|
28.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 55/14 |
Aistriúchán
AN COINBHINSIÚN UM CHAOMHNÚ AGUS BAINISTIÚ ACMHAINNÍ IASCAIGH NA MÓRMHARA SAN AIGÉAN CIÚIN THUAIDH
Tá na PÁIRTITHE CONARTHACHA,
TIOMANTA do chaomhnú fadtéarmach agus d'úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh san Aigéan Ciúin Thuaidh a áirithiú agus na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin á gcosaint;
Á MHEABHRÚ dóibh an dlí idirnáisiúnta ábhartha mar a léirítear é i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982, sa Chomhaontú maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach a chur chun feidhme an 4 Nollaig 1995 agus sa Chomhaontú chun Comhlíontacht Bád Iascaireachta ar an Mórmhuir i dtaca le Bearta Idirnáisiúnta Caomhantais agus Bainistíochta a chur chun cinn an 24 Samhain 1993 agus an Cód Iompair d'Iascaigh Fhreagracha arna ghlacadh ag Comhdháil Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (“FAO”) ag a 28ú seisiún an 31 Deireadh Fómhair 1995 á chur san áireamh, chomh maith le Treoirlínte Idirnáisiúnta maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir arna ghlacadh ag FAO an 29 Lúnasa 2008;
AG TABHAIRT DÁ N-AIRE gur iarr Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ina rúin 61/105 agus 64/72 go nglacfaí céimeanna chun éiceachórais mhuirí leochaileacha agus speicis ghaolmhara a chosaint ar dhrochthionchair shuntasacha cleachtas iascaireachta millteach agus a rún 60/31 lenar spreagtar Stáit, de réir mar is iomchuí, a aithint gur cheart go mbeadh feidhm ag prionsabail ghinearálta an Comhaontaithe maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach a chur chun feidhme an 4 Nollaig 1995 maidir le stoic éisc scoite freisin sa mhórmhuir;
AG AITHINT DÓIBH an gá atá le sonraí eolaíocha a bhailiú d’fhonn an bhithéagsúlacht agus éiceolaíocht mhuirí sa réigiún a thuiscint agus chun measúnú a dhéanamh ar thionchair an iascaigh ar speicis mhuirí agus ar éiceachórais mhuirí leochaileacha;
ÓS FEASACH DÓIBH gur gá drochthionchair ar an muirthimpeallacht a sheachaint, an bhithéagsúlacht a chaomhnú, sláine na n-éiceachóras muirí a chaomhnú, agus an baol go mbeadh éifeachtaí fadtéarmacha nó do-aisiompaithe ag oibríochtaí iascaireachta a íoslaghdú;
BUARTHA faoin tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill neamhrialaithe ar speicis mhuirí agus ar éiceachórais mhuirí leochaileacha ar mhórmhuir an Aigéin Chiúin Thuaidh;
TIOMANTA FREISIN do ghníomhaíochtaí iascaireachta freagracha a dhéanamh agus do chomhoibriú go héifeachtach chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (“iascaireacht NNN”) a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú mar aon leis na drochthionchair atá acu ar staid acmhainní iascaigh an domhain agus ar na héiceachórais ina bhfuil siad;
TAR ÉIS COMHAONTÚ mar a leanas:
Airteagal 1
Úsáid na dTéarmaí
Chun críocha an Choinbhinsiúin seo:
|
(a) |
ciallaíonn “Coinbhinsiún 1982”Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982; |
|
(b) |
ciallaíonn “Comhaontú 1995”an Comhaontú maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach a chur chun feidhme an 4 Nollaig 1995; |
|
(c) |
ciallaíonn “iascaireacht ghrinnill” gníomhaíochtaí iascaireachta inar dócha go ndéanfaidh an fearas iascaireachta teagmháil le grinneall na farraige le linn gnáthoibríochtaí iascaireachta; |
|
(d) |
ciallaíonn “comhthoil” éagmais aon agóide foirmiúla a dhéantar tráth a ndéantar an cinneadh; |
|
(e) |
ciallaíonn “Páirtí Conarthach” aon Stát nó eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch a thoiligh a bheith faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún agus a bhfuil an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir leis; |
|
(f) |
ciallaíonn “Limistéar an Choinbhinsiúin” an limistéar a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir leis, mar a fhorordaítear faoi Airteagal 4, mír 1, de; |
|
(g) |
ciallaíonn “Treoirlínte Idirnáisiúnta FAO” na Treoirlínte Idirnáisiúnta maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir arna nglacadh ag FAO an 29 Lúnasa 2008, arna modhnú ó am go ham; |
|
(h) |
ciallaíonn “acmhainní iascaigh” na héisc, na moilisc, na crústaigh agus na speicis mhuirí eile go léir arna ngabháil ag soithí iascaireachta laistigh de Limistéar an Choinbhinsiúin, cé is moite den mhéid seo a leanas:
|
|
(i) |
ciallaíonn “gníomhaíochtaí iascaireachta”:
|
|
(j) |
