|
20.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 272/36 |
CINNEADH Uimh. 3/2022 Ó CHOMHCHOISTE AE-CTC
an 29 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach [2022/1983]
TÁ COMHCHOISTE AE-CTC,
Ag féachaint do Choinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach, agus go háirithe Airteagal 15(3), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chuir an Úcráin in iúl gur mian léi aontú don Choinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach (1) (“an Coinbhinsiún”) agus iarradh uirthi é sin a dhéanamh tar éis Chinneadh Uimh. 2/2022 an 25 Lúnasa 2022 ó Chomhchoiste AE-CTC. |
|
(2) |
Le haontachas na hÚcráine, bheadh gá leis na doiciméid ráthaíochta ábhartha a oiriúnú agus téarmaí teicniúla áirithe a chur isteach i dteanga na hÚcráine. |
|
(3) |
Chun úsáid foirmeacha ráthaíochta arna gcló i gcomhréir leis na critéir a bhí i bhfeidhm roimh dháta aontachais na hÚcráine a cheadú, ba cheart idirthréimhse a bhunú ina bhféadfaí leanúint de na foirmeacha clóite, maille le roinnt oiriúnuithe, a úsáid. |
|
(4) |
Ba cheart teacht i bhfeidhm an Chinnidh seo a nascadh leis an dáta ar a dtiocfaidh aontachas na hÚcráine leis an gCoinbhinsiún i bhfeidhm. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Coinbhinsiún a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Foscríbhinn III a ghabhann le Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach (“an Coinbhinsiún”) mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ón dáta a ndéanfar páirtí conarthach sa Choinbhinsiún den Úcráin.
2. Na foirmeacha atá bunaithe ar na foirmeacha samplacha in Iarscríbhinní C1 go C6 a ghabhann le Foscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, sa leagan is infheidhme an dáta roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, féadfar leanúint dá n-úsáid faoi réir na n-oiriúnuithe geografacha is gá agus faoi réir na n-oiriúnuithe a bhaineann leis an seoladh le haghaidh seirbheála nó leis an ngníomhaire údaraithe, go dtí an 1 Aibreán 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Chomhchoiste
An tUachtarán
Matthias PETSCHKE
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Foscríbhinn III a ghabhann le Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn B1, i mbosca 51, cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas idir an Tuirc agus Tuaisceart Éireann: “UA An Úcráin”; |
|
(2) |
in Iarscríbhinn B6, leasaítear Teideal III mar a leanas:
|
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn C1: “IARSCRÍBHINN C1 GEALLTANAS AN RÁTHÓRA — RÁTHAÍOCHT AONAIR I. Gealltanas ón ráthóir 1. An duine/na daoine thíos-sínithe (1) …… a chónaíonn i/in/sa/san (2) … … ráthaíonn sé/siad leis seo, i gcomhpháirt agus go leithleach, in oifig custaim na ráthaíochta … ráthaíocht suas le huasmhéid de … i bhfabhar an Aontais Eorpaigh (ina bhfuil Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Cróite, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne) agus Phoblacht na hÍoslainne, Phoblacht na Macadóine Thuaidh, Ríocht na hIorua, Phoblacht na Seirbia, Chónaidhm na hEilvéise, Phoblacht na Tuirce, na hÚcráine, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (3) (4), Phrionsacht Andóra agus Phoblacht San Mairíne (5), aon mhéid ar ina leith atá an duine a thugann an ráthaíocht seo (6): … d’fhéadfadh sé a