10.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 291/50


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 165/2019

an 14 Meitheamh 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2157]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (1), arna cheartú le IO L 102, 23.4.2018, lch. 97), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla i ndáil le feidhmiú an chirt bunaíochta agus i ndáil leis an saoirse chun seirbhísí institiúidí íocaíochta a sholáthar (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Le Treoir (AE) 2015/2366, aisghairtear Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Treoir atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 14 (Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), i bpointe 31e (Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus i bpointe 31g (Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘-

32015 L 2366: Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35), arna ceartú le IO L 102, 23.4.2018, lch. 97.’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 15 (Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘, arna leasú le:

32015 L 2366: Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha na Treorach oiriúnaithe mar a leanas:

In Airteagal 18(4), a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE:

(i)

‘dáta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 165/2019 ó Chomhchoiste LEE an 14 Meitheamh 2019’ a léifear in ionad na bhfocal ‘an 13 Eanáir 2018’;

(ii)

‘go dtí 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 165/2019 ó Chomhchoiste LEE an 14 Meitheamh 2019’ a léifear in ionad na bhfocal ‘go dtí an 13 Iúil 2018’;

(iii)

‘laistigh de 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 165/2019 ó Chomhchoiste LEE an 14 Meitheamh 2019’ a léifear in ionad na bhfocal ‘faoin 13 Iúil 2018’;’

3.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 16e (Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

32015 L 2366: Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha na Treorach oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’ agus ‘údaráis inniúla’, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Treoir.

(b)

Tagairtí do ghníomhartha eile sa Treoir, beidh feidhm acu a mhéid a ionchorpraítear na gníomhartha sin sa Chomhaontú seo, agus san fhoirm a ionchorpraítear iad.

(c)

Léifear Airteagal 4(36) mar a leanas:

‘ciallaíonn ‘micrifhiontar’ fiontar ar eintiteas é atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar a stádas dlíthiúil, tráth a thugtar an conradh seirbhísí íocaíochta i gcrích. Áirítear air sin, go háirithe, daoine féinfhostaithe agus gnólachtaí teaghlaigh atá i mbun gníomhaíochtaí ceardaíochta nó gníomhaíochtaí eile, agus comhpháirtíochtaí nó comhlachais a bhíonn i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch go tráthrialta. Is fiontair ina bhfuil níos lú ná 250 duine fostaithe agus ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 50 milliún, agus/nó nach mó ná EUR 43 mhilliún iomlán a gclár comhardaithe bliantúil atá i gceist i gcatagóir na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna). Laistigh den chatagóir FBM, sainmhínítear micrifhiontar mar fhiontar ina bhfuil níos lú ná 10 nduine fostaithe agus nach mó ná EUR 2 mhilliún a láimhdeachas bliantúil agus/nó iomlán a gclár comhardaithe bliantúil.’

(d)

In Airteagal 26(1), cuirfear na focail ‘bainc cheannais Stáit CSTE agus Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚBE’.

(e)

In Airteagal 27:

(i)

i mír 1, cuirfear na focail ‘cúnamh a iarraidh ar ÚBE nó ar Údarás Faireacháin CSTE, de réir mar a bheidh’ in ionad na bhfocal ‘cúnamh a iarraidh air’;

(ii)

sa chéad abairt de mhír 2, cuirfear na focail ‘nó Údarás Faireacháin CSTE, de réir mar a bheidh,’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚBE’.

(f)

In Airteagal 30(3), cuirfear na focail ‘nó Údarás Faireacháin CSTE, de réir mar a bheidh,’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚBE’.

(g)

In Airteagal 96(2), cuirfear na focail ‘agus bainc cheannais náisiúnta Stáit CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais’.

(h)

In Airteagal 109, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE:

(i)

i míreanna 1 agus 3, ‘dáta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 165/2019 ó Chomhchoiste LEE an 14 Meitheamh 2019’ a léifear in ionad na bhfocal ‘an 13 Eanáir 2018’;

(ii)

i mír 1, ‘laistigh de 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 165/2019 ó Chomhchoiste LEE an 14 Meitheamh 2019’ a léifear in ionad na bhfocal ‘faoin 13 Iúil 2018’;

(iii)

i mír 3, ‘go dtí bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 165/2019 ó Chomhchoiste LEE an 14 Meitheamh 2019’ a léifear in ionad na bhfocal ‘go dtí an 13 Eanáir 2019’;

(iv)

i mír 3, ‘laistigh de bhliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 165/2019 ó Chomhchoiste LEE an 14 Meitheamh 2019’ a léifear in ionad na bhfocal ‘faoin 13 Eanáir 2019’;

(v)

i mír 5, ‘laistigh de 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 165/2019 ó Chomhchoiste LEE an 14 Meitheamh 2019’ a léifear in ionad na bhfocal ‘faoin 13 Eanáir 2020’.’

4.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 16e (Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘16ea.

32017 R 2055: Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla i ndáil le feidhmiú an chirt bunaíochta agus i ndáil leis an saoirse chun seirbhísí institiúidí íocaíochta a sholáthar (IO L 294, 11.11.2017, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Threoir (AE) 2015/2366, arna ceartú le IO L 102, 23.4.2018, lch. 97, agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2019.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Claude MAERTEN


(1)  IO L 337, 23.12.2015, lch. 35.

(2)  IO L 294, 11.11.2017, lch. 1.

(3)  IO L 319, 5.12.2007, lch. 1.

(*)  Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.