ciallaíonn “soitheach iascaireachta” aon soitheach a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta, lena n-áirítear soithí próiseála éisc, longa tacaíochta, soithí iompair agus aon soitheach eile a bhíonn ag gabháil go díreach do ghníomhaíochtaí iascaireachta den sórt sin; |
|
(k) |
tagraíonn “iascaireacht NNN” do na gníomhaíochtaí mar a leagtar amach i mír 3 de Phlean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta FAO 2001 chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú, agus gníomhaíochtaí eile de réir mar a chinnfidh an Coimisiún; |
|
(l) |
ciallaíonn “cur chuige réamhchúraim” cur chuige an réamhchúraim mar a shonraítear in Airteagal 6 de Chomhaontú 1995; |
|
(m) |
ciallaíonn “eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch” eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch a bhfuil a Ballstáit tar éis inniúlacht i leith nithe a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo a aistriú chuici, lena n-áirítear an t-údarás chun cinntí a dhéanamh ina gceangal ar a Ballstáit i leith na nithe sin; agus |
|
(n) |
ciallaíonn “trasloingsiú” aon acmhainní iascaigh nó aon táirgí acmhainní iascaigh a thógtar i Limistéar an Choinbhinsiúin a dhíluchtú ó shoitheach iascaireachta amháin go soitheach iascaireachta eile ar muir nó i gcalafort. |
Airteagal 2
Cuspóir
Is é cuspóir an Choinbhinsiúin seo caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh i Limistéar an Choinbhinsiúin a áirithiú agus, ag an am céanna, éiceachórais mhuirí an Aigéin Chiúin Thuaidh, ina bhfuil na hacmhainní sin, a chosaint.
Airteagal 3
Prionsabail ghinearálta
Agus éifeacht á tabhairt do chuspóir an Choinbhinsiúin seo, déanfar na bearta seo a leanas ina n-aonar nó i dteannta a chéile de réir mar is cuí:
|
(a) |
an úsáid is fearr is féidir d'acmhainní iascaigh a chur chun cinn agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach na n-acmhainní iascaigh sin a áirithiú; |
|
(b) |
bearta a ghlacadh, bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, chun a áirithiú go ndéanfar acmhainní iascaigh a choimeád ar bun nó a athbhunú i leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh, agus aird á tabhairt ar phatrúin iascaireachta, ar idirspleáchas stoc agus ar aon chaighdeáin íosta idirnáisiúnta a mholtar go ginearálta, bídís foréigiúnach, réigiúnach nó domhanda; |
|
(c) |
bearta a ghlacadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gcur chuige réamhchúraim agus le cur chuige éiceachórais i leith iascaigh, agus i gcomhréir le rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta, go háirithe mar a léirítear i gCoinbhinsiún 1982, i gComhaontú 1995 agus in ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile; |
|
(d) |
measúnú a dhéanamh ar thionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar speicis a bhaineann leis an éiceachóras céanna nó atá ag brath ar na spriocstoic nó bainteach leo agus bearta caomhnaithe agus bainistíochta a ghlacadh, más gá, do na speicis sin d’fhonn líon na speiceas sin a chothabháil nó a athbhunú os cionn na leibhéal ar a bhféadfadh mórbhagairt a bheith ar atáirgeadh na speiceas sin; |
|
(e) |
an bhithéagsúlacht a chosaint sa chomhshaol muirí, lena n-áirítear trí thionchair shuntasacha dhochracha ar éiceachórais mhuirí leochaileacha a chosc, agus aon chaighdeáin nó treoirlínte idirnáisiúnta ábhartha á gcur san áireamh, lena n-áirítear Treoirlínte Idirnáisiúnta FAO; |
|
(f) |
ró-iascaireacht agus cumas iomarcach iascaireachta a chosc nó deireadh a chur leo, agus a áirithiú go mbeidh leibhéil na hiarrachta iascaireachta nó na leibhéil saothraithe bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíoch is fearr atá ar fáil agus nach mó iad ná na leibhéil sin atá i gcomhréir le húsáid inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh; |
|
(g) |
a áirithiú go ndéanfar sonraí iomlána agus cruinne maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta, lena n-áirítear i ndáil le gach spriocspeiceas agus gach speiceas nach spriocspeiceas é laistigh de Limistéar an Choinbhinsiúin, a bhailiú agus a chomhroinnt go tráthúil agus go hiomchuí; |
|
(h) |
a áirithiú nach rachaidh aon leathnú ar iarracht iascaireachta, aon fhorbairt ar iascach nua nó taiscéalaíoch, nó athrú ar an trealamh a úsáidtear don iascach atá ann cheana, ar aghaidh gan measúnú roimh ré ar thionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta sin ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach na n-acmhainní iascaigh agus gan cinneadh a dhéanamh nach mbeadh drochthionchar suntasach ag na gníomhaíochtaí sin ar éiceachórais mhuirí leochaileacha, sin nó a áirithiú go mbainisteofar na gníomhaíochtaí sin chun na tionchair sin a chosc nó nach mbeidh siad údaraithe dul ar aghaidh leo; |
