4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 69/127


CINNEADH Uimh. 74/2021 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH FAOIN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE hAITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH AGUS STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ

an 8 Feabhra 2022

a bhaineann le Comhlachtaí um Measúnú Comhréireachta a liostú faoin Iarscríbhinn Earnála maidir le Trealamh Teileachumarsáide (2022/371)

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le hAitheantas Frithpháirteach idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá agus go háirithe Airteagal 7 agus Airteagal 14 de;

De bhrí go bhfuil ar an gComhchoiste cinneadh a dhéanamh Comhlacht nó Comhlachtaí um Measúnú Comhréireachta a liostú faoi Iarscríbhinn Earnála;

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

1.

Cuirtear an Comhlacht um Measúnú Comhréireachta i gCeangaltán A le liosta na gComhlachtaí um Measúnú Comhréireachta faoin gcolún “Rochtain CE ar mhargadh na Stát Aontaithe” i Roinn V den Iarscríbhinn Earnála maidir le Trealamh Teileachumarsáide.

2.

Chomhaontaigh na Páirtithe an raon feidhme sonrach chun liostú, i dtéarmaí táirgí agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, an Chomhlachta um Measúnú Comhréireachta a léirítear i gCeangaltán A a dhéanamh agus coimeádfaidh na Páirtithe ar bun é.

Déanfaidh ionadaithe an Chomhchoiste an Cinneadh seo, arna dhéanamh i ndúblach, a shíniú, ionadaithe atá údaraithe gníomhú thar ceann na bPáirtithe chun an Comhaontú a leasú. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón dáta is déanaí de na sínithe sin.

Thar ceann Stáit Aontaithe Mheiriceá

James C. SANFORD

Arna shíniú in Washington, an 2 Feabhra 2022

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Lucian CERNAT

Arna shíniú sa Bhruiséil, an 8 Feabhra 2022


Ceangaltán A

Cuirtear Comhlachtaí CE um Measúnú Comhréireachta le liosta na gComhlachtaí um Measúnú Comhréireachta faoin gcolún “Rochtain CE ar mhargadh na Stát Aontaithe” i Roinn V den Iarscríbhinn Earnála maidir le Trealamh Teileachumarsáide.

KL-Certification GmbH

Heinrich-Hertz-Allee 7

66386 St. Ingbert

AN GHEARMÁIN