23.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 218/40


MOLADH Uimh. 1/2022 Ó CHOMHAIRLE COMHLACHAIS AE-AN tSEOIRSIA

an 16 Lúnasa 2022

maidir le Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027 [2022/1422]

TÁ COMHAIRLE COMHLACHAIS AE-AN tSEOIRSIA,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (1) (an “Comhaontú”), síníodh é an 27 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)

De bhun Airteagal 406(1) den Chomhaontú, tá sé de chumhacht ag an gComhairle Comhlachais moltaí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach.

(3)

De bhun Airteagal 420(1) den Chomhaontú, tá na Páirtithe chun aon bhearta ginearálta nó sonracha is gá a dhéanamh chun a n-oibleagáidí faoin gComhaontú a chomhlíonadh agus tá siad lena áirithiú go mbaintear amach na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú.

(4)

Déantar foráil in Airteagal 11 de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Comhlachais maidir leis an bhféidearthacht cinntí a ghlacadh agus moltaí a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn, má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh.

(5)

Chomhaontaigh an tAontas agus an tSeoirsia a gcomhpháirtíocht a chomhdhlúthú trí shraith tosaíochtaí a chomhaontú don tréimhse 2021-2027 (“Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027”) maidir leis an obair chomhpháirteach i dtreo na gcuspóirí um chomhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch a bhaint amach, mar a leagtar amach sa Chomhaontú.

(6)

Chomhaontaigh na Páirtithe leis an gComhaontú téacs Chlár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027, a thacóidh le cur chun feidhme an Chomhaontaithe, ag díriú ar chomhar maidir le leasanna comhroinnte a sainaithníodh go comhpháirteach,

TAR ÉIS AN MOLADH A LEANAS A GHLACADH:

Airteagal 1

Molann an Chomhairle Comhlachais do na Páirtithe Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027 a chur chun feidhme, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Cuirfear Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn, in ionad Chlár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia a glacadh an 20 Samhain 2017.

Airteagal 3

Beidh éifeacht leis an Moladh seo ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh in Tbilisi, 16 Lúnasa 2022.

Thar ceann na Comhairle Comhlachais

An Cathaoirleach

Irakli GARIBASHVILI


(1)   IO L 261, 30.8.2014, lch. 4.


IARSCRÍBHINN

CLÁR OIBRE COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN tSEOIRSIA (2021 – 2027)

Clár Ábhar

Réamhrá

1.

Prionsabail, ionstraimí agus acmhainní chun an Clár Oibre Comhlachais a chur chun feidhme

2.

Tosaíochtaí an Chláir Oibre Comhlachais

A.

Príomhthosaíochtaí le gníomhú orthu

1.

I réimse na ngeilleagar athléimneach, inbhuanaithe agus comhtháite

2.

I réimse na n-institiúidí cuntasacha, an smachta reachta agus na slándála

3.

I réimse na hathléimneachta comhshaoil agus aeráide

4.

I réimse an chlaochlaithe dhigitigh athléimnigh

5.

I réimse na sochaithe athléimneacha, córa agus ionchuimsitheacha

6.

I réimse an bheartais eachtraigh agus slándála

B.

Tosaíochtaí Gearrthéarmacha agus Fadtéarmacha an Chláir Oibre Comhlachais

1.

Daonlathas, Cearta an Duine agus Dea-rialachas

2.

Beartas eachtrach agus slándála

3.

Ceartas, Saoirse agus Slándáil

4.

Trádáil agus Ábhair a Bhaineann le Trádáil

5.

Comhar Eacnamaíoch agus Earnála

6.

Nascacht, Fuinneamh, Comhshaoil, Gníomhú ar son na hAeráide agus Cosaint Shibhialta

7.

An tsoghluaisteacht agus teagmháil idir dhaoine

RÉAMHRÁ

An 27 Meitheamh 2014, shínigh an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus an tSeoirsia (‘na Páirtithe’) Comhaontú Comhlachais (AA) uaillmhianach agus nuálach, lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (‘DCFTA’). Tá forálacha ceangailteacha atá bunaithe ar rialacha sa chomhaontú agus déantar foráil ann maidir le comhar feabhsaithe. Tá DCFTA curtha i bhfeidhm go sealadach ón 1 Meán Fómhair 2014. Tar éis an phróisis dhaingnithe a thabhairt chun críche, cuireadh tús le cur i bhfeidhm iomlán an Chomhaontaithe Comhlachais an 1 Iúil 2016.

Déantar ullmhúchán agus éascú do chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais sna Cláir Oibre Comhlachais a comhaontaíodh ina dhiaidh sin idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia. Comhlánaíonn tosaíochtaí an Chláir Comhlachais freagrachtaí an Aontais agus na Seoirsia maidir le forálacha AA/DCFTA a chur chun feidhme go hiomlán. Dírítear sa Chláir Oibre Comhlachais ar líon teoranta tosaíochtaí gan dochar do raon feidhme nó sainordú an idirphlé atá ann cheana féin faoi Chomhaontuithe ábhartha eile, nó do rian iltaobhach Chomhpháirtíocht an Oirthir. Ní dhéantar réamhbhreithiúnas leis an gClár Oibre Comhlachais ar chur chun feidhme na ngealltanas a rinneadh in AA/DCFTA ó tháinig sé i bhfeidhm, agus tacaíonn sé leis an bprionsabal um chomhfhogasú dinimiciúil.

Thairis sin, leis an taisteal saor ó víosa chuig tíortha Schengen do shaoránaigh na Seoirsia a bhfuil pas bithmhéadrach acu a tháinig i bhfeidhm an 28 Márta 2017, tá foráil déanta d’fheabhsú substaintiúil ar shoghluaisteacht agus ar theagmhálacha idir dhaoine ar an dá thaobh, i dtimpeallacht shlán dhea-bhainistithe. Dá bharr sin, tá sé d’aidhm ag an gClár Oibre Comhlachais nuashonraithe seo a áirithiú go ndéanfar na coinníollacha maidir le taisteal saor ó víosa a chomhlíonadh go leanúnach, i gcomhréir le gealltanais a rinneadh faoin bpróiseas léirscaoilte víosaí agus leis na moltaí sna tuarascálacha tráthrialta arna n-eisiúint ag an gCoimisiún faoin Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí. Sásra. Maidir le déileáil le saincheisteanna a bhaineann le himirce, lena n-áirítear iarrataí gan bhunús ar thearmann arna dtaisceadh ag saoránaigh na Seoirsia chomh maith le dúshláin a bhaineann le hord poiblí agus slándáil, is tosaíocht thábhachtach fós é an méid sin sa chomhar idir an tAontas agus an tSeoirsia i gcomhthéacs an léirscaoilte víosaí. D’fhéadfaí tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar bhealaí don imirce dleathach a éascú.

Sa doiciméad reatha, tugtar nuashonrú ar an gClár Oibre Comhlachais 2017-2020 agus déantar athshocrú air, agus leagtar amach tosaíochtaí nua don obair chomhpháirteach chun na cuspóirí um chomhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch a leagtar amach sa Chomhaontú Comhlachais 2021-2027 a bhaint amach. Déantar idirdhealú ann idir tosaíochtaí gearrthéarmacha (ar cheart iad a bhaint amach nó dul chun cinn suntasach a dhéanamh orthu laistigh de 3-4 bliana) agus tosaíochtaí meántéarmacha (ar cheart iad a bhaint amach nó dul chun cinn suntasach a dhéanamh orthu laistigh de 7 mbliana). Déanfaidh an Chomhairle Comhlachais maoirseacht agus faireachán ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais agus déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo i bhfianaise a chuspóirí, le cúnamh ón gCoiste Comhlachais agus ó na fochoistí a bunaíodh faoin gComhaontú Comhlachais.

Beidh an Clár Oibre Comhlachais reatha infheidhme ó thráth a ghlactha go dtí deireadh 2027. Féadtar an Clár Oibre Comhlachais a leasú nó a thabhairt cothrom le dáta tráth ar bith, le comhaontú ó Chomhairle Comhlachais AE-na Seoirsia.

1.   PRIONSABAIL, IONSTRAIMÍ AGUS ACMHAINNÍ CHUN AN CLÁR OIBRE COMHLACHAIS A CHUR CHUN FEIDHME

Beidh na comhphrionsabail seo a leanas mar threoir i gcónaí do chur chun feidhme an Chláir Oibre Comhlachais seo:

Ba cheart gníomhaíochtaí a dhéantar tríd an gClár Oibre Comhlachais a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán le AA/CDFTA, lena n-áirítear an brollach ann;

Ba cheart an Clár Oibre Comhlachais a chur chun feidhme le lánurraim do phrionsabail na trédhearcachta, na cuntasachta agus na hionchuimsitheachta;

Éilítear rannpháirtíocht ón dá thaobh leis an gClár Oibre Comhlachais agus idirphlé maidir leis na hathchóirithe a bhaineann leis an gcomhlachas;

Tá sé d’aidhm ag an gClár Oibre Comhlachais torthaí inbhraite agus sainmhínithe a bhaint amach trí chur chun feidhme forchéimnitheach bhearta praiticiúla;

Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le tacú leis na tosaíochtaí comhaontaithe trí mheán polaitiúil, teicniúil agus airgeadais iomchuí agus leordhóthanach;

Beidh cur chun feidhme an Chláir Oibre Comhlachais faoi réir ag faireachán, tuairisciú bliantúil, lena n-áirítear dul chun cinn foriomlán, agus measúnú. Déanfar athbhreithniú ar an dul chun cinn, lena n-áirítear i gcomhthéacs na struchtúr institiúide arna leagan amach sa Chomhaontú Comhlachais. Spreagfar an tsochaí shibhialta chun díriú ar a ngníomhaíochtaí faireacháin ar an gClár Oibre Comhlachais;

Tacóidh an tAontas Eorpach leis an tSeoirsia chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí a leagtar amach sa Chlár Oibre Comhlachais a chur chun feidhme. Déanfaidh sé sin trí úsáid a bhaint as gach foinse tacaíochta ón Aontas atá ar fáil, chomh maith le saineolas agus comhairle, dea-chleachtais agus fios gnó, comhroinnt faisnéise, tacú le fothú acmhainneachta, neartú institiúidí agus ionstraimí cúnta nua a fhorbairt. Cuirtear i dtábhacht leis go bhfuil cúnamh ón Aontas faoi cheangal choinníollacha diana arna gcomhaontú go comhpháirteach a bhaineann leis an dul chun cinn ar athchóiriú. Oibreoidh an tAontas Eorpach le comhpháirtithe eile chun comhordú na tacaíochta ó chomhpháirtithe eile na Seoirsia a áirithiú agus chun cur chuige comhordaithe na tacaíochta ó Fhoireann na hEorpa, a chuireann le chéile acmhainní ón Aontas Eorpach, óna Bhallstáit agus ó institiúidí airgeadais, a atreisiú. Beidh ionstraimí airgeadais ábhartha an Aontais ar fáil freisin chun cuidiú le cur chun feidhme an Chláir Oibre Comhlachais. Dá ainneoin sin, ní doiciméid um chlárú airgeadais iad na hionstraimí airgeadais sin agus ní féidir leo ionad na gcleachtas um chlárú nó foirmliú a dtugann na Páirtithe fúthu a ghlacadh.

Agus aitheantas á thabhairt gur príomhuirlis é an Clár Oibre Comhlachais chun AA/DCFTA a chur chun feidhme, léirítear leis na tosaíochtaí a shainmhínítear sa Chlár Oibre Comhlachais na cuspóirí beartais fadtéarmacha a leagtar amach sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le ‘Beartas Comhpháirtíochta an Oirthir tar éis 2020 – Athbheochan na hAthléimneachta – Comhpháirtíocht an Oirthir a dhéanfaidh beart do chách (1) ’, agus i ndearbhú Chruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir (2), a bheidh mar bhonn do thosaíochtaí Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020. Beidh na tosaíochtaí sin mar bhonn taca faoi chúnamh an Aontais don tSeoirsia, mar a leagtar amach san Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) agus sna doiciméid chomhfhreagracha um chlárú tar éis 2020. Féadfaidh an tAontas Eorpach cúnamh ó ionstraimí eile an Aontais a sholáthar freisin. Is i gcomhréir iomlán le cur chun feidhme na rialacha agus nósanna imeachta lena rialaítear cúnamh seachtrach ón Aontas a chuirfear aon tacaíocht ar fáil. Léireoidh an tacaíocht ón Aontas coinníollacht agus cur chuige dreasacht-bhunaithe an Aontais; beidh an tacaíocht sin coinníollach ar chur chun feidhme na n-athchóirithe comhaontaithe.

2.   TOSAÍOCHTAÍ AN CHLÁIR OIBRE COMHLACHAIS

Measann an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia gur príomhthosaíochtaí iad cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais agus an Chláir Oibre Comhlachais chun luachanna comhroinnte agus prionsabail chomhroinnte, mar a chomhaontaigh an tAontas agus an tSeoirsia iad, a chomhdhlúthú agus a chur chun cinn. Déantar foráil sa Chomhaontú Comhlachais maidir le dlús a chur faoi chomhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch leis an Aontas Eorpach.

Ó síníodh an Comhaontú Comhlachais, tá bearta déanta ag an tSeoirsia agus tá athchóirithe substaintiúla déanta aici i dtreo an Comhaontú Comhlachais a chur chun feidhme go héifeachtach. Aithníonn an dá thaobh an dul chun cinn atá déanta ag an tSeoirsia i dtreo comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch níos doimhne leis an Aontas, chomh maith leis na dúshláin a bhaineann le réimsí amhail luachanna bunúsacha coiteanna, an smacht reachta agus athchóiriú an cheartais, agus athdhearbhaíonn siad go bhfuil céimeanna breise fós de dhíth chun dul chun cinn substaintiúil agus inbhuanaithe a dhéanamh chun deis a thabhairt do shaoránaigh tairbhiú go hiomlán de Chomhaontú Comhlachais AE-na Seoirsia.

Is den riachtanas é don chomhar idir an tAontas agus an tSeoirsia le linn thréimhse an Chláir Oibre Comhlachais seo clár oibre smacht reachta agus daonlathach na Seoirsia a chur chun cinn trí bhíthin athchóirithe polaitiúla, breithiúnacha agus frithéillithe uaillmhianacha mar chuid de phróiseas leathan ionchuimsitheach.

Le cur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe Comhlachais agus an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a ghabhann leis, agus iad nasctha leis an bpróiseas níos leithne comhfhogasaithe rialála agus leis na hathchóirithe ábhartha atá riachtanach, rannchuideofar le cúinsí a bhunú le haghaidh caidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála leis an Aontas a mbeidh comhtháthú eacnamaíoch na Seoirsia i Margadh Inmheánach an Aontais Eorpaigh de réir a chéile mar thoradh air, mar a shamhlaítear sa Chomhaontú Comhlachais.

Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach a thacaíocht láidir do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na Seoirsia laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear a bheartas maidir le neamh-aitheantas agus rannpháirtíocht sa tSeoirsia, chomh maith lena ghealltanas láidir maidir le síocháin, cobhsaíocht agus réiteach coinbhleachtaí sa tSeoirsia a éascú. Thairis sin, aithníonn an tAontas Eorpach rannchuidiú suntasach na Seoirsia le Comhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht in oibríochtaí bainistithe géarchéime faoi cheannas an Aontais. Tá an tAontas Eorpach réidh le leanúint dá chomhar leis an tSeoirsia maidir le hábhair slándála agus é d’aidhm aige a thosaíochtaí straitéiseacha a chur chun feidhme sa chomharsanacht.

Tá sé d’aidhm ag comhar idir an tAontas agus an tSeoirsia, lena n-áirítear laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir, tacú le soláthar go leor cuspóirí beartais domhanda, lena n-áirítear Comhaontú Pháras ar Athrú Aeráide agus cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na 17 Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghabhann leis, a bhfuil an dá pháirtí tiomanta dóibh. Leis an gcomhar, neartófar an t-ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha agus rannchuideofar le Eoraip níos láidre sa domhan mór a chothú.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na gníomhaíochtaí athchóirithe seo a leanas mar thosaíocht.

A.   Príomhthosaíochtaí le gníomhú orthu

1.    I réimse na ngeilleagar athléimneach, inbhuanaithe agus comhtháite

1.1.   Forbairt eacnamaíoch, timpeallacht ghnó agus infheistíochta

Rachaidh na Páirtithe i gcomhar chun borradh a chur faoi fhorbairt eacnamaíoch agus comhtháthú eacnamaíoch idir an tSeoirsia agus an tAontas, chun tairbhe agus leasa shaoránaigh na Seoirsia. Leis sin, laghdófar neamh-chomhionannas socheacnamaíoch agus cuirfear feabhas ar choinníollacha oibre agus an tráth céanna, áiritheofar dícharbónú forchéimnitheach agus aeráidneodracht an gheilleagair. I bhfianaise na n-imthosca, beidh sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí socheacnamaíocha phaindéim COVID-19 agus athléimneacht ghearrthéarmach agus fhadtéarmach á cothú i gcomhthráth. Ba cheart go mbeadh mar thoradh air sin go ndéanfaí iarrachtaí a áirithiú go mbeidh an téarnamh ó COVID-19 ina théarnamh glas agus go mbainfear amach spriocanna comhshaoil agus aeráide. Beidh sé ríthábhachtach seasamh le cearta oibrithe a chosaint agus obair chuibhiúil a chur chun cinn ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe agus cothromasach.

Díreofar go príomha ar an timpeallacht ghnó agus infheistíochta a fheabhsú, cothroime iomaíochta do gach fiontraí a chruthú trí smacht reachta, deimhneacht dhlíthiúil agus iarrachtaí leanúnacha frithéillithe. Áireofar leis sin freisin forbairt bhreise ar eadrán gnólacht le gnólacht agus cinntí breithiúnacha a fhorfheidhmiú. Beidh sé tábhachtach tacaíocht dhíreach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a áirithiú – inter alia tríd an Straitéis FBM a chur chun feidhme – fiontraíocht a chur chun cinn (lena n-áirítear fiontraíocht na mban agus na hóige), rochtain ar airgeadas a áirithiú agus comharchumainn i gceantair thuaithe na Seoirsia a neartú. Rannchuideoidh cur chun feidhme na Straitéise Forbartha Talmhaíochta agus Tuaithe 2021-2027 le slabhraí luacha éifeachtúla a fhorbairt, le feabhas a chur ar fhostaíocht i gceantair thuaithe, agus le tacaíocht a thabhairt do FBManna chun a gcuid iomaíochais in earnálacha roghnaithe lena mbaineann ardluach onnmhairithe a mhéadú. Rannchuideoidh sé freisin le hidirnáisiúnú breise an gheilleagair agus le comhtháthú i slabhraí luacha an Aontais. Beidh obair i dtreo dul isteach sa Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Euro mar phríomhpháirt den chlár oibre um chomhar eacnamaíoch lena dtabharfar dreasacht thábhachtach do ghnólachtaí agus tairbhe inbhraite do mhuintir na Seoirsia. Rannchuideoidh cur chun feidhme beartas forbartha réigiúnach le forbairt chríochach níos cothromaithe, le éagothromaíochtaí a laghdú agus le lárionaid nua a chruthú seachas in Tbilisi agus in Batumi.

An tráth céanna, is tábhachtach leanúint den rialachas láidir eacnamaíoch agus fioscach a bhfuil ag éirí leis chun cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a áirithiú agus leanúint den earnáil airgeadais a nuachóiriú trí, mar shampla, athchóiriú ar an earnáil baincéireachta, margaí caipitil a chur chun cinn agus mionchreidmheas a fhorbairt.

Beidh breis cóineasaithe rialála le caighdeáin an Aontais tábhachtach chun dul ar aghaidh le cur chun feidhme iomlán na ngealltanas faoin Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, ar réamhriachtanas é don chomhtháthú eacnamaíoch idir an tSeoirsia agus an tAontas. Díreofar go háirithe ar chur chun feidhme rialacháin theicniúla, faireachas margaidh, bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta, lena n-áirítear sábháilteacht bia agus ailíniú le caighdeáin na hEorpa. Is príomhábhair ó thaobh trádáil a mhéadú iad cur chun feidhme an chreata straitéisigh um chomhar custam, cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú agus cur chun feidhme iomlán an Dlí maidir le Tásca Geografacha.

Aithníonn na páirtithe tionscnamh na dtrí pháirtí comhlachaithe chun feabhas a chur ar an gcomhar leis an Aontas agus tugtar faoi deara an comhordú méadaithe eatarthu ar ábhair leasa choitinn a bhaineann le cur chun feidhme na gComhaontuithe Comhlachais agus DCFTA, agus ar chomhar laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir.

1.2.   Nascacht a neartú

Rachaidh na Páirtithe i gcomhar chun an nascacht (iompar, fuinneamh agus digiteach) idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia a neartú, go háirithe tríd an Muir Dhubh.

I réimse an iompair, cuirfidh siad tionscadail straitéiseacha chomhthairbheacha chun feidhme, lena n-áirítear laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir, tabharfaidh siad an líonra TEN-T táscach leathnaithe chun críche go forchéimnitheach, agus cuirfidh siad réitigh iompair ilmhódaigh chun cinn. Rachaidh na páirtithe i mbun comhar breise i dtreo chur chun feidhme acquis an Aontais i ngach modh iompair (eitlíocht, bóthar, muirí, iarnróid) agus é de chuspóir leis sin feabhas a chur ar nascacht fhisiciúil, agus ar chaighdeáin ghaolmhara, agus ar ghnéithe rialála agus sábháilteachta (go háirithe sábháilteacht ar bhóithre), agus béim níos mó ar réitigh iompair ghlasa á cur chun cinn acu freisin.

Beidh sé ríthábhachtach na gealltanais a eascraíonn as aontachas na Seoirsia leis an gComhphobal Fuinnimh a chur chun feidhme, go háirithe trí athchóirithe rialála agus infheistíocht i slándáil fuinnimh agus in éifeachtúlacht fuinnimh, líonraí bonneagair fuinnimh nua a fhorbairt agus a atreisiú, chomh maith le feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar fheidhmiú cuí na margaí fuinnimh leictreachais agus gáis.

1.3.   Oideachas agus infhostaitheacht an aosa óig, taighde agus nuálaíocht

Oibreoidh na páirtithe le chéile chun infheistiú i ndaoine, go háirithe daoine óga, chun feabhas a chur ar infhostaitheacht, agus an tráth céanna poist chuibhiúla agus cearta oibrithe a chosaint go héifeachtach. Cuirfidh an tSeoirsia feabhas ar a feidhmíocht oideachais agus taighde trí athchóiriú cuimsitheach ar oideachas agus taighde, díriú ar éifeachtúlacht, comhionannas rochtana agus cáilíocht gach leibhéal oideachais. Féadfaidh Scoil Eorpach Chomhpháirtíocht an Oirthir sa tSeoirsia fónamh mar eiseamláir don oideachas ar ardchaighdeán i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta.

Ina theannta sin, beidh sé ríthábhachtach a áirithiú go gcomhfhreagraíonn an curaclam oideachais do riachtanais an mhargaidh saothair chun na bearnaí scileanna a dhúnadh agus chun meaitseáil níos fearr a dhéanamh idir scileanna agus poist. Beidh rochtain níos fearr ar an margadh saothair ina tosaíocht, lena n-áirítear do mhná agus do dhaoine i gcásanna leochaileacha. An tráth céanna, cuirfear níos mó feabhais ar bheartais agus ar sheirbhísí fostaíochta.