|
(i) |
a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Chomhaontú 1995, go bhfuil na bearta caomhnaithe agus bainistíochta arna mbunú do stoic éisc traslimistéir ar an mórmhuir agus na bearta arna nglacadh do na limistéir atá faoi dhlínse náisiúnta comhoiriúnach d’fhonn caomhnú agus bainistiú na n-acmhainní iascaigh sin ina n-iomláine a áirithiú; |
|
(j) |
a áirithiú go gcomhlíonfar bearta caomhnaithe agus bainistíochta agus go mbeidh na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe dian go leor chun comhlíonadh a dhaingniú, chun sáruithe a dhíspreagadh aon áit a dtarlaíonn siad agus le nach mbeadh sochair le baint as ciontóirí óna ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha; |
|
(k) |
íoslaghdú a dhéanamh ar thruailliú agus ar dhramhaíl de thionscnamh soithí iascaireachta, ábhar muirí aischurtha, gabháil le trealamh caillte nó tréigthe, agus tionchair ar speicis eile agus ar éiceachórais mhuirí trí bhearta lena n-áirítear, a mhéid is indéanta, trealamh agus teicnící iascaireachta atá roghnaíoch agus sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de agus atá cost-éifeachtach a fhorbairt agus a úsáid; agus |
|
(l) |
an Coinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm ar bhealach cóir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. |
Airteagal 4
Réimse Feidhme
1. Baineann an Coinbhinsiún seo le huiscí limistéar mórmhara an Aigéin Chiúin Thuaidh, gan limistéir mhórmhara Mhuir Bheiring agus limistéir mhórmhara eile atá timpeallaithe ag limistéar eacnamaíoch eisiach aon Stáit amháin a áireamh. Tá an limistéar feidhme teorannaithe ó dheas le líne leanúnach a thosaíonn ag an teorainn farraige d’uiscí atá faoi dhlínse Stáit Aontaithe Mheiriceá timpeall ar Chomhlathas Oileáin Mháirianacha Thuaidh ag domhanleithead fiche (20) céim ó thuaidh, a ghluaiseann soir ansin agus a nascann na comhordanáidí seo a leanas:
|
— |
20°00’00”T, 180°00’00”O/I; |
|
— |
10°00’00”T,180°00’00”O/I; |
|
— |
10°00’00”T,140°00’00”I; |
|
— |
20°00’00”T, 140°00’00”I; agus |
|
— |
As sin soir go dtí teorainn farraige uiscí atá faoi dhlínse iascaigh Mheicsiceo. |
2. Ní chiallaíonn aon ní sa Choinbhinsiún seo, ná aon ghníomh nó gníomhaíocht a dhéanfar de bhun an Choinbhinsiúin seo, go dtugtar aitheantas d’éilimh nó do sheasaimh aon Pháirtí Chonarthaigh maidir le stádas dlíthiúil agus méid uiscí agus réigiún arna n-éileamh ag an bPáirtí Conarthach sin.
Airteagal 5
Bunú an Choimisiúin
1. Bunaítear leis seo Coimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh (“an Coimisiún”). Feidhmeoidh an Coimisiún de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin seo. Beidh gach Páirtí Conarthach ina chomhalta den Choimisiún.
2. Féadfaidh eintiteas iascaireachta dá dtagraítear sa Choinbhinsiún páirt a ghlacadh in obair an Choimisiúin i gcomhréir leis an Iarscríbhinn. Ní bheidh rannpháirtíocht eintitis iascaireachta in obair an Choimisiúin ina diall ó chur i bhfeidhm inghlactha an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún 1982.
3. Tionólfaidh an Coimisiún cruinniú rialta uair amháin ar a laghad gach dhá bhliain in am agus in ionad a chinnfidh an Coimisiún agus féadfaidh sé cibé cruinnithe eile a thionól is gá chun a fheidhmeanna faoin gCoinbhinsiún seo a chomhlíonadh.
4. Féadfaidh aon chomhalta den Choimisiún cruinniú den Choimisiún a iarraidh, agus comórfar é le toiliú thromlach de chomhaltaí an Choimisiúin. Déanfaidh an Cathaoirleach cruinniú den sórt sin a chomóradh ansin ar shlí thráthúil cibé am agus áit a chinnfidh an Cathaoirleach i gcomhairle le comhaltaí an Choimisiúin.
5. Toghfaidh an Coimisiún Cathaoirleach agus leasChathaoirleach as measc ionadaithe na bPáirtithe Conarthacha, gach duine acu ó Pháirtí Conarthach éagsúil. Toghfar iad go ceann tréimhse dhá bhliain agus féadfar iad a atoghadh, ach ní bheidh siad níos faide ná ceithre bliana i ndiaidh a chéile sa cháil chéanna. Fanfaidh an Cathaoirleach agus an leasChathaoirleach in oifig go dtí go dtoghfar a gcomharbaí.
6. Cuirfidh an Coimisiún prionsabal na cost-éifeachtúlachta i bhfeidhm maidir le minicíocht, ré agus sceidealú chruinnithe an Choimisiúin agus a fhochomhlachtaí.
