|
27.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 61/3 |
COMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA MACADÓINE THUAIDH MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ OIBRÍOCHTÚLA A DHÉANFAIDH AN GHNÍOMHAIREACHT EORPACH UM AN nGARDA TEORANN AGUS CÓSTA I bPOBLACHT NA MACADÓINE THUAIDH
TÁ AN tAONTAS EORPACH,
agus
POBLACHT NA MACADÓINE THUAIDH,
dá ngairtear “Páirtí” orthu ar leithligh agus “Páirtithe” orthu le chéile anseo feasta,
DE BHRÍ go bhféadfaidh cásanna teacht chun cinn ina gcomhordóidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”) comhar oibríochtúil idir Ballstáit an Aontais agus Poblacht na Macadóine Thuaidh, lena n-áirítear ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh,
DE BHRÍ gur cheart creat dlíthiúil i bhfoirm comhaontú stádais a bhunú i gcomhair cásanna ina mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin ag na baill de na foirne a imscarfaidh an Ghníomhaireacht ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh,
DE BHRÍ go bhféadfaí, leis an gcomhaontú stádais, foráil a dhéanamh maidir le bunú oifigí allamuigh ag an nGníomhaireacht ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta,
I bhFIANAISE go gcomhoibríonn Poblacht na Macadóine Thuaidh, tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas Eorpach ó 2005 i leith, go dlúth leis an Aontas chun sreabha imirce a bhainistiú agus chun an inimirce neamhdhleathach agus an choireacht trasteorann a chomhrac,
I bhFIANAISE leibhéal ard na cosanta sonraí pearsanta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh agus san Aontas Eorpach,
I bhFIANAISE gur dhaingnigh Poblacht na Macadóine Thuaidh Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa Uimh. 108 an 28 Eanáir 1981 maidir le Daoine Aonair a Chosaint i ndáil le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch agus an Prótacal breise a ghabhann leis;
AG CUIMHNEAMH gur prionsabail bhunúsacha a rialaíonn an comhar idir na Páirtithe iad urraim do chearta an duine agus do phrionsabail dhaonlathacha;
I bhFIANAISE gur dhaingnigh Poblacht na Macadóine Thuaidh Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint an 4 Samhain 1950, agus comhfhreagraíonn na cearta atá ann do na cearta atá i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
I bhFIANAISE gur cheart lánurraim a thabhairt, i gcás gach gníomhaíochta oibríochtúla de chuid na Gníomhaireachta ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh, do chearta bunúsacha agus do na comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus/nó Poblacht na Macadóine Thuaidh,
I bhFIANAISE go bhfuil gach duine a ghlacann páirt i ngníomhaíocht oibríochtúil faoi oibleagáid cloí leis na caighdeáin is airde ionracais, iompair eiticiúil, gairmiúlachta, agus le hurraim do chearta bunúsacha chomh maith, agus go bhfuil na daoine sin faoi cheangal na hoibleagáidí arna bhforchur orthu le forálacha an phlean oibríochtúil agus cód iompair na Gníomhaireachta a chomhlíonadh,
TAR ÉIS CINNEADH A DHÉANAMH AN COMHAONTÚ SEO A THABHAIRT I gCRÍCH:
AIRTEAGAL 1
Raon feidhme
1. Leis an gComhaontú seo, rialaítear gach ábhar is gá le haghaidh imscaradh foirne bainistithe teorainneacha de chuid bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh chuig Poblacht na Macadóine Thuaidh, i gcás inar féidir le baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin a fheidhmiú.
2. Féadfar an t-imscaradh dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh.
AIRTEAGAL 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “gníomhaíocht oibríochtúil” gníomhaíocht chomhpháirteach nó mear-idirghabháil teorann; |
|
(2) |
ciallaíonn “Gníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú ag Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) nó ag aon leasú a dhéanfar ar an Rialachán sin; |
|
(3) |
ciallaíonn “rialú teorann” an ghníomhaíocht arna dhéanamh ag teorainn, i gcomhréir leis an gComhaontú seo agus chun críocha an Chomhaontaithe seo, mar fhreagairt eisiach do rún an teorainn sin a thrasnú, nó do thrasnú na teorann sin, gan beann ar aon chúinse eile, arb iad seiceálacha teorann agus faireachas ar theorainneacha atá i gceist leis an ngníomhaíocht sin; |
|
(4) |
ciallaíonn “buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh” buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/1896; |
|
(5) |
ciallaíonn “foirne bainistithe teorainneacha” foirne arna gcur le chéile as buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bheidh le himscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha agus mear-idirghabhálacha teorann ag na teorainneacha seachtracha sna Ballstáit agus i dtríú tíortha; |
|
(6) |
ciallaíonn “fóram comhairliúcháin” an comhlacht comhairleach arna bhunú ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 108 de Rialachán (AE) 2019/1896; |
|
(7) |
ciallaíonn “EUROSUR” an creat le haghaidh malartú faisnéise agus comhar idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht; |
|
(8) |
ciallaíonn “duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha” duine de lucht faireacháin ar chearta bunúsacha dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialachán (AE) 2019/1896; |
|
(9) |
ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát óna n-imscartar an ball foirne nó óna a gcuirtear an ball foirne ar iasacht chuig buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh; |
|
(10) |
ciallaíonn “teagmhas” cás a bhaineann leis an inimirce neamhdhleathach, leis an gcoireacht trasteorann nó cás ina bhfuil baol do bheatha na n-inimirceach, ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh nó Phoblacht na Macadóine Thuaidh, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh; |
|
(11) |
ciallaíonn “oibríocht chomhpháirteach” gníomhaíocht arna comhordú nó arna heagrú ag an nGníomhaireacht chun tacú le húdaráis náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh atá freagrach as rialú teorann atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail an inimirce neamhdhleathach, bagairtí reatha nó bagairtí amach anseo ag teorainneacha Phoblacht na Macadóine Thuaidh nó an choireacht trasteorann, sin nó dírithe ar chúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar le aghaidh rialú na dteorainneacha sin; |
|
(12) |
ciallaíonn “ball den fhoireann” ball de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh arna imscaradh trí bhíthin foireann bainistithe teorainneacha chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht oibríochtúil; |
|
(13) |
ciallaíonn “Ballstát” Ballstát den Aontas Eorpach; |
|
(14) |
ciallaíonn “limistéar oibríochtúil” an limistéar geografach ina bhfuil gníomhaíocht oibríochtúil le tarlú; |
|
(15) |
ciallaíonn “Ballstát rannpháirteach” Ballstát a ghlacann páirt i ngníomhaíocht oibríochtúil trí threalamh teicniúil nó baill foirne de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a chur ar fáil; |
|
(16) |
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“an t-ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de na tosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin; |
|
(17) |
ciallaíonn “mear-idirghabháil teorann” gníomhaíocht atá dírithe ar dhul i ngleic le dúshlán sonrach díréireach ag teorainneacha Phoblacht na Macadóine Thuaidh trí fhoireann bainistithe teorainneacha a imscaradh i gcríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh ar feadh tréimhse teoranta ama chun rialú teorann a dhéanamh i gcomhar le húdaráis náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh atá freagrach as rialú teorann; |
|
(18) |
ciallaíonn “Baill foirne reachtúla” baill foirne arna bhfostú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (2); |
|
(19) |
ciallaíonn “cumhachtaí feidhmiúcháin” na cumhachtaí is gá chun na cúraimí a dhéanamh a bhíonn ag teastáil le haghaidh rialú teorann, ar cúraimí iad a dhéantar ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh le linn gníomhaíocht oibríochtúil dá bhforáiltear sa phlean oibríochtúil. |
AIRTEAGAL 3
Gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheoladh
1. Is le cinneadh i scríbhinn ó stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta (“an stiúrthóir feidhmiúcháin”) a sheolfar gníomhaíocht oibríochtúil faoin gComhaontú seo arna iarraidh sin i scríbhinn ag údaráis inniúla Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Áireofar le hiarraidh den sórt sin tuairisc ar an gcás, ar na haidhmeanna féideartha agus ar na riachtanais a mbeifear ag dréim leo, agus próifílí na mball foirne a bheidh de dhíth, lena n-áirítear próifílí na mball foirne sin a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin acu, de réir mar is infheidhme.
