25.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 46/125


CINNEADH UIMH. 2/2021 Ó CHOISTE UM IOMPAR INTÍRE AN CHOMHPHOBAIL/NA HEILVÉISE

an 17 Nollaig 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 2/2019 maidir le bearta sealadacha chun trácht iarnróid rianúil idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach a choinneáil ar bun [2022/308]

AN COISTE,

ag féachaint don Chomhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar (1) (“an Comhaontú”), agus go háirithe Airteagal 52, mír 4 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 51, mír 2 den Chomhaontú, déanfaidh Coiste um Iompar Intíre an Chomhphobail/na hEilvéise (“an Comhchoiste”) faireachán ar fhorálacha an Chomhaontaithe agus cuirfidh sé i bhfeidhm iad agus cuirfidh sé chun feidhme na clásail oiriúnaithe agus athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagail 52 agus 55 de.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 52, mír 4 den Chomhaontú, glacfaidh an Comhchoiste, inter alia, cinntí lena ndéanfar Iarscríbhinn 1 a athbhreithniú chun athruithe sa reachtaíocht lena mbaineann a ionchorprú, de réir mar is iomchuí, agus ar bhonn cómhalartachta, nó lena ndéanfar cinneadh faoi aon bheart eile a bheidh dírithe ar fheidhmiú cuí an Chomhaontaithe a chosaint.

(3)

Le Cinneadh Uimh. 2/2019 an 13 Nollaig 2019 (2), rinne an Comhchoiste athbhreithniú, ar thaobh amháin, ar Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú chun forálacha substainteacha Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a ionchorprú agus, ar an taobh eile, ghlac sé forálacha idirthréimhseacha chun trácht iarnróid rianúil idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach a choinneáil ar bun. Bhí feidhm ag forálacha idirthréimhseacha Airteagail 2, 3, 4 agus 5 de Chinneadh Uimh. 2/2019 ar dtús go dtí an 31 Nollaig 2020. Le Cinneadh Uimh. 2/2020 an 11 Nollaig 2020 (5), chuir an Comhchoiste síneadh leis an spriocdháta go dtí an 31 Nollaig 2021.

(4)

Go dtí go nglacfar na forálacha cinntitheacha a chuirfear in ionad na socruithe idirthréimhseacha atá ann faoi láthair, is gá síneadh a chur le forálacha Airteagail 2, 3, 4 agus 5 de Chinneadh Uimh. 2/2019 go dtí an 31 Nollaig 2022 chun trácht iarnróid rianúil idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach a choinneáil ar bun.

(5)

Le Cinneadh Uimh. 1/2021 an 30 Meitheamh 2021 (6), maidir leis an dáta ba cheart athbhreithniú a bheith déanta ar rialacha áirithe náisiúnta de chuid na hEilvéise a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú chun iad a bhaint, a leasú nó a choinneáil, ar rialacha iad a d’fhéadfadh a bheith ar neamhréir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht, cuireadh síneadh leis an dáta sin go dtí an 31 Nollaig 2021. De bharr na céime ag a bhfuil an t-athbhreithniú faoi láthair, ba cheart an dáta sin a bheith socruithe faoin 31 Nollaig 2022.

TAR ÉIS CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Déanfar Roinn 4 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú mar a leanas: An dáta “ 31 Nollaig 2021 ”, an dáta ba cheart athbhreithniú a bheith déanta ar chomhoiriúnacht na rialacha náisiúnta seo a leanas de chuid na hEilvéise le sonraíochtaí teicniúla comhfhreagracha an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht, cuirtear “ 31 Nollaig 2022 ” ina ionad i gcás na bhforálacha seo a leanas:

Maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis an tsonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras “rothstoc — innill traenach agus rothstoc paisinéirí” an chórais iarnróid san Aontas Eorpach:

CH-TSI LOC & PAS-009 (leagan 1.0 Meitheamh 2015),

CH-TSI LOC & PAS-019 (leagan 2.0 Meitheamh 2019),

CH-TSI LOC & PAS-020 (leagan 2.0 Meitheamh 2019),

CH-TSI LOC & PAS-025 (leagan 2.0 Meitheamh 2019),

CH-TSI LOC & PAS-027 (leagan 2.0 Meitheamh 2019),

CH-TSI LOC & PAS-031 (leagan 2.1 Samhain 2020),

CH-TSI LOC & PAS-035 (leagan 2.1 Samhain 2020),

CH-TSI LOC & PAS-036 (leagan 2.0 Meitheamh 2019),

CH-TSI LOC & PAS-037 (leagan 1.0 Meitheamh 2019).

Maidir le Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2016 maidir leis an tsonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochórais “rialú-ordú agus comharthaíocht” an chórais iarnróid san Aontas Eorpach:

CH-TSI CCS-006 (leagan 2.1 Samhain 2020),

CH-TSI CCS-019 (leagan 3.0 Samhain 2020),

CH-TSI CCS-026 (leagan 2.1 Samhain 2020),

CH-TSI CCS-032 (leagan 2.1 Samhain 2020),

CH-TSI CCS-033 (leagan 1.1 Samhain 2020),

CH-TSI CCS-035 (leagan 1.0 Meitheamh 2019),

CH-TSI CCS-038 (leagan 1.1 Samhain 2020),

CH-CSM-RA-001 (leagan 1.0 Meitheamh 2019),

CH-CSM-RA-002 (leagan 1.0 Meitheamh 2019).

Airteagal 2

Leasaítear Airteagal 6, mír 3 de Chinneadh Uimh. 2/2019 ón gComhchoiste an 13 Nollaig 2019 mar a leanas:

“3.   In Iarscríbhinn 1, sainaithnítear na rialacha náisiúnta agus na cásanna sonracha is infheidhme a d’fhéadfadh a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais. Mura mbeidh comhréireacht le dlí an Aontais socraithe faoin 31 Nollaig 2022, ní fhéadfar na rialacha náisiúnta ná na cásanna sonracha sin a chur i bhfeidhm a thuilleadh mura gcinnfidh an Comhchoiste a mhalairt.”

Airteagal 3

Leasaítear Airteagal 8, an dara fomhír de Chinneadh Uimh. 2/2019 ón gComhchoiste an 13 Nollaig 2019 mar a leanas:

“Beidh feidhm ag Airteagail 2, 3, 4 agus 5 go dtí an 31 Nollaig 2022.”

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

An Bhruiséil, an 17 Nollaig 2021

Thar cheann Chónaidhm na hEilvéise

Ceann Thoscaireacht na hEilvéise

Peter FÜGLISTALER

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

An tUachtarán

Kristian SCHMIDT


(1)   IO L 114, 30.4.2002, lch. 91.

(2)  Cinneadh Uimh. 2/2019 ó Choiste um Iompar Intíre an Chomhphobail/na hEilvéise an 13 Nollaig 2019 maidir le bearta idirthréimhseacha chun trácht iarnróid rianúil idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach a choinneáil ar bun (IO L 13, 17.1.2020, lch. 43).

(3)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.05.2016, lch. 44).

(4)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis an tsábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch 102).

(5)  Cinneadh Uimh. 2/2020 ó Choiste um Iompar Intíre an Chomhphobail/na hEilvéise an 11 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus Cinneadh Uimh. 2/2019 ón gCoiste maidir le bearta sealadacha chun trácht iarnróid rianúil idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach a choinneáil ar bun (IO L 15, 18.1.2021, lch 34).

(6)  Cinneadh Uimh. 1/2021 ó Choiste um Iompar Intíre an Chomhphobail/na hEilvéise an 30 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus Cinneadh Uimh. 2/2019 ón gCoiste maidir le bearta sealadacha chun trácht iarnróid rianúil idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach a choinneáil ar bun (IO L 255, 16.7.2021, lch 7).