10.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 291/68 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 177/2019
an 14 Meitheamh 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2169]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2019/226 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 maidir le liosta na n-oibreoirí aerárthaí a rinne gníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE an 1 Eanáir 2006 nó ina dhiaidh sin, lena sonraítear an Ballstát riaracháin do gach oibreoir aerárthaí (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 21as (Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32019 R 0226: Rialachán (AE) 2019/226 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2019 (IO L 41, 12.2.2019, lch. 100).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/226 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2019.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Claude MAERTEN
(1) IO L 41, 12.2.2019, lch. 100.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.