bheith faoi dhliteanas nó d’fhéadfadh sé teacht i gceist go mbeadh sé faoi dhliteanas ag na tíortha thuasluaite i leith fiach i bhfoirm dleachta agus muirear eile (7) i ndáil leis na hearraí a thuairiscítear thíos agus a chumhdaítear leis an oibríocht chustaim seo a leanas (8): … … Tuairisc ar na hearraí … … … … 2. Geallann an duine/na daoine thíos-sínithe go n-íocfaidh sé/siad an tsuim a iarrtar ar an gcéad iarratas i scríbhinn ó údaráis inniúla na dtíortha dá dtagraítear i bpointe 1 agus é/iad gan a bheith in ann an íocaíocht a chur siar thar thréimhse 30 lá ó dháta an iarratais, mura rud é go suífidh sé/siad nó aon duine eile lena mbaineann roimh dhul in éag na tréimhse sin, chun sástacht na n-údarás custaim, gur urscaoileadh an nós imeachta speisialta seachas an nós imeachta úsáide deiridh, go bhfuil deireadh ceart curtha leis an maoirseacht chustaim ar earraí úsáide deiridh nó leis an stóráil shealadach nó, i gcás oibríochtaí seachas nósanna imeachta speisialta agus stóráil shealadach, gur tugadh staid na n-earraí chun rialtachta.Arna iarraidh sin don duine/do na daoine thíos-sínithe agus ar aon chúis a aithnítear a bheith bailí, féadfaidh na húdaráis inniúla an tréimhse ar laistigh di a bhfuil sé d’oibleagáid air/orthu na suimeanna arna n-iarraidh a íoc a chur siar thar thréimhse 30 lá ón dáta a ndéantar iarratas ar íocaíocht. Ní mór na costais arna dtabhú mar thoradh ar an tréimhse bhreise sin a dheonú, go háirithe aon ús, a ríomh ionas go mbeidh an méid coibhéiseach leis an méid a mhuirearófaí in imthosca den chineál céanna ar an margadh airgid nó ar an margadh airgeadais sa tír lena mbaineann. 3. Beidh an gealltanas sin bailí ón lá a fhormheasfaidh oifig na ráthaíochta é. Leanfaidh an duine/na daoine thíos-sínithe de bheith faoi dhliteanas aon fhiach a íoc ar fiach é a tabhaíodh le linn na hoibríochta custaim a chumhdaítear leis an ngnóthas sin agus a tosaíodh sular tháinig aon chúlghairm nó aon chealú ar an ráthaíocht i bhfeidhm, fiú má dhéantar an t-éileamh ar íocaíocht tar éis an dáta sin. 4. Chun críche an ghnóthais seo, tugann an duine/na daoine thíos-sínithe a sheoladh/a seoltaí le haghaidh seirbheála (9) i ngach ceann de na tíortha eile dá dtagraítear i bpointe 1 mar a leanas:
Maidir leis an gcomhfhreagras agus leis na fógraí go léir agus le haon fhoirmiúlacht nó nós imeachta a bhaineann leis an ngnóthas sin a dhíreofar chuig ceann dá sheoltaí/seoltaí le haghaidh seirbhísí, nó a dhéanfar i scríbhinn ag ceann dá sheoltaí/seoltaí le haghaidh seirbhísí, aithníonn an duine/na daoine thíos-sínithe go nglacfar leis na nithe sin mar nithe arna seachadadh chuige go cuí. Aithníonn an duine/na daoine thíos-sínithe dlínse chúirteanna na n-áiteanna ina bhfuil seoladh seirbheála aige/acu. Geallann an duine/na daoine thíos-sínithe gan a sheoladh/a seoltaí le haghaidh seirbheála a athrú nó, má bhíonn air/orthu ceann amháin nó níos mó de na seoltaí sin a athrú, an oifig ráthaíochta a chur ar an eolas roimh ré. Arna dhéanamh i/in/sa/san … an … … (Síniú) (10) II. Formheas oifig na ráthaíochtaOifig na ráthaíochta … … … Gealltanas an ráthóra arna fhormheas an… chun an oibríocht chustaim a chumhdach ar oibríocht chustaim í a rinneadh faoi dhearbhú custaim/dearbhú stórála sealadaí Uimh. … as … … (11) (Stampa agus Síniú) |