2. Má chinneann an stiúrthóir feidhmiúcháin go mbainfeadh sáruithe tromchúiseacha agus/nó leanúnacha ar chearta bunúsacha nó ar oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta leis an ngníomhaíocht oibríochtúil arna hiarraidh, nó go mbeadh na hiarmhairtí sin mar thoradh ar an iarraidh sin, ní sheolfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil.
3. Má mheasann an stiúrthóir feidhmiúcháin go bhfuil gá le tuilleadh faisnéise chun cinneadh a dhéanamh ar cheart gníomhaíocht oibríochtúil a sheoladh, tar éis iarraidh a fháil faoi mhír 1, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh nó saineolaithe na Gníomhaireachta a údarú chun taisteal chuig Poblacht na Macadóine Thuaidh chun measúnú a dhéanamh ar an gcás ann. Déanfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh an taisteal sin a éascú.
4. Cinnfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin gan gníomhaíocht oibríochtúil a sheoladh má mheasann sé go bhfuil cúis ann, a bhfuil údar léi, í a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh de bhun Airteagal 18.
AIRTEAGAL 4
Plean oibríochtúil
1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht plean oibríochtúil a tharraingt suas le haghaidh gach gníomhaíochta oibríochtúla, i gcomhréir le hAirteagail 38 agus 74 de Rialachán (AE) 2019/1896. Tiocfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh ar chomhaontú maidir leis an bplean oibríochtúil agus beidh sé ina cheangal ar an nGníomhaireacht, ar Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus ar na Ballstáit rannpháirteacha.
2. Leis an bplean oibríochtúil, leagfar amach go mionsonrach gnéithe eagraíochtúla agus gnéithe nós imeachta na gníomhaíochta oibríochtúla, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
(a) |
tuairisc ar an gcás, maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, lena n-áirítear aidhm na hoibríochta; |
|
(b) |
an t-achar measta a mhairfidh an ghníomhaíocht oibríochtúil chun go mbeidh sí in ann a cuspóirí a bhaint amach; |
|
(c) |
an limistéar oibríochtúil; |
|
(d) |
tuairisc ar chúraimí, lena n-áirítear na cúraimí a dteastaíonn cumhachtaí feidhmiúcháin ina leith, tuairisc ar fhreagrachtaí, lena n-áirítear freagrachtaí i dtaca le hurraim do chearta bunúsacha agus do cheanglais chosanta sonraí, agus tuairisc ar threoracha speisialta i gcomhair na bhfoirne bainistithe teorainneacha, lena n-áirítear treoracha maidir leis an gcuardach bunachair sonraí atá ceadaithe agus maidir leis na hairm sheirbhíse, an armlón agus an trealamh atá ceadaithe i bPoblacht na Macadóine Thuaidh; |
|
(e) |
comhdhéanamh na foirne bainistithe teorainneacha, mar aon le himscaradh ball foirne ábhartha eile/láithreacht ball eile d’fhoireann reachtúil, lena n-áirítear lucht faireacháin ar chearta bunúsacha; |
|
(f) |
forálacha maidir le ceannas agus rialú, lena n-áirítear ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann nó ball foirne ábhartha eile de chuid Phoblacht na Macadóine Thuaidh a bheidh freagrach as comhoibriú leis na baill den fhoireann agus leis an nGníomhaireacht, go háirithe ainmneacha agus céimeanna na ngardaí teorann sin nó ball foirne ábhartha eile atá i gceannas le linn na tréimhse imscartha, agus áit na mball den fhoireann sa slabhra ceannais; |
|
(g) |
an trealamh teicniúil a bheidh le húsáid le linn na gníomhaíochta oibríochtúla, lena n-áirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an criú arna iarraidh, iompar agus lóistíocht eile, agus forálacha airgeadais; |
|
(h) |
forálacha mionsonraithe maidir le tuairisciú teagmhas ag an nGníomhaireacht ar bhonn láithreach don bhord bainistíochta agus d’údaráis ábhartha na mBallstát rannpháirteach agus Phoblacht na Macadóine Thuaidh d’aon teagmhas a tharlóidh le linn gníomhaíocht oibríochtúil a dhéanfar faoin gComhaontú seo; |
|
(i) |
scéim tuairiscithe agus meastóireachta ina bhfuil tagarmharcanna don tuarascáil mheastóireachta, lena n-áirítear maidir le cosaint na gceart bunúsach, agus dáta deiridh chun an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a thíolacadh; |
|
(j) |
[Fágadh é seo folamh d’aon ghnó]; |
|
(k) |
téarmaí an chomhair le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, seachas an Ghníomhaireacht, tríú tíortha eile nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile; |
|
(l) |
treoracha ginearálta i dtaobh conas cosaint na gceart bunúsach le linn gníomhaíocht oibríochtúil a áirithiú, lena n-áirítear cosaint sonraí pearsanta agus oibleagáidí a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine; |
|
(m) |
nósanna imeachta lena ndéantar daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, mionaoisigh neamhthionlactha agus daoine eile ar leochaileach a gcásanna, a threorú chuig na húdaráis náisiúnta inniúla chun an cúnamh iomchuí a fháil; |
|
(n) |
nósanna imeachta lena leagtar amach sásra chun gearáin (lena n-áirítear iad siúd a chuirtear isteach faoi Airteagal 8(5)) in aghaidh aon duine atá páirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil, lena n-áirítear gardaí teorann nó baill foirne ábhartha eile de chuid Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus baill den fhoireann, a fháil agus a tharchur chuig an nGníomhaireacht agus chuig Poblacht na Macadóine Thuaidh, ar gearáin iad ina líomhnaítear sáruithe ar chearta bunúsacha i gcomhthéacs a rannpháirtíochta i ngníomhaíocht oibríochtúil de chuid na Gníomhaireachta; |
|
(o) |
socruithe lóistíochta, lena n-áirítear faisnéis maidir le dálaí oibre agus timpeallacht na limistéar ina mbeidh an ghníomhaíocht oibríochtúil le tarlú; agus |
|
(p) |
forálacha maidir le hoifig allamuigh, arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 6. |
3. Beidh an plean oibríochtúil agus aon leasú air nó aon oiriúnú air faoi réir chomhaontú na Gníomhaireachta, Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus na mBallstát atá i gcomharsanacht Phoblacht na Macadóine Thuaidh nó a bhfuil teorainn acu leis an limistéar oibríochtúil, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha.
