10.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 291/75


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 182/2019

an 14 Meitheamh 2019

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2022/2174]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha a leathnú chun Rialachán (AE) 2019/499 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leagtar síos forálacha ionas go bhféadfar leanúint de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas (1) a chumhdach.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear an fhleasc seo a leanas isteach i mír 2n d’Airteagal 4 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32019 R 0499: Rialachán (AE) 2019/499 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leagtar síos forálacha ionas go bhféadfar leanúint de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas (IO L 85I, 27.3.2019, lch. 32).’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2019, nó ar an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*), cibé acu is déanaí.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2019.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Claude MAERTEN


(1)  IO L 85I, 27.3.2019, lch. 32.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.