chosaint ar gach cineál foréigin, agus foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc, a ionchúiseamh agus a dhíothú;

b

rannchuidiú le deireadh a chur le gach cineál idirdhealaithe in aghaidh na mban agus comhionannas substainteach idir mná agus fir a chur chun cinn, lena n-áirítear trí mhná a chumhachtú;

c

creat cuimsitheach, beartais agus bearta a cheapadh chun íospartaigh uile an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin baile a chosaint agus chun cúnamh a thabhairt dóibh;

d

comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn d’fhonn foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a dhíothú;

e

tacaíocht agus cúnamh a chur ar fáil d’eagraíochtaí agus do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí chun comhoibriú go héifeachtach le cur chuige comhtháite a ghlacadh maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a dhíothú.

2   Chun a áirithiú go gcuirfidh na Páirtithe forálacha an Choinbhinsiúin seo chun feidhme ar bhealach éifeachtach, bunaítear leis sásra faireacháin sonrach.

Airteagal 2

Raon Feidhme an Choinbhinsiúin

1   Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le gach cineál foréigin in aghaidh na mban, lena n-áirítear foréigean baile, a mbíonn éifeacht dhíréireach aige ar mhná.

2   Moltar do na páirtithe an Coinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm maidir le gach íospartach foréigin baile. Agus forálacha an Choinbhinsiúin seo á gcur chun feidhme acu, tabharfaidh na páirtithe aird ar leith ar mhná ar íospartaigh foréigin inscnebhunaithe iad.

3   Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo in aimsir síochána agus i gcásanna coinbhleachta armtha.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Choinbhinsiúin seo:

a

Tuigtear gurb é atá i gceist le ‘foréigean in aghaidh na mban’ sárú chearta an duine agus idirdhealú in aghaidh na mban, agus is é a chiallóidh sé gach gníomh foréigin inscnebhunaithe arb é an toradh air nó an toradh a d'fhéadfadh a bheith air, dochar nó fulaingt fhisiciúil, ghnéasach, shíceolaíoch nó eacnamaíoch do mhná, lena n-áirítear bagairtí go ndéanfaí gníomhartha mar sin, comhéigean nó saoirse a bhaint go treallach, bíodh sé sin sa saol poiblí nó sa saol príobháideach;

b

ciallóidh ‘foréigean baile’ gach gníomh foréigin fhisiciúil, ghnéasaigh, shíceolaíoch nó eacnamaíoch a tharlaíonn i dteaghlach nó in aonad baile nó idir iarchéilí nó iarpháirtithe nó céilithe nó páirtithe reatha, bíodh nó ná bíodh cónaí ar an déantóir in aon teach leis an íospartach;

c

ciallóidh ‘inscne’ na róil, na hiompraíochtaí, na gníomhaíochtaí agus na tréithe a mhúnlaítear go sóisialta agus a mheasann sochaí ar leith a bheith iomchuí do mhná agus d’fhir;

d

Ciallóidh ‘foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban’ foréigean a dhéantar in aghaidh mná toisc gur bean í nó foréigean a mbíonn éifeacht dhíréireach ar mhná;

e

ciallóidh ‘íospartach’ aon duine nádúrtha atá faoi réir an iompair a shonraítear i bpointe a agus i bpointe b;

f

leis an téarma ‘mná’ cuimsítear cailíní faoi bhun 18 mbliana d’aois.

Airteagal 4

Cearta bunúsacha, comhionannas agus neamh-idirdhealú

1   Glacfaidh na páirtithe na bearta reachtacha agus na bearta eile is gá chun an ceart atá ag cách maireachtáil saor ó fhoréigean sa réimse poiblí agus sa réimse príobháideach, a chur chun cinn agus a chosaint, go háirithe do mhná.

2   Cáineann na páirtithe gach cineál idirdhealaithe in aghaidh na mban agus glacann siad, gan mhoill, na bearta reachtacha agus na bearta eile is gá chun é a chosc, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

prionsabal an chomhionannais idir mná agus fir a chur ina mbunreachtanna náisiúnta nó ina reachtaíocht iomchuí eile agus a áirithiú go gcuirfear an prionsabal sin i ngníomh;

idirdhealú in aghaidh na mban a thoirmeasc, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as smachtbhannaí, i gcás inarb iomchuí;

deireadh a chur le dlíthe agus cleachtais a dhéanann idirdhealú in aghaidh na mban.

3   Áiritheoidh na páirtithe cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, go háirithe bearta chun cearta íospartach a chosaint, gan idirdhealú ar aon fhoras cosúil le gnéas, inscne, cine, dath, teanga, reiligiún, tuairimí polaitiúla nó tuairimí eile, bunadh náisiúnta nó sóisialta, comhlachas le mionlach náisiúnta, maoin, breith, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, aois, sláinte, míchumas, stádas pósta, stádas imirceach nó dídeanaí, nó stádas eile.

4   Ní mheasfar gur idirdhealú faoi théarmaí an Choinbhinsiúin seo iad bearta speisialta is gá chun mná a chosaint ar fhoréigean inscnebhunaithe agus chun é a chosc.

Airteagal 5

Oibleagáidí stáit agus dícheall cuí

1   Staonfaidh na páirtithe ó aon ghníomh foréigin in aghaidh na mban a dhéanamh agus áiritheoidh siad go ngníomhóidh údaráis, oifigigh, gníomhairí, institiúidí Stáit agus gníomhaithe eile a ghníomhaíonn thar ceann an Stáit i gcomhréir leis an oibleagáid sin.

2   Glacfaidh na páirtithe na bearta reachtacha agus na bearta eile is gá chun dícheall cuí a fheidhmiú le gníomhartha foréigin arna ndéanamh ag gníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad agus a chumhdaítear le raon feidhme an Choinbhinsiúin seo, a chosc, a imscrúdú agus a phionósú agus chun cúiteamh a sholáthar ina leith.

Airteagal 6

Beartais inscne-íogair

Gabhfaidh na páirtithe orthu féin gné na hinscne a áireamh i gcur chun feidhme agus i meastóireacht thionchar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo agus déanfaidh siad beartais maidir le comhionannas idir mná agus fir agus cumhachtú na mban a chur chun cinn agus a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach.

Caibidil II

Beartais chomhtháite agus bailiú sonraí

Airteagal 7

Beartais chuimsitheacha chomhordaithe

1   Glacfaidh na páirtithe na bearta reachtacha agus eile is gá chun beartais éifeachtacha chuimsitheacha chomhordaithe ar fud an Stáit a ghlacadh agus a chur chun feidhme a chuimseoidh gach beart ábhartha chun gach cineál foréigin a chumhdaítear le raon feidhme an Choinbhinsiúin seo a chosc agus a chomhrac agus chun freagairt iomlánaíoch a thabhairt ar fhoréigean in aghaidh na mban.

2   Áiritheoidh na páirtithe go gcuirfidh na beartais dá dtagraítear i mír 1 cearta an íospartaigh i gcroílár na mbeart uile agus go gcuirfear chun feidhme iad trí chomhar éifeachtach i measc na ngníomhaireachtaí, na n-institiúidí agus na n-eagraíochtaí ábhartha uile.

3   Beidh baint ag na gníomhaithe ábhartha uile, i gcás inarb iomchuí, leis na bearta a ghlacfar de bhun an Airteagail seo, mar shampla gníomhaireachtaí rialtais, na parlaimintí agus na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, institiúidí náisiúnta um chearta an duine agus eagraíochtaí sochaí sibhialta.

Airteagal 8

Acmhainní airgeadais

Leithdháilfidh na páirtithe acmhainní iomchuí airgeadais agus daonna chun beartais, bearta agus cláir chomhtháite a chur chun feidhme ar bhealach leordhóthanach chun gach cineál foréigin a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear iad siúd arna gcur i gcrích ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ag an tsochaí shibhialta.

Airteagal 9

Eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí shibhialta

Tabharfaidh na páirtithe aitheantas, spreagadh agus tacaíocht, ar gach leibhéal, d’obair eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha agus d'obair eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhíonn gníomhach i gcomhrac an fhoréigin in aghaidh na mban agus bunóidh siad comhar éifeachtach leis na heagraíochtaí sin.

Airteagal 10

Comhlacht comhordaithe

1   Ainmneoidh nó bunóidh na páirtithe comhlacht oifigiúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as comhordú, cur i ngníomh, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartais agus ar bhearta chun gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo a chosc agus a chomhrac. Déanfaidh na comhlachtaí sin an bailiú sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11 a chomhordú, agus déanfaidh siad anailís ar na torthaí agus scaipfidh siad iad.

2   Áiritheoidh na páirtithe go bhfaighidh na comhlachtaí arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun an Airteagail seo faisnéis de chineál ginearálta maidir le bearta arna nglacadh de bhun Chaibidil VIII.

3   Áiritheoidh na páirtithe go mbeidh sé d’acmhainn ag na comhlachtaí arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun an Airteagail seo cumarsáid a dhéanamh go díreach lena gcontrapháirtithe i bpáirtithe eile agus caidreamh a chothú leo.

Airteagal 11

Bailiú sonraí agus taighde

1   Chun an Coinbhinsiún seo a chur chun feidhme, gabhfaidh na páirtithe orthu féin an méid seo a leanas a dhéanamh:

a

sonraí staidrimh ábhartha imdhealaithe a bhailiú go tráthrialta i ndáil le cásanna de gach cineál foréigin a chumhdaítear le raon feidhme an Choinbhinsiúin seo;

b

tacú le taighde i réimse na gcineálacha uile foréigin a chumhdaítear le raon feidhme an Choinbhinsiúin seo chun staidéar a dhéanamh ar a mbunchúiseanna agus a n-éifeachtaí, ar na minicíochtaí agus na rátaí ciontaithe, agus a éifeachtaí atá na bearta arna nglacadh chun an Coinbhinsiún seo a chur chun feidhme.

2   Féachfaidh na páirtithe le suirbhéanna daonrabhunaithe a sheoladh go tráthrialta chun measúnú a dhéanamh ar leitheadúlacht agus treochtaí gach cineáil foréigin a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo.

