10.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 291/9


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 141/2019

an 14 Meitheamh 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair tréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2133]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/145 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2019 lena gceartaítear an leagan Ollainnise de Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 maidir leis an gCatalóg d’ábhair bheatha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 51 (Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32019 R 0145: Rialachán (AE) 2019/145 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2019 (IO L 27, 31.1.2019, lch. 11).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/145 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2019.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Claude MAERTEN


(1)  IO L 27, 31.1.2019, lch. 11.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.