22.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 328/154 |
CINNEADH Uimh. 3/2022 ÓN gCOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA ARNA BHUNÚ LEIS ANgCOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE
an 21 Nollaig 2022
lena mbunaítear liosta de dhaoine atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de bhinse eadrána faoin gComhaontú Trádála agus Comhair [2022/2550]
TÁ AN CHOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA,
Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”), agus go háirithe Airteagal 752(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 752(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá an Chomhairle Comhpháirtíochta le liosta a bhunú de dhaoine atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de bhinse eadrána faoin gComhaontú Trádála agus Comhair. Beidh 15 dhuine ar a laghad ar an liosta sin agus beidh trí fholiosta ann: (a) foliosta amháin daoine a bhunófar ar bhonn moltaí ón Aontas; (b) foliosta amháin daoine a bhunófar ar bhonn moltaí ón Ríocht Aontaithe; agus (c) foliosta amháin daoine nach náisiúnaigh de cheachtar den dá Pháirtí iad agus a fhónfaidh mar chathaoirleach ar an mbinse eadrána. |
(2) |
Áireofar cúigear ar a laghad ar gach foliosta. |
(3) |
De bhun Airteagal 741 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, is daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil na cáilíochtaí is gá acu chun a gceaptha in ardoifig breithiúnach ina dtír féin nó ar dlí-eolaithe iad a bhfuil a n-inniúlacht aitheanta a bheidh sna headránaithe uile. Beidh saineolas léirithe acu sa dlí agus sa trádáil idirnáisiúnta, lena n-áirítear saineolas maidir le hábhair shonracha a chumhdaítear faoi Theidil I go VII, Caibidil 4 de Theideal VIII, Teidil IX go XII de Cheannteideal a hAon nó Ceannteideal a Sé de Chuid a Dó, nó saineolas sa dlí agus in aon ábhar eile a chumhdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus aon chomhaontú lena bhforlíontar é agus, i gcás cathaoirligh, beidh taithí aige ar nósanna imeachta um réiteach díospóidí. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 752(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, ní bheidh daoine atá ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile in institiúidí an Aontais, i Rialtas Ballstáit ná i Rialtas na Ríochta Aontaithe ar an liosta sin. |
(5) |
Ar bhonn na moltaí ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe, is iomchuí don Chomhairle Comhpháirtíochta teacht ar chomhaontú faoi dhá fholiosta ina mbeidh sé dhuine le haghaidh phoist chomhaltaí na binse eadrána, agus faoin bhfoliosta ina mbeidh ocht nduine le haghaidh phost an chathaoirligh ar an mbinse eadrána, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá leagtha amach san Iarscríbhinn liosta na ndaoine atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí ar bhinse eadrána faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain, an 21 Nollaig 2022.
Thar ceann na Comhairle Comhpháirtíochta
Na Comhchathaoirligh
Maroš ŠEFČOVIČ
James CLEVERLY
IARSCRÍBHINN
(a) |
foliosta na ndaoine arna bhunú ar bhonn moltaí ón Aontas;
|
(b) |
foliosta na ndaoine arna bhunú ar bhonn moltaí ón Ríocht Aontaithe;
|
(c) |
foliosta na ndaoine ba cheart fónadh mar chathaoirleach ar an mbinse eadrána.
|