3   Soláthróidh na páirtithe don ghrúpa saineolaithe, dá dtagraítear in Airteagal 66 den Choinbhinsiún seo, an fhaisnéis arna bailiú de bhun an Airteagail seo chun comhar idirnáisiúnta a spreagadh agus le go bhféadfar tagarmharcáil idirnáisiúnta a dhéanamh.

4   Áiritheoidh n páirtithe go mbeidh an fhaisnéis a bhaileofar de bhun an Airteagail seo ar fáil don phobal.

Caibidil III

Cosc

Airteagal 12

Oibleagáidí ginearálta

1   Glacfaidh na páirtithe na bearta is gá chun athruithe ar phatrúin shóisialta agus chultúrtha iompraíochta na mban agus na bhfear a chur chun cinn d’fhonn deireadh a chur le claontachtaí, nósanna, traidisiúin agus gach cleachtas eile atá bunaithe ar an gcoincheap gur lú fiúntas na mban ná na bhfear nó ar róil steiréitíopacha do mhná agus d’fhir.

2   Glacfaidh na páirtithe na bearta reachtacha agus na bearta eile is gá chun gach cineál foréigin arna dhéanamh ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo a chosc.

3   Le haon bhearta a dhéanfar de bhun na caibidle seo, cuirfear san áireamh agus tabharfar aghaidh ar na riachtanais shonracha a bhíonn ar dhaoine atá leochaileach de bharr imthosca ar leith agus cuirfear cearta daonna na n-íospartach uile ina gcroílár.

4   Glacfaidh na páirtithe na bearta is gá chun gach ball den tsochaí, go háirithe fir agus buachaillí, a spreagadh chun rannchuidiú le stop a chur go gníomhach le gach cineál foréigin a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo.

5   Áiritheoidh na páirtithe nach measfar cultúr, nós, reiligiún, traidisiún nó ‘onóir’ a bheith ina bhonn cirt le haon ghníomhartha foréigin a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo.

6   Déanfaidh na páirtithe na bearta is gá chun cláir agus gníomhaíochtaí a chur chun cinn le mná a chumhachtú.

Airteagal 13

Múscailt feasachta

1   Stiúrfaidh na páirtithe feachtais nó cláir múscailte feasachta nó cuirfidh siad chun cinn iad, ar bhonn rialta agus ar gach leibhéal, lena n-áirítear i gcomhar le hinstitiúidí náisiúnta um chearta an duine agus le comhlachtaí comhionannais, leis an tsochaí shibhialta agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha, go háirithe eagraíochtaí ban, i gcás inarb iomchuí, chun feasacht agus tuiscint a mhéadú i measc an phobail i gcoitinne ar na cineálacha éagsúla foréigin a chumhdaítear le raon feidhme an Choinbhinsiúin seo, ar iarmhairtí an foréigin sin ar leanaí agus ar an ngá lena chosc.

2   Áiritheoidh na páirtithe go scaipfear go forleathan i measc an phobail i gcoitinne faisnéis faoi na bearta atá ar fáil lenar féidir gníomhartha foréigin a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo a chosc.

Airteagal 14

Oideachas

1   Déanfaidh na páirtithe, i gcás inarb iomchuí, na bearta is gá chun ábhar teagaisc a ullmhú maidir le saincheisteanna cosúil le comhionannas idir mná agus fir, róil inscne nach steiréitíopaí iad, urraim fhrithpháirteach, réiteach neamhfhoréigneach coinbhleachta i gcaidrimh idirphearsanta, foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban agus an ceart chun sláine an duine, atá oiriúnaithe do chumas athraitheach na bhfoghlaimeoirí, i gcuraclaim fhoirmiúla agus ar gach leibhéal oideachais.

2   Déanfaidh na páirtithe na bearta is gá chun na prionsabail dá dtagraítear i mír 1 a chur chun cinn i saoráidí oideachais neamhfhoirmiúla, agus i saoráidí spóirt, cultúrtha agus fóillíochta agus sna meáin.

Airteagal 15

Oiliúint a chur ar ghairmithe

1   Déanfaidh na páirtithe oiliúint iomchuí a sholáthar nó a neartú do na gairmithe ábhartha a bhíonn ag déileáil le híospartaigh nó le déantóirí gach gnímh foréigin a chumhdaítear le raon feidhme an Choinbhinsiúin seo, maidir le foréigean den sórt sin a chosc agus a bhrath, maidir le comhionannas idir mná agus fir, maidir le riachtanais agus cearta íospartach, agus maidir le conas an íospairt thánaisteach a chosc.

2   Molfaidh na páirtithe go n-áireofar san oiliúint dá dtagraítear i mír 1 oiliúint maidir le comhar comhordaithe idir gníomhaireachtaí chun gur féidir cásanna den fhoréigean a chumhdaítear le raon feidhme an Choinbhinsiúin seo a atreorú ar bhealach cuimsitheach iomchuí.

Airteagal 16

Cláir um idirghabháil, cosc agus cóireáil

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun cláir a chur ar bun darb aidhm a theagasc do dhéantóirí foréigin baile conas iad féin a iompar ar bhealach neamhfhoréigneach i gcaidrimh idirphearsanta, nó tacóidh na páirtithe le cláir den sórt sin, d’fhonn tuilleadh foréigin a chosc agus patrúin iompraíochta foréigneacha a athrú.

2   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun cláir chóireála a chur ar bun darb aidhm athchiontú a chosc i gcás déantóirí coire, go háirithe ciontóirí gnéis, nó tacóidh na páirtithe le cláir den sórt sin.

3   Agus na bearta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 á ndéanamh acu, áiritheoidh na páirtithe go dtabharfar lán-aird ar íospartaigh a bheith sábháilte agus tacaíocht a bheith ann dóibh agus ar a gcearta daonna agus, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfaí na cláir sin a chur ar bun agus a chur chun feidhme i ndlúthchomhar le sainseirbhísí tacaíochta d’íospartaigh.

Airteagal 17

Rannpháirtíocht na hearnála príobháidí agus na meán

1   Molfaidh na páirtithe don earnáil phríobháideach, d’earnáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus do na meáin, agus urraim chuí á tabhairt don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus dá neamhspleáchas, páirt a ghlacadh i ndréachtú agus i gcur chun feidhme beartas agus treoirlínte, agus caighdeáin féinrialála a leagan síos chun foréigean in aghaidh na mban a chosc agus chun meas ar a ndínit a fheabhsú.

2   Déanfaidh na páirtithe, i gcomhar le gníomhaithe na hearnála príobháidí, scileanna i measc leanaí, tuismitheoirí agus oideoirí a fhorbairt agus a chur chun cinn maidir le conas déileáil leis an timpeallacht faisnéise agus cumarsáide lena dtugtar rochtain ar ábhar táireach de chineál gnéasach nó foréigneach a d’fhéadfadh a bheith díobhálach.

Caibidil IV

Cosaint agus tacaíocht

Airteagal 18

Oibleagáidí ginearálta

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun gach íospartach a chosaint ar aon ghníomhartha foréigin a d’fhéadfaí a dhéanamh orthu feasta.

2   Glacfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá, i gcomhréir leis an dlí inmheánach, chun a áirithiú go bhfuil sásraí iomchuí ann chun foráil a dhéanamh do chomhar éifeachtach idir na gníomhaireachtaí stáit ábhartha uile, lena n-áirítear na breithiúna, ionchúisitheoirí poiblí, gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, údaráis áitiúla agus réigiúnacha mar aon le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí agus eintitis ábhartha eile, maidir le cosaint agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh agus d’fhinnéithe gach cineál foréigin a chumhdaítear le raon feidhme an Choinbhinsiúin seo, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh do sheirbhísí tacaíochta ginearálta agus speisialaithe mar a shonraítear in Airteagail 20 agus 22 den Choinbhinsiún seo.

3   Maidir leis na bearta a ndéanfar de bhun na caibidle seo, áiritheoidh na páirtithe an méid seo a leanas:

beidh siad bunaithe ar thuiscint inscneach ar an bhforéigean in aghaidh na mban agus ar an bhforéigean baile agus beidh siad dírithe ar chearta an duine agus ar shábháilteacht an íospartaigh;

beidh siad bunaithe ar chur chuige comhtháite lena gcuirtear san áireamh an caidreamh idir íospartaigh, déantóirí coire, leanaí agus a dtimpeallacht shóisialta;

beidh d'aidhm acu an íospairt thánaisteach a sheachaint;

beidh d'aidhm acu íospartaigh an fhoréigin ar mná iad a chumhachtú agus go mbeidh neamhspleáchas eacnamaíoch acu;

ceadóidh siad, i gcás inarb iomchuí, raon seirbhísí cosanta agus tacaíochta a lonnú ar an aon áitreabh céanna;

tabharfaidh siad aghaidh ar riachtanais shonracha daoine leochaileacha, lena n-áirítear íospartaigh ar leanaí iad, agus cuirfear na bearta ar fáil dóibh.

4   Ní bheidh soláthar na seirbhísí ag brath ar thoilteanas an íospartaigh duine a chúiseamh nó fianaise a thabhairt i gcoinne dhéantóir na coire.

5   Déanfaidh na páirtithe na bearta iomchuí chun cosaint agus tacaíocht chonsalach agus eile a chur ar fáil dá náisiúnaigh agus d’íospartaigh eile atá i dteideal na cosanta sin i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta.

Airteagal 19

Faisnéis

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go bhfaighidh íospartaigh faisnéis leordhóthanach agus thráthúil i dteanga a thuigeann siad maidir leis na seirbhísí tacaíochta agus na bearta dlíthiúla atá ar fáil.

Airteagal 20

Seirbhísí tacaíochta ginearálta

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar sheirbhísí lena n-éascaítear a dtéarnamh ón bhforéigean. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin, nuair is gá, seirbhísí ar nós comhairleoireacht dhlíthiúil agus shíceolaíoch, cúnamh airgeadais, tithíocht, oideachas, oiliúint agus cúnamh chun fostaíocht a fháil.

