10.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 291/39 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 159/2019
an 14 Meitheamh 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2151]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Treoir (AE) 2019/514 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena leasaítear Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na dtáirgí a bhaineann le cosaint (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 3q (Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XIX d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32019 L 0514: Treoir (AE) 2019/514 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 (IO L 89, 29.3.2019, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2019/514 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2019.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Claude MAERTEN
(1) IO L 89, 29.3.2019, lch. 1.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.