Leanfaidh na páirtithe ar aghaidh le tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme beartas taighde agus nuálaíochta (T&N); déanfaidh siad gach iarracht infheistiú in éiceachórais taighde agus nuálaíochta níos láidre a spreagadh trí athchóirithe ar bheartais, ollchaiteachas T&N a mhéadú; agus cothóidh siad na haistrithe glasa agus digiteacha trí straitéisí um speisialú cliste agus aistriú teicneolaíochta a úsáid, de réir mar is cuí.

2.    I réimse na n-institiúidí cuntasacha, an smachta reachta agus na slándála

2.1.   Smacht reachta, athchóiriú ar cheartas agus dul i ngleic le héilliú

Oibreoidh na páirtithe i gcomhar chun seasamh le prionsabail an smachta reachta, agus beidh aird faoi leith ar an earnáil cheartais agus ar neamhspleáchas na breithiúnachta. Tá cur chun feidhme iomlán an tríú agus an cheathrú babhta d’athchóiriú ar an mbreithiúnacht ríthábhachtach chun neamhspleáchas agus cuntasacht na mbreithiúna a neartú, lena n-áirítear trí eagrú agus cleachtais institiúide na hArd-Chomhairle Ceartais agus phríomhinstitiúidí breithiúnachta eile, cur le trédhearcacht agus próisis maidir le roghnúchán agus ardú céime a bheidh bunaithe ar fhiúntas, i gcomhréir le moltaí ó Choimisiún na Veinéise agus ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip.

Tabharfaidh an tSeoirsia faoi bhreis athchóirithe bhreithiúnaigh, lena n-áirítear mar thosaíocht an Ard-Chomhairle Ceartais, agus glacfaidh sí straitéis uaillmhianach iar-2021 maidir le hathchóiriú ar an mbreithiúnacht trí phróiseas leathan, cuimsitheach traspháirtí um athchóiriú, lena n-áirítear measúnú ar éifeachtacht an tríú agus an cheathrú babhta d’athchóiriú breithiúnach. Leanfaidh an tSeoirsia ar aghaidh lena cuid oibre, mar ábhar tosaíochta, chun an Dlí maidir le Cúirteanna Coiteanna a chur i gcomhréir leis na moltaí gaolmhara i gCoimisiún na Veinéise (3), agus cuirfidh sí an dlí athchóirithe i bhfeidhm go hiomlán maidir le gach ceapachán ina dhiaidh sin.

Ina theannta sin, ba cheart údar ardcháilíochta le ceapacháin bhreithiúna a fhoilsiú agus leis an reachtaíocht faoi fhoilsiú na gcinntí breithiúnacha arna nglacadh.

Déanfaidh an tSeoirsia athbhreithniú ar an bpróiseas ceapacháin don Ard-Ionchúisitheoir chun neamhspleáchas oifig/phost an Ionchúisitheora a neartú. Chuige sin, tabharfar isteach vóta trí thromlach cáilithe sa Pharlaimint, arb é príomh-mholadh Choimisiún na Veinéise ina thaobh sin. Áireofar leis sin sásra éifeachtach frith-dhúsháinne a bhfuil tacaíocht leathan traspháirtí aige agus atá i gcomhréir le comhairle ó Choimisiún na Veinéise. Tabharfar isteach cosaintí breise lena áirithiú go mbeidh an próiseas roghnúcháin agus ainmniúcháin trédhearcach agus bunaithe ar chritéir an ionracais, an neamhspleáchais, na neamhchlaontachta agus na hinniúlachta.

Beidh gá le cuntasacht agus formhaoirseacht dhaonlathach na ngníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí a neartú a thuilleadh.

Leanfaidh an tSeoirsia ar aghaidh le dul chun cinn uaillmhianach a shaothrú sa chomhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eacnamaíche, lena n-áirítear gach cineál éilliú, agus le sásraí chun éilliú a chosc a neartú, lena n-áirítear i réimse an tsoláthair phoiblí.

3.    I réimse na hathléimneachta comhshaoil agus aeráide

3.1.   An Comhshaol agus an Gníomhú ar son na hAeráide

Rachaidh na páirtithe i mbun oibre le chéile i leith athléimneacht comhshaoil agus aeráide a bhaint amach trí – laistigh d’iarrachtaí i leith téarnamh iar-COVID-19 freisin – gheilleagar nuachóirithe, a bheidh éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus glan agus ciorclach a chur chun cinn a mbeidh glasú an gheilleagair mar thoradh air agus a mbeidh úsáid níos inbhuanaithe á baint as acmhainní nádúrtha mar thoradh air freisin. Bainfear sin amach, inter alia, trí leanúint d’athchóirithe riaracháin agus trí inniúlacht riaracháin a fhorbairt maidir le cur chun feidhme chaibidlí an Chomhaontaithe Comhlachais a bhaineann leis an gcomhshaol agus le gníomhú ar son na haeráide. Thairis sin, déanfar idirphlé idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a chur chun cinn faoi chuimsiú struchtúir an Chomhaontaithe Comhlachais atá ann cheana. Rachfar i ndlúthchomhairle leis an tsochaí shibhialta ina thaobh sin.

Déanfar cuspóirí um laghdú astaíochtaí agus athléimneacht aeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras a chomhtháthú sna beartais foriomlána eacnamaíocha agus iompair chun teorainn a chur leis an tionchar ón athrú aeráide agus chun tairbhí a sholáthar do shaolta na saoránach. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh an tSeoirsia straitéis fhadtéarmach forbartha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi bhráid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide (UNFCCC) agus déanfaidh sí nuashonrú ar a Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta (NDC) i gcomhréir le Comhaontú Pháras.

Cuirfear béim níos mó ar thalmhaíocht agus iascaigh inbhuanaithe a chumasú agus a chur chun cinn, inter alia i gcreat geilleagair ghoirm an Chláir Oibre Choitinn Mhuirí le haghaidh na Mara Duibhe (4), agus ar bhithéagsúlacht agus éiceachórais a chaomhnú lena n-áirítear i Limistéar na Mara Duibhe.

Neartófar rialachas comhshaoil trí reachtaíocht maidir le measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus measúnú comhshaoil straitéiseach a chur chun feidhme, agus tríd an reachtaíocht nua maidir le dliteanas comhshaoil a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus trí rochtain an phobail ar fhaisnéis faoin gcomhshaol agus rannpháirtíocht an phobail sa chinnteoireacht a áirithiú. Ach feabhas a chur ar cháilíocht an aeir agus an uisce, chomh maith le bainistíocht dramhaíola níos fearr i gcomhréir le caighdeáin na hEorpa, ní hamháin go rannchuideofar le feabhas a chur ar an gcomhshaol, ach beidh tionchar suntasach ar an tsláinte phoiblí freisin. I bhfianaise an mhéid sin, neartófar comhar idir na páirtithe ar an tsláinte phoiblí.

3.2   . An tsláinte phoiblí

Oibreoidh na páirtithe le chéile chun soláthar chúram leighis inacmhainne a chumasú agus chun rochtain ag daoine ar fud na sochaí a chur chun cinn, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar chumhdach an Chláir Cúraim Sláinte Uilíoch agus tríd an ríomhshláinte. Beidh rialú tobac agus bearta coisctheacha maidir le sláinte lárnach ina thaobh sin. Neartófar na hinstitiúidí cúraim sláinte agus cuntasacht na n-institiúidí sin trí tháscairí cáilíochta, ceannach atá bunaithe ar luach agus próisis eile bainistithe cáilíochta a bhunú. Beidh sin ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar ghalair theagmhálacha agus neamhtheagmhálacha, agus chun an córas cúraim sláinte a dhéanamh níos athléimní in aghaidh suaití seachtracha amhail paindéimí.

4.    I réimse an chlaochlaithe dhigitigh athléimnigh

4.1   Bonneagar digiteach a fhorbairt

Oibreoidh na páirtithe le chéile chun fás agus forbairt inbhuanaithe sa tSeoirsia a chumasú trí bhreis dul chun cinn a dhéanamh ar rolladh amach bonneagair dhigitigh agus tacú le claochlú digiteach a bheidh bunaithe ar chur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta Forbartha Leathanbhanda agus a bheidh i gcomhréir le reachtaíocht agus le dea-chleachtais an Aontais, go háirithe maidir le slándáil bonneagar digiteach. De bharr phaindéim COVID-19, tá an deighilt dhigiteach i sochaithe agus an gá práinneach le tacú leis an gclaochlú digiteach sin tagtha chun solais. Ní hamháin go gcabhróidh réitigh maidir le ríomhshláinte, cianfhoghlaim, teilileigheas, rianú víreas agus bréagaisnéis a chosc le linn na paindéime, ach tacóidh siad le hathléimneacht agus forbairt chomhpháirtithe uile an Aontais go ceann blianta. Beidh sin ríthábhachtach chun an geilleagar digiteach agus nuálaíocht a spreagadh trí bheartais iomchuí lena gcumasófar breis éagsúlaithe ní hamháin sa tionscal TF ach sna tionscail chruthaitheacha freisin, lena gcuirfear borradh fúthu, lena neartófar a n-iomaíochas, lena spreagfar fás agus marthanas cuideachtaí nua-thionscanta agus lena ndéanfar slabhraí luacha a dhigitiú.

4.2   . Ríomhrialachas agus seirbhísí digiteacha

An tráth céanna, ba cheart ríomhrialachas agus seirbhísí digiteacha a fhorbairt a thuilleadh chun éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht an riaracháin phoiblí a mhéadú. Ní mór scileanna digiteacha agus r-inniúlacht an phobail i gcoitinne a fhorbairt go comhthreomhar leis sin. Chuige sin, ba cheart rochtain, ar phraghsanna inacmhainne, a bheith ag daoine ar fud na Seoirsia ar an idirlíon agus ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí eile . Oibreoidh na páirtithe le chéile chun inniúlachtaí riaracháin agus neamhspleáchas údarás náisiúnta rialála na Seoirsia don chumarsáid leictreonach, ar staid fíor-riachtanach é d’fheidhmiú cuí an mhargaidh chomhfhreagraigh, a fheabhsú a thuilleadh. Thairis sin, tacóidh an tAontas le cur chun feidhme chomhaontuithe fánaíochta agus speictrim idir an tSeoirsia agus na tíortha comhpháirtíochta eile san Oirthear agus, i gcás inarb iomchuí, leis an Aontas.

4.3   . Cibear-athléimneacht

Oibreoidh na páirtithe le chéile chun feabhas a chur ar chibear-athléimneacht agus chun creataí cibearslándála láidre, dlíthiúla, beartais agus oibríochtúla a áirithiú, creataí a bheidh bunaithe ar reachtaíocht agus ar dhea-chleachtais an Aontais, lena n-áirítear creat an Aontais um dheimhniú cibearshlándála. Laistigh den chreat sin, leanfaidh na páirtithe dá gcuid oibre ar reachtaíocht na Seoirsia a chomhfhogasú a thuilleadh leis an Treoir maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise (an Treoir maidir le Cibearshlándáil).

Rachaidh na páirtithe i mbun comhair i leith glacadh creataí dlíthiúla ag an tSeoirsia le haghaidh scéimeanna sainaitheantais leictreonacha agus seirbhísí iontaoibhe leictreonacha, i gcomhréir le reachtaíocht agus le dea-chleachtais an Aontais, d’fhonn comhaontú féideartha frithpháirteach a dhéanamh le haghaidh seirbhísí iontaoibhe.

5.    I réimse na sochaithe athléimneacha, córa agus ionchuimsitheacha

5.1.   Cearta an duine a phríomhshruthú agus an tsochaí shibhialta agus an óige a chumhachtú

Déanfaidh an dá pháirtí dea-rialachas, cearta an duine, smacht reachta, neamh-idirdhealú agus obair chuibhiúil a chur chun cinn, chomh maith le luachanna bunúsacha agus prionsabail dhaonnúla mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 agus téarnamh uaidh.

Seasfaidh an tSeoirsia le saoirse, neamhspleáchas agus iolrachas na meán, agus meas á léiriú archaighdeáin an Aontais agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta, chun coinníollacha a áirithiú ina mbeidh na meáin saor, gairmiúil, iolraíoch, neamhspleách agus folláin. Rachaidh na páirtithe i gcomhar freisin chun comhar maidir le cumarsáid straitéiseach a neartú, lena n-áirítear an bhréagaisnéis a chomhrac, agus an litearthacht sna meáin a chur chun cinn.

Rachaidh an dá pháirtí i gcomhar chun cur chun feidhme feabhsaithe an dlí i gcoinne an idirdhealaithe a áirithiú, chun Straitéis nua maidir le Cearta an Duine agus chun an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le Cearta an Duine a thiocfaidh aisti a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus chun iolrachas agus neamhspleáchas na meán, chomh maith le hurramú an chirt chun saoirse comhthionóil, a chumasú. Áiritheoidh an tSeoirsia an leithdháileadh buiséid agus acmhainní daonna is gá chun imscrúdú éifeachtach agus pras a dhéanamh ar chionta a líomhnaítear a rinne oifigigh forfheidhmithe an dlí chomh maith le próiseáil sonraí pearsanta a rialú go héifeachtúil.

Beidh ina bpríomhthosaíochtaí an comhionannas inscne a fheabhsú, agus an chóir chomhionann sa saol sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch a áirithiú, lánpháirtiú agus neamh-idirdhealaitheacht níos fearr ar dhaoine i ngach cuid den tsochaí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas agus an pobal LGBTI. Cuirfear béim ar bhearta chun leanaí a chosaint ar gach cineál foréigin. Leanfar d’iarrachtaí chun ardleibhéal cosanta sonraí pearsanta a áirithiú.

Coimeádfaidh an tAontas agus an tSeoirsia béim freisin ar rannpháirtíocht agus ar cheannaireacht na hóige tríd an óige a chumhachtú. Déanfaidh na páirtithe breis oibre i gcomhar chun go dtairbheoidh an tSeoirsia an oiread is féidir dá comhlachas leis na cláir Fís 2020 agus Fís Eorpach agus déanfaidh siad tuilleadh cur chun cinn ar a rannpháirtíocht ghníomhach sna cláir Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus i gcláir agus i dtionscnaimh eile oibre deonaí, comhair agus malartaithe, i gcomhréir le torthaí na caibidlíochta agus le cláir ábhartha a ghlacadh.

Leanfaidh an tSeoirsia den fhorbairt ar an earnáil óige agus ar bheartais óige atá bunaithe ar fhianaise agus ar chearta, agus é d’aidhm acu éiceachóras inbhuanaithe a chruthú d’fhorbairt na hóige, rud a chuirfidh ar chumas daoine óga a lánacmhainneacht a bhaint amach agus a bheith rannpháirteach go gníomhach i ngach réimse den saol poiblí; a chuirfidh méadú ar thuiscint daoine óga ar luachanna daonlathacha agus prionsabail dhaonlathacha agus a thacóidh leo a gcearta féin a mhaíomh; chomh maith le cumhachtú eacnamaíoch iomlán agus comhionann, cosaint sláinte agus folláine agus rochtain chothrom ar fhaisnéis agus ar acmhainní a áirithiú do gach duine óg sa tSeoirsia.

Déanfaidh an tSeoirsia timpeallacht slán, ionchuimsitheach agus cumasaithe d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (CSOnna) a chur chun cinn a thuilleadh, lena n-áirítear beartais a thacaíonn lena n-inbhuanaitheacht airgeadais a oiriúnú agus earnáil na Sochaí Sibhialta a fhorbairt a thuilleadh, go háirithe iad sin a oibríonn ar leibhéal áitiúil. Déanfaidh an tSeoirsia Freagracht Shóisialta Chorparáideach agus fiontraíocht shóisialta a chur chun cinn a bhfuil sé d’aidhm acu réitigh ar dhúshláin shóisialta agus chomhshaoil a sholáthar, le béim faoi leith ar fhostaíocht a thabhairt dóibh siúd ar leochaileach dá gcás, lena n-áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas, agus ar inbhuanaitheacht airgeadais CSOnna a neartú.

Áiritheoidh an tSeoirsia na caighdeáin dhaonlathacha is airde ar feadh an phróisis toghchánaigh, láimhseáil chóir, thrédhearcach agus dhian maidir le gearáin agus achomhairc, agus leanfaidh sí d’aghaidh iomlán a thabhairt ar mholtaí tosaíochta ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, agus déanfaidh sí dul chun cinn substaintiúil maidir le haghaidh a thabhairt ar na moltaí eile uaithi (5), trí idirphlé ionchuimsitheach. Áiritheoidh an tSeoirsia iolrachas páirtí freisin agus staonfaidh sí ó shrianta a sheasann in aghaidh caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe i dtéarmaí clárúcháin agus maoinithe, i gcomhréir le Tuairimí ábhartha Choimisiún na Veinéise (6).

5.2.   Riarachán Poiblí a Neartú

Is ardtosaíocht fós é Athchóiriú Riaracháin Phoiblí a bhrú chun cinn trí shásraí rialtais oscailte. Déanfaidh an tAontas agus an tSeoirsia gníomh in éineacht chun seasamh le prionsabail agus caighdeáin riaracháin phoiblí Eorpacha, agus chun iad a chur chun cinn. Chuige sin, déanfaidh na páirtithe comhiarrachtaí chun rialachas a bheidh cuntasach, éifeachtúil, éifeachtach, oscailte agus trédhearcach a chothú, chun seirbhís shibhialta ghairmiúil a bheidh bunaithe ar fhiúntas a thógáil, agus chun seirbhísí poiblí ardcháilíochta agus féinrialú áitiúil láidir a áirithiú.

Oibreoidh na páirtithe le chéile chun, mar thosaíocht, riarachán poiblí a bheidh cuntasach, éifeachtúil, éifeachtach, trédhearcach agus dírithe ar an tsochaí shibhialta a chothú, chun seirbhís shibhialta ghairmiúil a bheidh bunaithe ar fhiúntas a thógáil, agus chun seirbhísí poiblí cáilíochtúla ar fud na críche agus féinrialú áitiúil láidir a áirithiú.

5.3   Soghluaisteacht, lena n-áirítear réim saor ó víosaí

Déanfaidh an tSeoirsia gníomh marthanach agus tabharfaidh sí aghaidh ar mholtaí sna tuarascálacha faoin Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí chun comhlíonadh leanúnach na dtagarmharcanna a chomhfhreagraíonn leis an bPlean Gníomhaíochta um Léirscaoileadh Víosaí a áirithiú (7), plean a theastaíonn chun seasamh le taisteal saor ó víosa chuig an Aontas. Soláthrófar treoraíocht sna Tuarascálacha Bliantúla ón gCoimisiún Eorpach faoin Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí maidir leis na gníomhartha breise a theastaíonn chun inbhuanaitheacht an dul chun cinn atá déanta a áirithiú. Déanfaidh an tSeoirsia an Straitéis Imirce 2021-2030 agus an Straitéis um Bainistiú Teorainneacha 2021-2025 atá comhtháite ag Stát na Seoirsia a chur chun feidhme.

6.    I réimse an bheartais eachtraigh agus slándála

6.1.   Réiteach síochánta coinbhleachta

Coinneoidh na páirtithe comhar éifeachtach ar bun chun tacú leis an tSeoirsia ina hiarrachtaí chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo réiteach síochánta agus inbhuanaithe ar an gcoinbhleacht bunaithe ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, agus chun síocháin bhuan agus slándáil bhuan sa tSeoirsia a éascú. Déanfaidh siad iarrachtaí a shaothrú a thuilleadh chun an tsaincheist maidir le réiteach síochánta coinbhleachta sa tSeoirsia a chur chun cinn, lena n-áirítear cur chun feidhme Chomhaontú Sos Cogaidh an 12 Lúnasa 2008 a raibh an tAontas Eorpach ina idirghabhálaí ann. Leanfaidh an tSeoirsia d’fhís straitéiseach a fhorbairt i dtreo réiteach síochánta na coinbhleachta, trí phróiseas ionchuimsitheach a stiúradh ar bhonn náisiúnta. Déanfaidh na páirtithe iarrachtaí a threisiú chun torthaí inbhraite a bhaint amach faoi chuimsiú chreataí Idirphlé Idirnáisiúnta na Ginéive a raibh an tAontas Eorpach, na Náisiúin Aontaithe agus Eagraíocht na Náisiún Aontaithe um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE) ina gcomhchathaoirligh air, chun réitigh mharthanacha a aimsiú ar na dúshláin slándála agus daonna a eascraíonn as an gcoinbhleacht atá gan réiteach. Gníomhaithe an Aontais atá ag obair ar an láthair, Toscaireacht an Aontais chun na Seoirsia, Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia agus Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh, leanfaidh siad dá rannchuidiú le cobhsaíocht, normalú, forbairt muiníne agus réiteach coinbhleachta. Glacfar céimeanna iomchuí chun trádáil, saorghluaiseacht agus naisc eacnamaíocha trasna na línte teorann riarthach a spreagadh, lena n-áirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht, de réir mar is gá agus tríd an tionscnamh síochána ‘A Step to a Better Future’; teagmháil idir dhaoine, forbairt muiníne agus athmhuintearas idir na pobail scoilte a chothú. Leanfaidh na páirtithe den chomhar agus d’iarrachtaí coisctheacha a dhéanamh chun go ndéanfar an beartas neamh-aitheantais a chomhdhlúthú a thuilleadh ar bhonn idirnáisiúnta.

6.2.   Comhar i réimse na slándála agus na cosanta

Déanfaidh na páirtithe an t-idirphlé déthaobhach faoi shaincheisteanna slándála agus cosanta a dhoimhniú chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ar ábhair leasa choitinn iad, lena n-áirítear cosc coinbhleachtaí agus bainistiú géarchéime, frithsceimhlitheoireacht, frithsciúradh airgid agus an comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus coireanna drugaí. Feabhas a chur ar an gcomhar maidir le cur in aghaidh bagairtí hibrideacha, bunaithe ar an suirbhé ar bhagairtí hibrideacha. Oibreoidh na páirtithe le chéile lena áirithiú go gcuirfear athchóiriú ar an earnáil slándála chun feidhme agus go nglacfar creata agus nósanna imeachta ábhartha sna réimsí cibear-athléimneacht agus bonneagar criticiúil a chosaint. Déanfar comhar idir ghníomhaireachtaí ceartais agus forfheidhmithe an dlí a neartú a thuilleadh. Leanfaidh an tAontas Eorpach de rannpháirtíocht na Seoirsia a éascú in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais agus i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin agus oiliúna a bhaineann leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC).

B.   Tosaíochtaí Gearrthéarmacha agus Fadtéarmacha an Chláir Oibre Comhlachais

1.    Daonlathas, Cearta an Duine agus Dea-rialachas

Trí idirphlé polaitiúil agus comhar i dtreo athchóirithe faoi chuimsiú an Chláir Oibre Comhlachais seo, féachtar le hurraim do phrionsabail dhaonlathacha, amhail iolrachas polaitiúil, ionchuimsitheacht sa chinnteoireacht, deighilt na gcumhachtaí, comhar leis an bhfreasúra, smacht reachta agus dea-rialachas, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a neartú. Áirítear leis sin cur chun cinn a gcearta siúd ar de ghrúpaí mionlaigh iad mar a chumhdaítear i bpríomh-Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe agus Chomhairle na hEorpa agus sna prótacail a bhaineann leo, forghníomhú éifeachtach a dhéanamh ar bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, agus rannchuidiú le hathchóirithe polaitiúla intíre a chomhdhlúthú, go háirithe trí chomhfhogasú le acquis an Aontais.

