7.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 182/45


CINNEADH Uimh. 66/2022 Ó CHOMHCHOISTE LEE

an 18 Márta 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1134]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1284 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfíd alúmanaim a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 14 agus 18 (1) , tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 12zzzzzzzn (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1299 ón gCoimisiún) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

“12zzzzzzzo.

32021 D 1284: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1284 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfíd alúmanaim a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 14 agus 18 (IO L 279, 3.8.2021, lch. 35).”

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1284 san Íoslainnis agus san Ioruais, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 19 Márta 2022 ar an gcoinníoll go mbeifear tar éis na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE a dhéanamh ina leith (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Márta 2022.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 279, 3.8.2021, lch. 35.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.