8.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 316/93


CINNEADH Uimh. 3/2022 ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL

an 16 Samhain 2022

lena modhnaítear Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú, den pháirt eile [2022/2394]

TÁ AN COISTE UM THRÁDÁIL,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 13(1)(d) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Samhain 2018, chuir Eacuadór a iarraidh faoi bhráid an Aontais chun tásca geografacha nua a chur le Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú de bhun Airteagal 209 den Chomhaontú. Chuir an tAontas an nós imeachta agóide maidir le trí thásc gheografacha nua de chuid na Colóime, agus an scrúdú orthu, i gcrích.

(2)

An 20 Deireadh Fómhair 2022, de bhun Airteagal 257(2) den Chomhaontú, i seisiún idir Páirtí an Aontais agus Eacuadór, rinne an Fochoiste um Maoin Intleachtúil measúnú ar an bhfaisnéis i ndáil leis na tásca geografacha agus mhol sé don Choiste um Thrádáil Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú dá réir.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú.

(4)

An cinneadh maidir le Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú, féadfar é a ghlacadh i seisiún den Choiste um Thrádáil idir Páirtí an Aontais agus Eacuadór, de bhun Airteagal 14(3) den Chomhaontú Trádála, ós rud é go mbaineann sé go heisiach leis an gcaidreamh déthaobhach eatarthu agus nach ndéanann sé difear do chearta ná d’oibleagáidí Tíre sínithe eile de chuid na nAindéas,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Sa tábla faoi phointe (d) “Tásca Geografacha Eacuadór maidir le táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, fíonta, deochanna biotáilleacha agus fíonta cumhraithe” i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú, cuirtear na hiontrálacha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo isteach.

Airteagal 2

Ionadaithe an Choiste um Thrádáil, ar ionadaithe iad atá údaraithe gníomhú thar ceann na bPáirtithe chun an Comhaontú a mhodhnú, déanfaidh siad an Cinneadh seo, arna dhéanamh i ndúblach, a shíniú. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón dáta is déanaí de na sínithe sin.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh in Quito an 16 Samhain 2022.

Thar cheann an Choiste um Thrádáil

Ceann thoscaireacht an Aontais Eorpaigh

Paolo GARZOTTI

Ceann thoscaireacht Eacuadór

Daniel LEGARDA


IARSCRÍBHINN

(d)

‘Tásca Geografacha Eacuadór maidir le táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, fíonta, deochanna biotáilleacha agus fíonta cumhraithe’

CAFÉ DE GALAPAGOS

Caife

MANÍ DE TRANSKUTUKÚ

Pis talún

PITAHAYA AMAZÓNICA DE PALORA

Torthaí