I dtaca le neartú chobhsaíocht, neamhspleáchas, éifeachtacht, agus leormhaoiniú na n-institiúidí sin a ráthaíonn an daonlathas, an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine, don chomhionannas inscne, agus don neamh-idirdhealú, áirítear go háirithe:

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Leanúint de sheoladh thoghcháin thrédhearcacha, ionchuimsitheacha agus inchreidte a áirithiú trí aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh uile arna sainaithint ag an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip/ODIHR;

A áirithiú go mbeidh leasuithe reachtacha a dhéanann difear do phríomh-chomhpháirteanna den smacht reachta, amhail neamhspleáchas na breithiúnachta, faoi réir comhairliúchán cuimsitheach agus ionchuimsitheach agus go dtabharfar iad i gcomhréir le caighdeáin na hEorpa, chomh maith le moltaí arna ndéanamh ag comhlachtaí idirnáisiúnta, amhail Coimisiún na Veinéise, GRECO agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip/ODIHR;

Leanúnachas agus cur chun feidhme éifeachtach an Riaracháin Phoiblí agus na nAthchóirithe Rialtais Oscailte a áirithiú, i gcomhréir le prionsabail agus dea-chleachtais an riaracháin phoiblí Eorpaigh; rannpháirtíocht agus idirphlé oscailte idir an tsochaí shibhialta agus an rialtas a chur chun cinn, an próiseas comhchruthaithe agus rannpháirtíocht ilpháirtithe leasmhara i gceapadh beartas, faireachán agus measúnú a neartú; cineálacha cur chuige nuálacha a chothú trí eolas agus taithí a mhalartú, dianfhoghlaim idir piaraí agus comhar cobhsaí ar an leibhéal polaitiúil agus saineolaithe;

Cumhdófar san idirphlé agus sa chomhar an earnáil cheartais a neartú trí athchóiriú leanúnach ar an earnáil cheartais, go háirithe neamhspleáchas iomlán seachtrach agus inmheánach na mbreithiúna agus urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhar cuimsitheach.

Tosaíochtaí meántéarmacha

An leanúnachas a áirithiú maidir leis an gcreat um chearta an duine a neartú trí chomhchuibhiú agus cur chun feidhme praiticiúil a dhéanamh ar dhlí agus chleachtais um chearta an duine idir Eorpach agus idirnáisiúnta.

1.1   An earnáil cheartais

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

An tríú agus an ceathrú babhta d’athchóirithe ar an mbreithiúnacht a chur chun feidhme go héifeachtach, i ngach gné díobh;

Straitéis na Breithiúnachta 2017-2021 agus na pleananna gníomhaíochta inti a chur chun feidhme go héifeachtach, i ngach gné díobh, agus straitéis uaillmhianach maidir le hathchóiriú ar an mbreithiúnacht tar éis 2021 a ghlacadh, agus í bunaithe ar phróiseas athchóirithe leathan, ionchuimsitheach agus traspháirtí agus ar mheasúnú ar éifeachtacht an tríú agus an cheathrú babhta d’athchóirithe ar an mbreithiúnacht;

Eagrú agus cleachtais institiúide na hArd-Chomhairle Ceartais agus phríomhinstitiúidí breithiúnachta eile a neartú agus a athchóiriú go suntasach chun méadú a chur go héifeachtach ar thrédhearcacht, ionracas agus cuntasacht na norm agus na gcinntí a ghlacann siad, lena n-áirítear cinntí faoi cheapacháin, breithmheasanna, arduithe céime, aistrithe agus bearta araíonachta. Na tograí maidir le hathchóiriú a chur faoi bhráid Choimisiún na Veinéise agus na hOifige um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip chun tuairim a fháil uathu agus a gcuid moltaí a chur chun feidhme;

Go háirithe, creat dlíthiúil agus cleachtas a bheidh trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas a áirithiú maidir le breithiúna a cheapadh agus ardú céime a thabhairt dóibh trína gcur i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus le moltaí ó Choimisiún na Veinéise, lena n-áirítear ceapacháin chuig an gCúirt Uachtarach;

Réasúnuithe i scríbhinn maidir le ceapacháin bhreithiúna a fhoilsiú agus ina ndéantar tagairt do chritéir ionracais agus inniúlachta;

Feabhas a chur ar oiliúint d’iarrthóirí ar an mbreithiúnacht, ar bhreithiúna agus ar bhaill foirne cúirteanna trí na moltaí a dhéanann an tAontas agus Comhairle na hEorpa a chur chun feidhme;

Riar an cheartais a nuachóiriú trí aighneachtaí leictreonacha agus cumarsáid leictreonach le cúirteanna, agus trí bhainistiú cásanna leictreonach; leithdháileadh leictreonach randamach cásanna a chur i bhfeidhm ar bhonn níos leithne;

Leanúint den athchóiriú ar Oifig an Ionchúisitheora agus ar na seirbhísí um imscrúdú coiriúil ag an Aireacht Gnóthaí Baile agus ar ghníomhaireachtaí eile, athchóiriú a bhfuil sé d’aidhm aige neamhspleáchas agus gairmiúlacht na hoibre ionchúisimh agus imscrúduithe coiriúla a áirithiú a thuilleadh, saor ó aon tionchar míchuí agus le níos mó trédhearcachta agus cuntasachta;

Déanfaidh an tSeoirsia athbhreithniú ar an bpróiseas ceapacháin don Ard-Ionchúisitheoir chun neamhspleáchas oifig/phost an Ionchúisitheora a neartú. Chuige sin, tabharfar isteach vóta trí thromlach cáilithe sa Pharlaimint, arb é príomh-mholadh Choimisiún na Veinéise ina thaobh sin. Áireofar leis sin sásra éifeachtach frith-dhúsháinne a bhfuil tacaíocht leathan traspháirtí aige agus atá i gcomhréir le comhairle ó Choimisiún na Veinéise. Tabharfar isteach cosaintí breise lena áirithiú go mbeidh an próiseas roghnúcháin agus ainmniúcháin trédhearcach agus bunaithe ar chritéir an ionracais, an neamhspleáchais, na neamhchlaontachta agus na hinniúlachta;

Athchóiriú ar an gCód Coiriúil a ghlacadh agus é mar chuspóir aige an dlí a nuachóiriú agus a chomhlíontacht le hoibleagáidí agus caighdeáin ábhartha an Aontais agus idirnáisiúnta a áirithiú; imeachtaí coiriúla a chomhfhogasú leis na himeachtaí coiriúla a chuirtear i bhfeidhm i mBallstáit de chuid an Aontais:

Athbhreithniú a dhéanamh ar úsáid agus ar chosaintí dlíthiúla i gcur i bhfeidhm margáil pléadála;

Cearta nós imeachta a ráthú do chiontóirí agus d’íospartaigh in imeachtaí coiriúla agus cur i bhfeidhm phrionsabail an cheartais aisirígh do chiontóirí aosaigh agus d’ógchiontóirí a fheabhsú a thuilleadh;

Chun a áirithiú thairis sin go mbeidh rochtain éifeachtach ag íospartaigh, lena n-áirítear íospartaigh na fuathchoireachta, ar cheartas agus ar chúiteamh agus go bhfaighidh siad tacaíocht agus cosaint iomlán;

Cearta nós imeachta a neartú agus ráthaíochtaí dlíthiúla a áirithiú do dhaoine faoi choinneáil sna himeachtaí riaracháin;

Rochtain ar chúnamh dlí ardcháilíochta, saor in aisce a leathnú amach;

Cur leis an úsáid a mbaintear as idirghabháil agus le cáilíocht na hidirghabhála; aghaidh a thabhairt ar easnaimh in eadráin tomhaltóirí agus coinníollacha a chruthú chun an úsáid a bhaintear as eadrán gnólacht-le-gnólacht a mhéadú;

Cur chun feidhme na straitéise um chosc ar an gcoireacht agus um pionós a mhéadú, go háirithe trí chineálacha cur chuige um athshlánúchán agus um théarnamh sóisialta a chur i bhfeidhm sna córais um Pionós, um Chosc ar an gCoireacht agus um Promhaidh agus tar éis daoine a scaoileadh saor.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Gan coinneáil riaracháin a úsáid ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Cearta nós imeachta duine faoi choinneáil riaracháin a áirithiú, i gcomhréir le prionsabail chearta an duine lena n-áirítear an Ceart Chun Trialach Córa. An Dlí um Chionta Riaracháin a leasú ina thaobh sin;

Reachtaíocht sna réimsí tráchtála, sibhialta agus riaracháin a nuachóiriú i gcomhréir le straitéisí náisiúnta agus i gcomhfhogasú le acquis an Aontais;

Rochtain ionchuimsitheach ar an gceartas a áirithiú le Seirbhís um Chúnamh Dlí a mbeidh ciste agus foireann leordhóthanach aici;

Feidhmeanna idir ionchúisitheoirí agus imscrúdaitheoirí coiriúla a dheighilt óna chéile i gceart agus sásraí comhair chothromaithe a bhunú sa reachtaíocht agus sa chleachtas;

Ord poiblí agus slándáil a áirithiú fad a ráthaítear cosaint do chearta an duine.

1.2   Frithéilliú, an comhrac in aghaidh na calaoise, athchóiriú ar riarachán poiblí agus seirbhís phoiblí

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Straitéis Náisiúnta Frithéillithe nua agus an Plean Gníomhaíochta ábhartha tar éis 2020 a fhorbairt agus a gcur chun feidhme éifeachtach a áirithiú chun éilliú de gach cineál a chosc, a bhrath agus dul i ngleic leo;

Institiúidí a bhaineann le hionracas a neartú ó thaobh a bhfeidhmeanna formhaoirseachta de: Biúró na Seirbhíse Sibhialta um dhearbhú sócmhainní; An Oifig Iniúchóireachta Stáit maidir le hiniúchtaí ar chaiteachas agus ioncam náisiúnta agus fonáisiúnta; An Ghníomhaireacht Iomaíochta; Formhaoirseacht agus faireachán parlaiminte trí inniúlachtaí na gcoistí earnálacha a fheabhsú; an Rúnaíocht Frith-éillithe faoi Riarachán Rialtas na Seoirsia; Comhairlí Comhairleacha Sibhialta ar leibhéal áitiúil;

Dul i ngleic a thuilleadh le héilliú trína chur faoi chois nó a chosc, e.g. trí éifeachtúlacht agus inniúlachtaí maidir le himscrúdú a dhéanamh ar éilliú a neartú; fíorúchán dhearbhuithe sócmhainní agus ioncaim gach oifigigh a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa féideartha, agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht beart;

A áirithiú go bhfuil sásraí éifeachtúla ar bun chun aon riosca a bhaineann le paindéim COVID-19, agus aon leochaileacht sa chomhrac in aghaidh an éillithe i réimsí ardriosca amhail soláthar poiblí agus sláinte, a chosc agus a bhrath;

Na sásraí chun cosc a chur ar éilliú agus comhrac ina aghaidh a neartú a thuilleadh i bpríomhréimsí riosca amhail:

Próisis soláthair phoiblí oscailte agus iomaíocha a áirithiú, dámhachtainí díreacha a laghdú agus comhlacht neamhspleách, neamhchlaonta agus trédhearcach a bhunú chun athbhreithniú a dhéanamh ar sholáthar poiblí;

Caighdeáin chuntasachta agus ionracais san earnáil slándála a mhéadú agus formhaoirseacht dhaonlathach a neartú, lena n-áirítear trí mhaoluithe uirthi a theorannú (lena n-áirítear ar thuairisciú airgeadais) agus an reachtaíocht ábhartha a leasú de réir mar is iomchuí;

Calaois chánach agus calaois chánach bhreisluacha (CBL) mar chuid lárnach den chomhrac in aghaidh coireanna eacnamaíocha, an éillithe agus an sciúrtha airgid, chomh maith le hairgeadas poiblí a chosaint;

Comhar éifeachtach leis na hinstitiúidí agus comhlachtaí ábhartha san Aontas a áirithiú, agus a áirithiú go dtabharfar cúnamh dóibh, lena n-áirítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) i gcomhair imscrúduithe ar chalaois agus ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (EPPO) i gcomhair imscrúduithe agus ionchúiseamh maidir le coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i gcomhréir leis na rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme;

Leanúint den áirithiú go ndéanfar reachtaíocht na Seoirsia a chomhfhogasú le acquis an Aontais sa réimse frithchalaoise agus forálacha reachtaíocht an Aontais mar a shamhlaítear sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais a chur chun feidhme;

Cearta saoránach agus féidearthachtaí chun rochtain a dhéanamh ar fhaisnéis agus chun páirt a ghlacadh i rialachas ar leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta a chur chun cinn, lena n-áirítear tríd an tsochaí shibhialta agus faireachán saor agus slán ar na meáin;

Cur chun feidhme éifeachtach na Straitéise nua um Athchóiriú ar an Riarachán Poiblí, agus an Plean Gníomhaíochta tar éis 2020 ábhartha, a fhorbairt agus a áirithiú;

Cur chun feidhme an Athchóirithe Riaracháin Phoiblí ar leibhéal polaitiúil agus riaracháin a chothú, lena n-áirítear trí chomhordú, faireachán agus tuairisciú ar na Pleananna Gníomhaíochta comhfhreagracha a neartú;

Cur le hoscailteacht, trédhearcacht agus cuntasacht an riaracháin phoiblí trí athchóirithe rialtais oscailte a chur chun feidhme;

Beartas aontaithe a fhorbairt chun seirbhísí poiblí a fhorbairt, a sholáthar agus chun dearbhú cáilíochta a thabhairt ina leith, agus é d’aidhm aige sástacht na saoránach leis an rialtas agus muinín na saoránach as an rialtas a fheabhsú;

Cumarsáid láidir a fhorbairt chun feasacht a ardú faoi thionchair dhearfacha ón Athchóiriú Riaracháin Phoiblí;

Creat dlíthiúil na seirbhíse sibhialta a chur chun feidhme chun seirbhís shibhialta níos gairmiúla a bheidh bunaithe ar fhiúntas a áirithiú;

Leanúint de na tagarmharcanna um smacht reachta agus frithéilliú mar chuid den Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí a chur chun feidhme agus dul chun cinn a dhéanamh orthu.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Leanúint den chomhrac in aghaidh an éillithe, agus cur chun feidhme éifeachtach na n-ionstraimí dlíthiúla idirnáisiúnta ábhartha a áirithiú, amhail Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe, agus an Coinbhinsiún Dlí Choiriúil maidir le hÉilliú agus an Prótacal Breise a ghabhann leis, chomh maith le moltaí ón nGrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta de chuid Comhairle na hEorpa (GRECO) agus moltaí ó Líonra Frithéillithe ECFE d’Oirthear na hEorpa agus don Áise Láir;

Leanúint d’imscrúdú éifeachtach ar chásanna éillithe líomhnaithe a áirithiú agus córas éifeachtach a chruthú chun coinbhleachtaí leasa a chosc;

Riarachán poiblí cuntasach, éifeachtúil, éifeachtach agus trédhearcach a chothú agus seirbhís shibhialta ghairmiúil a bheidh bunaithe ar fhiúntas a thógáil, lena n-áirítear maidir leis an gcóras um roghnúchán, ardú céime, dífhostú agus oiliúint speisialaithe bunaithe ar riachtanais;

Feabhas a chur ar an gcáilíocht, ar an éifeachtúlacht agus ar an bhfáil atá ar sheirbhísí poiblí seirbhísí i réigiúin na Seoirsia;

Feabhas a chur ar bainistíocht agus ar chuntasacht airgeadais phoiblí, agus gnéithe inscne a chur san áireamh i mbuiséadú atá bunaithe ar chláir, agus pleanáil agus cur chun feidhme straitéiseach meántéarmach a neartú;

Cur le rannpháirtíocht agus inniúlachtaí páirtithe leasmhara, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, féinrialtais áitiúla, an óige agus lucht acadúil; uirlis éifeachtach a sholáthar le haghaidh rannpháirtíocht níos leithne ag an bpobal i gcinnteoireacht agus i bhfaireachán ar fheidhmíocht athchóirithe riaracháin phoiblí;

Féinrialtas iontaofa, cuntasach, trédhearcach a bheidh dírithe ar thorthaí agus arna chumhachtú le feidhmeanna, freagrachtaí agus acmhainní nua, i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha, a áirithiú.

1.3   Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Straitéis Náisiúnta nua um Chearta an Duine 2021-2030 a fhorbairt agus Pleananna Gníomhaíochta tar éis 2020 ina n-ionchorprófar moltaí sonracha ó chomhlachtaí na Náisiún Aontaithe, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip/ODIHR, Comhairle na hEorpa, an Coimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI) agus eagraíochtaí idirnáisiúnta um chearta an duine, go háirithe maidir le beartais frith-idirdhealaithe a chur chun feidhme, daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad a chosaint, an saol príobháideach a chosaint agus saoirse reiligiúin agus creidimh a áirithiú; an straitéis agus na pleananna gníomhaíochta a chur chun feidhme trí dhlúthchomhar le gníomhaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta;

Leanúint de chur chun feidhme an dlí i gcoinne an idirdhealaithe chun cosaint éifeachtach ar idirdhealú a áirithiú, de mheon ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’; rannchuidiú leis an leibhéal caoinfhulaingthe a mhéadú agus an leibhéal foréigin a laghdú;

Leanúint d’iolrachas, trédhearcacht agus neamhspleáchas na meán a neartú, i gcomhréir le moltaí ó Chomhairle na hEorpa;

Cur chun feidhme beart chun gairmithe meán a chosaint agus imscrúduithe éifeachtacha agus éifeachtúla ar gach cás d’fhoréigean in aghaidh gairmithe meán a áirithiú agus iad siúd atá freagrach a thabhairt faoi chuing an cheartais;

Straitéis Stáit nua a fhorbairt maidir le Comhionannas agus Lánpháirtiú Sibhialta agus Plean Gníomhaíochta tar éis 2020 a mbeidh sé d’aidhm aige rannpháirtíocht chomhionann agus iomlán ag ionadaithe ar mhionlaigh eitneacha i ngach réimse den saol poiblí a áirithiú agus tacú níos mó le héagsúlacht chultúrtha;

Dul chun cinn a dhéanamh ar chur chun feidhme Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ar a dtugtar Coinbhinsiún Iostanbúl, trí inniúlachtaí institiúidí náisiúnta a neartú mar thacaíocht do shaincheisteanna a bhaineann le comhionannas inscne agus foréigean atá bunaithe ar inscne. Leanúint de chur le bearta chun cásanna d’fhoréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní, lena n-áirítear foréigean gnéasach, a chosc agus a imscrúdú, chun íospartaigh a chosaint agus chun tacú le hathshlánúchán déantóirí coire. Oibriú i dtreo claochlú sóisialta agus dearcthaí agus cleachtais idirdhealaitheacha atá ann cheana féin a athrú lena n-áirítear i dtaca le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile;

Dlús a chur le bearta chun an t-idirdhealú i gcoinne daoine LGBTI a chomhrac agus chun a áirithiú gur féidir leo leas iomlán a bhaint as gach ceart daonna – cearta sibhialta, polaitiúla agus eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha – lena n-áirítear an ceart chun saorthionóil;

Rochtain ar shláinte atáirgthe agus ar shláinte ghnéis a neartú do dhaoine ar gach aois, faisnéis agus cosc, agus leanúint den chomhrac in aghaidh cleachtais dhíobhálacha arna ndíriú in aghaidh na mban agus na gcailíní, lena n-áirítear ciorrú ball giniúna, pósadh leanaí, luathphósadh agus pósadh éigeantais agus cineálacha eile sáruithe ar chearta an duine agus táiríde, agus aird faoi leith ar cheantair thuaithe. Cúnamh cúraim sláinte mháithreachais a mhéadú;

Bearta speisialta a ghlacadh i dtreo daoine ar de mhionlaigh iad chun rannchuidiú le feabhas a chur ar chomhionannas níos mó i réimsí polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta an tsaoil;

Reachtaíocht a chomhchuibhiú le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas chomh maith lena Phrótacal Roghnach agus comhlacht comhordaithe a bhunú le haghaidh saincheisteanna a bhaineann le cearta daoine atá faoi mhíchumas;

Bearta chun ionchuimsitheacht daoine atá faoi mhíchumas sa saol poiblí agus eacnamaíoch a neartú agus rochtain níos fearr ar spásanna poiblí a áirithiú. Feabhas a chur ar choinníollacha do daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu;

Cur le hiarrachtaí i dtreo foréigean in aghaidh leanaí a chomhrac trí dhea-chleachtais tuismitheoireachta a chur chun cinn, tuilleadh tacaíochta sa chóras oideachais agus sásra atreoraithe feabhsaithe;

Cur le hiarrachtaí i dtreo foréigean in aghaidh daoine scothaosta a shainaithint agus a chomhrac, leanúint den tacaíocht eacnamaíoch agus chúraim sláinte do dhaoine scothaosta, rannchuidiú le hionchuimsitheacht shóisialta níos mó do dhaoine scothaosta;

Inniúlachtaí a mhéadú agus eolas faoi shaincheisteanna um chearta an duine a fhorbairt i measc seirbhísigh phoiblí.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Sásraí éifeachtacha a choinneáil ar bun le haghaidh réiteach díospóidí agus cearta an duine a chosaint, roimh shásraí breithiúnacha a úsáid nó mar mhalairt rogha orthu;

Maidir le cearta an duine a chosaint agus frith-idirdhealú sa bhreithiúnacht, i bhforfheidhmiú an dlí agus sa riarachán poiblí uile, lena n-áirítear sna réigiúin, leanúint dá gcur chun cinn, d’oiliúint a chur ar dhaoine iontu agus d’fheasacht fúthu a ardú;

Moltaí Oifig Chosantóir Poiblí na gCeart (PDO) a chur chun feidhme a thuilleadh, lena n-áirítear maidir le cásanna idirdhealaithe agus feidhmiú éifeachtach an tsásra institiúide a thuartar sa dlí i gcoinne an idirdhealaithe a áirithiú a thuilleadh;

Leanúint d’inniúlachtaí faireacháin an Choiste Pharlaiminte ar Chearta an Duine agus Lánpháirtiú Sibhialta a fhorbairt agus ar shaincheisteanna atá nasctha le cur chun feidhme na Straitéise maidir le Cearta an Duine agus an Plean Gníomhaíochta;

Leanúint den chomhar le hEagraíochtaí na Sochaí Sibhialta (CSOnna) agus leis na comhpháirtithe sóisialta ionadaíocha (ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí) mar pháirtithe leasmhara agus mar fhorais faire i réimsí ar tugadh tosaíocht dóibh sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia (AA), lena n-áirítear cearta saothair, an príobháideachas, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, a gcearta siúd ar leochaileach dá gcás, agus saoirse na meán;

Tabhairt faoi chéimeanna chun feasacht a ardú agus oibriú i dtreo breis comhlíontachta le forálacha seasmhacha Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Mionlaigh Náisiúnta lena n-áirítear teangacha mionlaigh;

Leanúint den fhoréigean bunaithe ar inscne a chomhrac agus oibriú chun é a chosc, i dteannta díriú ar steiréitíopaí a léiríonn laofacht inscne a athrú, tuilleadh rannpháirtíochta ag fir agus ag buachaillí, tacú le rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht, neamhspleáchas eacnamaíoch agus airgeadais trí fhiontraíocht agus rochtain níos fearr ar an margadh saothair.

