10.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 291/10


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE UIMH. 142/2019

an 14 Meitheamh 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair tréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2134]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/111 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 maidir le húdarú eastóscáin leanlusanna (Humulus lupulus L. flos) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, muca lena ramhrú agus mionspeicis mhucúla scoite agus lena ramhrú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/144 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2019 maidir le húdarú ullmhóide 3-fíotáis arna táirgeadh ag Komagataella pastoris (CECT 13094) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó lena bpórú (sealbhóir an údaraithe Fertinagro Biotech S.L.) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 283 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/49 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘284.

32019 R 0111: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/111 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 maidir le húdarú eastóscáin leanlusanna (Humulus lupulus L. flos) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, muca lena ramhrú agus mionspeicis mhucúla scoite agus lena ramhrú (IO L 23, 25.1.2019, lch. 14).

285.

32019 R 0144: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/144 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2019 maidir le húdarú ullmhóide 3-fíotáis arna táirgeadh ag Komagataella pastoris (CECT 13094) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó lena bpórú (sealbhóir an údaraithe Fertinagro Biotech S.L.) (IO L 27, 31.1.2019, lch. 8).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/111 agus 2019/144 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2019.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Claude MAERTEN


(1)  IO L 23, 25.1.2019, lch. 14.

(2)  IO L 27, 31.1.2019, lch. 8.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.