7. Beidh pearsantacht dhlítheanach idirnáisiúnta agus cibé inniúlacht dhlíthiúil is gá ag an gCoimisiún chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus a chuspóirí a bhaint amach. Cinnfear trí chomhaontú idir an Coimisiún agus an Páirtí Conarthach lena mbaineann na pribhléidí agus na díolúintí a bheidh ag an gCoimisiún agus ag a oifigigh i gcríoch Páirtí Chonarthaigh.
8. Féadfaidh breathnóirí creidiúnaithe a bheith rannpháirteach i gcruinnithe uile an Choimisiúin agus comhlachtaí fochuideachta i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta a ghlacfaidh an Coimisiún. Cuirfear doiciméid ghaolmhara ar fáil go poiblí i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta sin.
9. Féadfaidh an Coimisiún Rúnaíocht bhuan a bhunú ar a mbeidh Rúnaí Feidhmiúcháin agus cibé foireann eile a éileoidh an Coimisiún agus/nó socruithe conarthacha a dhéanamh le Rúnaíocht eagraíochta atá ann cheana chun seirbhísí a sholáthar. Déanfar aon Rúnaí Feidhmiúcháin a cheapadh le formheas na bPáirtithe Conarthacha.
Airteagal 6
Fochomhlachtaí
1. Bunaítear leis seo Coiste Eolaíoch agus Coiste Teicniúil agus Comhlíontachta. Féadfaidh an Coimisiún, trí chomhthoil, aon fhochomhlachtaí eile a bhunú ó am go ham chun cuidiú le cuspóir an Choinbhinsiúin seo a bhaint amach.
2. Déanfaidh gach fochomhlacht, tar éis gach cruinnithe, tuarascáil ar a chuid oibre a sholáthar don Choimisiún ina mbeidh, i gcás inarb iomchuí, comhairle agus moltaí don Choimisiún.
3. Féadfaidh fochomhlachtaí meithleacha a bhunú agus féadfaidh siad comhairle sheachtrach a lorg i gcomhréir le haon treoir ón gCoimisiún.
4. Beidh na fochomhlachtaí freagrach don Choimisiún agus oibreoidh siad faoi rialacha nós imeachta an Choimisiúin, mura gcinnfidh an Coimisiún a mhalairt.
Airteagal 7
Feidhmeanna an Choimisiúin
1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 3 agus bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar chomhairle ón gCoiste Eolaíoch:
|
(a) |
bearta caomhnaithe agus bearta bainistíochta a ghlacadh chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na n-acmhainní iascaigh laistigh de Limistéar an Choinbhinsiúin a áirithiú, lena n-áirítear an ghabháil iomlán is incheadaithe nó leibhéal iomlán incheadaithe na hiarrachta iascaireachta do na hacmhainní iascaigh sin de réir mar a chinnfidh an Coimisiún; |
|
(b) |
a áirithiú go bhfuil leibhéil na gabhála iomláine incheadaithe nó leibhéal iomlán incheadaithe na hiarrachta iascaireachta i gcomhréir leis an gcomhairle agus leis na moltaí ón gCoiste Eolaíoch; |
|
(c) |
bearta caomhnaithe agus bainistíochta a ghlacadh, nuair is gá, do speicis a bhaineann leis an éiceachóras céanna nó atá ag brath ar na spriocstoic nó bainteach leo; |
|
(d) |
straitéisí bainistíochta a ghlacadh, más gá, d’aon acmhainní iascaigh agus do speicis a bhaineann leis an éiceachóras céanna nó atá ag brath ar na spriocstoic nó bainteach leo, de réir mar is gá chun cuspóir an Choinbhinsiúin seo a bhaint amach; |
|
(e) |
bearta caomhnaithe agus bearta bainistíochta a ghlacadh chun tionchair dhochracha shuntasacha ar éiceachórais mhuirí leochaileacha i Limistéar an Choinbhinsiúin a chosc, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
|
|
(f) |
cineál agus méid na rannpháirtíochta san iascach atá ann cheana a chinneadh, lena n-áirítear trí dheiseanna iascaireachta a leithdháileadh; |
|
(g) |
na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh aon iascaigh nua i Limistéar an Choinbhinsiúin agus cineál agus méid na rannpháirtíochta in iascaigh den sórt sin a bhunú de chomhthoil, lena n-áirítear trí dheiseanna iascaireachta a leithdháileadh; agus |
|
(h) |
tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir le modhanna trína bhféadfar freastal ar leasanna iascaireachta na bPáirtithe Conarthacha nua ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis an ngá inbhuanaitheacht fhadtéarmach na n-acmhainní iascaigh a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo a áirithiú. |
2. Glacfaidh an Coimisiún bearta chun faireachán, rialú agus faireachas éifeachtach a áirithiú, mar aon le comhlíonadh agus forfheidhmiú fhorálacha an Choinbhinsiúin seo agus na mbeart arna nglacadh de bhun an Choinbhinsiúin seo. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún:
|
(a) |
nósanna imeachta a bhunú le haghaidh rialáil agus faireachán a dhéanamh ar thrasloingsiú acmhainní iascaigh agus táirgí acmhainní iascaigh arna ndéanamh i Limistéar an Choinbhinsiúin, lena n-áirítear fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le suíomh agus cainníocht aon trasloingsithe; |