1.4   Drochíde agus céastóireacht

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Cur chun feidhme na bPleananna Gníomhaíochta frithchéastóireachta ábhartha a áirithiú agus leanúint de bhearta breise a ghlacadh chun drochíde agus céastóireacht a chomhrac, agus méadú a chur ar iarrachtaí chun saoirse ó phionós a chomhrac;

Leanúint de thacú le neamhspleáchas an údaráis formhaoirseachta agus leanúint den neamhspleáchas sin a mhéadú a thuilleadh ar leibhéil reachtacha agus phraiticiúla araon, ar údarás é atá freagrach as gearáin i gcoinne oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí a imscrúdú, d’fhonn teagmhais drochíde agus chéastóireachta a imscrúdú go héifeachtúil, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta;

Imscrúdú críochnúil trédhearcach neamhspleách a áirithiú tríd an údarás formhaoirseachta thuasluaite atá i gceannas, i dtaca le haon líomhain gur baineadh úsáid as céastóireacht agus drochíde sa chóras peannaideach, agus i saoráidí coinneála póilíneachta, míleata agus eile;

Leanúint de thacú leis an Sásra Náisiúnta Coisctheach (NPM) faoi Oifig an Chosantóra Phoiblí chun go gcuirfear cosc ar dhrochíde trína áirithiú go bhfeidhmeoidh NPM go héifeachtach lena n-áirítear trína chistiú go leordhóthanach agus trí rúndacht an phróisis a chosaint;

Breis feabhais a chur ar dhálaí coinneála agus ar dhálaí i saoráidí meabhairshláinte;

Tosaíochtaí meántéarmacha

Leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh chun breis feabhais a chur ar an gcóras peannaideach um chúram sláinte agus ar rochtain ag príosúnaigh ar sheirbhísí cúram sláinte, lena n-áirítear seirbhísí meabhairshláinte, a bheidh coibhéiseach leis na seirbhísí céanna san earnáil shibhialta. Maidir le tuairisciú drochíde, leanúint d’inniúlacht agus cumhacht foirne cúram sláinte a fhorbairt a oibríonn in institiúidí dúnta nó a oibríonn ar a son;

Leanúint de neart a chur leis na cláir athshlánaithe, laghdaithe díobhála agus cúraim sláinte laistigh den chóras peannaideach;

Neart breise a chur le héifeachtacht an fhaireacháin leantaigh inmheánaigh agus sheachtraigh a dhéantar ar an gcóras peannaideach, ar shaoráidí póilíneachta agus míleata agus ar shaoráidí dúnta eile le haghaidh mí-úsáid agus drochíde a bhrath agus a chosc.

1.5   Cóir Chomhionann

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Neart a chur le comhionannas inscne agus cóir chomhionann a áirithiú idir mná agus fir, chomh maith le cóir chomhionann le haghaidh daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, beag beann ar reiligiún nó creideamh, tionscnaimh eitneacha nó náisiúnta, cine, teanga, inscne, treoshuíomh gnéasach, féiniúlacht inscne, cumas nó aon fhoras eile sa saol sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch;

Bearta breise a dhéanamh chun neart a chur le cur chun feidhme na reachtaíochta i gcoinne foréigean ar bhonn gnéis, lena n-áirítear feasacht an phobail i gcoitinne agus feasacht ghrúpaí gairmiúla sonracha a ardú, amhail na póilíní, agus go háirithe i gceantair tuaithe. Rochtain ar sheirbhísí comhairleoireachta, ar thithíocht agus ar ionaid tearmainn a mhéadú le haghaidh íospartach;

Méadú a dhéanamh ar an rochtain atá ag íospartaigh, lena n-áirítear daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, ar sheirbhísí comhairleoireachta agus ar ionaid tearmainn chomh maith le cláir chun cumhacht eacnamaíoch a thabhairt do dhaoine tar éis dóibh tearmann a fhágáil;

Feabhas a chur ar bhailiú sonraí, anailís agus tuairisciú i dtaca le foréigean ar bhonn gnéis. Tacú, ar an leibhéal áitiúil, leis an gcomhrac in aghaidh an fhoréigin ar bhonn inscne, trí pháirt níos mó a thabhairt do ghníomhaithe áitiúla amhail bardais, oibrithe sóisialta agus eagraíochtaí sochaí sibhialta (CSOanna);

Mar chuid den Straitéis agus Plean Gníomhaíochta um Chearta an Duine, beartas cuimsitheach comhionannais a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena áirithiú go mbeidh teacht go hiomlán ar chearta an duine ag cách, lena n-áirítear daoine ar leochaileach dá gcás.

I bhfianaise Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020–2024 inter alia, beidh sé mar aidhm ag seasamh an Aontais an creat idirnáisiúnta dlíthiúil agus beartais gona fhorfheidhmiú a neartú ar mhaithe le hoibriú ar son rannpháirtíocht chomhionann, iomlán, éifeachtach agus fhóinteach na mban agus na n-óg ina n-éagsúlacht uile, i ngach réimse agus ar gach leibhéal den saol poiblí agus polaitiúil, lena n-áirítear trína mholadh go gcuirfí san áireamh iad ar liosta na bpáirtithe polaitiúla i ndáil le suíocháin insroichte agus cumas na n-iarrthóirí a fhorbairt.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Comhfhogasú a dhéanamh ar chaighdeáin Eorpacha a mhéid a bhaineann le rialacha sláinte agus sábháilteachta, rialacha maidir le cosaint máithreachais rialacha maidir le himréiteach freagrachtaí tuismitheoirí agus freagrachtaí gairmiúla, mar a shamhlaítear sa Chomhaontú Comhlachais;

Céimeanna gníomhacha a dhéanamh chun rannpháirtíocht agus ionadaíocht fhónta bhreise ban agus daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad a chur chun cinn i bhfóraim cinnteoireachta polaitiúla, i margadh an tsaothair agus i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, lena n-áirítear ar leibhéal na hionadaíochta áitiúla (i.e. i mbardais);

Tacú le neamh-idirdhealú ar mhargadh an tsaothair agus le cur chun feidhme phrionsabal an phá chomhionann as obair ar comhionann a luach;

Rannchuidiú le cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch agus le rannpháirtíocht níos fearr do dhaoine a bhaineann le mionlaigh eitneacha, lena n-áirítear trí rochtain a thabhairt dóibh ar fhaisnéis agus ar oideachas agus ar fhoghlaim na Seoirsise chomh maith;

Trí ghníomhaíochtaí tógála eolais agus ardaithe feasachta, glacadh agus caoinfhulaingt a mhéadú sa phobal i gcoitinne.

1.6   Cearta an linbh

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

An Cód um Chearta an Linbh a chur chun feidhme tríd an reachtaíocht iomlán a bhfuil gá léi a ailíniú agus neart a chur leis an innealra náisiúnta chun go gcosnófar leanaí ar gach cineál foréigin, lena n-áirítear pósadh leanaí, pósadh luath agus pósadh éigeantais;

Aghaidh a thabhairt ar riachtanais na leanaí uile lena n-áirítear riachtanais iad siúd atá sna dálaí is forimeallaí agus is leochailí, na leanaí atá faoi mhíchumas agus na leanaí atá ar an tsráid, lena n-áirítear trí shásraí coimirce sóisialta a fheabhsú agus a leathnú amach, chomh maith le tacaíocht a thabhairt le haghaidh rochtain chríochach ar chláir slánaithe agus athshlánaithe le haghaidh leanaí atá faoi mhíchumas agus céimeanna a dhéanamh i leith díothú iomlán saothrú leanaí;

An Dlí um Obair Shóisialta a chur chun feidhme agus acmhainní a áirithiú i dtaca le grúpaí gairmiúla a earcú a bhíonn ag plé le leanaí leochaileacha, lena n-áirítear leanaí atá faoi mhíchumas, agus fothú acmhainneacht na ngrúpaí sin a áirithiú;

Feasacht ar chosc ar fhoréigean i gcoinne leanaí agus ar an gcomhrac i gcoinne an fhoréigin sin a ardú i measc gairmithe a bhíonn ag obair le leanaí agus leis an bpobal i gcoitinne agus an t-eolas atá acu a fhorbairt;

Leanúint de bheith ag obair i leith dí-institiúidiú leanaí, sásra geatóireachta a chur i bhfeidhm agus leanúint de chúram malartach a fhorbairt.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Leanúint de cheartas ógánach a athchóiriú;

Céimeanna a dhéanamh i leith claochlú sóisialta agus iompraíochta maidir le foréigean i gcoinne leanaí a chomhrac;

Clabhsúr a chur ar dhí-institiúidiú cúraim leanaí.

1.7   Cearta Ceardchumainn agus bunchaighdeáin saothair

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Glacadh leis an gcreat dlíthiúil lena mbunaítear feidhmeanna maoirseachta chóras na Cigireachta Saothair le haghaidh reachtaíocht uile dálaí saothair agus oibre, an creat a chur chun feidhme agus na srianta uile ar chumhachtaí na gcigirí mar atá sa reachtaíocht atá ann cheana a bhaint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO);

Leanúint den Chód Saothair agus reachtaíocht ábhartha eile a leasú agus iad a chur i gcomhréir níos fearr le caighdeáin ILO;

Leanúint de chóras éifeachtach de Chigireacht Saothair a áirithiú ag a mbeidh cumas, inniúlachtaí agus acmhainní leormhaithe (airgeadais, daonna agus riaracháin) le haghaidh cigireacht a dhéanamh ar na dálaí oibre uile agus ar an gcaidreamh saothair uile i gcomhréir le caighdeáin ILO.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Bonn taca a chur faoin Reachtaíocht Saothair ag a mbeidh nósanna imeachta i dtaca le conspóidí saothair a réiteach lena n-áirítear réiteach tríd an gcóras Idirghabhála Saothair;

Mionsaothrú a dhéanamh ar mhodhanna meastóireachta nó tomhais i dtaca le comhionannas saothair agus luach saothair;

Feidhmiú éifeachtach An Choimisiúin Thríthaobhaigh um Chomhpháirtíocht Shóisialta agus an chraobh réigiúnach dá chuid a áirithiú agus leanúint den idirphlé sóisialta a fheabhsú trí chomhar le ILO agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta na hEorpa.

2.    Beartas eachtrach agus slándála

Cuirfear a thuilleadh leis an idirphlé agus comhar i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála de chuid an Aontais Eorpaigh (CFSP) ar mhaithe le comhchlaonadh grádach, lena n-áirítear ar an gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CSDP), agus tugtar aghaidh go háirithe ar shaincheisteanna coisc coinbhleachtaí agus bainistithe géarchéime, cobhsaíocht réigiúnach, rialú arm, dí-armáil, neamhleathadh, cibearshlándáil agus bagairtí hibrideacha. Beidh an comhar bunaithe ar chomhluachanna, lena n-áirítear an tiomantas do phrionsabail an mheasa ar cheannasacht agus ar shláine críche, ar dosháraitheacht teorainneacha agus ar an neamhspleáchas, agus ar leasanna coiteanna, agus díreofar ann ar chomhtháthú agus éifeachtacht beartas, bainfear úsáid as fóraim dhéthaobhacha, iltaobhacha agus réigiúnacha agus seasfar leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe.

2.1   Comhar CSDP, ailíniú, bagairtí hibrideacha agus cibearshlándáil, cumarsáid straitéiseach agus comhar réigiúnach

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Iarrachtaí a neartú chun leibhéal ailínithe na Seoirsia le dearbhuithe agus cinntí CBES AE a mhéadú, lena n-áirítear i gcomhréir le prionsabail na ceannasachta agus na sláine críochaí, a chumhdaítear sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia, agus le gníomhaíocht i bhfóraim iltaobhacha;

Feabhas a chur ar an gcomhar maidir le cur in aghaidh bagairtí hibrideacha, neart a chur le cibearshlándáil, lena n-áirítear trí na moltaí atá bunaithe ar an suirbhé ar bhagairtí hibrideacha a chur chun feidhme;

Neart a chur leis an gcomhar i dtaca le cumarsáid straitéiseach chun go gcomhdhlúthófar athléimneacht an stáit agus na sochaí i gcoinne na bréagaisnéise; creataí praiticiúla comhair a leathnú agus a éagsúlú chun go n-áireofar leo gníomhaithe na sochaí sibhialta agus gníomhaithe stáit agus institiúidí eile atá ar aon intinn leo;

Leanúint de na hiarrachtaí chun Athchóiriú na hEarnála Slándála sa tSeoirsia a chur chun feidhme go héifeachtach;

Feabhas a chur ar chomhar praiticiúil i gcosc coinbhleachta agus bainistíocht géarchéime trí rannpháirtíocht a éascú don tSeoirsia in oibríochtaí sibhialta agus míleata bainistithe géarchéime atá faoi cheannas an Aontais Eorpaigh, i ngníomhaíochtaí comhairleoireachta agus oiliúna i réimse CSDP ar bhonn an Chreatchomhaontaithe Rannpháirtíochta a síníodh i mí na Samhna 2013 agus i gcreat iltaobhach Phainéal Chomhpháirtíocht an Oirthir maidir le Slándáil, CSDP agus Cosaint Shibhialta, agus comhar le gníomhaireachtaí AE maidir le saincheisteanna CSDP;

Comhar réigiúnach a chur chun cinn maidir le saincheisteanna slándála amhail cúrsaí imirce, bainistiú teorainneacha feabhsaithe, bonneagar criticiúil a chosaint, onnmhairiú a rialú, rioscaí tubaiste a laghdú agus a bhainistiú, lena n-áirítear práinnfhreagairt, cosaint shibhialta, dul i ngleic le smuigleáil agus gáinneáil aindleathach (amhail ar bhith-ábhair agus ábhair núicléacha) agus oiliúint a chur ar phearsanra iomchuí, lena n-áirítear tríd an Tionscnamh maidir le hIonaid Barr Feabhais AE chun Riosca Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach (CBRN) a Mhaolú agus tríd an Ardrúnaíocht Réigiúnach in Oirdheisceart agus Oirthear na hEorpa dá chuid atá lonnaithe sa tSeoirsia.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Réiteach síochánta coinbhleachtaí agus cobhsaíocht agus slándáil idirnáisiúnta a bheidh bunaithe ar iltaobhachas éifeachtach a chur chun cinn chun go seasfar leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe;

An urraim chomhpháirteach ar phrionsabail an neamhspleáchais, na ceannasachta, na hiomláine críochaí agus dosháraitheacht na dteorainneacha a chur chun cinn, mar atá bunaithe i gCairt na Náisiún Aontaithe agus in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí de chuid na hEagraíochta um Chomhar san Eoraip (OSCE), lena n-áirítear ailíniú le cinntí agus dearbhuithe de chuid AE-CFSP.

2.2   Frithsceimhlitheoireacht, neamhleathadh arm ollscriosta agus onnmhairiú neamhdhleathach arm

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Dul i mbun comhair chun cur i gcoinne leathadh arm ollscriosta agus na modhanna seachadta ina dtaobh trí na hoibleagáidí atá ar na Páirtithe cheana faoi chonarthaí agus faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta dí-armála agus neamhleata a chomhlíonadh ina n-iomláine agus a chur chun feidhme ar bhonn náisiúnta, agus oibleagáidí ábhartha idirnáisiúnta eile;

úsáid iomlán a bhaint as an gcomhaontú oibríochtúil idir an tSeoirsia agus EUROPOL chun go n-éascófar malartú faisnéise maidir le heagraíochtaí agus grúpaí sceimhlitheoireachta, a ngníomhaíochtaí agus a líonraí tacaíochta.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Dul i mbun comhair chun go ndoimhneofar an comhdhearcadh idirnáisiúnta ar chomhrac, a bheadh bunaithe ar chearta an duine, in aghaidh na sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear comhdhearcadh ar an sainmhíniú dlíthiúil ar ghníomhartha sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear trí chomhaontú a chur chun cinn maidir leis an gCoinbhinsiún Cuimsitheach maidir le Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta;

Leanúint de Rún (UNSCR) 2396 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, agus, go háirithe, faisnéis a chomhroinnt maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta, chun go ndéanfar Trodaithe Eachtracha Sceimhlitheoireachta a shainaithint, a bhrath agus a ionchúiseamh;

Dul i mbun comhair maidir le rialú rioscabhunaithe custaim, agus sábháilteacht agus slándáil earraí a allmhairítear, a onnmhairítear nó atá faoi bhealach á n-áirithiú;

Dul i ngleic le trádáil aindleathach in airm bheaga agus airm éadroma, lena n-áirítear an t-armlón a ghabhann leo, faoi na comhaontuithe idirnáisiúnta agus na rúin atá ann cheana ó Chomhairle Slándála NA, agus faoi na gealltanais faoi ionstraimí idirnáisiúnta eile is infheidhme sa réimse seo;

Leanúint den chomhar sa réimse rialú ar onnmhairiú gnáth-arm, i bhfianaise Chomhsheasamh an Aontais Eorpaigh i dtaca le honnmhairiú trealamh teicneolaíochta agus míleata a rialú. Leanúint den chomhar sa chomhrac in aghaidh gáinneáil ar airm agus i scriosadh stoc-charn;

Leanúint de rannchuidiú leis na córais rialaithe arm agus na córais ábhartha forbartha muiníne; leis an gConradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT) ar gach ceann dá thrí cholún, chomh maith leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha (CWC), an Coinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha (BWC) agus oibleagáidí eile atá ann cheana faoi na comhaontuithe ábhartha idirnáisiúnta agus oibleagáidí idirnáisiúnta eile a chur chun feidhme.

2.3   Réiteach síochánta coinbhleachta

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Comhar éifeachtach a choinneáil ar bun idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia chun go dtiocfar ar réiteach na coinbhleachta laistigh de na formáidí a comhaontaíodh, a n-áireofar air sin cur chun feidhme iomlán Chomhaontú Sos Cogaidh an 12 Lúnasa 2008 a raibh an tAontas Eorpach ina idirghabhálaí ann agus filleadh sábháilte, deonach na ndaoine easáitithe (IDPanna) agus na ndídeanaithe, le dínit, ar a gcuid áiteanna cónaithe, chomh maith le bealaí a bhunú chun go mbeidh baint iomchuí ag réigiún na hAbcáise agus réigiún Tskhinvali/na hOiséite Theas de chuid na Seoirsia i ndoimhniú an chaidrimh idir an Aontas Eorpach agus an tSeoirsia;

Comhar agus comhordú éifeachtach a choinneáil ar bun idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia maidir le réiteach síochánta coinbhleachtaí lena n-áirítear trí idirphlé polaitiúil a dhéanamh go rialta, agus tús áite i gcónaí ag saincheist na forbartha muiníne agus na síochána a choinneáil ar chlár oibre an Aontais;

Iarrachtaí a chomhordú chun cur chun feidhme Chomhaontú Sos Cogaidh an 12 Lúnasa 2008 a raibh an tAontas Eorpach ina idirghabhálaí ann a éascú, lena n-áirítear trí na bearta leantacha cur chun feidhme a fhorbairt agus a chur chun cinn mar chuid den obair leantach ar an gcéad bheart;

Iarrachtaí a threisiú chun a áirithiú go ndéanfar caibidlíocht fhónta, ar bhonn Chomhaontú Sos Cogaidh an 12 Lúnasa 2008 a raibh an tAontas Eorpach ina idirghabhálaí ann, a mbeidh torthaí inbhraite uirthi, faoi chuimsiú chreat Idirphlé Idirnáisiúnta na Ginéive a raibh an tAontas Eorpach, na Náisiúin Aontaithe, Eagraíocht na Náisiún Aontaithe um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE) ina gcomhchathaoirligh air, agus é d’aidhm ag an gcaibidlíocht sin réitigh mharthanacha a aimsiú ar na dúshláin slándála agus daonna a eascraíonn as an gcoinbhleacht atá gan réiteach;

Úsáid iomlán éifeachtach a bhaint as oifigí Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia chun go rannchuideofar le cobhsaíocht agus normalú, lena n-áirítear gnáthshaol sábháilte a éascú do na pobail áitiúla a bhfuil cónaí orthu ar an dá thaobh de na línte teorann riarthach, agus le forbairt muiníne;

Leanúint d’obair a dhéanamh i dtreo atosú agus fheidhmiú éifeachtach na Sásraí um Theagmhais a Chosc agus a Fhreagairt in Gali agus in Ergneti agus iarrachtaí a athdhúbailt chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais sábháilteachta agus daonna na ndaoine atá thíos leis an gcoinbhleacht;

Leanúint de na hiarrachtaí i leith aghaidh a thabhairt ar threascairtí ar chearta an duine i réigiún na hAbcáise agus réigiún Tskhinvali/na hOiséite Theas de chuid na Seoirsia;

Tacú leis na hiarrachtaí chun réiteach síochánta coinbhleachta a bhaint amach, lena n-áirítear trí ghabháil do theagmháil a dhéanamh leis na pobail i réigiún na hAbcáise agus réigiún Tskhinvali/na hOiséite Theas de chuid na Seoirsia i bhfianaise bheartas athmhuintearais agus rannpháirtíochta na Seoirsia (lena n-áirítear an tionscnamh síochána) agus bheartas neamh-aitheantais agus rannpháirtíochta an Aontais Eorpaigh maidir lena chur chun feidhme a bhfuil comhar ar bun idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia ina leith;

Dul i mbun comhair chun na sochair agus na deiseanna a eascraíonn as an gcomhlachas polaitiúil agus as an bpróiseas de chomhtháthú eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia a chomhroinnt ar phobail an dá thaobh, lena n-áirítear an córas gearrfhanachta gan víosa le haghaidh limistéar Schengen;

Leanúint de shaorghluaiseacht, saorthrádáil, naisc eacnamaíocha agus deiseanna oideachais trasna na línte teorann riarthach a chur chun cinn, lena n-áirítear tríd an tionscnamh síochána ‘A Step to a Better Future’ agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht, de réir mar is gá.

Dul i mbun comhair i mbearta caomhnaithe a ghabháil ar láimh le haghaidh teagmhálacha idir dhaoine, forbairt muiníne agus iarrachtaí athmhuintearais idir pobail atá scoilte de bharr na coinbhleachta;

Céimeanna breise a dhéanamh chun comhtháthú inbhuanaithe IDPanna a chur chun cinn (cearta maoine, fostaíocht agus tacaíocht spriocdhírithe);

Cur chun feidhme éifeachtach an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta do 2022-2024 a áirithiú maidir le cur chun feidhme na Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil (UNSCR 1325 +);

Neart a chur le rannpháirtíocht fhónta na mban i réiteach síochánta coinbhleachta agus cothú na síochána agus a áirithiú go rachfar i mbun comhairle ar bhonn gníomhach le mná atá thíos leis an gcoinbhleacht, agus leis an tsochaí shibhialta, mar chuid de na hiarrachtaí uile i leith réiteach na coinbhleachta;

Leanúint de na hiarrachtaí comhpháirteacha agus bearta éifeachtacha coisctheacha a dhéanamh chun go ndéanfar an beartas neamh-aitheantais a chomhdhlúthú a thuilleadh ar bhonn idirnáisiúnta.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Céimeanna a dhéanamh i leith réiteach inbhuanaithe na coinbhleachta agus gan dochar do na formáidí atá ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann leis an gcoinbhleacht, beidh réiteach síochánta coinbhleachta ar cheann de na hábhair lárnacha ar chlár oibre an idirphlé idir na Páirtithe agus san idirphlé leis na gníomhaithe ábhartha idirnáisiúnta eile chomh maith;

Leanúint de na hiarrachtaí comhpháirteacha chun bunú sásraí idirnáisiúnta slándála i réigiún na hAbcáise agus réigiún Tskhinvali/na hOiséite Theas de chuid na Seoirsia a chur chun cinn, rochtain ar na críocha sin a chur chun cinn le haghaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta um chearta an duine, agus cur chun feidhme shainordú Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia (EUMM Georgia) ar fud na Seoirsia a chur chun cinn;

Leanúint d’obair a dhéanamh i leith filleadh sábháilte, le dínit agus ar bhonn deonach na ndaoine easáitithe (IDPanna) agus na ndídeanaithe ar a gcuid áiteanna tionscnaimh i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta;

Leanúint den chomhar leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) trí Reacht na Róimhe agus na hionstraimí a ghabhann leis a chur chun feidhme, agus aird chuí á tabhairt d’iomláine an reachta a chaomhnú. Leanúint den chomhar le ICC maidir leis na himscrúduithe ar an gcogadh a tharla i mí Lúnasa 2008.