2   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar chúram sláinte agus ar sheirbhísí sóisialta agus go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil do sheirbhísí agus go gcuirfear oiliúint ar ghairmithe chun cúnamh a thabhairt d’íospartaigh agus iad a atreorú chuig na seirbhísí iomchuí.

Airteagal 21

Cúnamh maidir le gearáin aonair/gearáin chomhchoiteanna

Áiritheoidh na páirtithe go mbeidh faisnéis ag íospartaigh maidir le sásraí gearáin aonair/chomhchoiteanna is infheidhme, agus go mbeidh rochtain acu orthu. Déanfaidh na páirtithe soláthar cúnaimh íogair agus fheasaigh a chur chun cinn d’íospartaigh agus aon ghearáin mar sin á gcur isteach acu.

Airteagal 22

Seirbhísí tacaíochta speisialaithe

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun seirbhísí tacaíochta speisialaithe láithreacha, gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a sholáthar nó a shocrú, a mbeidh dáileadh geografach leordhóthanach acu, d’aon íospartach atá faoi réir aon cheann de na gníomhartha foréigin a chumhdaítear faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo.

2   Déanfaidh na páirtithe sainseirbhísí tacaíochta do mhná a sholáthar nó déanfaidh siad socrú lena n-aghaidh do gach bean ar íospartach foréigin í agus dá leanaí.

Airteagal 23

Scáthláin

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun foráil a dhéanamh le haghaidh scáthláin iomchuí, agus iad inrochtana gan stró, a chur ar bun i líon leordhóthanach chun cóiríocht shábháilte a chur ar fáil d’íospartaigh agus chun teagmháil réamhghníomhach a dhéanamh leo, go háirithe do mhná agus dá leanaí.

Airteagal 24

Línte cabhrach teileafóin

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun línte cabhrach ar fud an stáit (24/7) a chur ar bun saor in aisce chun comhairle a chur ar ghlaoiteoirí, faoi rún nó le haird chuí ar a n-anaithnideacht, maidir le gach cineál foréigin a chumhdaítear faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 25

Tacaíocht speisialaithe d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun foráil a dhéanamh le haghaidh ionaid atreoraithe éigeandála um éigniú nó um fhoréigean gnéasach a chur ar bun d’íospartaigh, a bheidh sách líonmhar agus iomchuí chun scrúduithe leighis agus scrúduithe fóiréinseacha, tacaíocht tráma agus comhairleoireacht d’íospartaigh a sholáthar.

Airteagal 26

Cosaint agus tacaíocht d’fhinnéithe ar leanaí iad

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú, agus seirbhísí cosanta agus tacaíochta á soláthar d’íospartaigh, go dtabharfar aird chuí ar chearta agus riachtanais finnéithe ar leanaí iad i ndáil le gach cineál foréigin a chumhdaítear faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo.

2   Áireofar ar na bearta a ghlacfar de bhun an Airteagail seo comhairleoireacht shíceasóisialta atá oiriúnach ó thaobh aoise de d’fhinnéithe ar leanaí iad i ndáil le gach cineál foréigin a chumhdaítear faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo agus tabharfar aird chuí ar leas an linbh.

Airteagal 27

Tuairisciú

Duine ar finné é i ndáil le gníomhartha foréigin a chumhdaítear faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo nó a bhfuil forais réasúnacha aige le creidiúint go bhféadfaí gníomh mar sin a bheith déanta, nó go bhféadfaí tuilleadh gníomhartha foréigin a dhéanamh, déanfaidh na páirtithe na bearta is gá chun an duine sin a mhisniú lena thuairisciú do na heagraíochtaí nó do na húdaráis inniúla.

Airteagal 28

Tuairisciú ó ghairmithe

Glacfaidh na páirtithe na bearta is gá chun a áirithiú nach mbeidh na rialacha rúndachta a fhorchuirtear leis an dlí inmheánach ar ghairmithe áirithe ina gconstaic dóibh, faoi choinníollacha iomchuí, tuairisciú do na heagraíochtaí nó do na húdaráis inniúla má tá forais réasúnacha acu le creidiúint go ndearnadh gníomh tromchúiseach foréigin a chumhdaítear le raon feidhme an Choinbhinsiúin seo agus go gceaptar go bhféadfaí tuilleadh gníomhartha tromchúiseacha foréigin a dhéanamh.

Caibidil V

Dlí substainteach

Airteagal 29

Cásanna dlí shibhialta agus leigheasanna

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun leigheasanna sibhialta leordhóthanacha i gcoinne dhéantóir na coire a chur ar fáil d’íospartaigh.

2   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun leigheasanna sibhialta leordhóthanacha a sholáthar d’íospartaigh, i gcomhréir le prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta, i gcoinne údaráis Stáit a mhainnigh ina ndualgas na bearta riachtanacha coisctheacha nó cosanta a dhéanamh laistigh de raon feidhme a gcumhachtaí.

Airteagal 30

Cúiteamh

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag íospartaigh cúiteamh a éileamh ó dhéantóirí na coire as aon cheann de na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo.

2   Déanfar cúiteamh leordhóthanach Stáit a dhámhachtain dóibh siúd a mbaineann mórdhíobháil choirp nó lagú sláinte dóibh, sa mhéid nach gcumhdaítear an damáiste le foinsí eile, mar shampla an déantóir, árachas nó forálacha sláinte agus sóisialta atá maoinithe ag an Stát. Ní chuireann sé sin cosc ar na páirtithe cúlchéimniú a éileamh i ndáil le cúiteamh arna dhámhachtain ó dhéantóir na coire, fad is go dtugtar aird chuí ar shábháilteacht an íospartaigh.

3   Na bearta arna nglacadh de bhun mhír 2, áiritheoidh siad go ndeonófar cúiteamh laistigh de thréimhse réasúnach ama.

Airteagal 31

Coimeád, cearta cuairte agus sábháilteacht

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh, nuair a bheidh cearta coimeádta agus cuairte leanaí á gcinneadh, teagmhais foréigin a chumhdaítear faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo.

2   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú nach gcuirfidh feidhmiú aon chearta cuairte nó coimeádta cearta agus sábháilteacht an íospartaigh nó na leanaí i mbaol.

Airteagal 32

Iarmhairtí sibhialta póstaí éigeantais

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go bhféadfar póstaí a cuireadh i gcrích a bhuí leis an lámh láidir a neamhniú, a chur ar neamhní, nó a chealú gan ualach airgeadais nó riaracháin míchuí a chur ar an íospartach.

Airteagal 33

Foréigean síceolaíoch

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go ndéantar coir as iompar intinniúil lena ndéantar dochar tromchúiseach do shláine shíceolaíoch duine trí chomhéigean nó trí bhagairtí.

Airteagal 34

Stalcaireacht

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go ndéanfar coir as iompar intinniúil lena ndéantar bagairtí a dhíriú ar dhuine ar bhealach leanúnach sa chaoi go gceapann an duine go bhfuil sé nó sí i mbaol.

Airteagal 35

Foréigean fisiceach

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go ndéanfar coir as iompar intinniúil lena ndéantar gníomhartha foréigin fhisiciúil i gcoinne duine.

Airteagal 36

Foréigean gnéasach, lena n-áirítear éigniú

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go ndéanfar coir as na hiompair intinniúla seo a leanas:

a

treá neamhthoiliúil faighne, anasaigh nó béil de chineál gnéasach a dhéanamh ar chorp duine eile le haon chuid den chorp nó le aon réad;

b

gníomhartha neamhthoiliúla eile de chineál gnéasach a dhéanamh le duine;

c

a chur faoi deara do dhuine eile gníomhartha neamhthoiliúla de chineál gnéasach a dhéanamh le tríú duine.

2   Ní mór toiliú a thabhairt go deonach mar thoradh ar shaorthoil an duine mar a mheasúnaítear í i gcomhthéacs na gcúinsí ábhartha.

3   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag forálacha mhír 1 freisin maidir le gníomhartha arna ndéanamh i gcoinne iarchéilí nó iarpháirtithe nó i gcoinne céilí nó páirtithe reatha mar a aithnítear faoin dlí inmheánach.

Airteagal 37

Pósadh éigeantais

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go ndéanfar coir as an iompar intinniúil lena gcuirtear iallach ar dhuine fásta nó ar leanbh pósadh.

2   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go ndéantar coir as an iompar intinniúil lena ndéantar duine fásta nó leanbh a mhealladh chuig críoch Páirtí nó Stáit seachas an ceann ina bhfuil cónaí uirthi nó air chun iallach a chur ar an duine fásta sin nó ar an leanbh sin pósadh.

Airteagal 38

Ciorrú ball giniúna ban

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go ndéanfar coir as na hiompair intinniúla seo a leanas:

a

eisceadh, infhiobúlú nó aon chiorrú eile a dhéanamh ar labia majora, labia minora nó clitoris mná nó ar aon chuid díobh sin;

b

bean a chomhéigniú nó a chur ar fáil chun aon cheann de na gníomhartha a liostaítear i bpointe a a dhéanamh;

c

cailín a ghríosú, a chomhéigniú nó a chur ar fáil chun aon cheann de na gníomhartha atá liostaithe i bpointe a a dhéanamh.

Airteagal 39

Ginmhilleadh éigeantach agus steiriliú éigeantach

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go ndéanfar coir as na hiompair intinniúla seo a leanas:

a

ginmhilleadh a dhéanamh ar bhean gan toiliú feasach a fháil uaithi roimh ré;

b

máinliacht a dhéanamh arb é is cuspóir nó is éifeacht di deireadh a chur le cumas na mná atáirgeadh go nádúrtha, gan toiliú feasach a fháil ón mbean roimh an ngnáthamh nó gan tuiscint aici air.

Airteagal 40

Ciapadh gnéasach

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú gur faoi réir smachtbhanna coiriúil nó smachtbhanna dlíthiúil eile a bheidh aon chineál iompair neamh-inmhianaithe ó bhéal, neamhbhriathartha nó fisiceach de chineál gnéasach a bhfuil de chuspóir nó d'éifeacht aige dínit duine a shárú, go háirithe nuair a chruthaítear timpeallacht imeaglaithe, naimhdeach, tháireach, náireach nó mhaslach.