4. Tarlóidh malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil chun críocha EUROSUR i gcomhréir leis na rialacha chun léargas ar dhálaí sonracha a bheidh le leagan amach sa phlean oibríochtúil don ghníomhaíocht oibríochtúil lena mbaineann a shuí agus a roinnt.
5. Déanfar an mheastóireacht ar an ngníomhaíocht oibríochtúil i gcomhréir le mír 2, pointe (i), i gcomhar le Poblacht na Macadóine Thuaidh agus an Ghníomhaireacht.
6. Déanfar na téarmaí comhair le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le mír 2, pointe (k), i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus de réir na n-acmhainní atá ar fáil.
AIRTEAGAL 5
Tuairisciú teagmhas
1. Beidh sásra um thuairisciú teagmhas ag an nGníomhaireacht agus ag Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Macadóine Thuaidh araon chun gur féidir tuairisciú tráthúil a dhéanamh ar aon teagmhas a thagann chun cinn le linn gníomhaíocht oibríochtúil a dhéantar faoin gComhaontú seo.
2. Cuideoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh a chéile chun gach fiosrúchán agus imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir le haon teagmhas a thuairiscítear tríd an sásra sin, amhail finnéithe a shainaithint agus fianaise a bhailiú agus a sholáthar, lena n-áirítear iarrataí chun nithe a bhaineann le teagmhas tuairiscithe a fháil, agus más iomchuí, a thabhairt ar láimh. Féadfaidh tabhairt ar láimh aon ní den sórt sin bheith faoi réir a dtabhartha ar ais laistigh de na téarmaí a shonraíonn an t-údarás inniúil a sholáthraíonn iad.
AIRTEAGAL 6
Oifigí allamuigh
1. Féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigí allamuigh a bhunú ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú, agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta. Bunóidh an Ghníomhaireacht suíomh na hoifige allamuigh i gcomhairle le húdaráis ábhartha Phoblacht na Macadóine Thuaidh.
2. Bunófar na hoifigí allamuigh i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla agus beidh siad oibríochtúil le haghaidh na tréimhse ama is gá le go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh i bPoblacht na Macadóine Thuaidh. Faoi réir chomhaontú Phoblacht na Macadóine Thuaidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht fad a chur leis an tréimhse ama sin.
3. Beidh gach oifig allamuigh faoi bhainistiú ionadaí de chuid na Gníomhaireachta arna cheapadh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin mar cheann na hoifige allamuigh, duine a dhéanfaidh formhaoirseacht ar obair fhoriomlán na hoifige.
4. I gcás inarb infheidhme, déanfaidh na hoifigí allamuigh an méid seo a leanas:
|
(a) |
tacaíocht oibríochtúil agus lóistíochta a chur ar fáil agus comhordú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a áirithiú sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann; |
|
(b) |
tacaíocht oibríochtúil a sholáthar do Phoblacht na Macadóine Thuaidh sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann; |
|
(c) |
faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bhfoirne bainistithe teorainneacha agus tuairisciú go tráthrialta do cheanncheathrú na Gníomhaireachta; |
|
(d) |
comhar a dhéanamh le Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gach saincheist a bhaineann le cur chun feidhme praiticiúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht i bPoblacht na Macadóine Thuaidh, lena n-áirítear aon saincheist bhreise a d’fhéadfadh a theacht chun cinn le linn na ngníomhaíochtaí sin; |
|
(e) |
tacú leis an oifigeach comhordúcháin sa chomhar a dhéanann sé le Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gach saincheist a bhaineann lena rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht agus, i gcás inar gá, idirchaidreamh a dhéanamh le ceanncheathrú na Gníomhaireachta; |
|
(f) |
tacú leis an oifigeach comhordúcháin agus leis an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a cheaptar chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht oibríochtúil ó thaobh comhordú agus cumarsáid a éascú, i gcás inar gá, idir na foirne bainistithe teorainneacha agus údaráis ábhartha Phoblacht na Macadóine Thuaidh, mar aon le haon chúraimí ábhartha; |
|
(g) |
tacaíocht lóistíochta a eagrú a bhaineann leis na baill den fhoireann a imscaradh agus le trealamh teicniúil a imscaradh agus a úsáid; |
|
(h) |
an tacaíocht lóistíochta eile ar fad a chur ar fáil maidir leis an limistéar oibríochtúil a bhfuil oifig allamuigh ar leith freagrach as, d’fhonn feidhmiú rianúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht a éascú; |
|
(i) |
bainistiú éifeachtach threalamh na Gníomhaireachta féin a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear lena cuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear clárú féideartha agus cothabháil fhadtéarmach an trealaimh sin agus aon tacaíocht lóistíochta is gá; agus |
|
(j) |
tacaíocht a thabhairt do bhaill foirne eile agus/nó do ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh mar a chomhaontaítear idir an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh. |
5. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh na dálaí is fearr is féidir i dtaca le comhlíonadh na gcúraimí a shanntar do na hoifigí allamuigh.
6. Cuirfidh Poblacht na Macadóine Thuaidh cúnamh ar fáil don Ghníomhaireacht chun acmhainneacht oibríochtúil na n-oifigí allamuigh a áirithiú.
AIRTEAGAL 7
Oifigeach comhordúcháin
1. Gan dochar do ról na n-oifigí allamuigh mar a thuairiscítear in Airteagal 6, ceapfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin saineolaí amháin nó níos mó as measc na mball foirne reachtúil lena n-imscaradh mar oifigeach comhordúcháin nó mar oifigigh chomhordúcháin le haghaidh gach gníomhaíochta oibríochtúla. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin Poblacht na Macadóine Thuaidh ar an eolas maidir le ceapachán den sórt sin.
2. Is iad na nithe seo a leanas a bheidh i gceist le ról an oifigigh chomhordúcháin:
|
(a) |
gníomhú mar idirghabhálaí idir an Ghníomhaireacht, Poblacht na Macadóine Thuaidh agus na baill den fhoireann, agus cúnamh a chur ar fáil do na foirne bainistithe teorainneacha, thar ceann na Gníomhaireachta, maidir le gach ábhar a bhaineann le coinníollacha an imscartha; |
|
(b) |
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart an phlean oibríochtúil, lena n-áirítear, i gcomhair leis an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha, a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha a chosaint agus tuairisciú don stiúrthóir feidhmiúcháin ina leith sin; |
|
(c) |
gníomhú thar ceann na Gníomhaireachta maidir le gach gné d’imscaradh na bhfoirne bainistithe teorainneacha agus tuairisciú don Ghníomhaireacht faoi na gnéithe sin uile; agus |
|
(d) |
comhar agus comhordú idir Poblacht na Macadóine Thuaidh agus na Ballstáit rannpháirteacha a chothú. |
3. I gcomhthéacs gníomhaíochtaí oibríochtúla, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin údarú don oifigeach comhordúcháin cúnamh a thabhairt i dtaca le haon easaontas faoi fhorghníomhú an phlean oibríochtúil agus imscaradh na bhfoirne bainistithe teorainneacha a réiteach.
4. Is treoracha a chomhlíonann an plean oibríochtúil amháin a eiseoidh Poblacht na Macadóine Thuaidh do na baill den fhoireann. I gcás ina measann an t-oifigeach comhordúcháin nach bhfuil na treoracha a eisítear do na baill den fhoireann i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil ná leis na hoibleagáidí dlíthiúil is infheidhme, cuirfidh sé é sin in iúl d’oifigigh Phoblacht na Macadóine Thuaidh a dhéanann ról comhordúcháin agus don stiúrthóir feidhmiúcháin. Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear an ghníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, i gcomhréir le hAirteagal 18.
