1.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 22/1


Fógra maidir le dáta theacht i bhfeidhm an leasaithe ar Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin

Trí bhíthin Chinneadh Uimh. 1/2022 uaidh, chinn an Comhchoiste a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpaigh agus an tSeapáin (1), a síníodh i dTóiceo an 17 Iúil 2018, Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú a leasú. Tháinig an leasú i bhfeidhm an 1 Feabhra 2022.


(1)  IO L 330, 27.12.2018, lch. 3.