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn C2: “IARSCRÍBHINN C2 GEALLTANAS AN RÁTHÓRA — RÁTHAÍOCHT AONAIR I bhFOIRM DEARBHÁN I. Gealltanas ón ráthóir 1. An duine/na daoine thíos-sínithe (12)… … a chónaíonn i/in/sa/san (13) … … ráthaíonn sé/siad leis seo, i gcomhpháirt agus go leithleach, in oifig custaim na ráthaíochta … i bhfabhar an Aontais Eorpaigh (ina bhfuil Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Cróite, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne) agus Phoblacht na hÍoslainne, Phoblacht na Macadóine Thuaidh, Ríocht na hIorua, Phoblacht na Seirbia, Chónaidhm na hEilvéise, Phoblacht na Tuirce, na hÚcráine, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (14), Phrionsacht Andóra agus Phoblacht San Mairíne (15), aon mhéid ar ina leith a d’fhéadfadh an duine/na daoine a thugann an ráthaíocht seo bheith faoi dhliteanas ina leith nó d’fhéadfadh sé teacht i gceist go mbeadh sé/siad faoi dhliteanas ina leith ag na tíortha thuasluaite maidir fiach i bhfoirm dleachta agus muirear eile atá dlite i dtaca le hallmhairiú nó onnmhairiú na n-earraí a cuireadh faoi nós imeachta idirthurais an Chomhphobail/faoin nós imeachta comhchoiteann maidir le hearraí faoi bhealach, agus ar ina leith a gheall an duine/na daoine thíos-sínithe dearbhán ráthaíochta aonair a eisiúint, suas le híosmhéid EUR 10 000 in aghaidh an dearbháin. 2. Geallann an duine/na daoine thíos-sínithe go n-íocfaidh sé/siad an tsuim a iarrtar ar an gcéad iarratas i scríbhinn ó údaráis inniúla na dtíortha dá dtagraítear i bpointe 1 agus é/iad gan a bheith in ann an íocaíocht a chur siar thar thréimhse 30 lá ó dháta an iarratais, na suimeanna a iarradh, suas le EUR 10 000 in aghaidh an dearbháin ráthaíochta aonair, mura rud é go suífidh sé/siad nó aon duine eile lena mbaineann roimh dhul in éag na tréimhse sin, chun sástacht na n-údarás custaim, gur urscaoileadh an oibríocht.Arna iarraidh sin don duine/do na daoine thíos-sínithe agus ar aon chúis a aithnítear a bheith bailí, féadfaidh na húdaráis inniúla an tréimhse ar laistigh di a bhfuil sé d’oibleagáid air/orthu na suimeanna arna n-iarraidh a íoc a chur siar thar thréimhse 30 lá ón dáta a ndéantar iarratas ar íocaíocht. Ní mór na costais arna dtabhú mar thoradh ar an tréimhse bhreise sin a dheonú, go háirithe aon ús, a ríomh ionas go mbeidh an méid coibhéiseach leis an méid a mhuirearófaí in imthosca den chineál céanna ar an margadh airgid nó ar an margadh airgeadais sa tír lena mbaineann. 3. Beidh an gealltanas sin bailí ón lá a fhormheasfaidh oifig na ráthaíochta é. Leanfaidh an duine/na daoine thíos-sínithe de bheith faoi dhliteanas aon fhiach a íoc a tabhaíodh le linn na hoibríochta maidir le nós imeachta comhchoiteann nó na hoibríochta Comhphobail a chumhdaítear leis an ngnóthas sin agus a tosaíodh sular tháinig aon chúlghairm nó aon chealú ar an ráthaíocht i bhfeidhm, fiú má dhéantar an t-éileamh ar íocaíocht tar éis an dáta sin. 4. Chun críche an ghnóthais seo, tugann an duine/na daoine thíos-sínithe a sheoladh/a seoltaí le haghaidh seirbheála (16) i ngach ceann de na tíortha eile dá dtagraítear i bpointe 1 mar a leanas:
Maidir leis an gcomhfhreagras agus leis na fógraí go léir agus le haon fhoirmiúlacht nó nós imeachta a bhaineann leis an ngnóthas sin a dhíreofar chuig ceann dá sheoltaí/seoltaí le haghaidh seirbhísí, nó a dhéanfar i scríbhinn ag ceann dá sheoltaí/seoltaí le haghaidh seirbhísí, aithníonn an duine/na daoine thíos-sínithe go nglacfar leis na nithe sin mar nithe arna seachadadh chuige go cuí. Aithníonn an duine/na daoine thíos-sínithe dlínse chúirteanna na n-áiteanna ina bhfuil seoladh seirbheála aige/acu. Geallann an duine/na daoine thíos-sínithe gan a sheoladh/a seoltaí le haghaidh seirbheála a athrú nó, má bhíonn air/orthu ceann amháin nó níos mó de na seoltaí sin a athrú, an oifig ráthaíochta a chur ar an eolas roimh ré. Arna dhéanamh i/in/sa/san … an … … (Síniú) (17) II. Formheas oifig na ráthaíochtaOifig na ráthaíochta … … Gealltanas an ráthóra arna fhormheas an … … … (Stampa agus Síniú) |
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn C4: “IARSCRÍBHINN C4 GEALLTANAS AN RÁTHÓRA — RÁTHAÍOCHT CHUIMSITHEACH I. Gealltanas ón ráthóir 1. An duine/na daoine thíos-sínithe (18)… … a chónaíonn i/in/sa/san (19) … … ráthaíonn sé/siad leis seo, i gcomhpháirt agus go leithleach, in oifig custaim na ráthaíochta … ráthaíocht suas le huasmhéid de … i bhfabhar an Aontais Eorpaigh (ina bhfuil Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne) agus Phoblacht na hÍoslainne, Phoblacht na Macadóine Thuaidh, Ríocht na hIorua, Phoblacht na Seirbia, Chónaidhm na hEilvéise, Phoblacht na Tuirce, na hÚcráine, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (20) (21) , Phrionsacht Andóra agus Phoblacht San Mairíne (22), aon mhéid ar ina leith atá an duine a thugann an ráthaíocht seo (23) … a bheith faoi dhliteanas ina leith nó d’fhéadfadh sé teacht i gceist go mbeadh sé faoi dhliteanas ina leith ag na tíortha thuasluaite i leith fiach i bhfoirm dleachta agus muirear eile (24) a d’fhéadfaí a thabhú nó a tabhaíodh i ndáil leis na hearraí a chumhdaítear leis na hoibríochtaí custaim a luaitear i bpointe 1a agus/nó i bpointe 1b. Tá uasmhéid na ráthaíochta comhdhéanta de mhéid na nithe seo a leanas: …
1a. Is iad seo a leanas na méideanna atá sa chuid den mhéid tagartha a chomhfhreagraíonn do mhéid fiach custaim agus, i gcás inarb infheidhme, do mhuirir eile a d’fhéadfaí a thabhú maidir le gach ceann de na críocha atá liostaithe thíos (26):
1b. Is iad seo a leanas na méideanna atá sa chuid den mhéid tagartha a chomhfhreagraíonn do mhéid fiach custaim agus, i gcás inarb infheidhme, do mhuirir eile a tabhaíodh maidir le gach ceann de na críocha atá liostaithe thíos (26):
2. Geallann an duine/na daoine thíos-sínithe go n-íocfaidh sé/siad an tsuim a iarrtar ar an gcéad iarratas i scríbhinn ó údaráis inniúla na dtíortha dá dtagraítear i bpointe 1 agus é/iad gan a bheith in ann an íocaíocht a chur siar thar thréimhse 30 lá ó dháta an iarratais suas go dtí an uasmhéid a luadh thuas, mura rud é go suífidh sé/siad nó aon duine eile lena mbaineann roimh dhul in éag na tréimhse sin, chun sástacht na n-údarás custaim, gur urscaoileadh an nós imeachta speisialta seachas an nós imeachta úsáide deiridh, go bhfuil deireadh ceart curtha leis an maoirseacht chustaim ar earraí úsáide deiridh nó leis an stóráil shealadach nó, i gcás na n-oibríochtaí seachas nósanna imeachta speisialta, gur tugadh staid na n-earraí chun rialtachta.Arna iarraidh sin don duine/do na daoine thíos-sínithe agus ar aon chúis a aithnítear a bheith bailí, féadfaidh na húdaráis inniúla