3.    Ceartas, Saoirse agus Slándáil

I mí an Mhárta 2017, deonaíodh taisteal gan víosa go dtí an tAontas Eorpach do shaoránaigh na Seoirsia. Sa chomhthéacs sin ba cheart don tSeoirsia leanúint de thagarmharcanna Léirscaoilte Víosaí a chomhlíonadh agus aghaidh a thabhairt ar na moltaí sna tuarascálacha rialta, faoin Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí, sásra a d’eisigh an Coimisiún chun inbhuanaitheacht an chórais ghearrfhanachta gan víosa a áirithiú agus, mar sin, rannchuidiú le soghluaisteacht agus le teagmhálaithe idir dhaoine idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia.

Ina theannta sin, is iad an Comhaontú um Athligean Isteach, an Chomhpháirtíocht Soghluaisteachta idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia, agus na socruithe agus comhaontuithe comhair, de réir mar is iomchuí, le roinnt gníomhaireachtaí AE i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), Gréasán Imirce na hEorpa (EMN) Europol, Cepol agus Eurojust atá mar bhonn taca le comhthéacs an chomhair fheabhsaithe i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile.

3.1   Sonraí Pearsanta a Chosaint

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Leibhéal ard de chosaint sonraí pearsanta a áirithiú agus reachtaíocht a chur i ngníomh i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus céimeanna praiticiúla a dhéanamh chun a rathú go n-urramófar an ceart maidir le cosaint sonraí pearsanta sna hearnálacha poiblí agus príobháideach araon, lena n-áirítear i réimse an cheartais choiriúil;

Neart a chur le hinniúlacht an údaráis um maoirseacht ar chosaint sonraí chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar dhúshláin teicneolaíochta an lae inniu i réimse na cosanta sonraí agus chun a áirithiú go mbeidh rath ar chur chun feidhme na gCaighdeán Eorpach sa tSeoirsia.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Leanúint de neart a chur le hinniúlacht an údaráis um maoirseacht ar chosaint sonraí agus obair leantach a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán cosanta sonraí.

3.2   An Imirce, Tearmann agus Bainistiú Comhtháite Teorainneacha

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Comhlíonadh marthanach na dtagarmharcanna Léirscaoilte Víosa uile agus na moltaí arna n-eisiúint ag an gCoimisiún sna Tuarascálacha ar an Sásra Fionraíochta Víosaí a áirithiú;

Leanúint de na comhaontuithe um athligean isteach a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear an comhaontú um athligean isteach idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia;

Neart a chur leis an gcomhar oibríochtúil chun go mbainfear amach laghdú gasta ar an líon iarratas gan bhunús ar thearmann arna dtaisceadh ag náisiúnaithe na Seoirsia sa limistéar Schengen+;

Leasuithe ar dhlí na Seoirsia amhail ‘On rules and procedures for Georgian citizens exiting and entering Georgia’ [‘Maidir le rialacha agus nósanna imeachta le haghaidh saoránaigh den tSeoirsia a théann amach aisti agus a thagann isteach sa tSeoirsia]’ a chur chun feidhme go héifeachtach agus ceanglais um chearta an duine agus um chosaint sonraí á n-urramú ina n-iomláine;

Leanúint d’fheachtais faisnéise a eagrú maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann leis an gcóras taistil gan víosa;

Neart sa bhreis a chur le bainistiú teorainneacha agus ardcháilíocht na seiceálacha teorann agus an fhaireachais teorann a choinneáil ar bun;

Tuairisciú ar an bhfeabhsú ar an anailís a dhéantar ar shonraí maidir leis an imirce agus tuairisciú ar mheasúnú riosca;

Próifíl Imirce na Seoirsia a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta (gach 2 bhliain ar a laghad);

Leanúint de neart a chur le comhar oibríochtúil leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), lena n-áirítear comhar maidir le Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, malartú foirne, oiliúint, breathnóirí ón réigiún i gcomhoibríochtaí agus i malartú faisnéise tríd an Líonra le haghaidh Anailís Riosca de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir (RAN Chomhpháirtíocht an Oirthir);

Clabhsúr a chur ar an Straitéis um Bainistiú Teorainneacha 2021-2025 atá comhtháite ag Stát na Seoirsia agus í a chur chun feidhme go héifeachtach mar aon leis an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann léi.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Straitéis Imirce na Seoirsia 2021-2030 agus na Pleananna Gníomhaíochta a ghabhann léi a chur chun feidhme go héifeachtach;

Bealaí níos éifeachtaí a fhorbairt chun imirce chiorclach agus dhlíthiúil a thairiscint, lena n-áirítear scéimeanna um imirce lucht oibre, agus reachtaíocht náisiúnta agus inniúlachtaí atá ann cheana á n-urramú ag an am céanna, agus urraim iomlán á tabhairt freisin do chearta daonna na n-oibrithe imirceacha uile;

Straitéis um Bainistiú Teorainneacha 2021-2025 atá comhtháite ag Stát na Seoirsia a fhorbairt agus a chur chun feidhme go héifeachtach mar aon leis na Pleananna Gníomhaíochta a ghabhann léi;

Ardcháilíocht seiceálacha teorann agus faireachais teorann a choinneáil ar bun;

Dul chun cinn i gcríochú theorainneacha an stáit leis na tíortha comharsanacha;

Leanúint de chlár agus gníomhaíochtaí athghiniúna de chuid an stáit a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

3.3   Forfheidhmiú an dlí

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Inniúlacht oibríochtúil iomlán a áirithiú i leith an údaráis formhaoirseachta atá freagrach as imscrúduithe neamhspleácha a dhéanamh ar ghearáin i gcoinne oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí. Má dhéantar gearáin i gcoinne na bpóilíní éileofar sásra gairmiúil éifeachtach le haghaidh freagairt inchreidte, tríd an gCigireacht Ginearálta inmheánach san áireamh;

Leanúint d’fheidhmiú éifeachtach Roinn an Fhaireacháin Cáilíochta ar Chosaint agus Cearta an Duine agus ar Imscrúdú ag an Aireacht Gnóthaí Inmheánacha, lena n-áirítear trí thacú le hoiliúint ghairmiúil a sholáthar d’oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí maidir le cearta an duine mar a ráthaítear leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine;

Cur i bhfeidhm roghanna malartacha ar phríosúnacht a leathnú a thuilleadh, trí fheabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as na pianbhreitheanna neamhchoimeádta atá ann cheana, trí phianbhreitheanna nua den sórt sin a thabhairt isteach agus trí inniúlachtaí na seirbhísí promhaidh a mhéadú;

Nuachóiriú a dhéanamh ar na próisis agus na teicnící imscrúdaithe a bhaineann leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe, na coireachta tromchúisí agus gach coireachta eile.

3.4   An choireacht eagraithe a chomhrac

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Cur chun feidhme leantach na bPleananna Gníomhaíochta ábhartha a áirithiú maidir leis an gComhrac in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine agus leanúint de na gníomhaíochtaí forbartha inniúlachta le haghaidh na n-údarás stáit chun go sainaithneofar go réamhghníomhach agus go n-imscrúdófar go héifeachtúil cásanna ina ndéantar gáinneáil ar dhaoine;

Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar éifeachtacht na sainaitheanta réamhghníomhaí agus an imscrúdaithe réamhghníomhaigh a ghabhann le cásanna ina ndéantar gáinneáil ar dhaoine;

Straitéis nua Náisiúnta a fhorbairt le haghaidh Coireacht Eagraithe a Chomhrac mar aon le Plean Gníomhaíochta a ghabhfaidh léi agus a gcur chun feidhme éifeachtach a áirithiú;

An leas is fearr is féidir a bhaint as an gcomhaontú maidir le comhar oibríochtúil agus straitéiseach le Europol, lena n-áirítear trí fhaisnéis oibríochtúil agus straitéiseach a sholáthar agus trí pháirt níos láidre a ghlacadh i dTimthriall Beartais an Aontais/san ardán Eorpach ildisciplíneach i gcoinne bagairtí coiriúla (EMPACT);

Leanúint de dhul i gcomhar le CEPOL chun críoch oiliúna i dtaca le forfheidhmiú an dlí;

Leanúint de phóilíneacht bunaithe ar fhaisnéis a fhorbairt a thuilleadh mar aon le córas aontaithe um anailís na coireachta, lena n-áirítear tríd an straitéis póilíneachta bunaithe ar fhaisnéis a ghlacadh agus a chur chun feidhme.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Leanúint de na hiarrachtaí i réimse an choisc agus an chomhraic in aghaidh na coireachta eagraithe, go háirithe i gcreat Thimthriall Beartais an Aontais chun dul i ngleic le coireacht idirnáisiúnta eagraithe agus thromchúiseach/an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT);

Feabhas a chur ar an gcomhar lena dtugtar aghaidh ar chibearchoireacht agus lena soláthraítear oiliúint ábhartha i bhforfheidhmiú an dlí d’údaráis na Seoirsia;

Dlús a chur le hiarrachtaí sa chomhrac i gcoinne na cibearchoireachta chun go bhforbrófar creat cuimsitheach dlí agus institiúideach i gcomhréir le Coinbhinsiún Bhúdaipeist;

Neart breise a chur leis an gcomhar trasteorann um fhorfheidhmiú an dlí chun grúpaí coireachta eagraithe sa tSeoirsia a chomhrac.

3.5   Drugaí mídhleathacha a chomhrac

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Leanúint den chomhar i dtaca le cosc drugaí agus de bheith ag cur beartais drugaí i gcomhréir iomlán le seasamh an Aontais agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar shásraí coisctheacha tríd an Straitéis Náisiúnta le haghaidh Mí-Úsáid Drugaí a Chosc 2021-2026 agus na Pleananna Gníomhaíochta a ghabhann léi a chur chun feidhme;

Dlúthchomhar a choinneáil ar bun leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (EMCDDA) chun go bhfeabhsófar inniúlacht Fhaireachlann Náisiúnta na Seoirsia um Dhrugaí (NDO) agus go malartófar faisnéis atá ábhartha agus bailí;

Cur chun feidhme na Straitéisí Náisiúnta Frithdhrugaí agus na pleananna gníomhaíochta a ghabhfaidh leo a áirithiú.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Leanúint de chur chuige cothrom agus comhtháite a áirithiú i leith saincheisteanna drugaí chun go gcuirfear neart leis na córais atá ann chun déileáil le hiarmhairtí úsáid drugaí chomh maith le cosc níos éifeachtaí a áirithiú agus obair maidir le soláthar drugaí aindleathacha, le gáinneáil orthu agus leis an éileamh atá orthu a laghdú;

Leanúint den idirphlé tráthrialta faoi chuimsiú chreat an Idirphlé ar Dhrugaí de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir (EaP).

3.6.   Maoiniú le haghaidh frithsciúradh airgid agus frithsceimhlitheoireachta

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Reachtaíocht na Seoirsia a chur i gcomhréir leis an gceathrú agus leis an gcúigiú Treoir AE maidir le Frithsciúradh Airgid;

Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an líon orduithe calctha a eisíodh agus ar luach measta maoin chalctha agus choigistithe, chun a áirithiú go gcuirfear reachtaíocht na Seoirsia maidir le sócmhainní coiriúla a choigistiú chun feidhme.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Leanúint d’iarrachtaí lena bhforbraítear a thuilleadh an creat dlí agus institiúideach le haghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear trí chomhfhogasú a dhéanamh le dlí an Aontais sna réimsí sin;

Leanúint de chur chun feidhme na gcaighdeán sna moltaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) maidir le maoiniú sceimhlitheoireachta;

Leanúint den chomhar maidir le saincheisteanna sciúradh airgid le FATF, le Comhairle na hEorpa, leis an roghchoiste saineolaithe chun bearta frithsciúradh airgid a mheas (MONEYVAL), chomh maith leis na húdaráis ábhartha i mBallstáit an Aontais;

Leanúint den chomhar oibríochtúil maidir le coigistiú, aisghabháil sócmhainní agus bainistiú sócmhainní trí chumarsáid éifeachtach agus malartú dea-chleachtas idir údaráis na Seoirsia agus Oifig an Aontais um Aisghabháil Sócmhainní.

3.7   Comhar dlíthiúil

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Leanúint den chomhaontú comhair oibríochtúil le Eurojust a chur chun feidhme.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Feabhas a chur ar an gcomhar in ábhair shibhialta agus thráchtála trí Choinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 maidir le Seirbheáil Doiciméad Breithiúnach agus Seachbhreithiúnach in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála ar an gCoigríoch a chur chun feidhme mar aon le Coinbhinsiún na Háige an 18 Márta 1970 ar Fhianaise a Ghlacadh in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála thar lear;

Aontú do phríomh-Choinbhinsiúin Chomhdháil na Háige ar an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach i réimse an chomhair bhreithiúnaigh, agus sa réimse cosanta leanaí chomh maith, amhail Coinbhinsiúin 2005 um Chomhaontuithe maidir le Roghnú Cúirte agus Coinbhinsiún na Háige an 23 Samhain 2007 maidir le hAisghabháil Idirnáisiúnta Tacaíocht Leanaí agus Cineálacha eile de Chothabháil Teaghlaigh agus an Prótacal a ghabhann leis maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le hoibleagáidí cothabhála;

Feabhas a chur ar chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla trí aontú do na coinbhinsiúin ábhartha agus iad a chur chun feidhme, go háirithe coinbhinsiúin Chomhairle na hEorpa.

4.    Trádáil agus Ábhair a Bhaineann le Trádáil

Leanfaidh na Páirtithe de chomhtháthú a dhoimhniú ar bhonn an Chomhaontaithe Comhlachais agus an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála (DCFTA). Is eol do na Páirtithe nár baineadh acmhainneacht iomlán an chomhaontaithe seo amach go fóill, agus rachaidh siad i mbun comhair chun comhlíontacht le aquis an Aontais a bhaint amach, mar a chuirtear in iúl sna hiarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais/DCFTA, go háirithe sna réimsí a bhaineann le trádáil, mar a leagtar amach thíos.

Le cur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe Comhlachais agus DCFTA a ghabhann leis, agus iad nasctha leis an bpróiseas níos leithne comhfhogasaithe rialála agus leis na hathchóirithe ábhartha atá riachtanach, rannchuideofar le cúinsí a bhunú le haghaidh caidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála leis an Aontas Eorpach a mbeidh comhtháthú grádaithe eacnamaíoch i Margadh Inmheánach an Aontais Eorpaigh mar thoradh air, mar a shamhlaítear sa Chomhaontú Comhlachais. Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun an Comhaontú Comhlachais/ DCFTA a chur chun feidhme. Rachaidh an dá Pháirtí i mbun comhair go tráthrialta lena n-áirítear trí na struchtúir dhéthaobhacha a bunaíodh faoin gComhaontú Comhlachais AE-an tSeoirsia, agus faoi chuimsiú creataí iltaobhacha chomh maith.

Cuirfidh an tSeoirsia neart leis an gcreat náisiúnta institiúideach chun cur chun feidhme, forfheidhmiú agus faireachán neamhchlaonta na reachtaíochta nua arna glacadh i ngach réimse ábhartha a áirithiú.

Cuirfidh an tSeoirsia an tAontas Eorpach ar an eolas go tráthrialta faoi staid reatha an chomhfhogasaithe trí na fochoistí speisialaithe agus i gcreat ilbhliantúil Choiste an Chomhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála. Nuair is iomchuí, agus le comhaontú an dá Pháirtí, soláthróidh an tAontas Eorpach cúnamh agus saineolas chun cabhrú le húdaráis na Seoirsia sa phróiseas seo.

4.1   Trádáil in earraí

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Réimse an staidrimh trádála a fheabhsú a thuilleadh;

Comhoibriú chun éagsúlú struchtúr onnmhairithe na Seoirsia a mhéadú, lena n-áirítear onnmhairiú táirgí nua go dtí margadh an Aontais.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Dul i mbun dlúthchomhair d’fhonn an sásra frith-imchéimniúcháin a chur i bhfeidhm go héifeachtach;

Cúnamh a thabhairt don tSeoirsia chun reachtaíocht a d’fhéadfadh a bheith beartaithe aici a ullmhú maidir le rochtain ar an margadh nó saincheisteanna ábhartha eile (i.e. cosaint trádála) a dhréachtú agus a chur chun feidhme;

Malartú faisnéise a áirithiú maidir le forbairtí a bhaineann le rochtain ar an margadh agus maidir leis an mbeartas i leith rochtain ar an margadh.

4.2   Rialacháin Theicniúla, Caighdeánú agus Bonneagar Gaolmhar

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Reachtaíocht a fhorbairt leis an tSeoirsia a mbeidh tiomantas inti dá cur chun feidhme ar bhonn an Chomhaontaithe Comhlachais dá bhforáiltear sa Straitéis um Bacainní Teicniúla ar an Trádáil (TBT) a ghabhann leis;

Bonneagar a bhaineann le riar caighdeán, rialachán teicniúil, méadreolaíochta, faireachais margaidh, creidiúnaithe, agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a fhorbairt a thuilleadh, lena n-áirítear trí thacaíocht ón Aontas;

Ullmhúchán agus cur in oiriúint páirtithe leasmhara, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha, a éascú i dtaca le cur chun feidhme na reachtaíochta comhfhogasaithe;

Leanúint den Straitéis Faireachais Margaidh le haghaidh earraí tionsclaíocha a chur chun feidhme;

I réimse an Fhaireachais Margaidh, neart a chur le hinniúlachtaí riaracháin institiúidí agus údarás faireachais margaidh ábhartha de chuid stát na Seoirsia;

Oiliúint bhreise foirne a sholáthar le haghaidh riar comhlachtaí agus gníomhaireachtaí a oibríonn ar rialacháin theicniúla, méadreolaíocht, caighdeánú agus creidiúnú;

Faisnéis a mhalartú maidir le gnéithe ábhartha uile TBT agus Straitéisí Faireachais Margaidh na Seoirsia, lena n-áirítear creataí ama mar is infheidhme.

4.3   Bearta Sláintíocha agus Fíteashláintíochta (SPS)

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Tacú leis an gcóras luathrabhaidh le haghaidh sábháilteacht bia agus beatha, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí;

Feachtais faisnéise a eagrú le gníomhaireachtaí, gnólachtaí, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (NGOnna) ábhartha maidir leis na ceanglais le haghaidh rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais agus na feachtais sin a eagrú leis an tsochaí shibhialta chomh maith maidir leis na gnéithe ábhartha cosanta tomhaltóirí a bhaineann le bia agus sábháilteacht bia;

Comhairle theicniúil bhreise agus tacaíocht Aontais a sholáthar don tSeoirsia i ndréachtú agus i gcur chun feidhme reachtaíocht maidir le SPS, lena n-áirítear an fhoireann ábhartha a chur faoi oiliúint, fothú acmhainneachta a sholáthar don údarás inniúil agus tacú le hacmhainneacht saotharlainne a fheabhsú, i gcomhréir le ceanglais an Aontais;

Tacú leis an tSeoirsia i gcur chun feidhme rathúil na reachtaíochta comhfhogasaithe i réimse na mbeart SPS;

Feabhas a chur ar chomhoiriúnú inniúlacht ghnólachtaí de chuid na Seoirsia le haghaidh reachtaíocht chomhfhogasaithe a chur chun feidhme. Tacaíocht le comhoiriúnú acmhainneachta a dhíriú go sonrach ar oibreoirí gnólachtaí bia idir mhicrea-oibreoirí, oibreoirí beaga agus oibreoirí meánmhéide.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Tacú leis an tSeoirsia chun neart a chur le hanailís riosca sa réimse SPS; fíteashláintíocht tréidliachta agus seiceálacha sábháilteachta bia ag na pointí cigireachta teorann a áirithiú; comhoiriúnú gnólachtaí na Seoirsia a éascú le haghaidh cur chun feidhme reachtaíocht chomhfhogasaithe; dul chun cinn a dhéanamh maidir le húdarú táirgí breise bia lena gcur chuig margadh an Aontais;

Dul i mbun comhair sa réimse leasa ainmhithe agus maidir le laghdú ar an úsáid a bhaintear as antaibheathaigh i dtáirgeadh ainmhithe chun bac a chur ar fhrithsheasmhacht antaibheathach.

4.4   Éascú custaim agus trádála

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Leanúint de dhul i mbun comhair san obair leanúnach i leith reachtaíocht na Seoirsia a chomhfhogasú do acquis an Aontais agus do na caighdeáin a liostaítear san Iarscríbhinn ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais amhail an Cód Custaim nua;

Cur chun feidhme an Chreata Straitéisigh le haghaidh comhar custaim a áirithiú, le hathbhreithniú leantach agus nuashonrú de réir mar is gá;

Leanúint de thacú le reachtaíocht na Seoirsia maidir le cearta maoine intleachtúla (IPR) a bheith á bhforfheidhmiú ag custaim a chur chun feidhme maidir le acquis an Aontais, mar a shamhlaítear sa Chomhaontú Comhlachais;

Faisnéis faoi chur chun feidhme an Chóid Custaim a chur in iúl go tráthrialta;

Cúnamh a thabhairt don tSeoirsia i leith a aontachais leis an gCoinbhinsiún ar Nós Imeachta Comhchoiteann um earraí faoi bhealach.

Dul i mbun comhair maidir le bearta a bhaineann le tionscnaimh agus ardáin digitithe Custam atá oscailte don tSeoirsia.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Leanúint d’údaráis chustaim na Seoirsia a nuachóiriú;

Leanúint de nósanna imeachta custaim a shimpliú agus a nuachóiriú;

Dul i mbun comhair maidir le rialú rioscabhunaithe custaim agus comhroinnt faisnéise ábhartha lena rannchuidítear le feabhas a chur ar bhainistiú riosca agus slándáil na slabhraí soláthair, éascú na trádála dlisteanaí agus sábháilteacht agus slándáil earraí a allmhairítear, a onnmhairítear nó a chuirtear faoi bhealach;

Neart a chur leis an idirphlé maidir leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise chun go gcuirfear bac ar thrádáil neamhdhlisteanach, lena n-áirítear trádáil i dtáirgí inmháil, go háirithe trí fheabhas a chur ar an gcomhar i gcreat an Phrótacail ar Chúnamh Riaracháin Frithpháirteach i gCúrsaí Custaim;

Acmhainneacht a fhothú chun go bhfeabhsófar cur chun feidhme an chomhthéacs dhigitigh custam;

Obair a dhéanamh i leith aitheantas frithpháirteach a bhaint amach i dtaca le Córas Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe mar a bheartaítear sa Chomhaontú Comhlachais.