Airteagal 41

Cabhrú nó neartú agus iarracht a dhéanamh

1   Cásanna ina gcabhraítear nó ina neartaítear, d'aon ghnó, le déanamh na gcionta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagail 33, 34, 35, 36, 37, 38.a agus 39 den Choinbhinsiún seo, déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun iad sin a bhunú mar chion.

2   Cásanna ina ndéantar iarracht, d'aon ghnó, ar na chionta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagail 35, 36, 37, 38.a agus 39 den Choinbhinsiún seo a dhéanamh, déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun iad sin a bhunú mar chion.

Airteagal 42

Údair neamh-inghlactha le coireanna, lena n-áirítear coireanna a dhéantar ‘ar son na honóra’, mar a thugtar air

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú, in imeachtaí coiriúla a thionscnaítear tar éis aon cheann de na gníomhartha foréigin a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo a dhéanamh, nach measfar gur údar leis na gníomhartha sin iad an cultúr, an nós, an reiligiún, an traidisiún nó an ‘onóir’ mar a thugtar air. Cumhdaítear leis sin, go háirithe, éilimh go bhfuil noirm chultúrtha, reiligiúnacha, shóisialta nó thraidisiúnta nó nósanna iompair iomchuí sáraithe ag an íospartach.

2   I gcás ina ngríosaíonn duine leanbh chun aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú nach laghdófar dliteanas coiriúil an duine sin i leith na ngníomhartha a rinneadh.

Airteagal 43

Cionta coiriúla a chur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag na cionta a bhunófar i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo gan beann ar chineál an ghaoil idir an t-íospartach agus déantóir na coire.

Airteagal 44

Dlínse

1   Aon chion a bhunófar i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun dlínse a bhunú ina leith, sna cásanna seo a leanas:

a

rinneadh an cion ina gcríoch; nó

b

rinneadh an cion ar bord loinge a bhfuil a mbratach ar foluain aici; nó

c

rinneadh an cion ar bord aerárthaigh atá cláraithe faoina ndlíthe; nó

d

is duine dá náisiúnaigh a rinne an cion; nó

e

is duine a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi ina gcríoch a rinne an cion.

2   Féachfaidh na páirtithe leis na bearta reachtacha nó eile is gá a dhéanamh chun dlínse a bhunú i leith aon chion arna bhunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo i gcás ina ndéantar an cion i gcoinne duine dá náisiúnaigh nó duine a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi ina gcríoch.

3   Chun cionta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagail 36, 37, 38 agus 39 den Choinbhinsiún seo a ionchúiseamh, déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó eile is gá chun a áirithiú nach mbeidh a ndlínse faoi réir an choinníll gur coir iad na gníomhartha sa chríoch ina ndearnadh iad.

4   Chun na cionta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagail 36, 37, 38 agus 39 den Choinbhinsiún seo a ionchúiseamh, déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó eile is gá chun a áirithiú nach mbeidh a ndlínse maidir le pointí d agus e de mhír 1 faoi réir an choinníll nach féidir an t-ionchúiseamh a thionscnamh ach amháin tar éis don íospartach an cion a thuairisciú nó tar éis don Stát ina ndearnadh an cion faisnéis a tharchur i ndáil leis an áit a ndearnadh an cion.

5   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun dlínse a bhunú i leith na gcionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, i gcásanna ina bhfuil déantóir líomhnaithe na coire i láthair ina gcríoch agus nach n-eiseachadann siad chuig Páirtí eile í, ar bhonn a náisiúntachta amháin.

6   I gcás ina n-éileoidh níos mó ná páirtí amháin dlínse ar chion líomhnaithe arna bhunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, rachaidh na páirtithe lena mbaineann i gcomhairle le chéile, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn an dlínse is iomchuí le haghaidh ionchúisimh a chinneadh.

7   Gan dochar do rialacha ginearálta an dlí idirnáisiúnta, ní eisiatar leis an gCoinbhinsiún seo aon dlínse choiriúil a fheidhmíonn páirtí i gcomhréir lena dhlí inmheánach.

Airteagal 45

Smachtbhannaí agus bearta

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go mbeidh na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo inphionóis le smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha, agus a thromchúisí atá siad á chur san áireamh. Áireofar ar na smachtbhannaí sin, nuair is iomchuí, pianbhreitheanna lena mbaineann cailleadh saoirse a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le heiseachadadh.

2   Féadfaidh páirtithe bearta eile a ghlacadh i ndáil le déantóirí coire, mar shampla:

faireachán nó maoirseacht a dhéanamh ar dhaoine ciontaithe;

cearta tuismitheora a tharraingt siar, más rud é nach féidir leas an linbh, a bhféadfadh sábháilteacht an íospartaigh a bheith san áireamh leis, a ráthú ar aon bhealach eile.

Airteagal 46

Imthosca géaraitheacha

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go bhféadfar, i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí inmheánaigh, na himthosca seo a leanas, a mhéid nach cuid de na heilimintí ar cuid den chion iad cheana féin, a chur san áireamh mar imthosca géaraitheacha agus an phianbhreith á cinneadh i ndáil leis na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo:

a

gurb é duine den teaghlach, duine atá ag maireachtáil in aontíos leis an íospartach nó duine a bhain mí-úsáid as a húdarás/údarás a rinne an cion in aghaidh iarchéile nó iarpháirtí nó in aghaidh céile reatha nó páirtí reatha arna aithint faoin dlí inmheánach;

b

go ndearnadh an cion, nó cionta gaolmhara, arís agus arís eile;

c

gur i gcoinne duine atá leochaileach de dheasca imthosca áirithe a rinneadh an cion;

d

go ndearnadh an cion in aghaidh linbh nó i láthair linbh;

e

gur beirt nó níos mó ag gníomhú le chéile a rinne an cion;

f

gur tharla foréigean foircneach roimh an gcion nó le linn don chion a bheith á dhéanamh;

g

go ndearnadh an cion trí arm a úsáid nó trí úsáid airm a bhagairt;

h

go ndearnadh mórdhíobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch don íospartach mar thoradh ar an gcion;

i

ciontaíodh déantóir na coire roimhe sin i gcionta comhchosúla.

Airteagal 47

Pianbhreitheanna arna ngearradh ag Páirtí eile

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun foráil a dhéanamh go bhféadfar pianbhreitheanna críochnaitheacha arna ngearradh ag páirtí eile i ndáil leis na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a chur san áireamh agus an phianbhreith á cinneadh.

Airteagal 48

Toirmeasc ar phróisis éigeantacha mhalartacha réitithe díospóidí nó gearrtha pianbhreitheanna

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun próisis éigeantacha mhalartacha réitithe díospóide a thoirmeasc, lena n-áirítear idirghabháil agus idir-réiteach, i ndáil le gach cineál foréigin a chumhdaítear faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo.

2   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú, má ordaítear fíneáil a íoc, go dtabharfar aird chuí ar chumas dhéantóir na coire a oibleagáidí nó a hoibleagáidí airgeadais i leith an íospartaigh a ghlacadh air féin.

Caibidil VI

Imscrúdú, ionchúiseamh, dlí nós imeachta agus bearta cosantacha

Airteagal 49

Oibleagáidí ginearálta

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go ndéanfar imscrúduithe agus imeachtaí breithiúnacha i ndáil le gach cineál foréigin a chumhdaítear faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo gan moill mhíchuí agus cearta an íospartaigh á gcur san áireamh ag gach céim de na himeachtaí coiriúla.

2   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá, i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha chearta an duine agus ag féachaint don tuiscint inscneach ar an bhforéigean, chun a áirithiú go ndéanfar cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a imscrúdú agus a ionchúiseamh ar bhealach éifeachtach.

Airteagal 50

Freagairt láithreach, cosc agus cosaint

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go bhfreagróidh na gníomhaireachtaí freagracha forfheidhmithe dlí go pras agus go hiomchuí ar gach cineál foréigin a chumhdaítear faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo trí chosaint leordhóthanach láithreach a thairiscint d’íospartaigh.

2   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go n-oibreoidh na gníomhaireachtaí freagracha forfheidhmithe dlí go pras agus go hiomchuí chun gach cineál foréigin a chumhdaítear faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo a chosc agus a chosaint, lena n-áirítear bearta oibríochtúla coisctheacha a fheidhmiú agus fianaise a bhailiú.

Airteagal 51

Measúnú riosca agus bainistiú riosca

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh gach údarás ábhartha measúnú ar an riosca marfachta, ar thromchúis an cháis agus ar an mbaol go dtarlóidh an foréigean arís chun an riosca a bhainistiú agus, más gá, chun sábháilteacht agus tacaíocht chomhordaithe a sholáthar.

2   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, ag gach céim den imscrúdú agus de chur i bhfeidhm na mbeart cosantach, má tá airm thine ina seilbh ag déantóirí gníomhartha foréigin a chumhdaítear le raon feidhme an Choinbhinsiúin seo nó go bhfuil rochtain acu orthu.

Airteagal 52

Orduithe urchoisc éigeandála

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis inniúla ordú a thabhairt, i gcásanna ina bhfuil contúirt láithreach, do dhéantóir foréigin baile imeacht ó áit chónaithe an íospartaigh nó an duine atá i mbaol ar feadh tréimhse leordhóthanach ama, agus toirmeasc a chur ar an déantóir dul isteach in áit chónaithe an íospartaigh nó an duine atá i mbaol nó teagmháil a dhéanamh leis an íospartach nó leis an duine atá i mbaol. Leis na bearta a ghlacfar de bhun an Airteagail seo tabharfar tús áite do shábháilteacht íospartach nó daoine atá i mbaol.

Airteagal 53

Orduithe sriantacha nó cosanta

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go mbeidh orduithe sriantacha nó cosanta iomchuí ar fáil d’íospartaigh gach cineáil foréigin a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo.

