10.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 291/73


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 181/2019

an 14 Meitheamh 2019

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2022/2173]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha a leathnú chun Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (Europass) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE a chumhdach (1).

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin chun go mbeidh an comhar leathnaithe sin in ann a bheith ann ón 1 Eanáir 2019,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 4 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:

1.

Cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 2o:

‘2p.   Le héifeacht ón 1 Eanáir 2019, beidh Stáit CSTE rannpháirteach sa chreat Eorpach seo a leanas:

32018 D 0646: Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (Europass) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE (IO L 112, 2.5.2018, lch. 42).’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs mhír 3:

‘I gcomhréir le hAirteagal 82(1)(a) den Chomhaontú déanfaidh Stáit CSTE ranníocaíocht i leith na gclár agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 2a, 2b, 2c, 2d, 2e, 2f, 2g, 2h, 2i, 2j, 2k, 2l, 2m, 2n, 2o agus 2p.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh chuig Comhchoiste LEE faoi Airteagal 103(1) den Chomhaontú (*).

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2019.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2019.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Claude MAERTEN


(1)   IO L 112, 2.5.2018, lch. 42.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.