4.5   Rialacha Tionscnaimh

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Forálacha an Choinbhinsiúin Uile-Eora-Mheánmhara a chur chun feidhme, go háirithe sa réimse cruthúnais tionscnaimh (eisiúint agus fíorú, comhlíontacht leis na rialacha tionscnaimh) agus comhar custaim.

4.6   Bunú, Trádáil i Seirbhísí agus Ríomhthráchtáil

Acmhainneacht leordhóthanach riaracháin a fhothú agus foireann a oiliúint chun comhfhogasú reachtach beartaithe a ghabháil de láimh;

Faisnéis agus taithí a mhalartú maidir le hardáin idir-inoibritheacha um thrádáil ríomhthráchtála a fhorbairt;

Faisnéis agus taithí a mhalartú maidir le feasacht a ardú i measc páirtithe leasmhara i ndáil le cur chun feidhme agus forfheidhmiú phríomhfhorálacha Threoir an Aontais um Sheirbhísí Poist, na hoibleagáide seirbhíse uilechoitinne go háirithe, chomh maith le beartas ábhartha eile na hearnála poist.

4.7   Soláthar Poiblí

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Comhréir an tsoláthair dhírigh a laghdú (gan iarratas oscailte ar thairiscintí) trí reachtaíocht thánaisteach níos déine agus cur i bhfeidhm níos déine rialacha, go háirithe maidir le soláthar díreach atá mar thoradh ar ghá práinneach agus ar theagmhais atá faoi chreat ama srianta;

Comhlacht neamhspleách agus neamhchlaonta le haghaidh soláthar poiblí a bhunú, i gcomhréir leis an gcreat dlí athbhreithnithe;

Faisnéis bheacht thráthúil a sholáthar faoi obair reachtach a bheartaítear a mbeidh tionchar aici ar bheartas soláthair agus ar a chur chun feidhme, le haghaidh comhfhogasú dlíthiúil agus bunú institiúidí i réimse an tsoláthair phoiblí araon;

Glacfaidh an Chomhairle Comhlachais an Cinneadh Comhpháirteach ábhartha maidir le rochtain ar an margadh a dheonú i gcomhréir le comhlánú Chéim I den treochlár maidir leis an gcaibidil soláthair.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Déanfaidh na Páirtithe tuilleadh idirphlé ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú Comhlachais;

Tá an tSeoirsia chun leanúint den reachtaíocht nua soláthair phoiblí a dhréachtú agus a ghlacadh, le tacaíocht ón Aontas, i gcomhréir leis an bpróiseas comhfhogasaithe agus leis an gcreat ama dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais.

4.8   Cearta Maoine Intleachtúla (IPR)

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Tacú le feidhmiú ‘Sakpatenti’, Ionad Náisiúnta Maoine Intleachtúla na Seoirsia chun cosaint chearta maoine na tionsclaíochta agus cosaint cóipchirt a áirithiú; comhar le húdaráis tríú tíortha agus comhlachais tionsclaíochta a leathnú;

Neart a chur le hinniúlacht forfheidhmithe comhlachtaí rialtasacha nó gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus a áirithiú chomh maith go bhfeidhmeoidh an córas breithiúnais mar is ceart chun rochtain ar an gceartas a ráthú do shealbhóirí ceart agus cur chun feidhme smachtbhannaí a ráthú;

Bearta éifeachtacha a dhéanamh in aghaidh góchumadh agus píoráideacht, lena n-áirítear faisnéis staidrimh a tháirgeadh maidir leis na gníomhaíochtaí sin nach mór a chomhroinnt idir na Páirtithe;

Dul i mbun comhair maidir le córas um ídiú ceart intleachtúil a bhunú in ábhair maoine intleachtúla.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Leibhéal ard cosanta agus forfheidhmithe IPR a áirithiú do shealbhóirí ceart ón dá Pháirtí;

Bearta a dhéanamh chun feasacht an phobail a mhéadú i réimse na cosanta maoine intleachtúla agus tionsclaíochta agus ar an gcaoi chun úsáid a bhaint as an maoin sin, agus idirphlé éifeachtach le sealbhóirí ceart a áirithiú.

4.9   Iomaíocht

Tosaíochtaí meántéarmacha

Dul i mbun comhair maidir le cur chun feidhme na Caibidle Iomaíochta den Chomhaontú Comhlachais agus na n-athchóirithe gaolmhara. Tríd an gcomhar, rachfar i ngleic le creat tionsclaíochta agus le hinniúlachtaí riaracháin ábhartha Údarás Iomaíochta na Seoirsia chun go ráthófar cur chun feidhme éifeachtach na reachtaíochta ábhartha iomaíochta;

Clúdófar sa chomhar freisin idirphlé feabhsaithe maidir le gníomhaíochtaí forfheidhmithe sna réimsí iomaíochta agus fóirdheontais.

4.10   Trédhearcacht

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Neart breise a chur le cur chun feidhme na ngealltanas i dtaca le trédhearcacht i gceapadh beartas a bhaineann le trádáil;

Dea-chleachtais agus an taithí ar cheapadh trédhearcach beartas faoi seach a phlé, faisnéis a mhalartú agus oiliúint ábhartha a sholáthar, lena n-áirítear ar shásraí cumarsáide agus ar chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara, chomh maith le seimineáir agus imeachtaí eile don phobal i gcoitinne a stiúradh lena ndírítear ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais agus an phróisis comhfhogasaithe a mhíniú.

4.11   Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Córas iomchuí forfheidhmithe agus maoirseachta a bhunú le haghaidh gach ceart agus caighdeán saothair, agus go háirithe maidir le díothú saothair leanaí, i gcomhréir le prionsabail agus cleachtais AE agus idirnáisiúnta;

Dul i mbun comhair maidir le cur chun feidhme an Rannchuidithe Beartaithe arna Chinneadh go Náisiúnta a tugadh cothrom le dáta agus maidir leis an straitéis i dtaca le hastaíochtaí ísle fadtéarmacha a fhorbairt i gcomhréir le Comhaontú Pháras;

Neart breise a chur le héifeachtacht chur i bhfeidhm an chórais CITES, go háirithe le haghaidh speicis a mbíonn líon ard díobh á dtrádáil leis an Aontas, amhail Galanthus spp;

Leanúint de dhea-chleachtais a fheabhsú agus a mhalartú faoin gCaibidil ar rannpháirtíocht pháirtithe leasmhara agus ar idirphlé leis an tsochaí shibhialta;

Leanúint den idirphlé maidir le cur chun feidhme na ngealltanas a bhaineann le trádáil agus forbairt inbhuanaithe.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Leanúint den fhaisnéis a mhalartú faoi chur chun feidhme éifeachtach caighdeán saothair, agus faoi sheasamh le cosaint ceart oibrithe, lena n-áirítear maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach;

Plé a dhéanamh ar chur chun feidhme comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil a bhfuil an dá thaobh páirteach iontu;

Dul i mbun comhair maidir le creat uaillmhianach bithéagsúlachta domhanda a shaothrú faoin gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch.

5.    Comhar Eacnamaíoch agus Earnála

Rachaidh na páirtithe i mbun comhair chun dlús a chur le forbairt eacnamaíoch agus comhtháthú eacnamaíoch, lena n-áirítear tríd an gcomhar earnála a dhoimhniú, trí thacú le forbairt Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna), agus trí dhíriú ar fhás eacnamaíoch a bhaint amach atá inbhuanaithe, glas, uilechuimsitheach agus digiteach. Rachaidh na páirtithe i mbun comhair chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí socheacnamaíocha phaindéim COVID-19 agus athléimneacht ghearrthéarmach agus fhadtéarmach á cothú i gcomhthráth. Oibreoidh na Páirtithe as láimh a chéile chun obair chuibhiúil agus dálaí cothroma oibre a áirithiú do chách, chun neart a chur le comhdheiseanna agus le rochtain ar an margadh agus chun bochtaineacht agus eisiamh sóisialta a chomhrac. Cuirfidh an tSeoirsia neart lena cóineasú rialála le acquis an Aontais i gcomhréir le gealltanais an Chomhaontaithe Comhlachais. Cuirfidh sí neart freisin leis an gcreat náisiúnta institiúideach chun go n-áiritheofar cur chun feidhme, forfheidhmiú agus faireachán neamhspleách na reachtaíochta nua arna glacadh i ngach réimse ábhartha. Cuirfidh an tSeoirsia an tAontas Eorpach ar an eolas go tráthrialta faoi staid reatha an chomhfhogasaithe trí na fochoistí speisialaithe agus, nuair is iomchuí, agus le comhaontú an dá Pháirtí, soláthróidh an tAontas cúnamh agus saineolas chun cabhrú le húdaráis na Seoirsia sa phróiseas sin.

5.1   Forbairt Eacnamaíoch agus Deiseanna Margaidh

Tosaíochtaí meántéarmacha

Dul i mbun comhair chun tacú leis an tSeoirsia i mbunú geilleagair mhargaidh lánfheidhmiúil, ag díriú ar fhás eacnamaíoch inbhuanaithe, glas agus uilechuimsitheach a bhaint amach, agus ar a cuid beartas a chomhfhogasú de réir a chéile leis na beartais AE i gcomhréir le prionsabail threoracha na cobhsaíochta maicreacnamaíocha, an airgeadais fónta phoiblí, córas láidir airgeadais agus comhardú inbhuanaithe íocaíochtaí;

Faireachán a dhéanamh ar an méid atá tite amach i gcúrsaí maicreacnamaíocha, na príomhdhúshláin bheartais a phlé agus faisnéis a mhalartú maidir le dea-chleachtais trí neart a chur leis an idirphlé tráthrialta ar chúrsaí maicreacnamaíocha chun cáilíocht i gceapadh beartas eacnamaíoch a fheabhsú;

Neart a chur le neamhspleáchas agus le hinniúlacht rialála Bhanc Náisiúnta na Seoirsia (NBG) agus taithí an Aontais maidir le beartas airgeadaíochta agus rátaí malartaithe, lena n-airítear ról idirnáisiúnta an euro, a chomhroinnt chun acmhainní na Seoirsia sna réimsí sin a fhorbairt a thuilleadh;

Feabhas breise a chur ar inbhuanaitheacht agus rialachas na hairgeadaíochta poiblí trí leanúint de na hathchóirithe fioscacha a fheabhsú;

Feabhas a chur ar éifeachtúlacht Fiontair atá Faoi Úinéireacht Stáit agus rioscaí ábhartha fioscacha a laghdú a thuilleadh trí chaighdeáin rialachais chorparáidigh a ghlacadh;

Beart sábháilteachta sóisialta inbhuanaithe, cuimsitheach agus spriocdhírithe go maith a fhorbairt;

Cuimsiú na mban sa margadh saothair agus i ngnó a chothú níos fearr.

5.2   Talmhaíocht agus Forbairt Tuaithe

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Forbairt na Straitéise Forbartha Talmhaíochta agus Tuaithe (ARDS) 2021-2027 agus na Pleananna Gníomhaíochta ábhartha a áirithiú;

An doiciméad straitéise le haghaidh comhpháirt Sábháilteacht na Straitéise Forbartha Talmhaíochta agus Tuaithe (ARDS) 2021-2027 a ghlacadh faoi 2021;

Athchóiriú institiúideach na forbartha tuaithe a chur chun feidhme;

Tacú le forbairt slabhraí luacha éifeachtúla, tacú le SMEnna chun a n-iomaíochas a mhéadú in earnálacha roghnaithe a bhfuil luach ard onnmhairithe acu; an comhleanúnachas idir roghnú slabhraí luacha tosaíochta agus tosaíochtaí trádála a atreisiú;

Deiseanna a áirithiú do mhná i ngeilleagair éagsúlaithe tuaithe;

Soláthar na seirbhísí poiblí uile i gceantair thuaithe a áirithiú, agus béim ar leith á cur ar na háiteanna tuaithe is iargúlta, ionas nach bhfágfar aon duine ar lár.

Tosaíochtaí meántéarmacha:

Éifeachtúlacht na n-institiúidí atá freagrach as talmhaíocht agus forbairt tuaithe a nuachóiriú agus a fheabhsú, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara earnála ábhartha uile sa phróiseas sin. Neart breise a chur leis an sásra comhordaithe idir na heagraíochtaí rialtais agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

Talmhaíocht aeráidchliste, teicneolaíochtaí atá tíosach ar fhuinneamh agus dea-chleachtais talmhaíochta eile a chur chun cinn agus a éascú; táirgeadh, próiseáil agus stóráil táirgí talmhaíochta a nuachóiriú agus a fheabhsú chun go méadóidh ar tháirgeacht, luach breise agus iomaíochas thalmhaíocht na Seoirsia;

Glacadh caighdeán margaíochta a éascú le haghaidh táirgí margaíochta de réir a chéile chun go dtacófar le sábháilteacht bia a bheidh níos fearr agus go leanfar de scéimeanna ardcháilíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear talmhaíocht orgánach agus táirgí a ngabhann tásca geografacha leo;

Feabhas a chur ar iomaíochas agus inbhuanaitheacht na táirgeachta talmhaíochta, lena n-áirítear trí bharainneacht scála a chothú trí chomharchumainn talmhaíochta agus eagraíochtaí táirgeoirí atá dírithe ar an margadh, agus trí chórais comhairleacha agus leata eolais a fhorbairt le haghaidh méadú táirgeachta agus breisiú onnmhairí; táirgeacht orgánach a chur chun cinn trí rochtain ar chreidmheas inmharthana agus acmhainní airgeadais inmharthana a éascú le haghaidh talmhaíochta;

Tosú ar chóineasú forchéimnitheach agus cur chun feidhme beartas éifeachtach forbartha talmhaíochta agus tuaithe, ar bhonn mhúnlaí cruthaithe AE;

Feabhas a chur ar dhálaí fostaíochta agus maireachtála sna ceantair thuaithe trí fheabhas a chur ar bhainistiú acmhainní nádúrtha, feabhas a chur ar sheirbhísí agus bonneagar agus an geilleagar tuaithe a éagsúlú.

5.3   Rialú Inmheánach Airgeadais san Earnáil Phoiblí agus Iniúchóireacht Sheachtrach

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

An córas inmheánach rialaithe a fhorbairt a thuilleadh faoi fhreagracht na bainistíochta díláraithe, lena n-áirítear iniúchadh atá neamhspleách ó thaobh feidhmithe de ar údaráis stáit trí chomhchuibhiú a áirithiú le caighdeáin idirnáisiúnta a nglactar leo i gcoitinne, trí chreataí agus trí dhea-chleachtas AE.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Leanúint d’fheabhas a chur ar an gcóras rialaithe inmheánaigh agus ar an gcóras iniúchta inmheánaigh san earnáil phoiblí i gcomhréir le measúnú ar an mbearna idir an cleachtas reatha agus caighdeáin idirnáisiúnta a nglactar leo i gcoitinne, creataí agus dea-chleachtas AE;

A áirithiú go ndéanfar forbairt bhreise ar fheidhm iniúchta sheachtraigh Chúirt na gCuntas (Oifig Stáit na Seoirsia le haghaidh Iniúchadh), i gcomhréir le caighdeáin a nglactar leo i gcoitinne (caighdeáin INTOSAI).

5.4   An tsláinte phoiblí

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Dul chun cinn breise a dhéanamh in acquis an Aontais um an tsláinte, mar a luaitear in iarscríbhinní ábhartha an Chomhaontaithe Comhlachais, go háirithe sa réimse sábháilteachta fola, rialaithe tobac, cáilíochta agus sábháilteachta substaintí de bhunús daonna (fíochán fola, orgáin, cealla), galair theagmhálacha agus ullmhacht paindéime i gcomhréir freisin le hoibleagáidí idirnáisiúnta na Seoirsia faoin gCreat-Choinbhinsiún maidir le Rialú Tobac agus faoi na Rialacháin Idirnáisiúnta Sláinte;

Feabhas a chur ar an gClár Cúraim Sláinte Uilíoch agus laghdú a dhéanamh ar na costais neamh-in-aisíoctha a ghearrtar ar na hothair. Digitiú a mhéadú (r-shláinte);

Feabhas a chur ar cháilíocht agus inrochtaineacht cúraim sláinte ag díriú ar ghalair a chosc agus cáilíocht saoil a fheabhsú;

Clabhsúr a chur ar an Straitéis Náisiúnta Sláinte agus ar na Pleananna Gníomhaíochta a ghabhann léi, agus an cur chun feidhme a thosú agus a ghlacadh;

Neart a chur le gníomhaíocht náisiúnta ilearnála chun athléimneacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a chomhrac inter alia trí fhaireachas a neartú, úsáid stuama a bhaint as ábhar frithmhiocróbach agus ionfhabhtú a rialú i suíomhanna cúraim sláinte;

Ullmhú le haghaidh cur chun feidhme na Comhdhála Idirnáisiúnta um Chomhchuibhiú Ceanglas Teicniúil i ndáil le Clárú Cógaisíochta atá le hÚsáid ag an Duine (ICH), i gcreat an chomhfhogasaithe le acquis cógaisíochta AE. Leis an méid sin bheadh bunús maith ag an tSeoirsia chun cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht cógas a áirithiú (le haghaidh allmhairithe, nó le haghaidh monaraíocht/tomhaltas áitiúil).

Tosaíochtaí meántéarmacha

Feabhas a chur ar chuimsitheacht na seirbhísí cúraim sláinte agus coisctheacha e.g. stíleanna maireachtála folláine a spreagadh trí rannpháirtíocht CSOnna, údaráis áitiúla;

Neart a chur le ceapadh beartas agus institiúidí cúraim sláinte a rialú agus cearta othar agus in-fhorghníomhaitheacht na gceart sin chomh maith;

Neart a chur leis na hinstitiúidí cúraim sláinte – a bhfuil an chuid is mó díobh faoi stiúir phríobháideach – agus le cuntasacht na n-institiúidí sin trí tháscairí cáilíochta, ceannach atá bunaithe ar luach agus próisis eile bainistithe cáilíochta a bhunú lena n-áirítear aitheantas a thabhairt do chreidiúnú institiúidí cúraim sláinte ag comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe.

5.5   Cánachas

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Reachtaíocht chánach a fheabhsú agus a shimpliú;

Dea-rialachas i réimse an chánachais a chur chun cinn, feabhas a chur ar chomhar idirnáisiúnta agus prionsabail an dea-rialachais i réimse an chánachais, lena n-áirítear na caighdeáin dhomhanda maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise, cánachas cothrom, agus na caighdeáin íosta in aghaidh Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS), a chur chun feidhme;

Feabhas a chur ar inniúlacht lucht riaracháin cánach, go háirithe trí aistriú i dtreo córas rioscabhunaithe le haghaidh rialú níos dírithe cánach agus aisíoc CBL;

Neart a chur leis an gcomhar leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) i ngníomhú agus comhrac in aghaidh na calaoise agus smuigleáil táirgí inmháil;

Bearta a dhéanamh chun beartais maidir le gníomhú agus comhrac in aghaidh na calaoise agus smuigleáil táirgí inmháil a chomhchuibhiú, lena n-áirítear príomhréimsí beartais;

Dul i gcomhar leis an tSeoirsia maidir le haontú do Phrótacal na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) ar mhaithe le Trádáil Aindleathach Táirgí Tobac a Dhíothú agus an prótacal a chur chun feidhme go rathúil;

Comhar a fhorbairt le lucht riaracháin cánach Bhallstáit an Aontais trí thaithí agus treochtaí nua i réimse an chánachais a mhalartú, lena n-áirítear deiseanna a chíoradh i dtaca le lucht riaracháin na Seoirsia a bheith rannpháirteach i gclár Fiscalis an Aontais.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Na rátaí náisiúnta dleachta máil ar tháirgí tobac a chur i gcomhréir, de réir a chéile (faoi 2026) le leibhéil cánach an Aontais;

Reachtaíocht na Seoirsia a chur i gcomhréir de réir a chéile le Treoir2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cánachas táirgí fuinnimh agus leictreachais.

5.6   Staidreamh

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí staidrimh sa tomhas ar shonraí trádála déthaobhaí an Aontais-na Seoirsia;

Forbairt a dhéanamh ar shonraí inscne-dhíchomhiomlánaithe agus ar an úsáid a bhaintear astu chun críoch anailíse agus tuairiscithe.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Comhfhogasú leis an acquis ábhartha AE a áirithiú;

Clár daonra a bhunú sa tSeoirsia;

Staidreamh réigiúnach a tháirgeadh i gcomhréir le rangú NUTS;

Rochtain ar shonraí riaracháin agus a n-úsáid a mhéadú chun críoch staidrimh;

A áirithiú go leanfar de bheith ag cur staidreamh agus sonraí ar fáil do thaighdeoirí, d’iriseoirí agus don phobal i gcoitinne;

An Mhodheolaíocht um Staidreamh Gnó a chur i gcomhréir le caighdeáin AE agus le staidreamh gnó ina leagtar béim ar na sonraí a bheidh riachtanach amach anseo de réir mar is ann dóibh sa Chreat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó (FRIBS); tá cur chun cinn comhroinnt taithí ag tíortha an Aontais i gcur chun feidhme FRIBS inmhianta i dtaca leis an bpróiseas comhréireachta a fheabhsú.

5.7   Beartas tomhaltóirí

Leanúint de reachtaíocht na Seoirsia a chomhfhogasú le reachtaíocht ábhartha an Aontais agus le hionstraimí idirnáisiúnta;

Cosaint tomhaltóirí a neartú sa tSeoirsia, go háirithe trí oiliúint a chur ar oifigigh rialtais agus ar ionadaithe eile le haghaidh leasanna tomhaltóirí maidir le comhfhogasú le reachtaíocht an Aontais agus maidir lena cur chun feidhme dá éis.

5.8   Dlí na gCuideachtaí, Cuntasaíocht agus Iniúchadh agus Rialachas Corparáideach

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Dlí na Seoirsia maidir le Fiontraithe a chur chun feidhme i gcomhréir leis na ceanglais san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Forbairt a dhéanamh ar acmhainneacht riaracháin na n-institiúidí ábhartha stáit;

Caighdeáin idirnáisiúnta iniúchta a fhorbairt a thuilleadh ar an leibhéal náisiúnta agus a gcur i bhfeidhm ag na hiniúchóirí reachtúla uile ar an leibhéal náisiúnta a chur chun cinn;

Faisnéis thráthúil ábhartha bheacht a mhalartú faoi staid reatha na reachtaíochta atá ann faoi láthair agus a comhlíontacht le reachtaíocht an Aontais, bunaithe ar an bhformáid a comhaontaíodh idir na páirtithe, ionas go gcomhlíonfar dlí an Aontais i gcomhréir leis an amchlár a comhaontaíodh.

5.9   Seirbhísí Airgeadais

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Dlí a ghlacadh agus a chur chun feidhme lena leagfar síos árachas éigeantach ar mhótarfheithiclí;

Réimsí a shainaithint inar cheart oiliúint agus fothú acmhainneachta a sholáthar;

Faisnéis thráthúil ábhartha bheacht a sholáthar faoi staid reatha agus forbairt reachtaíocht na Seoirsia arb ann di faoi láthair.