2   Maidir leis na horduithe sriantacha nó cosanta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú:

go mbeidh siad ar fáil le haghaidh cosaint láithreach agus gan ualaí airgeadais nó riaracháin míchuí a chur ar an íospartach;

go n-eiseofar iad ar feadh tréimhse sonraithe nó go dtí go ndéanfar iad a mhodhnú nó a urscaoileadh;

i gcás inar gá, go n-eiseofar iad ar bhonn ex parte a mbeidh éifeacht láithreach aige;

go mbeidh siad ar fáil gan beann ar imeachtaí dlíthiúla eile nó sa bhreis orthu;

gur féidir iad a thabhairt isteach in imeachtaí dlíthiúla ina dhiaidh sin.

3   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go mbeidh sáruithe ar orduithe sriantacha nó cosanta arna n-eisiúint de bhun mhír 1 faoi réir smachtbhannaí coiriúla nó smachtbhannaí dlíthiúla eile atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 54

Imscrúduithe agus fianaise

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú nach gceadófar, in aon imeachtaí sibhialta nó coiriúla, fianaise a bhaineann le stair ghnéis agus iompar an íospartaigh ach amháin nuair atá sí ábhartha agus riachtanach.

Airteagal 55

Imeachtaí ex parte agus ex officio

1   Imscrúduithe nó ionchúiseamh i ndáil le cionta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagail 35, 36, 37, 38 agus 39 den Choinbhinsiún seo, áiritheoidh na páirtithe nach mbeidh siad ag brath go hiomlán ar thuarascáil nó ar ghearán arna chomhdú ag íospartach má rinneadh an cion go hiomlán nó go páirteach ar chríoch an Bhallstáit, agus gur féidir leanúint de na himeachtaí fiú má tharraingíonn an t-íospartach siar a ráiteas nó gearán.

2   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú, i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear ina ndlí inmheánach, go mbeidh eagraíochtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha agus comhairleoirí foréigin baile in ann cúnamh agus/nó tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh, arna iarraidh sin dóibh, le linn imscrúduithe agus imeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 56

Bearta cosanta

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun cearta agus leasanna na n-íospartach a chosaint, lena n-áirítear a riachtanais speisialta mar fhinnéithe, ag gach céim d’imscrúduithe agus d’imeachtaí breithiúnacha, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a

foráil a dhéanamh maidir lena gcosaint, agus maidir le cosaint dá dteaghlaigh agus d'fhinnéithe, ar imeaglú, ar fhrithbheartaíocht agus ar athíospairt;

b

a áirithiú go gcuirfear íospartaigh ar an eolas, ar a laghad i gcásanna ina bhféadfadh na híospartaigh agus an teaghlach a bheith i mbaol, nuair a éalaíonn an déantóir nó nuair a scaoiltear saor go sealadach nó ar bhonn buan é;

c

iad a chur ar an eolas, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear leis an dlí inmheánach, faoina gcearta agus faoi na seirbhísí atá ar fáil dóibh agus faoin obair leantach a rinneadh ar a ngearán, faoi na muirir, faoi dhul chun cinn ginearálta an imscrúdaithe nó na n-imeachtaí, agus faoina ról iontu, mar aon le toradh a gcáis;

d

a chur ar a gcumas d’íospartaigh, ar bhealach atá comhchuí le rialacha nós imeachta an dlí inmheánaigh, éisteacht a fháil, fianaise a sholáthar agus a gcuid tuairimí, riachtanas agus ábhar imní a chur in iúl, go díreach nó trí idirghabhálaí, agus go ndéanfaí iad sin a bhreithniú;

e

seirbhísí tacaíochta iomchuí a chur ar fáil d’íospartaigh ionas go ndéanfar a gcearta agus a leasanna a chur i láthair agus a chur san áireamh go cuí;

f

a áirithiú go bhféadfar bearta a ghlacadh chun príobháideachas agus íomhá an íospartaigh a chosaint;

g

a áirithiú go seachnófar teagmháil idir íospartaigh agus déantóirí coire laistigh d’áitreabh na cúirte agus na gníomhaireachta forfheidhmithe dlí i gcás inar féidir;

h

ateangairí neamhspleácha inniúla a chur ar fáil d’íospartaigh nuair atá íospartaigh ina bpáirtithe in imeachtaí nó nuair atá fianaise á soláthar acu;

i

é a chur ar a gcumas d’íospartaigh fianaise a thabhairt, de réir na rialacha dá bhforáiltear lena ndlí inmheánach, sa seomra cúirte gan a bheith i láthair nó ar a laghad gan an déantóir coire líomhnaithe a bheith i láthair, go háirithe trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide iomchuí, i gcás ina mbeidh fáil orthu.

2   Cuirfear bearta speisialta cosanta ar fáil, i gcás inarb iomchuí, do leanaí ar íospartaigh nó finnéithe iad d’fhoréigean in aghaidh na mban agus d’fhoréigean baile, agus leas an linbh á chur san áireamh.

Airteagal 57

Cúnamh dlíthiúil

Déanfaidh na páirtithe foráil maidir leis an gceart chun cúnaimh dhlíthiúil agus chun cúnaimh dhlíthiúil saor in aisce d’íospartaigh faoi na coinníollacha dá bhforáiltear lena ndlí inmheánach.

Airteagal 58

Reacht na dtréimhsí

Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha agus na bearta eile is gá chun a áirithiú go leanfaidh reacht na dtréimhsí le haghaidh imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir leis na cionta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagail 36, 37, 38 agus 39 den Choinbhinsiún seo, ar feadh tréimhse ama atá leordhóthanach agus i gcomhréir le tromchúis an chiona, chun go bhféadfar imeachtaí a thionscnamh go héifeachtúil tar éis don íospartach lán-aois a shroicheadh.

Caibidil VII

Imirce agus tearmann

Airteagal 59

Stádas cónaitheora

1   Íospartaigh a bhfuil a stádas cónaithe ag brath ar stádas cónaithe an chéile nó an pháirtí arna aithint faoin dlí inmheánach, déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go ndeonófar dóibh, i gcás imthosca fíordheacair, cead cónaithe uathrialach arna iarraidh sin dóibh, gan beann ar fhad an phósta nó an chaidrimh, i gcás scaoileadh an phósta nó an chaidrimh. Is leis an dlí inmheánach a bhunaítear na coinníollacha a bhaineann leis an gcead cónaithe uathrialach a dheonú agus le fad an cheada sin.

2   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh íospartaigh imeachtaí díbeartha a tionscnaíodh i ndáil le stádas cónaithe atá ag brath ar stádas cónaithe an chéile nó an pháirtí arna aithint leis an dlí inmheánach, a chur ar fionraí chun cur ar a gcumas iarratas a dhéanamh ar chead cónaithe uathrialach.

3   Eiseoidh na páirtithe cead cónaithe in-athnuaite d’íospartaigh i gceann amháin den dá chás seo a leanas, nó sa dá chás:

a

i gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil gá lena bhfanacht mar gheall ar a staid phearsanta;

b

i gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil gá lena bhfanacht chun críche a gcomhar leis na húdaráis inniúla in imeachtaí imscrúdaithe nó coiriúla.

4   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh íospartaigh pósta éigeantais a tugadh isteach i dtír eile iad chun críche an phósta agus a chaill, mar thoradh air sin, a stádas cónaithe sa tír ina bhfuil gnáthchónaí orthu, an stádas sin a fháil ar ais.

Airteagal 60

Éilimh ar thearmann bunaithe ar inscne

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go bhféadfar foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban a aithint mar chineál géarleanúna de réir bhrí Airteagal 1, A (2), de Choinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe agus mar chineál díobhála tromchúisí as a n-eascraíonn cosaint chomhlántach/choimhdeach.

2   Áiritheoidh na páirtithe go ndéanfar léiriú atá íogair ó thaobh inscne de ar gach ceann d’fhorais an Choinbhinsiúin agus i gcás ina suífear go mbaineann an ghéarleanúint a d'fhéadfadh a bheith ann le ceann amháin nó níos mó de na forais sin, go mbronnfar stádas dídeanaí ar iarratasóirí de réir na n-ionstraimí ábhartha is infheidhme.

3   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun nósanna imeachta glactha atá íogair ó thaobh inscne de agus seirbhísí tacaíochta d’iarrthóirí tearmainn a fhorbairt chomh maith le treoirlínte inscne agus nósanna imeachta tearmainn atá íogair ó thaobh inscne de, lena n-áirítear stádas dídeanaí a chinneadh agus iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Airteagal 61

Non-refoulement

1   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun prionsabal an non-refoulement a urramú i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá ann cheana faoin dlí idirnáisiúnta.

2   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú nach ndéanfar íospartaigh foréigin in aghaidh na mban a bhfuil cosaint de dhíth orthu, gan beann ar a stádas nó ar a n-áit chónaithe, a fhilleadh in imthosca ar bith chuig aon tír ina mbeadh a mbeatha i mbaol nó ina bhféadfaí céasadh nó íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach a dhéanamh orthu.

Caibidil VIII

Comhar idirnáisiúnta

Airteagal 62

Prionsabail ghinearálta

1   Comhoibreoidh na páirtithe le chéile, i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin seo, agus trí chur i bhfeidhm ionstraimí idirnáisiúnta agus réigiúnacha iomchuí maidir le comhar in ábhair shibhialta agus choiriúla, comhshocraíochtaí arna gcomhaontú ar bhonn reachtaíocht aonfhoirmeach nó cómhalartach agus dlíthe inmheánacha, a mhéid is féidir, ar mhaithe le:

a

gach cineál foréigin a chumhdaítear faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo a chosc, a chomhrac agus a ionchúiseamh;

b

cosaint agus cúnamh a thabhairt d’íospartaigh;

c

imscrúduithe nó imeachtaí a bhaineann leis na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo;

d

breithiúnais shibhialta agus choiriúla ábhartha arna n-eisiúint ag údaráis bhreithiúnacha na bpáirtithe a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear orduithe cosanta.

2   Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh íospartaigh ciona arna bhunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo agus a rinneadh i gcríoch pháirtí seachas an ceann ina bhfuil cónaí orthu gearán a dhéanamh os comhair údaráis inniúla a Stáit chónaithe.