AIRTEAGAL 8
Cearta bunúsacha
1. Agus a gcuid oibleagáidí faoin gComhaontú á gcomhlíonadh acu, glacann na Páirtithe mar chúram orthu féin gníomhú i gcomhréir le gach ionstraim dlí is infheidhme um chearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, 1950, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádas Dídeanaithe, 1951, agus an Prótacal ó 1967 a ghabhann leis, Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, 1965, Cúnant Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, 1966, Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, 1979, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, 1984, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, 1989, agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, 2006.
2. Déanfaidh baill den fhoireann, le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, cearta bunúsacha a urramú go hiomlán, lena n-áirítear maidir le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn agus dínit an duine, agus tabharfaidh siad aird ar leith ar dhaoine leochaileacha. Cibé bearta a ghlacfar i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí, is comhréireach a bheidh siad le cuspóirí na mbeart sin. Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, ní dhéanfaidh siad idirdhealú i gcoinne daoine ar bhonn aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh i gcomhréir le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.
Níl cead bearta atá i mbealach cearta agus saoirsí bunúsacha a dhéanamh ach amháin nuair a dhéanann baill den fhoireann iad agus a gcuid cúraimí á gcomhlíonadh nó a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu nuair is gá agus nuair atá sé comhréireach maidir le cuspóirí na mbeart sin agus ní mór meas a bheith acu ar bhunbhrí na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha sin i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, le dlí an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil seo maidir le gach ball foirne d’údaráis náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh atá rannpháirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil.
3. Déanfaidh oifigeach na Gníomhaireachta um chearta bunúsacha faireachán ar chomhlíontacht gach gníomhaíochta oibríochtúla maidir le caighdeáin um chearta bunúsacha is infheidhme. Féadfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha, nó a ionadaí, cuairteanna ar an láthair a thabhairt ar an tríú tír; tabharfaidh sé tuairimí maidir leis na pleananna oibríochtúla agus cuirfidh sé an stiúrthóir feidhmiúcháin ar an eolas maidir le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha i dtaobh gníomhaíocht oibríochtúil. Tacóidh Poblacht na Macadóine Thuaidh le hiarrachtaí faireacháin an oifigigh um chearta bunúsacha, ach a n-iarrfar sin uirthi.
4. Comhaontaíonn an Ghníomhaíocht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh rochtain thráthúil éifeachtach ar gach faisnéis a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha maidir le haon ghníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo a chur ar fáil don fhóram comhairliúcháin, lena n-áirítear cuairteanna ar an láthair sa limistéar oibríochtúil.
5. Beidh sásra gearán ag an nGníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh araon chun próiseáil a dhéanamh ar líomhaintí ar sháruithe ar chearta bunúsacha, arna ndéanamh ag a mbaill foirne agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú acu le linn gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 9
Lucht faireacháin ar chearta bunúsacha
1. Déanfaidh oifigeach um chearta bunúsacha na Gníomhaireachta duine amháin ar a laghad den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a cheapadh i ngach gníomhaíocht oibríochtúil chun, inter alia, cúnamh a thabhairt don oifigeach comhordúcháin agus comhairle a chur air.
2. Déanfaidh duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha faireachán ar chomhlíonadh na gceart bunúsach agus comhairle agus cúnamh a chur ar fáil maidir le cearta bunúsacha in ullmhú, cur i gcrích agus measúnú na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha. Áireofar air sin, go háirithe:
|
(a) |
ullmhú pleananna oibríochtúla a leanúint agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha chun go mbeidh sé in ann a chuid cúraimí a chomhlíonadh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1896; |
|
(b) |
cuairteanna a thabhairt, lena n-áirítear cuairteanna fadtéarmacha, ar na háiteanna ina dtarlaíonn gníomhaíochtaí oibríochtúla; |
|
(c) |
comhoibriú agus idirchaidreamh a dhéanamh leis an oifigeach comhordúcháin agus cúnamh agus comhairle a chur ar fáil dó; |
|
(d) |
an t-oifigeach comhordúcháin a chur ar an eolas agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha maidir le haon ábhar imní i dtaca le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht oibríochtúil; agus |
|
(e) |
rannchuidiú le meastóireacht a dhéanamh ar an ngníomhaíocht oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (i). |
3. Beidh rochtain ag lucht faireacháin ar chearta bunúsacha ar gach réimse ina dtarlóidh an ghníomhaíocht oibríochtúil agus ar na doiciméid uile a bhaineann le cur chun feidhme na gníomhaíochta sin.
4. Nuair a bheidh lucht faireacháin ar chearta bunúsacha i láthair sa limistéar oibríochtúil, beidh ionchomharthaí á gcaitheamh acu chun gur féidir iad a shainaithint go soiléir mar bhaill den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha.
AIRTEAGAL 10
Baill den fhoireann
1. Beidh an t-údarás ag baill den fhoireann na cúraimí a dtugtar tuairisc orthu sa phlean oibríochtúil a dhéanamh.
2. Agus na cúraimí sin á gcomhlíonadh agus na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú ag na baill den fhoireann, comhlíonfaidh siad dlíthe agus rialacháin Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Comhlíonfaidh baill den fhoireann an dlí idirnáisiúnta agus dlí an Aontais freisin is infheidhme agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu.
3. Ní fhéadfaidh baill den fhoireann cúraimí a chur i gcrích agus cumhachtaí a fheidhmiú ar chríoch Phoblacht na Macadóine Thuaidh ach amháin de réir treoracha ó údaráis bhainistithe teorainneacha Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus i láthair na n-údarás sin. Féadfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh baill den fhoireann a údarú chun cúraimí sonracha a chomhlíonadh agus cumhachtaí sonracha a fheidhmiú ar a críoch in éagmais a n-údarás bainistithe teorainneacha faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta nó an Bhallstáit baile, de réir mar is iomchuí.
4. Is í éide bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bheidh á caitheamh ag baill den fhoireann ar baill foirne reachtúla iad, le linn dóibh a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, mura sonraítear a mhalairt sa phlean oibríochtúil.
Beidh a n-éide náisiúnta féin á gcaitheamh ag baill den fhoireann nach baill foirne reachtúla iad agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, mura sonraítear a mhalairt sa phlean oibríochtúil.
Agus iad ar dualgas, ní mór do gach ball den fhoireann comhartha aitheantais pearsanta infheicthe a chaitheamh ar a éide chomh maith le harmbhanda gorm ar a mbeidh ionchomharthaí an Aontais Eorpaigh agus na Gníomhaireachta.
5. Údaróidh Poblacht na Macadóine Thuaidh do bhaill ábhartha den fhoireann cúraimí a chomhlíonadh le linn gníomhaíocht oibríochtúil a éilíonn úsáid fornirt, lena n-áirítear airm sheirbhíse, armlón agus trealamh eile a iompar agus a úsáid, i gcomhréir le forálacha ábhartha an phlean oibríochtúil.
Féadfaidh baill den fhoireann ar baill foirne reachtúla iad airm sheirbhíse, armlón agus trealamh eile a iompar agus a úsáid faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta.