an tréimhse ar laistigh di a bhfuil sé d’oibleagáid air/orthu na suimeanna arna n-iarraidh a íoc a chur siar thar thréimhse 30 lá ón dáta a ndéantar iarratas ar íocaíocht. Ní mór na costais arna dtabhú mar thoradh ar an tréimhse bhreise sin a dheonú, go háirithe aon ús, a ríomh ionas go mbeidh an méid coibhéiseach leis an méid a mhuirearófaí in imthosca den chineál céanna ar an margadh airgid nó ar an margadh airgeadais sa tír lena mbaineann. Ní fhéadfar an méid sin a laghdú le haon suim a íocadh cheana faoi théarmaí an ghealltanais seo mura n-iarrfar ar an duine/na daoine thíos-sínithe fiach a íoc a tabhaíodh le linn oibríocht chustaim a tosaíodh sula bhfuarthas an t-éileamh ar íocaíocht roimhe sin nó laistigh de 30 lá ina dhiaidh sin. 3. Beidh an gealltanas sin bailí ón lá a fhormheasfaidh oifig na ráthaíochta é. Leanfaidh an duine/na daoine thíos-sínithe de bheith faoi dhliteanas aon fhiach a íoc a thiocfaidh chun cinn le linn na hoibríochta custaim a chumhdaítear leis an ngnóthas sin agus a tosaíodh sular tháinig aon chúlghairm nó aon chealú ar an ráthaíocht i bhfeidhm, fiú má dhéantar an t-éileamh ar íocaíocht tar éis an dáta sin. 4. Chun críche an ghnóthais seo, tugann an duine/na daoine thíos-sínithe a sheoladh/a seoltaí le haghaidh seirbheála (28) i ngach ceann de na tíortha eile dá dtagraítear i bpointe 1 mar a leanas:
Maidir leis an gcomhfhreagras agus leis na fógraí go léir agus le haon fhoirmiúlacht nó nós imeachta a bhaineann leis an ngnóthas sin a dhíreofar chuig ceann dá sheoltaí/seoltaí le haghaidh seirbhísí, nó a dhéanfar i scríbhinn ag ceann dá sheoltaí/seoltaí le haghaidh seirbhísí, aithníonn an duine/na daoine thíos-sínithe go nglacfar leis na nithe sin mar nithe arna seachadadh chuige go cuí. Aithníonn an duine/na daoine thíos-sínithe dlínse chúirteanna na n-áiteanna ina bhfuil seoladh seirbheála aige/acu. Geallann an duine/na daoine thíos-sínithe gan a sheoladh/a seoltaí le haghaidh seirbheála a athrú nó, má bhíonn air/orthu ceann amháin nó níos mó de na seoltaí sin a athrú, an oifig ráthaíochta a chur ar an eolas roimh ré. Arna dhéanamh i/in/sa/san … an … … (Síniú) (29) II. Formheas oifig na ráthaíochtaOifig na ráthaíochta … Gealltanas an ráthóra arna ghlacadh an … … (Stampa agus Síniú) |
|
(6) |
i mbosca 7 Iarscríbhinn C5, cuirtear na focail “AN ÚCRÁIN” isteach idir na focail “AN TUIRC” agus “AN RÍOCHT AONTAITHE”; |
|
(7) |
i mbosca 6 Iarscríbhinn C6, cuirtear na focail “AN ÚCRÁIN” isteach idir na focail “AN TUIRC” agus “AN RÍOCHT AONTAITHE”. |
(1) Sloinne agus céadainm nó ainm an ghnólachta.
(2) Seoladh iomlán.
(3) De bhun an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach don Fhuinneamh Adamhach, is mar chuid den Aontas Eorpach atá Tuaisceart Éireann le meas chun críoch na ráthaíochta seo. Dá bhrí sin, ráthóir atá bunaithe i limistéar custaim an Aontais Eorpaigh, cuirfidh sé seoladh le haghaidh seirbheála in iúl, nó ceapfaidh sé gníomhaire, i dTuaisceart Éireann más féidir an ráthaíocht a úsáid ann. Mar sin féin má bhailíochtaítear ráthaíocht san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhthéacs na n-idirthuras comhchoiteann, ba leor aon seoladh amháin le haghaidh seirbheála nó gníomhaire ceaptha sa Ríocht Aontaithe le gach cuid den Ríocht Aontaithe a chumhdach, Tuaisceart Éireann san áireamh.
