|
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 267/47 |
CINNEADH Uimh. 194/2022 Ó CHOMHCHOISTE LEE
an 10 Meitheamh 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1894]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1880 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2021 lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 66xk (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
“, arna leasú le:
|
— |
32021 R 1880: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1880 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2021 (IO L 380, 27.10.2021, lch. 1).” |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1880 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Meitheamh 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*) *.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Meitheamh 2022.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 380, 27.10.2021, lch. 1.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.