|
(b) |
clár Breathnóireachta Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh (“Clár Breathnóirí”) a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus caighdeáin agus treoirlínte ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh; |
|
(c) |
nósanna imeachta a bhunú chun dul ar bord agus cigireacht a dhéanamh ar shoithí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin; |
|
(d) |
sásraí comhoibritheacha iomchuí a bhunú chun faireachán, rialú agus faireachas éifeachtach a dhéanamh chun forfheidhmiú na mbeart caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh ag an gCoimisiún a áirithiú, lena n-áirítear sásraí chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú; |
|
(e) |
caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta a fhorbairt do chomhaltaí an Choimisiúin chun gluaiseachtaí agus gníomhaíochtaí a thuairisciú ag baint úsáide as tarchuradóirí suite fíor-ama satailíte do shoithí atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin agus, i gcomhréir leis na nósanna imeachta sin, scaipeadh tráthúil na sonraí arna mbailiú ó chórais faireacháin soithí satailíte na gcomhaltaí a chomhordú; |
|
(f) |
nósanna imeachta a bhunú lena dtabharfar fógra don Choimisiún ar bhealach tráthúil maidir le soithí iascaireachta a ghabhann acmhainní iascaigh nó a bhfuil beartaithe acu acmhainní iascaigh a ghabháil i Limistéar an Choinbhinsiúin a dhul isteach i Limistéar an Choinbhinsiúin nó é a fhágáil; |
|
(g) |
i gcás inarb iomchuí, bearta neamh-idirdhealaitheacha a bhaineann leis an margadh a bhunú a bheidh comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú; agus |
|
(h) |
nósanna imeachta a bhunú chun athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Choinbhinsiúin seo agus na mbeart arna nglacadh de bhun an Choinbhinsiúin seo. |
3. Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:
|
(a) |
na rialacha maidir le seoladh a chruinnithe agus maidir le feidhmiú a fheidhmeanna, lena n-áirítear Rialacha Nós Imeachta, Rialacháin Airgeadais agus rialacháin eile, a ghlacadh agus/nó a leasú de réir mar is gá, trí chomhthoil; |
|
(b) |
plean oibre agus téarmaí tagartha a ghlacadh don Choiste Eolaíoch, don Choiste Teicniúil agus um Chomhlíonadh agus, de réir mar is gá, d’fhochomhlachtaí eile; |
|
(c) |
aon cheist a bhaineann leis an mbonn eolaíoch do na cinntí a chur faoi bhráid an Choiste Eolaíoch, ar ceist í a d’fhéadfadh a bheith riachtanach don Choimisiún a ghlacadh maidir le caomhnú agus bainistiú acmhainní iascaigh agus speiceas ar den éiceachóras céanna iad nó atá ag brath ar na spriocstoic nó bainteach leo agus measúnú agus aghaidh a thabhairt ar thionchair ghníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhuirí leochaileacha; |
|
(d) |
na téarmaí agus na coinníollacha d’aon ghníomhaíochtaí iascaireachta turgnamhacha, eolaíochta agus taiscéalaíocha i Limistéar an Choinbhinsiúin a bhunú agus raon feidhme aon taighde eolaíoch chomhoibrithigh ar acmhainní iascaigh, éiceachórais mhuirí leochaileacha, agus speicis ar den éiceachóras céanna iad nó atá ag brath ar na spriocstoic nó bainteach leo a chinneadh; |
|
(e) |
liosta de speicis tháscacha le haghaidh éiceachórais mhuirí leochaileacha a ghlacadh agus a leasú ó am go ham a dtoirmiscfear iascaireacht dhírithe ina leith; |
|
(f) |
caidreamh seachtrach an Choimisiúin a stiúradh; agus |
|
(g) |
cibé feidhmeanna eile a chomhlíonadh agus cibé gníomhaíochtaí eile a chur i gcrích is gá chun cuspóir an Choinbhinsiúin seo a chur chun cinn. |
Airteagal 8
Cinnteoireacht
1. Mar riail ghinearálta, déanfaidh an Coimisiún a chinntí trí chomhthoil.
2. Ach amháin i gcás ina bhforálann an Coinbhinsiún seo go sainráite gur trí chomhthoil a ghlacfar cinneadh, má mheasann an Cathaoirleach go bhfuil na hiarrachtaí uile chun teacht ar chomhthoil ídithe:
|
(a) |
déanfar cinntí an Choimisiúin maidir le ceisteanna nós imeachta trí thromlach chomhaltaí an Choimisiúin a chaith vótaí dearfacha nó vótaí diúltacha; agus |
|
(b) |
déanfar cinntí maidir le ceisteanna substainte trí thromlach trí cheathrú de chomhaltaí an Choimisiúin a chaith vótaí dearfacha nó vótaí diúltacha. |
3. Nuair a bheidh an cheist ann i dtaobh ceist de shubstaint a bheith nó gan a bheith ina ceist, déileálfar leis an gceist sin mar cheist substainte.