(4) Scrios ainm/ainmneacha an Stáit/na Stát nach bhféadfar an ráthaíocht a úsáid ar a chríoch/a gcríocha.
(5) Ní bheidh feidhm ag na tagairtí do Phrionsacht Andóra agus do Phoblacht San Mairíne ach amháin maidir le hoibríochtaí idirthurais an Chomhphobail.
(6) Sloinne agus céadainm, nó ainm an ghnólachta agus seoladh iomlán an duine a sholáthraíonn an ráthaíocht.
(7) Infheidhme maidir leis na muirir eile atá dlite i ndáil le hallmhairiú nó le honnmhairiú na n-earraí i gcás ina n-úsáidtear an ráthaíocht chun earraí a chur faoi nós imeachta idirthurais an Chomhphobail/faoin nós imeachta comhchoiteann maidir le hearraí faoi bhealach nó i gcás ina bhféadfar í a úsáid i níos mó ná Ballstát amháin.
(8) Iontráil ceann de na hoibríochtaí custaim seo a leanas:
|
(a) |
stóráil shealadach; |
|
(b) |
Nós imeachta idirthurais an Chomhphobail/ nós imeachta comhchoiteann idirthurais; |
|
(c) |
nós imeachta stórasaithe custaim; |
|
(d) |
nós imeachta um chead isteach sealadach lena ngabhann faoiseamh iomlán ó dhleacht ar allmhairí; |
|
(e) |
próiseáil isteach; |
|
(f) |
nós imeachta úsáide deiridh; |
|
(g) |
scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi ghnáthdhearbhú custaim gan íocaíocht iarchurtha; |
|
(h) |
scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi ghnáthdhearbhú custaim le híocaíocht iarchurtha; |
|
(i) |
scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi dhearbhú custaim arna thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 166 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais; |
|
(j) |
scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi dhearbhú custaim arna thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 182 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais; |
|
(k) |
cead isteach sealadach lena ngabhann faoiseamh páirteach ó dhleacht ar allmhairí; |
|
(l) |
más oibríocht eile é — sonraigh an cineál oibríochta eile. |
(9) Más rud é, i ndlí na tíre, nach bhfuil aon fhoráil ann maidir le seoladh le haghaidh seirbheála, ceapfaidh an ráthóir, sa tír sin, gníomhaire atá údaraithe aon chumarsáid a fháil a dhíreofar chuige agus ní mór an dearbhú sa dara fomhír agus an gealltanas sa cheathrú fomhír de phointe 4 a bheith comhfhreagrach. Beidh dlínse ag cúirteanna na n-áiteanna ina bhfuil seoltaí seirbheála an ráthóra nó a ghníomhairí suite i ndíospóidí a bhaineann leis an ráthaíocht sin.
(10) Ní mór don duine a shíníonn an doiciméad an méid seo a leanas a chur isteach de láimh roimh a shíniú: ‘Ráthaíocht do mhéid...’ (an méid á scríobh amach i litreacha)
(11) Le comhlánú ag an oifig inar cuireadh na hearraí faoin nós imeachta nó ina raibh siad á stóráil go sealadach.
(12) Sloinne agus céadainm nó ainm an ghnólachta.
(13) Seoladh iomlán.
(14) De bhun an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach don Fhuinneamh Adamhach, is mar chuid den Aontas Eorpach atá Tuaisceart Éireann le meas chun críoch na ráthaíochta seo. Dá bhrí sin, ráthóir atá bunaithe i limistéar custaim an Aontais Eorpaigh, cuirfidh sé seoladh le haghaidh seirbheála in iúl, nó ceapfaidh sé gníomhaire, i dTuaisceart Éireann más féidir an ráthaíocht a úsáid ann. Mar sin féin má bhailíochtaítear ráthaíocht san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhthéacs na n-idirthuras comhchoiteann, ba leor aon seoladh amháin le haghaidh seirbheála nó gníomhaire ceaptha sa Ríocht Aontaithe le gach cuid den Ríocht Aontaithe a chumhdach, Tuaisceart Éireann san áireamh.
