22.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 246/119


CINNEADH Uimh. 154/2022 Ó CHOMHCHOISTE LEE

an 29 Aibreán 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1598]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1878 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Clárlann i dtaca leis an bhfearann barrleibhéil .eu a ainmniú, (1) tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Ba cheart mar sin Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe a leanas isteach i ndiaidh phointe 5oad (Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:

“5oae.

32021 D 1878: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1878 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Clárlann i dtaca leis an bhfearann barrleibhéil .eu a ainmniú (IO L 378, 26.10.2021, lch. 22).”

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Íoslainnise agus Ioruaise Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1878, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 30 Aibreán 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE déanta ina leith (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2022.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 378, 26.10.2021, lch. 22.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.