4. Ní ghlacfar aon chinntí mura bhfuil córam dhá thrian de chomhaltaí an Choimisiúin i láthair an tráth a bheidh an cinneadh le glacadh.
Airteagal 9
Cinntí ón gCoimisiún a chur chun feidhme
1. Gabhfaidh éifeacht le cinntí ceangailteacha a dhéanfaidh an Coimisiún mar a leanas:
|
(a) |
tabharfaidh Cathaoirleach an Choimisiúin fógra i scríbhinn go pras i scríbhinn do chomhaltaí uile an Choimisiúin faoin gcinneadh sin tar éis don Choimisiún é a ghlacadh; |
|
(b) |
beidh an cinneadh ina cheangal ar chomhaltaí uile an Choimisiúin nócha (90) lá tar éis an dáta tarchuir a bheidh sonraithe san fhógra ón gCathaoirleach á rá gur ghlac an Coimisiún an cinneadh, de bhun fhomhír (a) thuas, mura sonrófar a mhalairt sa chinneadh; |
|
(c) |
féadfaidh comhalta den Choimisiún agóid a dhéanamh in aghaidh cinnidh ar an aon fhoras amháin go bhfuil an cinneadh ar neamhréir le forálacha an Choinbhinsiúin seo, Choinbhinsiún 1982 nó Chomhaontú 1995, nó go ndéanann an cinneadh idirdhealú gan bonn cirt in aghaidh an chomhalta agóide; |
|
(d) |
má dhéanann comhalta den Choimisiún agóid, cuirfidh sé é sin in iúl i scríbhinn do Chathaoirleach an Choimisiúin dhá sheachtain ar a laghad roimh an dáta a mbeidh an cinneadh ina cheangal de réir fhomhír (b) thuas; sa chás sin, ní bheidh an cinneadh ina cheangal, a mhéid a shonrófar, ar an gcomhalta sin; beidh an cinneadh ina cheangal ar na comhaltaí eile go léir, áfach, mura gcinnfidh an Coimisiún a mhalairt; |
|
(e) |
aon chomhalta den Choimisiún a thabharfaidh fógra faoi fhomhír (d) thuas sonróidh sé an bhfuil an cinneadh ar neamhréir le forálacha an Choinbhinsiúin seo, Choinbhinsiún 1982 nó Chomhaontú 1995, nó an ndéanann sé idirdhealú dochosanta i bhfoirm nó i bhfíoras in aghaidh an chomhalta sin agus, san am céanna, míniú i scríbhinn a sholáthar ar na forais atá lena sheasamh. Ní mór don chomhalta bearta malartacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme atá coibhéiseach leis an gcinneadh a ndearna sé agóid ina leith agus a mbeidh an dáta céanna cur i bhfeidhm acu; |
|
(f) |
déanfaidh an Cathaoirleach sonraí aon fhógra agus aon mhíniú a fhaightear a scaipeadh go pras ar chomhaltaí uile an Choimisiúin de réir fhomhíreanna (d) agus (e) thuas; |
|
(g) |
i gcás ina ndéanfaidh aon chomhalta den Choimisiún an nós imeachta a leagtar amach i bhfomhíreanna (d) agus (e) thuas a agairt, tionólfar cruinniú de chuid an Choimisiúin arna iarraidh sin d’aon chomhalta eile chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh ar tíolacadh an agóid ina leith. Tabharfaidh an Coimisiún, ar a chostas féin, cuireadh chuig an gcruinniú sin do bheirt saineolaithe nó níos mó ar náisiúnaigh iad de stáit nach comhaltaí den Choimisiún iad agus a bhfuil eolas leordhóthanach acu ar an dlí idirnáisiúnta a bhaineann le hiascaigh agus ar oibriú eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh chun comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis an ábhar i dtrácht. Beidh roghnú agus gníomhaíochtaí na saineolaithe sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún; |
|
(h) |
breithneoidh cruinniú an Choimisiúin an bhfuil bonn cirt leis na forais atá sonraithe don agóid arna tíolacadh ag comhalta an Choimisiúin agus an bhfuil na bearta malartacha a glacadh coibhéiseach leis an gcinneadh ar tíolacadh an agóid ina choinne nó nach bhfuil; |
|
(i) |
má fhaigheann an Coimisiún nach idirdhealú, i bhfoirm nó i bhfíoras, i gcoinne an chomhalta agóide den Choimisiún an cinneadh ar tíolacadh an agóid ina choinne agus nach bhfuil sé ar neamhréir leis an gCoinbhinsiún seo, le Coinbhinsiún 1982 nó le Comhaontú 1995, ach go bhfuil na bearta malartacha coibhéiseach le cinneadh an Choimisiúin agus gur chóir go nglacfaí leo amhlaidh ag an gCoimisiún, beidh na bearta malartacha ina gceangal ar an gcomhalta agóide in ionad an chinnidh a ndearnadh an agóid ina leith; agus |
|
(j) |
má chinneann an Coimisiún nach idirdhealú i bhfoirm nó i bhfíoras in aghaidh an chomhalta agóide an cinneadh ar tíolacadh an agóid ina choinne agus nach bhfuil sé ar neamhréir leis an gCoinbhinsiún seo, le Coinbhinsiún 1982 nó le Comhaontú 1995, ach nach bhfuil na bearta malartacha coibhéiseach leis an gcinneadh a bhfuil agóid déanta aige ina choinne, féadfaidh an comhalta agóide:
|
2. Féadfaidh aon chomhalta den Choimisiún a agraíonn an ceart agóide atá leagtha amach i mír 1 a fhógra agóide a tharraingt siar tráth ar bith agus teacht faoi cheangal ag an gcinneadh láithreach má bhíonn sé in éifeacht cheana nó ag cibé tráth a thiocfaidh sé in éifeacht faoin Airteagal seo.