(15) Ní bheidh feidhm ag na tagairtí do Phrionsacht Andóra agus do Phoblacht San Mairíne ach amháin maidir le hoibríochtaí idirthurais an Chomhphobail.
(16) Más rud é, i ndlí na tíre, nach bhfuil aon fhoráil ann maidir le seoladh le haghaidh seirbheála, ceapfaidh an ráthóir, sa tír seo, gníomhaire atá údaraithe aon chumarsáid a fháil a dhíreofar chuige agus ní mór an dearbhú sa dara fomhír agus an gealltanas sa cheathrú fomhír de phointe 4 a dhéanamh chun freagairt don chumarsáid. Beidh dlínse ag cúirteanna na n-áiteanna ina bhfuil seoltaí seirbheála an ráthóra nó a ghníomhairí suite i ndíospóidí a bhaineann leis an ráthaíocht sin.
(17) Ní mór an méid seo a leanas a chur roimh an síniú i lámhscríbhneoireacht an tsínitheora féin: ‘Bailí mar dhearbhán ráthaíochta’
(18) Sloinne agus céadainm, nó ainm an ghnólachta.
(19) Seoladh iomlán.
(20) De bhun an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach don Fhuinneamh Adamhach, is mar chuid den Aontas Eorpach atá Tuaisceart Éireann le meas chun críoch na ráthaíochta seo. Dá bhrí sin, ráthóir atá bunaithe i limistéar custaim an Aontais Eorpaigh, cuirfidh sé seoladh le haghaidh seirbheála in iúl, nó ceapfaidh sé gníomhaire, i dTuaisceart Éireann más féidir an ráthaíocht a úsáid ann. Mar sin féin má bhailíochtaítear ráthaíocht san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhthéacs na n-idirthuras comhchoiteann, ba leor aon seoladh amháin le haghaidh seirbheála nó gníomhaire ceaptha sa Ríocht Aontaithe le gach cuid den Ríocht Aontaithe a chumhdach, Tuaisceart Éireann san áireamh.
(21) Scrios ainm/ainmneacha na tíre/na dtíortha nach bhféadfar an ráthaíocht a úsáid ar a críoch/a gcríocha.
(22) Ní bheidh feidhm ag na tagairtí do Phrionsacht Andóra agus do Phoblacht San Mairíne ach amháin maidir le hoibríochtaí idirthurais an Chomhphobail.
(23) Sloinne agus céadainm, nó ainm an ghnólachta agus seoladh iomlán an duine a sholáthraíonn an ráthaíocht.
(24) Infheidhme maidir leis na muirir eile atá dlite i ndáil le hallmhairiú nó le honnmhairiú na n-earraí i gcás ina n-úsáidtear an ráthaíocht chun earraí a chur faoi nós imeachta idirthurais an Chomhphobail/faoin nós imeachta comhchoiteann maidir le hearraí faoi bhealach nó i gcás ina bhféadfar í a úsáid i níos mó ná Ballstát amháin nó níos mó ná Páirtí Conarthach amháin.
(25) Scrios aon rud nach mbaineann le hábhar.
(26) Is san Aontas amháin atá feidhm ag nósanna imeachta seachas an nós imeachta maidir le nós imeachta comhchoiteann.
(27) Le haghaidh méideanna arna ndearbhú i ndearbhú custaim don nós imeachta úsáide deiridh.
(28) Más rud é, i ndlí na tíre, nach bhfuil aon fhoráil ann maidir le seoladh le haghaidh seirbheála, ceapfaidh an ráthóir, sa tír seo, gníomhaire atá údaraithe aon chumarsáid a fháil a dhíreofar chuige agus ní mór an dearbhú sa dara fomhír agus an gealltanas sa cheathrú fomhír de phointe 4 a dhéanamh chun freagairt don chumarsáid. Beidh dlínse ag cúirteanna na háite ina bhfuil seoltaí seirbheála an ráthóra nó a ghníomhairí suite i ndíospóidí a bhaineann leis an ráthaíocht sin.
(29) Ní mór don duine a shíníonn an doiciméad an méid seo a leanas a chur isteach de láimh roimh a shíniú: ‘Ráthaíocht do mhéid...’ (an méid á scríobh amach i litreacha).