3   Páirtí dá bhfuil cúnamh frithpháirteach dlí in ábhair choiriúla, eiseachadadh nó forfheidhmiú breithiúnas sibhialta nó coiriúil arna bhforchur ag páirtí eile sa Choinbhinsiún seo coinníollach ar chonradh a bheith ann, má fhaigheann an páirtí sin iarraidh ar chomhar dlíthiúil mar sin ó pháirtí nach bhfuil conradh tugtha i gcrích aige leis, féadfaidh sé a mheas gurb é an Coinbhinsiún seo an bunús dlí le haghaidh cúnamh frithpháirteach dlíthiúil in ábhair choiriúla, le haghaidh eiseachadta nó le haghaidh forfheidhmiú breithiúnas sibhialta nó coiriúil arna bhforchur ag an bpáirtí eile i ndáil leis na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo.

4   Féachfaidh na páirtithe le cosc agus comhrac an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin baile a chomhtháthú, i gcás inarb iomchuí, i gcláir chúnaimh don fhorbairt a chuirfear ar fáil chun leas tríú Stáit, lena n-áirítear trí chomhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha a dhéanamh le tríú Stáit d’fhonn cosaint íospartach a éascú i gcomhréir le hAirteagal 18, mír 5.

Airteagal 63

Bearta a bhaineann le daoine atá i mbaol

I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag páirtí, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó, chun a chreidiúint go bhfuil baol láithreach ann go ndéanfar aon cheann de na gníomhartha foréigin dá dtagraítear in Airteagail 36, 37, 38 agus 39 den Choinbhinsiún seo do dhuine ar chríoch páirtí eile, moltar don pháirtí a bhfuil an fhaisnéis aige í a tharchur gan mhoill chuig an dara páirtí sin chun a áirithiú go ndéanfar bearta cosanta iomchuí. I gcás inarb infheidhme, áireofar san fhaisnéis sin sonraí maidir leis na forálacha cosanta atá ann cheana chun leas an duine atá i mbaol.

Airteagal 64

Faisnéis

1   Cuirfidh an páirtí dar tugadh an fhaisnéis an páirtí a thug an fhaisnéis ar an eolas go pras maidir le toradh críochnaitheach na gníomhaíochta a rinneadh faoin gcaibidil seo. Cuirfidh an páirtí dar tugadh an fhaisnéis an páirtí a thug an fhaisnéis ar an eolas go pras freisin faoi aon imthosca a fhágann nach féidir an ghníomhaíocht atá á lorg a chur i gcrích nó ar dócha go gcuirfidh siad moill shuntasach uirthi.

2   Féadfaidh páirtí, laistigh de theorainneacha a dhlí inmheánaigh, gan iarraidh roimh ré, faisnéis a fhaightear faoi chuimsiú a imscrúduithe féin a chur ar aghaidh chuig páirtí eile nuair a mheasann sé go bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin cuidiú leis an bpáirtí a fhaigheann í cionta coiriúla arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a chosc, nó imscrúduithe nó imeachtaí a thionscnamh nó a dhéanamh i ndáil leis na cionta coiriúla sin, nó go bhféadfadh an páirtí sin iarraidh ar chomhar faoin gcaibidil seo a dhéanamh dá bharr.

3   Aon pháirtí a gheobhaidh aon fhaisnéis i gcomhréir le mír 2, cuirfidh sé an fhaisnéis sin faoi bhráid a údaráis inniúil chun go bhféadfar imeachtaí a thionscnamh má mheastar iad a bheith iomchuí, nó chun go bhféadfar an fhaisnéis sin a chur san áireamh in imeachtaí sibhialta agus coiriúla ábhartha.

Airteagal 65

Slándáil sonraí

Déanfar sonraí pearsanta a stóráil agus a úsáid de bhun na n-oibleagáidí arna ngabháil orthu féin ag na páirtithe faoin gCoinbhinsiún chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch (ETS Uimh. 108).

Caibidil IX

Sásra faireacháin

Airteagal 66

Grúpa Saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile

1   Déanfaidh an Grúpa saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile (dá ngairtear ‘GREVIO’ anseo feasta) faireachán ar an gcur chun feidhme a dhéanfaidh na páirtithe i ndáil leis an gCoinbhinsiún seo.

2   Beidh GREVIO comhdhéanta de 10 gcomhalta ar a laghad agus 15 chomhalta ar a mhéad, agus cothromaíocht inscne agus gheografach á cur san áireamh, chomh maith le saineolas ildisciplíneach. Toghfaidh Coiste na bPáirtithe a chomhaltaí as measc iarrthóirí arna n-ainmniú ag na páirtithe ar feadh téarma oifige 4 bliana, ar téarma é is féidir a athnuachan uair amháin, agus roghnófar iad as measc náisiúnaigh de chuid na bpáirtithe.

3   Déanfar an toghchán tosaigh do dheichniúr comhaltaí laistigh de thréimhse bliana tar éis don Choinbhinsiún seo teacht i bhfeidhm. Déanfar cúigear comhaltaí breise a thoghadh tar éis an 25ú daingniú nó tar éis aontachais.

4   Beidh toghadh chomhaltaí GREVIO bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

a

roghnófar iad de réir nós imeachta trédhearcach as measc daoine a bhfuil ardcháilíocht mhorálta orthu agus a bhfuil sé de cháil orthu go n-aithnítear a n-inniúlacht i réimsí chearta an duine, an chomhionannais inscne, an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin baile, nó as cúnamh d’íospartaigh agus cosaint íospartach, nó a bhfuil taithí ghairmiúil léirithe acu sna réimsí a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo;

b

ní fhéadfaidh aon bheirt chomhalta de GREVIO a bheith ina náisiúnaigh den Stát céanna;

c

ba cheart dóibh ionadaíocht a dhéanamh do na príomhchórais dlí;

d

ba cheart dóibh ionadaíocht a dhéanamh do ghníomhaithe agus do ghníomhaireachtaí ábhartha i réimse an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin baile;

e

suífidh siad ina gcáil aonair agus beidh siad neamhspleách agus neamhchlaonta i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, agus beidh siad ar fáil lena ndualgais a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach.

5   Déanfaidh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe agus toiliú d’aon toil a fháil uathu, an nós imeachta um thoghadh chomhaltaí GREVIO a chinneadh laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo.

6   Glacfaidh GREVIO a rialacha nós imeachta féin.

7   Comhaltaí GREVIO agus comhaltaí eile de thoscaireachtaí a dhéanann na cuairteanna tíre mar a leagtar amach in Airteagal 68, míreanna 9 agus 14, beidh na pribhléidí agus na díolúintí acu a bhunaítear san fhoscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 67

Coiste na bPáirtithe

1   Beidh Coiste na bPáirtithe comhdhéanta d’ionadaithe na bpáirtithe sa Choinbhinsiún.

2   Is é Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa a chomórfaidh Coiste na bPáirtithe. Tionólfar an chéad chruinniú de laistigh de thréimhse bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo, chun comhaltaí GREVIO a thoghadh. Tiocfaidh sé le chéile ina dhiaidh sin aon uair a iarrfaidh aon trian de na páirtithe, Uachtarán Choiste na bPáirtithe nó an tArd-Rúnaí amhlaidh.

3   Glacfaidh Coiste na bPáirtithe a rialacha nós imeachta féin.

Airteagal 68

Nós Imeachta

1   Bunaithe ar cheistneoir arna ullmhú ag GREVIO, cuirfidh na páirtithe tuarascáil faoi bhráid Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa i ndáil le bearta reachtacha agus bearta eile a thugann éifeacht d’fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, le go ndéanfaidh GREVIO í a bhreithniú.

2   An tuarascáil a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, breithneoidh GREVIO í le hionadaithe an Pháirtí lena mbaineann.

3   Roinnfear nósanna imeachta meastóireachta ina dhiaidh sin ina mbabhtaí, agus cinnfidh GREVIO fad na mbabhtaí sin. Ag tús gach babhta, roghnóidh GREVIO na forálacha sonracha ar a mbunófar an nós imeachta meastóireachta agus seolfaidh sé ceistneoir amach.

4   Saineoidh GREVIO na modhanna iomchuí chun an nós imeachta faireacháin sin a chur i gcrích. Féadfaidh sé ceistneoir a ghlacadh le haghaidh gach babhta meastóireachta, a bheidh mar bhonn don nós imeachta meastóireachta maidir leis an gcur chun feidhme atá á dhéanamh ag na páirtithe. Seolfar an ceistneoir sin chuig na páirtithe uile. Tabharfaidh na páirtithe freagra ar an gceistneoir sin, agus ar aon iarraidh eile ar fhaisnéis ó GREVIO.

5   Féadfaidh GREVIO faisnéis a fháil maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ón tsochaí shibhialta, agus ó institiúidí náisiúnta um chosaint chearta an duine.

6   Tabharfaidh GREVIO aird chuí ar an bhfaisnéis atá ann agus atá ar fáil ó ionstraimí agus ó chomhlachtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta eile sna réimsí a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo.

7   Agus ceistneoir á ghlacadh do gach babhta meastóireachta, tabharfaidh GREVIO aird chuí ar an mbailiú sonraí agus ar an taighde atá ann cheana sna páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 11 den Choinbhinsiún seo.

8   Féadfaidh GREVIO faisnéis a fháil maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine, ón Tionól Parlaiminteach agus ó shainchomhlachtaí ábhartha Chomhairle na hEorpa, chomh maith leo siúd arna mbunú faoi ionstraimí idirnáisiúnta eile. Na gearáin a chuirtear faoi bhráid na gcomhlachtaí sin agus toradh na ngearán sin, cuirfear ar fáil do GREVIO iad.

9   Féadfaidh GREVIO cuairteanna tíre a eagrú ar bhonn coimhdeach, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta agus le cúnamh ó shaineolaithe náisiúnta neamhspleácha, i gcás nach leor an fhaisnéis a fhaightear, nó sna cásanna dá bhforáiltear i mír 14. Le linn na gcuairteanna sin, féadfaidh speisialtóirí i réimsí sonracha cúnamh a thabhairt do GREVIO.