Tosaíochtaí meántéarmacha

An creat rialála agus maoirseachta a fhorbairt a thuilleadh i gcomhréir le caighdeáin rialála a comhaontaíodh ar bhonn náisiúnta, lena n-áirítear cur chuige nua i leith maoirseachta, uirlisí agus ionstraimí;

Feabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin na n-údarás maoirseachta;

Éagsúlú margaí airgeadais a chur chun cinn trí mhargaí árachais, caipitil, pinsin agus trí mhargaí seirbhísí airgeadais neamhbhaincéireachta. Feabhas a chur ar bhonneagar airgeadais agus inbhuanaitheacht agus uilechuimsitheacht airgeadais a chothú;

Tacú leis an tSeoirsia chun na critéir a chomhlíonadh ionas go mbeidh sí páirteach sa Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA) amach anseo.

5.10   Beartas Tionsclaíoch agus Fiontraíochta agus Mianadóireacht

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Straitéis SME na Seoirsia agus na Pleananna Gníomhaíochta comhfhreagracha a chur chun feidhme;

Straitéis SME leantach buiséadaithe a fhorbairt lena n-áirítear creat tomhais feidhmíochta. Comhairliú leis an earnáil phríobháideach a áirithiú. A chur de chúram ar gníomhaireachtaí SME cuspóirí soiléire a bheith acu (lena n-áirítear príomhtháscairí feidhmíochta) agus neamhspleáchas agus leanúnachas oibríochtúil á soláthar i gcomhthráth.

Tosaíochtaí meántéarmacha

An treochlár a bhaineann go sonrach le tír ar leith agus na moltaí Measúnuithe arna ndéanamh ag SBA (an tAcht um Ghnólachtaí Beaga) a chur chun feidhme a mhéid is féidir;

Forbairt SMEnna a nascadh leis na deiseanna a cruthaíodh tríd an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA) lena n-áirítear trí líonraí (tacaíochta) gnó (amhail an Líonra Fiontar Eorpach) agus braislí;

Neart a chur le hIdirphlé Poiblí-Príobháideach chun go gcuirfear feabhas ar rannpháirtíocht fiontair de gach aon saghas agus ar a gcuid comhlachas in ullmhúchán gníomhaíochtaí rialála agus iad a chur ar an eolas maidir le bearta cur chun feidhme in am trátha ionas go bhféadfaidh fiontair – go háirithe SMEnna – na bearta nua a chur in oiriúint dóibh féin;

Deiseanna a fhorbairt le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta de chuid na Seoirsia chun go rachaidh siad isteach i margaí an Aontais agus margaí na Seoirsia;

Feabhas a chur ar an bhfor-rochtain ar mhaoiniú agus ar rochtain air sin le haghaidh SMEnna; cistiú neamhbhaincéireachta a fhorbairt le haghaidh gníomhaíochtaí gnó e.g. caipiteal fiontair, sluachistiú, fiontar sóisialta;

Tacú le comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne i bhforbairt SMEnna sa tSeoirsia trí thacú le méadú chion na bhfiontraithe mná go háirithe i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, sa rochtain atá acu ar mhaoiniú, etc;

Fiontraíocht a chur chun cinn i measc na hóige agus an óige a chur i dtreo an éiceachórais fiontraíochta agus nuathionscanta;

Comhar gnólacht-le-gnólacht níos fearr a éascú trí bhraislí de ghnólachtaí a fhorbairt agus a neartú a dhíríonn ar fhás eacnamaíoch atá inbhuanaithe, glas, agus cuimsitheach, agus deiseanna a eascraíonn as aistriú go dtí geilleagar níos ciorclaí á gcur san áireamh;

Táirgeacht a mhéadú trí, e.g. dhigitiú an geilleagair a mhéadú agus cleachtais nuálacha a chur chun feidhme sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha; tús áite a thabhairt do dhigitiú slabhraí luacha a mbaineann tábhacht straitéiseach leo;

Tríd an bhFochoiste tiomnaithe, faisnéis faoi mhianadóireacht agus miotail a mhalartú chun teacht ar thuiscint níos fearr ar bheartais de chuid na Seoirsia agus an Aontais, lena n-áirítear cur chun feidhme an Tionscnamh Amhábhair den Aontas, an phlean gníomhaíochta maidir le hamhábhair chriticiúla, chlár taighde Fís 2020 agus an clár leantach dá chuid, na Físe Eorpaí agus na Comhpháirtíochta Eorpaí sa Nuálaíocht maidir le hAmhábhar.

5.11   Turasóireacht

Inter alia tríd an bhFochoiste tiomnaithe, faisnéis a mhalartú maidir le forbairt na turasóireachta sa tSeoirsia agus san Aontas, lena n-áirítear maidir le himeachtaí ábhartha agus dea-chleachtais agus tacú leis an tSeoirsia i gcur chun feidhme na Straitéis Turasóireachta dá cuid.

5.12   Fostaíocht, Beartas Sóisialta agus Comhdheiseanna

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Leanúint de reachtaíocht na Seoirsia a chomhfhogasú le acquis an Aontais sna réimsí sláinte agus sábháilteachta ag an obair, dlíthe an tsaothair, comhionannais inscne agus frith-idirdhealaithe i gcomhréir leis na hamlínte san Iarscríbhinn ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais;

An creat dlí a bhunú agus a chur chun feidhme le haghaidh córas éifeachtach forfheidhmithe agus maoirseachta i dtaca leis an reachtaíocht uile saothair agus le dálaí oibre, i gcomhréir le caighdeáin náisiúnta agus prionsabail AE agus acmhainneacht na bpáirtithe sóisialta, na mbreithiúna agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha eile a fhothú maidir le reachtaíocht chomhfhogasaithe;

An ‘Dlí maidir le hArdú Céime san Fhostaíocht’ a chur chun feidhme agus oibriú éifeachtach na Gníomhaireachta nua Stáit um Tacú le Fostaíocht (SESA) a áirithiú, agus acmhainní a áirithiú go háirithe (acmhainní buiséid, foirne);

Straitéis Mhargadh an tSaothair 2020-2023 a chur chun feidhme agus na Pleananna Gníomhaíochta comhfhreagracha;

Inniúlachtaí Aireacht na nDaoine as na Críocha faoi Fhorghabháil atá Easáitithe ina dTír féin, Aireacht an tSaothair, na Sláinte agus na nGnóthaí Sóisialta agus inniúlacht na Roinne Seirbhísí Sibhialta a fhorbairt a thuilleadh;

Feabhas a chur ar an tacaíocht ghníomhach a thugtar do thrasdul na hóige chun comhdheiseanna a áirithiú don aos óg ar fad ionas go bhforbróidh siad na scileanna is gá agus go ngnóthóidh siad taithí phraiticiúil chun gur réidhe a bheidh an trasdul ón oideachas go dtí an margadh saothair;

Bonn tacaíochta a dhéanamh den chóras cosanta sóisialta do ghníomhachtú (rannpháirtíocht sa margadh saothair) agus leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht an chúnaimh shóisialta agus na scéimeanna pinsean a áirithiú.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Leanúint de chóras éifeachtach cigireachta saothair a áirithiú i gcomhréir le cleachtais idirnáisiúnta agus AE chun inniúlachtaí riaracháin agus forfheidhmithe sna réimsí sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus dlíthe an tsaothair a áirithiú, agus leanúint de neart a chur leis na comhlachtaí ábhartha breithiúna agus le hinniúlacht na bpáirtithe leasmhara;

Leanúint de neart a chur le hinniúlachtaí na Gníomhaireachta nua Stáit um Tacú le Fostaíocht (SESA) i gcomhréir le cleachtais na seirbhísí poiblí Eorpacha um an fhostaíocht agus seirbhísí inrochtana agus éifeachtacha a áirithiú;

Cur chuige a stiúradh i leith tacú le daoine óga agus iad ag trasdul to dtí an obair;

Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí Straitéis Mhargadh an tSaothair 2020-2023;

Idirphlé sóisialta dea-fheidhmiúil a choinneáil ar bun trí fheidhmiú éifeachtach an Choimisiúin Thrípháirtigh um Chomhpháirtíocht Shóisialta agus na craoibhe réigiúnaí dá chuid agus trí acmhainneacht na bpáirtithe sóisialta a fhothú;

Tacú le bearta trasearnálacha chun an rochtain ar fhostaíocht le haghaidh daoine i staideanna leochaileacha a fheabhsú;

Forbairt a dhéanamh ar an gCód Sóisialta ag díriú ar an gcóras fostaíochta agus sochar sóisialta agus an córas cúraim sláinte a fheabhsú ag féachaint do dhearcadh níos leithne leasa sóisialaí (fostaíocht, soghluaisteacht shóisialta, cúram sláinte, slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta);

Céimeanna a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar ‘fostaíocht neamhfhoirmiúil’/‘obair neamhdhearbhaithe’ i gcomhar le páirtithe sóisialta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

5.13   An Geilleagar Digiteach agus an tSochaí

Tosaíochtaí meántéarmacha

Oibreoidh na páirtithe as láimh a chéile chun reachtaíocht na Seoirsia a chomhchuibhiú a thuilleadh le Treoir an Aontais le haghaidh Slándáil Gréasán agus Faisnéise (NIS), agus chun feabhas a chur ar chibear-athléimneacht na bpríomhearnálacha bonneagair chriticiúil agus eagraíochtaí na hearnála poiblí, bunaithe ar thaithí, cleachtas agus noirm ábhartha an Aontais;

Comhfhogasú le acquis an Aontais a dhéanamh i réimse na cumarsáide leictreonaí; go háirithe, neart breise a chur le neamhspleáchas agus inniúlacht riaracháin an údaráis náisiúnta rialála le haghaidh cumarsáid leictreonach;

An Comhaontú maidir le Fánaíocht Réigiúnach (a bhfuil coinne lena shíniú go luath in 2022) a chur chun feidhme;

An Comhaontú Comhordúcháin i dtaca le Speictream Réigiúnach (a bhfuil coinne lena shíniú go luath in 2022) a chur chun feidhme;

An Straitéis Náisiúnta Forbartha Leathanbhanda na Seoirsia agus an Plean Gníomhaíochta gaolmhar a chur chun feidhme, agus reachtaíocht Aontais agus dea-chleachtais á gcur san áireamh;

Tacú leis an tSeoirsia i nascacht dhigiteach na Mara Duibhe;

Rachaidh na páirtithe i mbun comhair i leith glacadh creataí dlíthiúla ag an tSeoirsia le haghaidh scéimeanna sainaitheantais leictreonacha agus seirbhísí iontaoibhe leictreonacha, i gcomhréir le reachtaíocht Aontais agus dea-chleachtais, d’fhonn comhaontú féideartha frithpháirteach a dhéanamh le haghaidh seirbhísí iontaobhais;

Feabhas a chur ar gheilleagar digiteach na Seoirsia i réimsí na scileanna digiteacha, na nuálaíochta digití agus na n-éiceachóras nuathionscanta, na cibearshlándála agus na ríomhsheirbhísí le haghaidh saoránaigh agus gnólachtaí agus glacadh sonraí agus seirbhísí spásbhunaithe.

5.14   Iascach agus Beartas Muirí

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Cur chuige comhtháite a chothú i leith gnóthaí muirí, go háirithe trí rannchuidiú le tionscnaimh thrasearnála agus réigiúnacha a fhorbairt sa réimse muirí trí shásra comhordaithe a bhunú, agus trí réimsí comhleasa a shainaithint agus comhoibriú ar bhonn gníomhach le Stáit chósta agus páirtithe leasmhara muirí i réigiún na Mara Duibhe, i gcomhthéacs an Chláir Oibre Choitinn Mhuirí le haghaidh na Mara Duibhe;

Feabhas a chur ar fhaireachán agus ar rialú gníomhaíochtaí iascaireachta agus ar fhaireachán agus rialú ar thrádáil i dtáirgí iascaigh agus ar inrianaitheacht na dtáirgí sin agus ar inniúlacht na n-údarás inniúil, chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte (IUU) a chomhrac go héifeachtach;

An méid a thiteann amach agus na bearta a ghlactar laistigh den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) a leanúint agus clabhsúr a chur ar uasghrádú a stádas mar bhall iomlán GFCM;

Leanúint de rialachas iascaigh agus dobharshaothraithe a chur chun feidhme, i gcomhréir le Straitéis GFCM 2030, i leith inbhuanaitheacht iascaigh sa Mhuir Dhubh agus forbairt inbhuanaithe dobharshaothraithe a bhaint amach;

Leanúint den phróiseas leanúnach de chreat dlíthiúil a ghlacadh lena gcumhdófar iascaireacht agus gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht a dhéanann cabhlach fadraoin na Seoirsia agus uirlisí a ghlacadh le haghaidh an chreata dlíthiúla sin a chur chun feidhme chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (IUU) a chomhrac go héifeachtach.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Na céimeanna is gá a dhéanamh chun iascaigh inbhuanaithe a bhaint amach sa Mhuir Dhubh, i gcreataí déthaobhacha agus iltaobhacha araon ar bonn cur chuige éiceachórais i leith bainistiú iascaigh;

Comhar eolaíoch agus theicniúil a mhéadú ar an leibhéal réigiúnach agus déthaobhach d’fhonn acmhainneacht i leith faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, bailiú sonraí agus suirbhéanna ar muir a áirithiú d’fhonn feabhas a chur ar mheastóireacht staid na stoc agus ar idirghníomhaíocht iascaigh leis an gcomhshaol muirí;

úsáid a bhaint as deiseanna i dtaca le cúnamh teicniúil le haghaidh iascaigh, ag déanamh faireacháin ar fhorbairt bhreise rialaithe agus faireachais chun tacú le hoibriú an lárionaid faireacháin iascaigh agus an chórais leictreonaigh le haghaidh soithí iascaireachta;

Na bearta is gá a ghlacadh lena áirithiú go gcuirfear an creat dlíthiúil chun feidhme mar is ceart, ar creat é lena gcumhdófar iascaireacht agus gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht a dhéanann cabhlach fadraoin na Seoirsia, lena n-áirítear faireachán agus uirlisí rialaithe agus faireachais i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin, chun go rachfar i ngleic le hiascaireacht IUU;

Tacú ar bhonn gníomhach le cur chun feidhme an Chláir Oibre Choitinn Mhuirí le haghaidh na Mara Duibhe agus tionscadail a bheadh iontaofa ó thaobh brabúis de a shainaithint;

Feabhas a chur ar choinníollacha le haghaidh iascaigh ar mhionscála agus le haghaidh forbairt dobharshaothraithe, feabhas a chur ar bhailiú sonraí, ar rochtain ar mhargaí áitiúla agus ar an slabhra soláthair, ar chaighdeáin sábháilteachta bia i leith iascaigh ar mhionscála agus táirgí dobharshaothraithe, agus bunú eagraíochtaí táirgeoirí a spreagadh.

6.    Nascacht, Fuinneamh, Comhshaoil, Gníomhú ar son na hAeráide agus Cosaint Shibhialta

Rachaidh na páirtithe i mbun comhair chun cur chun feidhme acquis an Aontais a chothú i ngach modh iompair agus é de chuspóir leis sin feabhas a chur ar nascacht fhisiciúil, agus ar chaighdeáin ghaolmhara agus ar ghnéithe rialála agus sábháilteachta chomh maith. Rachaidh na páirtithe i mbun oibre le chéile i leith athléimneacht comhshaoil agus aeráide a bhaint amach trí – laistigh d’iarrachtaí i leith téarnamh iar-COVID-19 freisin – gheilleagar nuachóirithe, a bheidh éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus glan agus ciorclach a chur chun cinn a mbeidh glasú an gheilleagair mar thoradh air agus a mbeidh úsáid níos inbhuanaithe á baint as acmhainní nádúrtha mar thoradh air freisin. Le cur chun cinn éifeachtúlacht fuinnimh, le tacaíocht ina leith sin agus le úsáid a bheith á baint as fuinneamh inathnuaite, rannchuideofar a thuilleadh le hastaíochtaí a laghdú. Cuirfear neart breise le comhar maidir le cosc tubaistí, ullmhacht agus freagairt.

6.1   Iompar

Tosaíochtaí meántéarmacha

Cur chun feidhme acquis an Aontais a shaothrú chun an leas iomlán a bhaint as an gComhaontú maidir le Comhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia;

Feabhas a chur ar shábháilteacht sna modhanna iompair uile (eitlíocht, iompar de bhóthar, iompar muirí, bóithre iarainn);

Tacú leis an tSeoirsia i gcur ar bun bunachair sonraí chuimsithigh chun foráil a dhéanamh maidir leis na sonraí is gá i dtaca le staid sábháilteachta na mbóithre faoi láthair (sonraí faoi imbhuailtí agus gortuithe tromchúiseacha) ionas go mbeidh ann do ghníomhaíochtaí a bhaineann le beartas agus a bheidh níos éifeachtúla;

I bhfianaise a thábhachtaí atá sábháilteacht bóithre, tacaíocht bhreise a sholáthar don tSeoirsia agus í i mbun an reachtaíocht sábháilteachta bóithre dá cuid a chomhchuibhiú le acquis an Aontais, lena n-áirítear bainistiú sábháilteachta bóithre agus fothú acmhainneachta;

Tacú le hathchóiriú earnáil na Seoirsia le haghaidh bóithre iarainn, rud a d’fhéadfadh rannchuidiú go háirithe le hiompar níos inbhuanaithe a bhaint amach, trí lastas a aistriú ó na bóithre go dtí an bóthar iarainn;

Bonneagar a fhorbairt a thuilleadh, go háirithe trí na tionscadail atá sa phlean Gníomhaíochta Infheistíochta táscach den Ghréasán Iompair Tras-Eorpach (TEN-T) a chur chun feidhme chun tacú le tabhairt i gcrích an chroíghréasáin sínte sa tSeoirsia faoi 2030; machnamh a dhéanamh ar ról traschóirithe imchuach na Mara Duibhe i dtéarmaí nascachta;

Tacú leis an tSeoirsia agus í i mbun pleananna gluaisteachta uirbí agus gníomhaíochtaí a fhorbairt lena ndíreofar ar fheasacht an phobail i gcoitinne a ardú maidir le roghanna malartacha soghluaisteachta uirbí (maidir le feidhm a bhaint as gluaisteáin) chun infhaighteacht, sábháilteacht, éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht iompair phoiblí uirbigh a mhéadú.

6.2   Comhar Fuinnimh

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Cur chun feidhme gealltanas a áirithiú mar Pháirtí Conarthach an Chomhphobail Fuinnimh;

Reachtaíocht ábhartha a chur chun feidhme i réimsí an leictreachais, an fhuinnimh inathnuaite, na héifeachtúlachta fuinnimh, na hola, an gháis, an staidrimh fuinnimh, na sirtheoireachta hidreacarbóin, agus forálacha comhshaoil a bhaineann le fuinneamh a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach sa Phrótacal Aontachais a ghabhann le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh, agus sa Chomhaontú Comhlachais;

An creat institiúideach le haghaidh beartas éifeachtúlachta fuinnimh a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme;

Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (NECP) na tíre a ullmhú agus tús a chur lena chur chun feidhme.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Céimeanna a dhéanamh i leith mhargadh fuinnimh na Seoirsia a chomhtháthú le margadh fuinnimh an Aontais, agus neart a chur le slándáil fuinnimh agus cóineasú rialála na Seoirsia, trí reachtaíocht ábhartha Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear reachtaíocht thánaisteach ghaolmhar i gcomhréir le gealltanais Comhphobail Fuinnimh;

Dul i mbun comhair maidir le tacaíocht idirnáisiúnta a mhealladh le haghaidh forbairt inbhuanaithe fuinnimh, lena n-áirítear ó chistí idirnáisiúnta aeráide agus ionstraimí airgeadais eile;

Líonra bonneagair fuinnimh na Seoirsia a atreisiú agus na hidirnaisc a atreisiú, go háirithe mar a leanas:

maidir le leictreachas, trádáil trasteorann a chur chun cinn agus idirnaisc le tíortha comharsanacha chomh maith agus eangach tarchurtha na Seoirsia a atreisiú; indéantacht Tionscadail i dtaca le Líne Tharchurtha don Mhuir Dhubh a mheasúnú a thuilleadh chomh maith le tionscadail eile a chuidíonn le slándáil an tsoláthair agus le slándáil fhoriomlán fuinnimh sa réigiún;

maidir le hola nádúrtha, tacú le hoibriú leantach iomchuí na bpríomhlínte gáis, lena n-áirítear an chuid de Chonair Gáis an Deiscirt atá lonnaithe ar chríoch na Seoirsia, chomh maith le tacú le tionscadail trasdula eile gáis agus ola a bhaineann tábhacht réigiúnach leo agus na tionscadail sin uile a chur chun cinn, chun iompar acmhainní fuinnimh ó Mhuir Caisp chuig margaí an Iarthair a áirithiú, chomh maith le forbairt na stórála gáis faoi thalamh a éascú chun feabhas a chur ar shlándáil fuinnimh na Seoirsia, agus aitheantas á thabhairt do sprioc an Aontais i dtaca le neodracht aeráide a bheith ann faoi 2050.