Féadfaidh baill den fhoireann nach baill foirne reachtúla iad airm sheirbhíse, armlón agus trealamh eile a iompar agus a úsáid faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile ábhartha.
6. Déanfar úsáid fornirt, lena n-áirítear iompar agus úsáid arm seirbhíse, armlón agus trealaimh eile, a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus i láthair údaráis bainistithe teorainneacha Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Féadfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh baill den fhoireann a údarú chun fórsa a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha Phoblacht na Macadóine Thuaidh.
Maidir le baill den fhoireann ar baill foirne reachtúla iad, údarú den sórt sin, forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha de chuid Phoblacht na Macadóine Thuaidh, beidh sé faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta.
Maidir leis an údarú do bhaill den fhoireann nach baill foirne reachtúla iad forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha de chuid Phoblacht na Macadóine Thuaidh, beidh an t-údarú sin faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile ábhartha.
Gan dochar do cheanglais dlí náisiúnta Phloblacht na Macadóine Thuaidh, aon úsáid a bhainfidh baill den fhoireann as forneart, comhlíonfaidh sí prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, agus dualgas an réamhchúraim. Ní mór an dlí idirnáisiúnta agus dlí an Aontais is infheidhme a chomhlíonadh go hiomlán in aon úsáid fornirt den sórt sin, lena n-áirítear na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1896.
7. Sula n-imscarfar na baill den fhoireann, cuirfidh an Ghníomhaireacht Poblacht na Macadóine Thuaidh ar an eolas maidir leis na hairm sheirbhíse, armlón agus trealamh eile a bhfuil cead ag baill den fhoireann iad a iompar faoi mhír 5. Féadfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh, áfach, cosc a chur ar airm sheirbhíse, armlón agus trealamh áirithe eile a iompar, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag an toirmeasc céanna maidir lena n-údaráis bainistithe teorainneacha féin faoina dlí féin. Sula n-imscarfar na baill den fhoireann, cuirfidh Phoblachta na Macadóine Thuaidh an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir le hairm sheirbhíse, armlón agus trealamh is incheadaithe agus maidir leis na coinníollacha lena n-úsáid. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.
Déanfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh na socruithe is gá le haghaidh eisiúint aon cheadúnas arm agus éascóidh sé allmhairiú, onnmhairiú, iompar agus stóráil na n-arm, armlóin agus trealaimh eile a bheidh ar fáil do na baill den fhoireann, arna sonrú sa phlean oibríochtúil, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht.
8. Féadfar airm sheirbhíse, armlón agus trealamh a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, i gcosaint dhlisteanach na mball den fhoireann nó i gcosaint daoine eile i gcomhréir le dlí náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Urramóidh aon úsáid den sórt sin prionsabail ábhartha an dlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais Eorpaigh.
9. Ní bheidh rochtain ar bhunachair sonraí náisiúnta ach ag daoine atá údaraithe ag Poblacht na Macadóine Thuaidh. Féadfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh a údarú sonraí óna bunachair sonraí náisiúnta a roinnt le baill den fhoireann i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil. Ní cheadóidh baill den fhoireann ach na sonraí sin a bhfuil gá leo chun a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú.
10. Chun gníomhaíochtaí oibríochtúla a chur chun feidhme, déanfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh oifigigh de chuid údaráis náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh atá freagrach as bainistiú teorainneacha agus atá in ann agus toilteanach cumarsáid a dhéanamh i mBéarla a imscaradh chun ról comhordúcháin a chomhlíonadh thar ceann Phoblacht na Macadóine Thuaidh.
AIRTEAGAL 11
Pribhléidí agus díolúintí mhaoine, chistí, shócmhainní agus oibríochtaí na gníomhaireachta
1. Aon áitreabh agus aon fhoirgneamh de chuid na Gníomhaireachta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh, is dosháraithe a bheidh sé. Beidh na háitribh agus na foirgnimh sin díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú.
2. Maoin agus sócmhainní na Gníomhaireachta, lena n-áirítear modhanna iompair, cumarsáid, cartlanna, comhfhreagras, doiciméid, páipéir aitheantais agus sócmhainní airgeadais, is dosháraithe a bheidh siad.
3. Áirítear le sócmhainní na Gníomhaireachta sócmhainní atá faoi úinéireacht nó faoi chomhúinéireacht Ballstáit, nó arna gcairtfhostú nó arna léasú ag Ballstát agus arna gcur ar fáil don Ghníomhaireacht. Ar bhordáil ionadaí/ionadaithe údaráis inniúla náisiúnta, pléifear leo seo mar acmhainní i mbun seirbhíse rialtais agus déanfar iad a údarú i ndáil leis sin.
4. Ní fhéadfaidh aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i ndáil leis an nGníomhaireacht. Ní bheidh maoin ná sócmhainní na Gníomhaireachta faoi réir aon bheart comhéigin riaracháin ná dlíthiúil. Ní fhéadfaidh maoin na Gníomhaireachta a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh.
5. Ceadóidh Poblacht na Macadóine Thuaidh iontráil agus baint earraí agus trealaimh arna n-imscaradh ag an nGníomhaireacht chuig Poblacht na Macadóine Thuaidh chun críoch oibríochtúil.
6. Beidh an Ghníomhaireacht díolmhaithe ó gach dleacht (lena n-áirítear dleachtanna custaim) agus ó gach cáin chomh maith le haon toirmeasc agus srian ar allmhairí agus ar onnmhairí i ndáil le hearraí atá beartaithe dá húsáid oifigiúil, gan beann an ag an nGníomhaireacht nó ag tríú páirtí atá siad á n-iompar.
AIRTEAGAL 12
Pribhléidí agus díolúintí na mball den fhoireann
1. Ní bheidh na baill den fhoireann faoi réir aon chineál fiosrúcháin ná imeacht dlíthiúil i bPoblacht na Macadóine Thuaidh nó ag údaráis Phoblacht na Macadóine Thuaidh, seachas sna cúinsí dá dtagraítear i mír 2.
2. Beidh díolúine ag baill den fhoireann ó dhlínse choiriúil, shibhialta agus riaracháin Phoblacht na Macadóine Thuaidh i leith gach gnímh a dhéanfaidh siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna oifigiúla.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis Phoblacht na Macadóine Thuaidh imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin a thionscnamh i gcoinne baill den fhoireann os comhair aon chúirte de chuid Phoblacht na Macadóine Thuaidh, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra láithreach do stiúrthóir feidhmiúcháin.
Tar éis dó fógra den sórt sin a fháil, cuirfidh stiúrthóir feidhmiúcháin in iúl d’údaráis ábhartha Phoblacht na Macadóine Thuaidh, gan aon mhoill mhíchuí, cé acu a rinne nó nach ndearna an ball den fhoireann an gníomh i dtrácht agus a fheidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú aige. Má rinneadh an gníomh le linn fheidhmiú na bhfeidhmeanna oifigiúla, ní thionscnófar na himeachtaí. Mura ndearnadh an gníomh le linn fheidhmiú na bhfeidhmeanna oifigiúla, féadfaidh an t-imeacht a thionscnamh. Beidh cáiliú an stiúrthóra feidhmiúcháin ceangailteach ar Phoblacht na Macadóine Thuaidh, agus ní féidir léi cur ina aghaidh.