10   Ullmhóidh GREVIO dréacht-tuarascáil ina mbeidh an anailís uaidh a bhaineann le cur chun feidhme na bhforálacha ar a bhfuil an mheastóireacht bunaithe, chomh maith lena mholtaí agus a thograí maidir leis an gcaoi a bhféadfaidh an Páirtí lena mbaineann déileáil leis na fadhbanna a sainaithníodh. Déanfar an dréacht-tuarascáil a tharchur chuig an bPáirtí a bhfuil an mheastóireacht á déanamh air le haghaidh barúlacha. Cuirfidh GREVIO a bharúlacha san áireamh agus a thuarascáil á glacadh aige.

11   Ar bhonn na faisnéise go léir a fuarthas agus na mbarúlacha ó na páirtithe, glacfaidh GREVIO a thuarascáil agus a chonclúidí maidir leis na bearta a rinne an Páirtí lena mbaineann chun forálacha an Choinbhinsiúin seo a chur chun feidhme. Seolfar an tuarascáil sin agus na conclúidí chuig an bPáirtí lena mbaineann agus chuig Coiste na bPáirtithe. Déanfar tuarascáil agus conclúidí GREVIO a phoibliú ón uair a ghlacfar iad, mar aon le haon bharúlacha a thabharfaidh an Páirtí lena mbaineann.

12   Gan dochar don nós imeachta i míreanna 1 go 8, féadfaidh Coiste na bPáirtithe, ar bhonn thuarascáil agus chonclúidí GREVIO, moltaí a ghlacadh arna ndíriú ar an bPáirtí sin (a) maidir leis na bearta a bheidh le déanamh chun conclúidí GREVIO a chur chun feidhme, lena leagfar síos, más gá, dáta chun faisnéis a chur isteach maidir lena gcur chun feidhme, agus (b) arb é is aidhm dóibh comhar a chur chun cinn leis an bPáirtí sin chun an Coinbhinsiún seo a chur chun feidhme mar is ceart.

13   Má fhaigheann GREVIO faisnéis iontaofa a léiríonn cás dá dteastaíonn aird láithreach ar fhadhbanna chun scála nó líon na sáruithe tromchúiseacha ar an gCoinbhinsiún a chosc nó a theorannú, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaí tuarascáil speisialta a thíolacadh go práinneach maidir leis na bearta a glacadh chun patrún tromchúiseach, ollmhór nó diansheasmhach foréigin in aghaidh na mban a chosc.

14   Agus an fhaisnéis arna cur isteach ag an bPáirtí lena mbaineann á cur san áireamh, chomh maith le haon fhaisnéis iontaofa eile atá ar fáil dó, féadfaidh GREVIO duine amháin nó níos mó dá chomhaltaí a ainmniú chun fiosrúchán a sheoladh agus chun tuairisciú go práinneach do GREVIO. I gcás ina bhfuil údar leis agus le toiliú an Pháirtí, féadfaidh cuairt ar a chríoch a bheith san áireamh san fhiosrúchán.

15   Tar éis torthaí an fhiosrúcháin dá dtagraítear i mír 14 a scrúdú, déanfaidh GREVIO na torthaí sin a tharchur chuig an bPáirtí lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, chuig Coiste na bPáirtithe agus chuig Coiste Airí Chomhairle na hEorpa mar aon le haon bharúlacha agus moltaí.

Airteagal 69

Moltaí ginearálta

Féadfaidh GREVIO moltaí ginearálta a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, maidir leis an gCoinbhinsiún seo a chur chun feidhme.

Airteagal 70

Rannpháirtíocht na bParlaimintí san fhaireachán

1   Iarrfar ar na parlaimintí náisiúnta a bheith rannpháirteach san fhaireachán ar na bearta arna nglacadh chun an Coinbhinsiún seo a chur chun feidhme.

2   Cuirfidh na páirtithe tuarascálacha GREVIO faoi bhráid a bparlaimintí náisiúnta.

3   Iarrfar ar Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa breithniú rialta a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin seo.

Caibidil X

An gaol le hionstraimí idirnáisiúnta eile

Airteagal 71

An gaol le hionstraimí idirnáisiúnta eile

1   Ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear d’oibleagáidí a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta eile a bhfuil páirtithe sa Choinbhinsiún seo ina bpáirtithe iontu nó a dtiocfaidh siad chun bheith ina bpáirtithe iontu agus ina bhfuil forálacha maidir le hábhair a rialaítear leis an gCoinbhinsiún seo.

2   Féadfaidh na páirtithe sa Choinbhinsiún seo comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích lena chéile i ndáil leis na hábhair a ndéileáiltear leo sa Choinbhinsiún seo, chun a fhorálacha a fhorlíonadh nó a neartú nó chun cur i bhfeidhm na bprionsabal atá corpraithe ann a éascú.

Caibidil XI

Leasuithe ar an gCoinbhinsiún

Airteagal 72

Leasuithe

1   Aon mholadh le haghaidh leasú ar an gCoinbhinsiún seo a thíolacfaidh Páirtí, cuirfear in iúl d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa é agus cuirfidh sí/sé ar aghaidh é chuig Ballstáit Chomhairle na hEorpa, chuig aon sínitheoir, chuig aon Pháirtí, chuig an Aontas Eorpach, chuig aon Stát a n-iarrfar air an Coinbhinsiún seo a shíniú i gcomhréir le forálacha Airteagal 75, agus chuig aon Stát a n-iarrfar air aontú leis an gCoinbhinsiún seo i gcomhréir le forálacha Airteagal 76.

2   Breithneoidh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an leasú atá á bheartú agus, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe sa Choinbhinsiún seo nach comhaltaí de Chomhairle na hEorpa iad, féadfaidh sé an leasú a ghlacadh tríd an tromlach dá bhforáiltear in Airteagal 20.d de Reacht Chomhairle na hEorpa.

3   Téacs aon leasaithe a ghlacfaidh Coiste na nAirí i gcomhréir le mír 2, déanfar é a chur ar aghaidh chuig na páirtithe le go nglacfaidh siad leis.

4   Aon leasú a ghlacfar i gcomhréir le mír 2, tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí tar éis deireadh tréimhse míosa amháin tar éis an dáta ar chuir na páirtithe uile in iúl don Ard-Rúnaí go nglacann siad leis.

CAIBIDIL XII

Clásail chríochnaitheacha

Airteagal 73

Éifeachtaí an Choinbhinsiúin seo

Ní dhéanfaidh forálacha an Choinbhinsiúin seo dochar d’fhorálacha an dlí inmheánaigh ná d’ionstraimí idirnáisiúnta ceangailteacha atá i bhfeidhm cheana nó a fhéadfaidh teacht i bhfeidhm, faoina ndéantar, nó faoina ndéanfaí, cearta níos fabhraí a thabhairt do dhaoine chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chomhrac.

Airteagal 74

Réiteach díospóide

1   Aon díospóid a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le cur i bhfeidhm nó léiriú fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, féachfaidh na páirtithe atá bainteach léi lena réiteach ar dtús trí chaibidlíocht, idir-réiteach, eadráin nó trí aon mhodhanna eile chun um shocrú síochánta a nglacfar leo trí chomhaontú frithpháirteach eatarthu.

2   Féadfaidh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa nósanna imeachta réitigh a bhunú a bheidh ar fáil lena n-úsáid ag na páirtithe i ndíospóid má chomhaontaíonn siad amhlaidh.

Airteagal 75

Síniú agus teacht i bhfeidhm

1   Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt le go síneoidh Ballstáit Chomhairle na hEorpa, na Stáit nach Ballstáit iad a bhí rannpháirteach ina ullmhú agus an tAontas Eorpach é.

2   Tá an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheasta. Déanfar ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasa a thaisceadh le hArd-Rúnaí Chomhairle na hEorpa.

3   Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh tréimhse 3 mhí a bheith caite tar éis an dáta a léireoidh 10 sínitheoir, lena n-áirítear ocht mBallstát ar a laghad de Chomhairle na hEorpa, go dtoilíonn siad a bheith faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún i gcomhréir le forálacha mhír 2.

4   Maidir le haon Stát dá dtagraítear i mír 1 nó leis an Aontas Eorpach, a chuirfidh in iúl ina dhiaidh sin go dtoilíonn siad a bheith faoi cheangal aige, tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh tréimhse 3 mhí a bheith caite tar éis an dáta a thaiscfear a ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó fhormheasa.

Airteagal 76

Aontachas leis an gCoinbhinsiún

1   Tar éis don Choinbhinsiún seo teacht i bhfeidhm, féadfaidh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe sa Choinbhinsiún seo agus tar éis toiliú gach páirtí díobh a fháil, a iarraidh ar aon Stát de chuid Chomhairle na hEorpa nach Ballstát é agus nach raibh páirteach i ndréachtú an Choinbhinsiúin, aontú leis an gCoinbhinsiún seo trí chinneadh arna ghlacadh ag an tromlach dá bhforáiltear in Airteagal 20.d de Reacht Chomhairle na hEorpa, agus trí vóta d’aon toil ó ionadaithe na bpáirtithe atá i dteideal suí ar an gCoiste Airí.

2   Maidir le haon Stát a aontaíonn leis an gCoinbhinsiún, tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí tar éis deireadh tréimhse 3 mhí tar éis an dáta a thaiscfear an ionstraim aontachais le hArd-Rúnaí Chomhairle na hEorpa.

Airteagal 77

Cur i bhfeidhm críochach

1   Féadfaidh aon Stát nó an tAontas Eorpach, tráth a shínithe nó tráth taiscthe a ionstraime daingniúcháin, glactha, formheasa nó aontachais, an chríoch nó na críocha a shonrú a mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir leo.

2   Féadfaidh aon Pháirtí, ar aon dáta níos déanaí, trí dhearbhú arna dhíriú ar Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa, cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo a leathnú chuig aon chríoch eile arna sonrú sa dearbhú agus a bhfuil sé freagrach as a caidreamh idirnáisiúnta nó a n-údaraítear é gealltanais a thabhairt thar a ceann. Maidir leis an gcríoch sin, tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí tar éis deireadh tréimhse 3 mhí tar éis an dáta a fhaigheann an tArd-Rúnaí an dearbhú sin.