6.3   An Comhshaol

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Feabhas a chur ar rialachas comhshaoil trí reachtaíocht a chur chun feidhme sa tSeoirsia maidir le measúnú tionchair comhshaoil, measúnú straitéiseach comhshaoil, trí reachtaíocht a ghlacadh agus a chur chun feidhme maidir le dliteanas comhshaoil, trí rochtain don phobal ar fhaisnéis faoin gcomhshaol agus rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht a áirithiú, trí rannpháirteachas a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile, tríd an gcomhshaol a chomhtháthú i réimse beartais eile chomh maith agus trí fheabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise faoin gcomhshaol i gcomhréir le prionsabail an Chomhchórais um Fhaisnéis Chomhshaoil (SEIS);

Leanúint de chur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta um Dhramhaíl Radaighníomhach;

A áirithiú go mbainfear úsáid inbhuanaithe as acmhainní uisce trí thús a chur le cur i bhfeidhm an Dlí maidir le Bainistiú Acmhainní Uisce agus é a ghlacadh;

An Cód Foraoiseachta nua a chur chun feidhme agus fo-reachtaíocht a ghlacadh; comhlacht stáit um bainistiú foraoise a bhunú a bheidh inmharthana ó thaobh an gheilleagair de; clabhsúr a chur ar an tríú Fardal Náisiúnta Foraoise agus an bunachar sonraí a choinneáil ar bun;

An tríú Clár Náisiúnta de chuid na Seoirsia (2017-2021) i leith Gníomhaíocht Chomhshaoil a chur chun feidhme i gcomhréir le creat ama NEAP 3;

Forbairt a dhéanamh ar an gceathrú Clár Náisiúnta de chuid na Seoirsia i leith Gníomhaíocht Chomhshaoil lena n-áirítear an clár 5 bliana le haghaidh acmhainní uisce, a gcumhdaítear leis cur chuige straitéiseach agus plean gníomhaíochta araon;

An Straitéis Náisiúnta um Dhramhaíl Radaighníomhach agus beartais dá bhforáiltear sa Phlean Gníomhaíochta 2016-2020, agus pleananna leantacha, a chur chun feidhme;

Measúnú iomchuí ar chostais oibríochtúla na saoráidí bainistithe dramhaíola a áirithiú agus córas iomchuí taraife a bhunú le haghaidh théarnamh na gcostas sin.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Acmhainneacht eacnamaíoch geilleagair ghlais agus chiorclaigh a shaothrú agus beartais chuimsitheacha fáis ghlais a fhorbairt i ngach earnáil ábhartha, e.g. trí íomhá ghlas den tSeoirsia a mheas a bheith ina buntáiste iomaíoch, trí na prionsabail um an ngeilleagar ciorclach a ionchorprú sa chóras náisiúnta bainistithe dramhaíola, etc;

Leanúint de reachtaíocht na Seoirsia a chomhfhogasú le acquis an Aontais agus forálacha na dTreoracha agus na Rialachán AE dá bhforáiltear sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais a chur chun feidhme;

Bearta laghdaithe truaillithe uisce agus truaillithe aeir agus bearta le haghaidh cosaint na bithéagsúlachta, lena n-áirítear sa Mhuir Dhubh, a ghlacadh agus a thabhairt isteach;

Dlí na Seoirse maidir leis an mBithéagsúlacht a ghlacadh agus an fho-reachtaíocht, as measc eile, a fhorbairt chun bonn daingean a sholáthar maidir le bunú agus bainistiú na Láithreán Iathghlasa, na dTearmann Bithsféir agus an Liosta Dearg náisiúnta de speicis i mbaol. Ba cheart Bainistiú Limistéar Faoi Chosaint a neartú a thuilleadh agus é a chistiú go leordhóthanach as an mbuiséad poiblí;

Leanúint d’fhorbairt a dhéanamh ar an líonra faireacháin cáilíochta aeir sna príomhchathracha agus sna limistéir is truaillithe. Leanúint de bhearta a ghlacadh le haghaidh cosc agus rialú ar thruailliú sna limistéir is truaillithe (pleananna um cháilíocht an aeir). An Dlí maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha a ghlacadh agus a chur chun feidhme;

Measúnú iomchuí ar chostais oibríochtúla na saoráidí bainistithe uisce a áirithiú agus ionstraimí iomchuí eacnamaíocha a fhorbairt le haghaidh théarnamh na gcostas sin;

Treochlár a tharraingt suas le haghaidh daingniú agus cur chun feidhme comhaontuithe comhshaoil, lena n-áirítear, as measc eile, Coinbhinsiún UNECE maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta, na Prótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Truailliú Aeir Trasteorann Fadraoin (An Prótacal i dtaca le hAigéadú, Eotrófú, agus Ózón ar leibhéal na Talún, an Prótacal i dtaca le Truailleáin Orgánacha Dianseasmhacha (POPs) agus an Prótacal i dtaca le Trom-Mhiotail), agus Coinbhinsiún UNECE maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha. Ullmhúcháin a chur chun cinn chun a bheith rannpháirteach i gCoinbhinsiún Espoo agus sa Phrótacal ar Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil a ghabhann leis.

6.4   An tAthrú Aeráide

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

An Chomhairle um an Athrú Aeráide a oibríochtú chun an beartas maidir leis an athrú aeráide sa tSeoirsia a chomhordú;

Straitéis forbartha fhadtéarmach na Seoirsia maidir le híseal-astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi lár an chéid a thabhairt chun críche agus a ghlacadh;

Plean Oiriúnaithe Náisiúnta (PON) a leagan amach agus a ghlacadh;

Tús a chur le cur chun feidhme an Rannchuidithe arna Chinneadh go Náisiúnta (NDC) i gcomhréir le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide;

A áirithiú go gcuimsítear le bearta téarnaimh COVID-19 iarrachtaí chun an geilleagar a dhéanamh níos glaise agus nach mbaintear de na spriocanna comhshaoil agus aeráide.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Reachtaíocht na Seoirsia a chomhfhogasú do acquis an Aontais agus d’ionstraimí idirnáisiúnta mar a shamhlaítear sa Chomhaontú Comhlachais i gcomhréir leis na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis;

Tacú le cur chun feidhme tráthúil ghealltanais na Seoirsia maidir leis an athrú aeráide faoin gComhphobal Fuinnimh;

Gníomhú ar son na haeráide a phríomhshruthú i mbeartais agus i mbearta earnála agus inniúlacht údarás éagsúil a neartú chun gníomhú ar son na haeráide a chur chun feidhme thar earnálacha;

Feabhas a chur ar chreat trédhearcachta na Seoirsia le haghaidh gníomhú ar son na haeráide, go háirithe trí chóras náisiúnta láidir chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar bheartais ar son na haeráide, ar bhearta agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhréir le leabhar rialacha Katowice Chomhaontú Pháras.

6.5   Cosaint shibhialta

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

De bhreis ar an gcomhshocrú riaracháin a síníodh in Iúil 2018, féachaint ar bhealaí chun na gnéithe is iomchuí den chomhar i ndáil le próifíl riosca agus creat reachtach agus eagraíochtúil na Seoirsia a shainiú a thuilleadh, mar chuid de chur chuige réigiúnach an Aontais.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Cumarsáid éifeachtach a áirithiú ar bhonn 24 uair an chloig lena n-áirítear malartú luathrabhadh agus faisnéise ar éigeandálaí ar scála mór a dhéanann difear don Aontas agus don tSeoirsia, chomh maith le tríú tíortha ina bhfuil na Páirtithe rannpháirteach i bhfreagairt do thubaiste;

Cúnamh frithpháirteach agus réigiúnach a éascú i gcás mór-éigeandálaí, de réir mar is iomchuí agus faoi réir acmhainní leordhóthanacha a bheith ar fáil;

Cur chun feidhme threoirlínte an Aontais maidir le tacaíocht an óstnáisiúin a chur chun cinn; comhar idirinstitiúideach éifeachtach agus naisc thrasearnála a spreagadh chun cúnamh idirnáisiúnta a éascú in oibríochtaí chun freagairt do thubaistí; feabhas breise a chur ar acmhainneacht chun cúnamh idirnáisiúnta a fháil agus a sholáthar;

Feabhas a chur ar an mbonn eolais maidir le rioscaí tubaiste tríd an gcomhar maidir le hinrochtaineacht agus inchomparáideacht sonraí a fheabhsú;

Bainistíocht chomhtháite rioscaí tubaiste bunaithe ar mheasúnuithe riosca ar ilghuaiseacha a chur chun cinn;

Tacú, de réir mar is gá, le forbairt agus le hatreisiú córas luathrabhaidh ar an leibhéal náisiúnta;

Úsáid Chóras Eorpach Copernicus maidir le feasacht Tuile agus an Chórais Eorpaigh Faisnéise maidir le Dóiteáin Foraoise ag an tSeoirsia a éascú i gcomhar le hÁirmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh;

Feabhas a chur ar chosc tubaistí tionsclaíocha agus NATECH (timpistí teicneolaíocha de bharr tubaiste nádúrtha) agus ar an ullmhacht dóibh;

Cosc tubaistí, ullmhacht do thubaistí agus freagairt do thubaistí a atreisiú i gcomhréir le creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip trí mhalartú dea-chleachtas, oiliúint chomhpháirteach, ceachtanna, cuairteanna staidéir, ceardlanna agus cruinnithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó fhíorchásanna éigeandála nó ó chleachtaí. An dea-chleachtas a chomhroinnt maidir le cásanna athraithe aeráide a chomhtháthú sa mheasúnú riosca agus sa phleanáil.

7.    An tsoghluaisteacht agus teagmháil idir dhaoine

Coimeádfaidh an tAontas agus an tSeoirsia béim freisin ar rannpháirtíocht agus ar cheannaireacht na hóige tríd an óige a chumhachtú. Leanfaidh na páirtithe d’oibriú i gcomhar chun go dtairbheoidh an tSeoirsia an oiread is féidir dá comhlachas leis na cláir Fís Eorpach agus Eoraip na Cruthaitheachta agus leanfaidh siad dá rannpháirtíocht ghníomhach sna cláir Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus i gcláir agus i dtionscnaimh eile oibre deonaí, comhair agus malartaithe, a chur chun cinn.

Spreagfaidh na Páirtithe cur chuige straitéiseach i leith an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna. Beidh an Fhorbairt Chríochach Chomhtháite sa tSeoirsia ina tosaíocht le haghaidh an chomhair idir an tAontas agus an tSeoirsia freisin. Áiritheoidh an dá Pháirtí go ndéanfar plé feasach le saoránaigh na Seoirsia maidir leis na deiseanna agus na himpleachtaí a bhaineann le comhlachas na Seoirsia leis an Aontas trí bheartas óige a chruthú arb é is aidhm dó éiceachóras inbhuanaithe a chruthú le haghaidh fhorbairt na hóige.

7.1   Taighde, Forbairt Teicneolaíochta agus Nuálaíocht

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

An straitéis nua Oideachais agus Eolaíochta le haghaidh 2022-2032 a ghlacadh agus a chur chun feidhme , lena mbaineann lucht ceaptha beartas, an pobal acadúil agus taighde, ceannairí gnó agus ceannairí na sochaí sibhialta;

Tacú le forbairt agus cur chun feidhme beartais nuálaíochta, lena n-áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat rialála agus ar an mbonneagar le haghaidh taighde agus nuálaíochta;

Comhordú agus comhlántacht níos fearr a áirithiú i measc na bpríomhpháirtithe leasmhara (aireachtaí agus gníomhaireachtaí); feabhas a chur ar an aistriú eolais (trí líonra bróicéireachta agus córas fabhrach maidir le Cearta Maoine Intleachtúla); an comhchruthú a spreagadh le lárionaid inniúlachta; scéimeanna cistiúcháin a mhionchoigeartú chun freastal ar riachtanais an taighde chomhoibríoch agus na nuálaíochta comhoibríche; agus feabhas a chur ar shoghluaisteacht acmhainní daonna idir an taighde agus gnólachtaí;

An tSeoirsia a chomhlachú le Fís Eorpach.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Na tairbhí don tSeoirsia a bhaineann lena comhlachas leis an gclár Fís Eorpach a uasmhéadú, chun rannchuidiú le borradh a chur faoi iomaíochas agus faoi fhás eacnamaíoch na tíre;

Rannpháirtíocht a spreagadh faoi Chlár Taighde agus Oiliúna Euratom, lena gcomhlánaítear Fís Eorpach, go háirithe i réimse na sábháilteachta núicléiche agus na cosanta radaíochta bunaithe ar ghlaonna iomaíocha;

Acmhainní daonna, ábhartha agus institiúideacha a atreisiú chun feabhas a chur ar inniúlachtaí taighde agus nuálaíochta;

Córas faisnéise taighde agus nuálaíochta a fheidhmíonn mar is ceart a fhorbairt lena laghdaítear an ilroinnt (trí ionaid taighde agus nuálaíochta a bhunú) agus lena n-ailínítear tosaíochtaí taighde agus nuálaíochta le bheith comhsheasmhach le tosaíochtaí eacnamaíocha;

Cistiú bonnlíne leordhóthanach a thabhairt isteach chun tacú le heagraíochtaí taighde poiblí agus le cruthú chothrom na Féinne eatarthu;

Dálaí fabhracha a chruthú lena spreagtar agus lena ndreasaítear cuideachtaí chun infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht;

An Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht don Mhuir Dhubh, gné de chlár oibre réigiúnach Shineirge na Mara Duibhe, a chur chun feidhme.

7.2   Oideachas, Oiliúint agus an Óige

Tosaíochtaí meántéarmacha

An ceart chun oideachais ar ardchaighdeán a áirithiú do chách, lena n-áirítear dóibh siúd ó chúlra faoi mhíbhuntáiste; bearta breise a ghlacadh chun oideachas agus oiliúint ionchuimsitheach a chur chun cinn;

Cur chuige straitéiseach i leith an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a spreagadh d’fhonn córas gairmoideachais agus gairmoiliúna na Seoirsia a chur i gcomhréir le nuachóiriú na struchtúr gairmoideachais agus gairmoiliúna san Aontas mar a shaothraítear i bPróiseas Chóbanhávan agus trína ionstraimí agus prionsabail na gcomhdheiseanna a urramú;

Rannpháirtíocht ghníomhach na hearnála príobháidí a spreagadh sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint chun a ábharthacht agus a éifeachtacht a fheabhsú agus ar deireadh chun rochtain níos fearr ar shaothar oilte a bhaint amach don earnáil phríobháideach;

Feabhas breise a chur ar cháilíocht an oideachais, ar chothroime rochtana agus ar an inbhuaine (lena n-áirítear cistiú éifeachtúil le haghaidh gach leibhéil oideachais) agus an t-oideachas seachfhoirmiúil agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil a spreagadh;

Rannpháirtíocht ghníomhach na Seoirsia sna cláir Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a chur chun cinn;

Obair chomhpháirteach agus malartuithe a dhéanamh d’fhonn athchóirithe na Seoirsia sa hóras oideachais agus oiliúna agus sa lánpháirtiú níos mó i Limistéar Eorpach an Ardoideachais a chur chun cinn, lena ndéanfar cáilíocht an tsoláthair oideachais a fheabhsú, cleachtais teagaisc agus foghlama a nuachóiriú, agus forbairt scileanna a chothú ar mhaithe le hinfhostaitheacht agus rannpháirtíocht shibhialta níos mó i measc céimithe;

Feabhas breise a chur ar iarrachtaí comhpháirteacha chun cur chun feidhme iomlán Scoil Eorpach Chomhpháirtíocht an Oirthir sa tSeoirsia a áirithiú;

Cur chuige straitéiseach i leith an bheartais óige a neartú tríd an Aireacht Cultúir, Óige agus Spóirt sa tSeoirsia agus feabhas a chur ar mhalartuithe agus ar chomhar i réimse an oideachais sheachfhoirmiúil le haghaidh daoine óga agus oibrithe don óige, inter alia trí shnáithe na hóige de Erasmus+ arb é is aidhm dó éiceachóras inbhuanaithe le haghaidh fhorbairt na hóige a chruthú;

Cur chuige straitéiseach a spreagadh i leith na hOibre don Óige chun dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí leis na dúshláin a bhíonn roimh dhaoine óga agus chun forbairt príomhinniúlachtaí agus fíorú acmhainneachta daoine óga a chur chun cinn.

7.3   Comhar i Réimse an Chultúir

Cur chun feidhme Choinbhinsiún UNESCO ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn, 2005, a chur chun cinn;

Oibriú i gcomhar maidir le forbairt beartais cultúir ionchuimsithigh sa tSeoirsia agus maidir le caomhnú agus luachshocrú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha, maidir le tionscail an chultúir agus tionscail chruthaitheacha d’fhonn an fhorbairt shocheacnamaíoch, an cuimsiú agus rannpháirtíocht saoránach a chothú;

Rannpháirtíocht oibreoirí cultúrtha agus closamhairc ón tSeoirsia i gcláir chomhair chultúrtha/closamhairc, go háirithe Eoraip na Cruthaitheachta, a chur chun cinn;

Idirphlé idirchultúrtha agus forbairt cultúir dhaonlathaigh tríd an obair don óige a chur chun cinn;

Soghluaisteacht ealaíontóirí a spreagadh;

Oibriú i gcomhar ar fhorbairt beartais spóirt sa tSeoirsia tríd an dea-chleachtas a mhalartú. Rannpháirtíocht páirtithe leasmhara spóirt ón tSeoirsia a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí spóirt chomh maith le tionscnaimh eile amhail an tSeachtain Eorpach Spóirt Thar Theorainneacha agus Gradaim #BeActive;

Dea-chleachtas a mhalartú i réimse an chomhraic in aghaidh bagairtí ar an spórt amhail an foréigean sa spórt, gach cineál idirdhealaithe, cúbláil comórtas spóirt agus dópáil;

Cur chun cinn an chomhionannais inscne sa spórt, forbairt eitice spóirt chomh maith le cuimsiú sóisialta agus prionsabail an dea-rialachais a spreagadh.

7.4   Comhar i Réimse an Chlosamhairc agus na Meán

Tosaíochtaí meántéarmacha

Oibriú i dtreo atreisiú neamhspleáchas agus ghairmiúlacht na meán i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha ábhartha agus comhfhogasú na reachtaíochta closamhairc le acquis an Aontais mar a shamhlaítear sa Chomhaontú Comhlachais, inter alia trí thuairimí a mhalartú ar an mbeartas closamhairc, caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha lena n-áirítear comhar maidir leis an gcomhrac in aghaidh gríosú chun fuatha, ciníochais agus seineafóibe;

Dea-chleachtas a mhalartú maidir le saoirse na meán, iolrachas na meán, díchoiriúlú an chlúmhillte, cosaint foinsí iriseora, agus gnéithe éagsúlachta cultúrtha na meán trí idirphlé tráthrialta; Inniúlacht agus neamhspleáchas údarás/comhlachtaí rialála le haghaidh na meán a neartú.

7.5   Forbairt Réigiúnach agus Comhar ar Leibhéal Réigiúnach

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Cur chun feidhme Chlár Forbartha Réigiúnaí na Seoirsia le haghaidh 2018-2021 a thabhairt chun críche go rathúil, lena n-áirítear trí shásraí éifeachtacha comhair idirinstitiúidigh agus comhpháirtíochta idirinstitiúidí a bhunú idir údaráis náisiúnta agus fhonáisiúnta;

An Clár Píolótach Forbartha Réigiúnaí Comhtháite le haghaidh 2020-2022 (PIRDP) a chur chun feidhme go rathúil ina ndírítear ar ‘réigiúin fócais’ an Aontais, lena n-áirítear infheistíochtaí féideartha i réimsí amhail nuálaíocht agus FBManna, d’fhonn croíláir nua a chruthú sa tSeoirsia;

Dul chun cinn a dhéanamh ar an obair ar shannadh réigiúnach na Speisialtóireachta Cliste, lena n-áirítear trí oiliúint agus fothú acmhainneachta le haghaidh páirtithe leasmhara;

Céimeanna breise a shainaithint chun modheolaíocht agus aicmiú NUTS den Aontas a thabhairt isteach sa tSeoirsia de réir a chéile amach anseo;

Rannpháirtíocht réamhghníomhach a ghlacadh i bhforbairt chlár Interreg NEXT Imchuach na Mara Duibhe, 2021-2027, chun dul i ngleic le rioscaí an athraithe aeráide, tubaistí de thoradh an duine agus tubaistí nádúrtha, chomh maith le comhar a fheabhsú i gcosaint na hoidhreachta nádúrtha agus na bithéagsúlachta; Feabhas a chur ar inniúlachtaí na struchtúr riachtanach bainistíochta agus rialála.

Tosaíochtaí meántéarmacha

Tacaíocht bhreise a thabhairt d’údaráis chun comhpháirtíochtaí idir rialtais náisiúnta agus fhonáisiúnta, iarrachtaí fothaithe acmhainneachta agus ionstraimí forbartha réigiúnaí eile a neartú, agus PIRDP 2020-2022 agus an clár nó na cláir ina dhiaidh sin chomh maith le Straitéis Díláraithe na Seoirsia le haghaidh 2020-2025 a chur chun feidhme go héifeachtach;

Tacú le gníomhaíochtaí comhtháite lena gcuimsítear roinnt páirtithe leasmhara le haghaidh fhorbairt chríochach na Seoirsia amhail i réimse na pleanála spásúla, bainistíocht uisce agus dramhaíola, bóithre, leictreachas agus bonneagar bunúsach eile, éagsúlú an gheilleagair tuaithe, turasóireacht agus forbairt gnó, bonneagar agus acmhainní oideachais, fiontair athfhorbraíochta, éifeachtúlacht fuinnimh, gníomhaíocht agus rannpháirtíocht shóisialta;

Feabhas a chur ar shocruithe institiúideacha agus inniúlacht leordhóthanach a fhorbairt ar leibhéal náisiúnta/réigiúnach/áitiúil chun páirt a ghlacadh i gclár Interreg NEXT Imchuach na Mara Duibhe, 2021-2027;

An Speisialtóireacht Chliste a fhorbairt agus a oibríochtú mar bhonn chun cinntí infheistíochta a chinneadh sa taighde agus sa nuálaíocht d’fhonn acmhainneacht nuálaíochta na réigiún agus na tíre ar an iomlán a mhéadú;

Fearainn tosaíochta a roghnú le haghaidh an aistrithe eacnamaíoch bunaithe ar bhuntáistí iomaíocha agus idirphlé cuimsitheach i measc údaráis áitiúla, an saol acadúil, earnáil an ghnó agus an tsochaí shibhialta;

Tacú le modheolaíocht agus aicmiú NUTS an Aontais a chur i bhfeidhm de réir a chéile i gcóras staidrimh náisiúnta na Seoirsia.

7.6   Rannpháirtíocht i nGníomhaireachtaí agus i gCláir an Aontais Eorpaigh

Tosaíochtaí meántéarmacha

Athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phrótacail maidir le Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais ar bhonn rannpháirtíocht na Seoirsia i gcláir shonracha den Aontas i láthair na huaire.

7.7   For-rochtain phoiblí agus infheictheacht

Plé feasach a áirithiú, lena n-áirítear le pobal níos leithne agus le saoránaigh na Seoirsia, maidir leis na deiseanna agus na himpleachtaí a bhaineann le comhfhogasú na Seoirsia don Aontas, lena n-áirítear an Clár Oibre Comhlachais agus go sonrach DCFTA;

Feabhas a chur ar chumais chumarsáide chun infheictheacht an Aontais a chur chun tosaigh, luachanna comhroinnte a chur chun cinn agus na tionchair dhearfacha a bhaineann le comhlachas polaitiúil agus lánpháirtíocht eacnamaíoch leis an Aontas a mhíniú;

Infheictheacht leordhóthanach a áirithiú maidir le gach tionscadal agus clár den Aontas agus lena dtionchar, i gcomhréir le hAirteagal 2.6 de Thosaíochtaí Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020 agus leis na rialacha uileghabhálacha agus an treoraíocht uileghabhálach atá i bhfeidhm maidir le cumarsáid agus infheictheacht an Aontais.


(1)  JOIN(2020) 7

(2)  https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2021/12/15/eastern-partnership-summit-joint-declaration/

(3)  Tuairim Phráinneach an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Daonlathas tríd an Dlí (Coimisiún na Veinéise) de chuid Chomhairle na hEorpa maidir le Roghnúchán agus Ceapachán Breithiúna de Chúirt Uachtarach na Seoirsia, arna formhuiniú ag Coimisiún na Veinéise an 21–22 Meitheamh 2019; Tuairim Phráinneach an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Daonlathas tríd an Dlí (Coimisiún na Veinéise) de chuid Chomhairle na hEorpa maidir leis na leasuithe ar an dlí orgánach maidir le Cúirteanna Coiteanna, arna formhuiniú ag Coimisiún na Veinéise an 2-3 Iúil 2021.

(4)   21 Bealtaine 2019, Dearbhú Aireachta Bhúcairist ar Chomhchlár Oibre Muirí don Mhuir Dhubh - (An Mhuir Dhubh (europa.eu).

(5)  E.g. https://www.osce.org/files/f/documents/1/4/480500.pdf and https://www.osce.org/odihr/elections/georgia/496309

(6)  E.g. Comhthuairim maidir le dréachtairteagal 791 den chód toghcháin an 20 Márta 2021, Tuairim Choimisiún na Veinéise Uimh. 1019/2021/Tuairim ODIHR Nr ELE-GEO/407/2020; Comhthuairim phráinneach maidir le dréachtleasuithe athbhreithnithe ar an gcód toghcháin an 5 Iúil 2021, Tuairim Choimisiún na Veinéise Uimh. 1043/2021/ Tuairim ODIHR Nr ELE-GEO/417/2021.

(7)  https://ec.europa.eu/home-affairs/policies/international-affairs/collaboration-countries/visa-liberalisation-moldova-ukraine-and-georgia_en.