Go dtí go bhfaighfear an cáiliú sin, staonfaidh an Ghníomhaireacht ó aon bheart a dhéanamh atá beartaithe chun aon ionchúiseamh coiriúil a d’fhéadfadh údaráis inniúla Phoblacht na Macadóine Thuaidh a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an mball den fhoireann a chur i mbaol, lena n-áirítear éascú a dhéanamh ar fhilleadh an bhaill den fhoireann lena mbaineann ó Phoblacht na Macadóine Thuaidh ar a Bhallstát baile.
3. Má thionscnaíonn baill den fhoireann imeachtaí, coiscfidh sé sin orthu díolúine a agairt ón dlínse i leith aon fhrithmhaímh a bhainfidh go díreach leis an bpríomh-mhaíomh.
4. Áitribh, áiteanna cónaithe, modhanna iompair agus cumarsáide agus maoin na mball den fhoireann, lena n-áirítear comhfhreagras, doiciméid, páipéir aitheantais agus sócmhainní, beidh siad dosháraithe, ach amháin i gcás bearta forghníomhaithe a cheadaítear de bhun mhír 8.
5. Beidh Poblacht na Macadóine Thuaidh faoi dhliteanas i leith aon díobháil arna déanamh ag baill den fhoireann ar thríú páirtithe agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú acu.
6. I gcás díobháil arna déanamh de bharr mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil, nó arna déanamh ag ball den fhoireann ar ball d’fhoireann reachtúil é, gan feidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú aige, féadfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh a iarraidh, tríd an stiúrthóir feidhmiúcháin, go n-íocfadh an Ghníomhaireacht cúiteamh.
I gcás díobháil arna déanamh de bharr mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil, nó arna déanamh ag ball den fhoireann nach ball d’fhoireann reachtúil é, gan feidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú, féadfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh a iarraidh, tríd an stiúrthóir feidhmiúcháin, go n-íocfadh an Ballstát baile lena mbaineann cúiteamh.
7. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar bhaill den fhoireann fianaise a thabhairt mar fhinnéithe in imeachtaí dlíthiúla i bPoblacht na Macadóine Thuaidh.
8. Ní fhéadfar aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i leith ball den fhoireann, ach amháin i gcás ina ndéantar imeacht coiriúil, sibhialta nó riaracháin nach mbaineann lena bhfeidhmeanna oifigiúla a thionscnamh ina n-aghaidh. Maoin de chuid ball den fhoireann, atá deimhnithe ag an stiúrthóir feidhmiúcháin mar ní atá riachtanach chun a bhfeidhmeanna oifigiúla a chomhlíonadh, ní fhéadfaidh í a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh. In imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin ní bheidh baill den fhoireann faoi réir aon srian ar a saoirse phearsanta ná aon bheart eile comhéigin.
9. Maidir le seirbhísí a sholáthar don Ghníomhaireacht, beidh baill den fhoireann díolmhaithe ó fhorálacha um shlándáil shóisialta a d’fhéadfadh bheith i bhfeidhm i bPoblacht na Macadóine Thuaidh.
10. Ní ghearrfar aon cháin de chineál ar bith i bPoblacht na Macadóine Thuaidh ar thuarastal ná díolaíocht a íocann an Ghníomhaireacht nó na Ballstáit bhaile le baill den fhoireann, nó ar aon ioncam a fhaigheann baill den fhoireann lasmuigh de Phoblacht na Macadóine Thuaidh.
11. Ceadóidh Poblacht na Macadóine Thuaidh iontráil earraí le haghaidh úsáid phearsanta na mball den fhoireann agus deonóidh siad díolúine ó gach dleacht (lena n-áirítear dleachtanna custaim), ó gach cáin agus costas gaolmhar seachas costais ar stóráil, iompar agus seirbhísí comhchosúla, i leith earraí den sórt sin. Ceadóidh Poblacht na Macadóine Thuaidh onnmhairiú earraí den sórt sin freisin.
12. Beidh bagáiste pearsanta de chuid ball den fhoireann díolmhaithe ó imscrúdú, mura bhfuil cúiseanna tromchúiseacha le drochamhras a bheith ann go bhfuil earraí ann nach le haghaidh úsáid phearsanta na mball den fhoireann iad, nó earraí a choisctear leis an dlí a n-allmhairiú nó a n-onnmhairiú nó atá faoi réir rialacháin choraintín Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Ní iniúchfar bagáiste pearsanta den sórt sin ach amháin i láthair na mball den fhoireann lena mbaineann nó ionadaí údaraithe de chuid na Gníomhaireachta.
13. Ceapfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh pointí teagmhála a bhíonn ar fáil i gcónaí a bheidh freagrach as malartú faisnéise agus as bearta láithreacha a bheidh le déanamh maidir le haon ghníomh arna dhéanamh ag ball den fhoireann a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar dhlí coiriúil agus beidh siad freagrach chomh maith as an malartú faisnéise agus as na gníomhaíochtaí oibríochtúla i ndáil le haon imeacht sibhialta agus riaracháin in aghaidh ball den fhoireann.
Go dtí go bhfuil beart déanta ag údaráis inniúla an Bhallstáit bhaile, cuideoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh le chéile chun na fiosrúcháin agus na himscrúduithe ar fad is gá a dhéanamh maidir le haon chion coiriúil líomhnaithe a bhfuil leas ag an nGníomhaireacht nó Poblacht na Macadóine Thuaidh ina leith, i sainaithint finnéithe agus bailiú agus soláthar fianaise, lena n-áirítear an iarraidh nithe a bhaineann leis an gcion coiriúil a mhaítear a fháil, agus a thabhairt ar láimh, más iomchuí. Féadfaidh tabhairt ar láimh aon ní den sórt sin bheith faoi réir a dtabhartha ar ais laistigh de na téarmaí a shonraíonn an t-údarás inniúil a sholáthraíonn iad.
AIRTEAGAL 13
Baill den fhoireann atá gortaithe nó éagtha
1. Gan dochar d’Airteagal 12, beidh sé de cheart ag an stiúrthóir feidhmiúcháin cúram a ghlacadh, agus socruithe oiriúnacha a dhéanamh, i leith aisdúichiú aon bhaill den fhoireann atá ghortaithe nó éagtha, chomh maith lena mhaoin phearsanta.
2. Ní dhéanfar scrúdú iarbháis ar bhall den foireann atá éagtha ach amháin le toiliú sainráite an Bhallstáit baile lena mbaineann agus i láthair ionadaí ón nGníomhaireacht nó ón mBallstát baile lena mbaineann. Más lasmuigh de Phoblacht na Macadóine Thuaidh a dhéantar an scrúdú iarbháis sin, cuirfear Poblacht na Macadóine Thuaidh ar an eolas faoi thorthaí an scrúdaithe iarbháis arna iarraidh sin aici.
3. Rachaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh agus an Ghníomhaireacht i gcomhar a chéile a mhéid is féidir chun go bhféadfar baill den fhoireann atá gortaithe nó éagtha a aisdúichiú go pras.
AIRTEAGAL 14
Doiciméad creidiúnaithe
1. Eiseoidh an Ghníomhaireacht doiciméad i Macadóinis agus i mBéarla chuig gach ball den fhoireann chun críocha sainaitheantais maidir le húdaráis náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus mar chruthúnas ar chearta an tsealbhóra na cúraimí a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 10 den Chomhaontú seo agus sa phlean oibríochtúil (“an doiciméad creidiúnaithe”).
2. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an mball foirne ar an doiciméad creidiúnaithe: ainm agus náisiúntacht; céim nó teideal an phoist; grianghraf digitithe a tógadh le deireanas agus na cúraimí a bheidh le déanamh le linn an imscartha.
3. Chun críocha sainaitheantais vis-à-vis údaráis náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh, beidh ar bhaill den fhoireann an doiciméad creidiúnaithe a thabhairt leo i gcónaí.
4. Aithneoidh Poblacht na Macadóine Thuaidh go gceadaíonn an doiciméad creidiúnaithe, in éineacht le doiciméad bailí taistil, iontráil don bhall ábhartha den fhoireann agus go gceadaíonn sé don bhall sin fanacht i bPoblacht na Macadóine Thuaidh gan gá le víosa, réamh-údarú ná aon doiciméad eile, suas go dtí an lá a rachaidh an doiciméad in éag.
5. Tabharfar an doiciméad creidiúnaithe ar ais don Ghníomhaireacht ag deireadh na tréimhse imscartha. Cuirfear údaráis inniúla Phoblacht na Macadóine Thuaidh ar an eolas maidir leis sin.
AIRTEAGAL 15
Cur i bhfeidhm maidir le baill foirne na gníomhaireachta nach nimscartar mar bhaill den fhoireann
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 12, 13 agus 14 maidir le gach ball foirne de chuid na Gníomhaireachta a imscartar chuig Poblacht na Macadóine Thuaidh nach baill den fhoireann iad, lena n-áirítear lucht faireacháin ar chearta bunúsacha agus baill foirne reachtúla arna n-imscaradh chuig oifigí allamuigh.
AIRTEAGAL 16
Sonraí pearsanta a chosaint
1. Ní chuirfear sonraí pearsanta in iúl ach amháin má bhíonn cumarsáid den sórt sin riachtanach le haghaidh chur chun feidhme an chomhaontaithe seo ag údaráis inniúla Phoblacht na Macadóine Thuaidh nó ag an nGníomhaireacht. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údarás i gcás faoi leith, lena n-áirítear aistriú sonraí pearsanta den sórt sin chuig an bPáirtí eile, beidh an phróiseáil sonraí sin faoi réir na rialacha um chosaint sonraí is infheidhme maidir leis an údarás sin. Áiritheoidh na Páirtithe na coimircí íosta seo a leanas mar réamhchoinníoll le haghaidh aistriú sonraí d’aon chineál:
|
(a) |
ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cóir agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí; |
|
(b) |
ní mór sonraí pearsanta a bhailiú don chuspóir sonrach, follasach agus dlisteanach a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus níor cheart don údarás atá á chur in iúl ná don údarás is faighteoir tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir sin; |
|
(c) |
ní mór go mbeadh sonraí pearsanta leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis an gcuspóir dá ndéantar iad a bhailiú nó a phróiseáil tuilleadh; go háirithe, na sonraí pearsanta a chuirtear in iúl i gcomhréir le dlí is infheidhme an údaráis atá á chur in iúl, féadfaidh siad baint a bheith acu le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas agus leis na nithe sin amháin:
de chuid baill den fhoireann, fhoireann na Gníomhaireachta, breathnóirí ábhartha, nó ball de chláir mhalartaithe foirne; |
|
(d) |
ní mór do shonraí pearsanta a bheith cruinn agus, i gcás inar gá, ní mór iad a choimeád cothrom le dáta; |
|
(e) |
ní mór sonraí pearsanta a choimeád i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críche dár bailíodh na sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu; |
|
(f) |
ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, ag cur rioscaí sonracha na próiseála san áireamh, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scriosadh nó damáiste de thaisme, agus bearta teicniúla nó eagraíochtúla iomchuí á n-úsáid (“sárú ar shonraí”); déanfaidh an Páirtí is faighteoir bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar shárú ar shonraí, agus cuirfidh sé an Páirtí atá á chur in iúl ar an eolas maidir le haon sárú den sórt sin gan moill mhíchuí agus laistigh de 72 uair an chloig; |
|
(g) |
glacfaidh an t-údarás atá á chur in iúl agus an t-údarás is faighteoir araon gach céim réasúnach chun ceartú nó léirscriosadh, mar is iomchuí, sonraí pearsanta a áirithiú gan mhoill i gcás nach gcomhlíonann an phróiseáil an Airteagail seo, go háirithe toisc nach raibh na sonraí sin leormhaith, ábhartha, cruinn nó toisc go bhfuil siad iomarcach i ndáil le críoch na próiseála; áirítear leis sin an fógra a thugtar don Pháirtí eile maidir le haon cheartú nó léirscriosadh; |
|
(h) |
arna iarraidh sin, cuirfidh an t-údarás is faighteoir an t-údarás atá á chur in iúl ar an eolas maidir le húsáid na sonraí a cuireadh in iúl; |
|
(i) |
níl cead sonraí pearsanta a chur in iúl ach amháin do na húdaráis inniúla a leanas:
chun sonraí a chur in iúl le comhlachtaí eile, éilítear réamh-údarú an údaráis atá á chur in iúl; |
|
(j) |
tá an t-údarás atá á chur in iúl agus an t-údarás is faighteoir faoi oibleagáid taifead i scríbhinn a dhéanamh ar an gcur in iúl agus ar fháil na sonraí pearsanta; |
|
(k) |
beidh formhaoirseacht neamhspleách i bhfeidhm chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear chun taifid den sórt sin a iniúchadh; beidh sé de cheart ag ábhair sonraí gearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta formhaoirseachta, agus freagra a fháil gan moill mhíchuí; |
|
(l) |
beidh sé de cheart ag ábhair sonraí faisnéis a fháil maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta, rochtain a fháil ar shonraí den sórt sin agus ceartú nó léirscriosadh sonraí míchruinne nó sonraí a próiseáladh go neamhdhleathach, faoi réir srianta riachtanacha comhréireacha ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail; agus |
|
(m) |
beidh sé de cheart ag ábhair sonraí sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil le haghaidh shárú na gcoimircí thuasluaite. |
2. Déanfaidh gach Páirtí athbhreithniú tráthrialta ar a bheartais agus nósanna imeachta féin lena gcuirtear an Airteagal seo chun feidhme. Arna iarraidh sin ag an bPáirtí eile, déanfaidh an Páirtí a fuair an iarraidh athbhreithniú ar a gcuid beartas agus nósanna imeachta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta chun a chinntiú agus a dheimhniú go bhfuil na coimircí san Airteagal seo á gcur chun feidhme go héifeachtach. Cuirfear torthaí an athbhreithnithe seo chuig an bPáirtí a d’iarr an t-athbhreithniú laistigh de thréimhse réasúnta.
3. Beidh na coimircí um chosaint sonraí faoin gComhaontú seo faoi réir formhaoirseachta ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ag an nGníomhaireacht um Chosaint Sonraí Pearsanta Phoblacht na Macadóine Thuaidh.
4. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, mar údarás maoirseachta na Gníomhaireachta.
5. Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh tuarascáil a tharraingt suas i gcomhar maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo ag deireadh gach gníomhaíochta oibríochtúla. Seolfar an tuarascáil sin chuig oifigeach um chearta bunúsacha agus oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta chomh maith leis an nGníomhaireacht um Chosaint Sonraí Pearsanta de chuid Phoblacht na Macadóine Thuaidh.
6. Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na Macadóine Thuaidh rialacha mionsonraithe a leagan amach maidir le sonraí pearsanta a chur in iúl agus a phróiseáil chun críoch gníomhaíochtaí oibríochtúla faoin gComhaontú seo i bhforálacha sonracha de na pleananna oibríochtúla ábhartha. Comhlíonfaidh na forálacha sin ceanglais ábhartha an Aontais Eorpaigh agus dhlí Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Tabharfar tuairisc iontu, inter alia, ar chuspóir beartaithe an cur in iúl, ar an rialaitheoir nó ar na rialaitheoirí agus ar gach ról agus freagracht, ar na catagóirí sonraí a cuireadh in iúl, ar na tréimhsí sonracha coinneála sonraí, agus ar na coimircí íosta go léir. Ar mhaithe leis an trédhearcacht agus an intuarthacht, cuirfear na forálacha sin ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an treoir ábhartha ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.
AIRTEAGAL 17
Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartú
1. Aon mhalartú, roinnt nó scaipeadh faisnéis rúnaicmithe faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, cumhdófar é le socrú riaracháin ar leithligh arna thabhairt i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus údaráis ábhartha Phoblacht na Macadóine Thuaidh a bheidh faoi réir fhormheas an Choimisiúin Eorpaigh roimh ré.
2. Maidir le malartú aon fhaisnéis íogair neamh-rúnaicmithe faoi chuimsiú an chomhaontaithe seo:
|
(a) |
pléifidh an Ghníomhaireacht leis i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (3); |
|
(b) |
gheobhaidh sé leibhéal cosanta ón bPáirtí is faighteoir atá comhionann le leibhéal na cosanta a thugtar leis na bearta atá i bhfeidhm ar an bhfaisnéis sin leis an bPáirtí atá á chur in iúl i dtéarmaí rúndachta, sláine agus infhaighteachta; agus |
|
(c) |
déanfar é trí chóras malartaithe faisnéise a chomhlíonann critéir na hinfhaighteachta, na rúndachta agus na sláine le haghaidh faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe, amhail an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1896. |
3. Comhlíonfaidh na Páirtithe cearta maoine intleachtúla a bhaineann le haon sonraí a phróiseáiltear faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo.
AIRTEAGAL 18
Cinneadh chun maoiniú le haghaidh gníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí, a fhoirceannadh agus/nó a aistarraingt
1. Mura gcomhlíontar na coinníollacha chun gníomhaíocht oibríochtúil a dhéanamh a thuilleadh, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil sin a fhoirceannadh tar éis dó nó di Poblacht na Macadóine Thuaidh a chur ar an eolas i scríbhinn.
2. Murar léirigh Poblacht na Macadóine Thuaidh urraim don Chomhaontú seo ná don phlean oibríochtúil, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin maoiniú an phlean oibríochtúil ábhartha a aistarraingt, agus/nó é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, tar éis dó Poblacht na Macadóine Thuaidh a chur ar an eolas i scríbhinn.
3. Mura féidir slándáil aon rannpháirtí i ngníomhaíocht oibríochtúil arna imscaradh i bPoblacht na Macadóine Thuaidh a ráthú, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil ábhartha nó codanna di a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.
4. Má mheasann an stiúrthóir feidhmiúcháin gur tharla sáruithe ar chearta bunúsacha nó oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta tromchúiseacha, ar dócha go leanfaidh siad ar aghaidh nó ar dócha go dtarlóidh siad i ndáil le gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo, aistarraingeoidh sé maoiniú na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha, agus/nó í a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, tar éis dó Poblacht na Macadóine Thuaidh a chur ar an eolas.
5. Féadfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh a iarraidh ar an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh mura léiríonn ball den fhoireann urraim d’fhorálacha an Chomhaontaithe seo nó d’fhorálacha an phlean oibríochtúil. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn agus áireofar leis na cúiseanna ina leith.
6. Beidh éifeacht ag fionraí, foirceannadh nó aistarraingt maoinithe faoin Airteagal seo ón dáta a thabharfar fógra do Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Ní dhéanfaidh sé difear do chearta ná oibleagáidí a eascróidh as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó an phlean oibríochtúil roimh fhionraí, foirceannadh nó aistarraingt maoinithe den sórt sin.
AIRTEAGAL 19
Calaois a chomhrac
1. Má fhaigheann Poblacht na Macadóine Thuaidh amach go bhfuil líomhaintí inchreidte ann maidir le calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh sí fógra láithreach don Ghníomhaireacht, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus/nó d’aon institiúid, comhlacht nó údarás eile de chuid an Aontais Eorpaigh atá inniúil sna hábhair sin.
2. I gcás ina mbaineann líomhaintí den sórt sin le cistí an Aontais Eorpaigh a eisíocadh i ndáil leis an gComhaontú seo, déanfaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh, i gcomhréir le haon sásra comhair bunaithe is infheidhme, gach cúnamh is gá a chur ar fáil do na hinstitiúidí, na comhlachtaí agus na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 i ndáil le gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha ar a críoch.
AIRTEAGAL 20
Cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo
1. I gcás Phoblacht na Macadóine Thuaidh, is í Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Macadóine Thuaidh a chuirfidh an Comhaontú seo chun feidhme.
2. I gcás an Aontais Eorpaigh, is í an Ghníomhaireacht a chuirfidh an Comhaontú seo chun feidhme.
AIRTEAGAL 21
Réiteach díospóide
1. Déanfaidh ionadaithe ó údaráis inniúla na Gníomhaireachta agus Phoblacht na Macadóine Thuaidh imscrúdú le chéile ar aon díospóid a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
2. Mura dtiocfar ar aon réiteach, réiteofar díospóidí a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo le hidirbheartaíocht idir na Páirtithe agus ar an mbealach sin amháin.
AIRTEAGAL 22
Teacht i bhfeidhm, leasú, fad, fionraí agus foirceannadh an Chomhaontaithe
1. Beidh an Comhaontú seo faoi réir dhaingniú, ghlacadh nó fhormheas na bPáirtithe i gcomhréir lena nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha féin. Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta is gá chun na críche sin i gcrích.
2. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an dáta ar a dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur chuir siad i gcrích na nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha i gcomhréir le mír 1.
3. Ní fhéadfar an Comhaontú seo a leasú ach amháin i scríbhinn de chomhthoil na bPáirtithe.
4. Tugtar an Comhaontú seo i gcrích go ceann tréimhse éiginnte. Féadfar é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh le comhaontú i scríbhinn idir na Páirtithe nó go haontaobhach ag ceachtar den dá Pháirtí.
I gcás fionraí nó foirceannadh aontaobhach, an Páirtí ar mian leis an comhaontú a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh , déanfaidh sé fógra a thabhairt maidir leis sin don Pháirtí eile i scríbhinn. Tiocfaidh foirceannadh nó fionraí aontaobhach an Chomhaontaithe seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa inar tugadh an fógra.
5. Seolfar fógraí a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo, i gcás an Aontais Eorpaigh, chuig Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus, i gcás Phoblacht na Macadóine Thuaidh, chuig an Aireacht Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na Macadóine Thuaidh.
Arna dhéanamh i ndúblach sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus Macadóinis, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.
DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.
(1) Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 agus Rialachán (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).
(2) IO CE L 56, 4.3.1968, lch. 1.
(3) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO AE L 72, 17.3.2015, lch. 41).