3   Aon dearbhú a dhéanfar faoin dá mhír roimhe seo, féadfar é a tharraingt siar i ndáil le haon chríoch a shonraítear sa dearbhú sin trí fhógra arna dhíriú ar Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa. Beidh éifeacht leis an tarraingt siar an chéad lá den mhí tar éis dul in éag tréimhse trí mhí i ndiaidh an dáta a fhaigheann an tArd-Rúnaí an fógra sin.

Airteagal 78

Forchoimeádais

1   Ní fhéadfar aon fhorchoimeádas a dhéanamh maidir le haon fhoráil den Choinbhinsiún seo, cé is moite de na heisceachtaí dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3.

2   Féadfaidh aon Stát nó an tAontas Eorpach, tráth an tsínithe nó tráth taiscthe a ionstraime daingniúcháin, glactha, formheasa nó aontachais, dearbhú a dhíriú chuig Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa lena ndearbhaítear go bhforchoimeádann sé an ceart gan na forálacha a leagtar amach sna hairteagail seo a leanas a chur i bhfeidhm nó gan iad a chur i bhfeidhm ach amháin i gcásanna sonracha nó faoi choinníollacha sonracha:

Airteagal 30, mír 2;

Airteagal 44, míreanna 1.e, 3 agus 4;

Airteagal 55, mír 1 i ndáil le hAirteagal 35 maidir le mionchionta;

Airteagal 58 i ndáil le hAirteagail 37, 38 agus 39;

Airteagal 59.

3   Féadfaidh aon Stát nó an tAontas Eorpach, tráth an tsínithe nó tráth taiscthe a ionstraime daingniúcháin, glactha, formheasa nó aontachais, dearbhú a dhíriú chuig Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa lena ndearbhaítear go bhforchoimeádann sé an ceart foráil a dhéanamh do smachtbhannaí neamhchoiriúla, in ionad smachtbhannaí coiriúla, le haghaidh na n-iompraíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 33 agus 34.

4   Féadfaidh aon Pháirtí forchoimeádas a tharraingt siar, go hiomlán nó go páirteach, trí bhíthin dearbhú arna dhíriú chuig Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa. Tiocfaidh an dearbhú sin i bhfeidhm ón dáta a bhfaighidh an tArd-Rúnaí é.

Airteagal 79

Bailíocht agus athbhreithniú ar fhorchoimeádais

1   Beidh na forchoimeádais dá dtagraítear in Airteagal 78, míreanna 2 agus 3, bailí go ceann tréimhse 5 bliana ón lá a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm i leith an Pháirtí lena mbaineann. Mar sin féin, féadfar na forchoimeádais sin a athnuachan go ceann tréimhsí den fhad céanna.

2   Ocht mí dhéag roimh an dáta a rachaidh an forchoimeádas in éag, tabharfaidh Ardrúnaíocht Chomhairle na hEorpa fógra don Pháirtí lena mbaineann faoin dul in éag sin. Tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh an dul in éag, tabharfaidh an Páirtí fógra don Ard-Rúnaí go bhfuil a fhorchoimeádas á chaomhnú, á leasú nó á tharraingt siar aige. In éagmais fógra ón bPáirtí lena mbaineann, cuirfidh an Ardrúnaíocht in iúl don Pháirtí sin go meastar síneadh 6 mhí a bheith curtha go huathoibríoch lena fhorchoimeádas. Má mhainníonn an Páirtí lena mbaineann fógra a thabhairt go bhfuil sé ar intinn aige a fhorchoimeádas a chaomhnú nó a mhodhnú roimh dhul in éag na tréimhse sin, tiocfaidh deireadh leis an bhforchoimeádas.

3   Má dhéanann Páirtí forchoimeádas i gcomhréir le hAirteagal 78, míreanna 2 agus 3, soláthróidh sé, sula ndéanfar é a athnuachan nó arna iarraidh sin, míniú do GREVIO ar na forais is údar le leanúint ar aghaidh leis.

Airteagal 80

Séanadh

1   Féadfaidh aon Pháirtí, tráth ar bith, an Coinbhinsiún seo a shéanadh trí bhíthin fógra arna dhíriú ar Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa.

2   Beidh éifeacht leis an séanadh sin an chéad lá den mhí tar éis dul in éag tréimhse 3 mhí i ndiaidh an dáta a fhaigheann an tArd-Rúnaí an fógra sin.

Airteagal 81

Fógra

Tabharfaidh Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa fógra do Bhallstáit Chomhairle na hEorpa, do na Stáit nach Ballstáit iad a ghlac páirt ina ullmhúchán, d’aon sínitheoir, d’aon Pháirtí, don Aontas Eorpach, agus d’aon Stát a n-iarrfar air aontú leis an gCoinbhinsiún seo faoi:

a

aon síniú;

b

taisceadh aon ionstraime daingniúcháin, glactha, formheasa nó aontachais;

c

aon dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir Airteagail 75 agus 76;

d

aon leasú arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 agus an dáta a thiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm;

e

aon fhorchoimeádas agus aon tarraingt siar forchoimeádais a dhéanfar de bhun Airteagal 78;

f

aon séanadh a dhéanfar de bhun fhorálacha Airteagal 80;

g

aon ghníomh, fógra nó teachtaireacht eile a bhaineann leis an gCoinbhinsiún seo.

Dá fhianú sin, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údarás cuí acu chuige sin, a lámh leis an gCoinbhinsiún seo.

Arna dhéanamh in Iostanbúl, an 11 Bealtaine 2011, i mBéarla agus i bhFraincis, an dá théacs comhúdarásach, in aon chóip amháin a thaiscfear i gcartlann Chomhairle na hEorpa. Tarchuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa cóipeanna deimhnithe do gach Ballstát Chomhairle na hEorpa, do na Stáit nach Ballstáit iad a ghlac páirt in ullmhú an Choinbhinsiúin seo, don Aontas Eorpach, agus d’aon Stát a n-iarrfar air aontú leis an gCoinbhinsiún seo.

Foscríbhinn

Pribhléidí agus díolúintí (Airteagal 66)

1   

Beidh feidhm ag an bhfoscríbhinn seo maidir leis na comhaltaí de GREVIO a luaitear in Airteagal 66 den Choinbhinsiún, agus maidir le comhaltaí eile de na toscaireachtaí a thugann cuairt ar an tír. Chun críche na foscríbhinne seo, áireofar leis an téarma ‘comhaltaí eile de na toscaireachtaí a thugann cuairt ar an tír’ na saineolaithe náisiúnta neamhspleácha agus na speisialtóirí a luaitear in Airteagal 68, mír 9 den Choinbhinsiún, comhaltaí foirne Chomhairle na hEorpa agus ateangairí arna bhfostú ag Comhairle na hEorpa a bheidh in éineacht le GREVIO le linn a chuairteanna ar an tír.

2   

Agus a gcuid feidhmeanna á bhfeidhmiú acu maidir le cuairteanna ar thíortha a ullmhú agus a chur i gcrích, chomh maith leis na bearta leantacha ina leith sin, agus maidir le taisteal i ndáil leis na feidhmeanna sin, beidh na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas ag comhaltaí GREVIO agus ag comhaltaí eile na dtoscaireachtaí a thugann cuairt ar an tír:

a

díolúine phearsanta ó ghabháil nó coinneáil agus óna mbagáiste pearsanta a bheith á urghabháil, agus díolúine ó imeachtaí dlíthiúla de gach sórt i leith focail arna rá nó arna scríobh acu agus na ngníomhartha go léir arna ndéanamh acu ina gcáil oifigiúil;

b

díolúine ó aon srianta ar a saoirse ghluaiseachta, ar imeacht dóibh ón tír ina bhfuil cónaí orthu agus ar fhilleadh dóibh uirthi, agus ar dhul isteach dóibh sa tír ina bhfeidhmíonn siad a gcuid feidhmeanna agus ar imeacht dóibh aisti, agus díolúine ó chlárú mar eachtrannach sa tír ina bhfuil a gcuairt nó trína bhfuil siad ag dul i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.

3   

Le linn turais a dhéanfar agus a gcuid feidhmeanna á bhfeidhmiú acu, tabharfar do chomhaltaí GREVIO agus do chomhaltaí eile na dtoscaireachtaí a thugann cuairt ar an tír, maidir le custam agus rialú malairte, na saoráidí céanna a thugtar d’ionadaithe rialtas eachtrach atá ar dhualgas oifigiúil sealadach.

4   

Beidh na doiciméid a bhaineann le meastóireacht ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin arna n-iompar ag comhaltaí GREVIO agus ag comhaltaí eile de na toscaireachtaí a thugann cuairt ar an tír dosháraithe a mhéid a bhaineann siad le gníomhaíocht GREVIO. Ní chuirfear aon stopadh ná cinsireacht i bhfeidhm ar chomhfhreagras oifigiúil GREVIO ná ar chumarsáid oifigiúil chomhaltaí GREVIO agus comhaltaí eile de na toscaireachtaí a thugann cuairt ar an tír.

5   

Chun a áirithiú go mbeidh saoirse iomlán cainte agus neamhspleáchas iomlán i gcomhlíonadh a ndualgas dóibh ag comhaltaí GREVIO agus ag comhaltaí eile na dtoscaireachtaí a thugann cuairt ar an tír, leanfar den díolúine ó imeachtaí dlíthiúla i leith focail arna rá nó arna scríobh agus na ngníomhartha go léir arna ndéanamh acu agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu, d’ainneoin nach bhfuil na daoine lena mbaineann ag comhlíonadh na ndualgas sin a thuilleadh.

6   

Deonaítear pribhléidí agus díolúintí do na daoine a luaitear i mír 1 den fhoscríbhinn seo chun feidhmiú neamhspleách a bhfeidhmeanna a choimirciú ar mhaithe le GREVIO agus ní chun a leasa phearsanta. Is é Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa a dhéanfaidh díolúintí na ndaoine a luaitear i mír 1 den fhoscríbhinn seo a tharscaoileadh in aon chás inarb é a thuairim nó a tuairim go mbeadh an díolúine ina bac ar chúrsa an cheartais agus inar féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasanna GREVIO.