Airteagal 10
An Coiste Eolaíoch
1. Cuirfidh an Coiste Eolaíoch comhairle eolaíochta agus moltaí eolaíocha ar fáil i gcomhréir leis na téarmaí tagartha don Choiste a bheidh le glacadh ag an gcéad chruinniú rialta den Choimisiún agus a leasófar ó am go ham.
2. Tiocfaidh an Coiste Eolaíoch le chéile, mura gcinnfidh an Coimisiún a mhalairt, uair amháin gach dhá bhliain ar a laghad, agus roimh ghnáthchruinniú an Choimisiúin.
3. Déanfaidh an Coiste Eolaíoch gach iarracht a thuarascálacha a ghlacadh de chomhthoil. Má theipeann ar gach iarracht comhthoil a bhaint amach, léireofar sa tuarascáil na tuairimí tromlaigh agus na tuairimí mionlaigh agus d’fhéadfadh tuairimí éagsúla ionadaithe na gcomhaltaí maidir leis an tuarascáil ar fad nó maidir le cuid di a bheith san áireamh inti.
4. Is iad feidhmeanna an Choiste Eolaíoch:
|
(a) |
plean taighde a mholadh don Choimisiún, lena n-áirítear saincheisteanna agus míreanna sonracha a mbeidh ar na saineolaithe eolaíocha nó eagraíochtaí nó daoine aonair eile aghaidh a thabhairt orthu, de réir mar is iomchuí, agus riachtanais sonraí a shainaithint agus gníomhaíochtaí a dhéanann freastal ar na riachtanais sin a chomhordú; |
|
(b) |
na measúnuithe eolaíocha ar stádas na n-acmhainní iascaigh i Limistéar an Choinbhinsiúin a phleanáil, a sheoladh agus a athbhreithniú go rialta, na gníomhaíochtaí is gá chun iad a chaomhnú agus a bhainistiú a shainaithint, agus comhairle agus moltaí a chur ar fáil don Choimisiún; |
|
(c) |
faisnéis ábhartha a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh; |
|
(d) |
measúnú a dhéanamh ar thionchair na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar acmhainní iascaigh agus ar speicis ar leis an éiceachóras céanna iad nó atá ag brath ar na spriocstoic nó bainteach leo; |
|
(e) |
próiseas a fhorbairt chun éiceachórais mhuirí leochaileacha a shainaithint, lena n-áirítear critéir ábhartha chun é sin a dhéanamh, agus na limistéir nó na gnéithe arb eol, nó inar dóigh go bhfuil, na héiceachórais sin iontu, agus suíomh na n-iascach grinnill i ndáil leis na limistéir nó na gnéithe sin a shainaithint, bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíoch is fearr atá ar fáil, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá ann faisnéis rúnda a chosaint; |
|
(f) |
speicis tháscacha bhreise d'éiceachórais mhuirí leochaileacha a dtoirmiscfear iascaireacht dhírithe ina leith a shainaithint agus comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir leo; |
|
(g) |
caighdeáin agus critéir eolaíochtbhunaithe a bhunú lena chinneadh an dócha go n-imreoidh gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill tionchair dhíobhálacha shuntasacha ar éiceachórais mhuirí leochaileacha nó ar speicis mhuirí i limistéar ar leith bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta amhail Treoirlínte Idirnáisiúnta FAO agus moladh a dhéanamh maidir le bearta chun na tionchair sin a sheachaint; |
|
(h) |
athbhreithniú a dhéanamh ar aon mheasúnachtaí, cinntí agus bearta bainistíochta agus aon mholadh is gá a dhéanamh d’fhonn cuspóir an Choinbhinsiúin seo a bhaint amach; |
|
(i) |
rialacha agus caighdeáin a fhorbairt lena nglacadh ag an gCoimisiún, maidir le bailiú, fíorú, tuairisciú, slándáil agus malartú sonraí maidir le hacmhainní iascaigh, maidir le speicis ar leis an éiceachóras céanna iad, nó atá ag brath ar na spriocstoic agus gníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin nó atá bainteach leo, agus maidir le rochtain ar na sonraí sin agus iad a scaipeadh; |
|
(j) |
a mhéid is indéanta, anailís a thabhairt don Choimisiún ar bhearta malartacha caomhnaithe agus bainistíochta a dhéanann meastachán ar a mhéid a bhainfí amach cuspóirí aon straitéise bainistíochta arna glacadh ag an gCoimisiún nó arna breithniú aige le gach rogha díobh; agus |
|
(k) |
cibé comhairle eolaíochta eile is cuí leis nó a éileoidh an Coimisiún a sholáthar don Choimisiún. |
5. Féadfaidh an Coiste Eolaíoch faisnéis faoi ábhair leasa choitinn a mhalartú le heagraíochtaí nó socruithe eolaíocha ábhartha eile i gcomhréir leis na rialacha agus na caighdeáin arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun fhomhír 4(i) thuas agus Airteagal 21.
6. Ní dhéanfaidh an Coiste Eolaíoch dúbláil ar ghníomhaíochtaí eagraíochtaí eolaíocha eile agus ar shocruithe a chumhdaíonn Limistéar an Choinbhinsiúin.
Airteagal 11
An Coiste Teicniúil agus Comhlíontachta
1. Is iad feidhmeanna an Choiste Theicniúil agus Comhlíontachta:
|
(a) |
faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh na mbeart caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh ag an gCoimisiún agus moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin de réir mar is gá; agus |
|
(b) |
athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme beart comhoibritheach maidir le faireachán, rialú, faireachas agus forfheidhmiú arna nglacadh ag an gCoimisiún agus moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin de réir mar is gá. |
2. Cinnfidh an Coimisiún cén uair a thionólfaidh an Coiste Teicniúil agus Comhlíontachta a chéad chruinniú. Ina dhiaidh sin, tiocfaidh an Coiste Teicniúil agus Comhlíontachta le chéile, mura gcinnfidh an Coimisiún a mhalairt, uair amháin gach dhá bhliain ar a laghad, agus roimh ghnáthchruinniú an Choimisiúin.
3. Déanfaidh an Coiste Teicniúil agus Comhlíontachta gach iarracht a thuarascálacha a ghlacadh de chomhthoil. Má theipeann ar gach iarracht comhthoil a bhaint amach, léireofar sa tuarascáil na tuairimí tromlaigh agus na tuairimí mionlaigh agus d’fhéadfadh tuairimí éagsúla ionadaithe na gcomhaltaí maidir leis an tuarascáil ar fad nó maidir le cuid di a bheith san áireamh inti.
4. Le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh, déanfaidh an Coiste Teicniúil agus Comhlíontachta an méid seo a leanas:
|
(a) |
fóram a chur ar fáil le haghaidh malartú faisnéise maidir leis na modhanna ina bhfuil na bearta caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh ag an gCoimisiún i Limistéar an Choinbhinsiúin agus na bearta comhlántacha in uiscí cóngaracha, de réir mar is cuí, á gcur chun feidhme ag comhaltaí an Choimisiúin; |
|
(b) |
fóram a chur ar fáil chun faisnéis a mhalartú maidir le forfheidhmiú, lena n-áirítear iarrachtaí, straitéisí agus pleananna forfheidhmiúcháin; |
|
(c) |
tuarascálacha a fháil ó gach comhalta den Choimisiún maidir le bearta a ghlac an comhalta chun faireachán agus iniúchadh a dhéanamh ar sháruithe ar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo agus ar bhearta a glacadh de bhun an Choinbhinsiúin seo agus chun pionós a ghearradh ina leith; |
|
(d) |
a chuid torthaí nó conclúidí a thuairisciú don Choimisiún maidir lena mhéid a chomhlíontar na bearta caomhnaithe agus bainistíochta; |
|
(e) |
moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le nithe a bhaineann le faireachán, rialú, faireachas agus forfheidhmiú; |
|
(f) |
rialacha agus nósanna imeachta a fhorbairt lena rialófar úsáid sonraí agus faisnéise eile chun críocha faireacháin, rialaithe agus faireachais; agus |
|
(g) |
aon ábhair eile a chuirfidh an Coimisiún faoina bhráid a bhreithniú agus/nó a iniúchadh. |
5. Feidhmeoidh an Coiste Teicniúil agus Comhlíontachta a fheidhmeanna de réir na nósanna imeachta agus na dtreoirlínte a ghlacfaidh an Coimisiún ó am go ham.
Airteagal 12
Buiséad
1. Íocfaidh gach comhalta den Choimisiún a chaiteachais féin as freastal ar chruinnithe den Choimisiún agus dá fhochomhlachtaí.
2. Ag gach cruinniú dá chuid, glacfaidh an Coimisiún, de chomhthoil, buiséad bliantúil le haghaidh an chéad 2 bhliain eile faoi seach. Cuirfidh an Rúnaí Feidhmiúcháin dréachtbhuiséid do gach bliain den 2 bhliain sin chuig na comhaltaí mar aon le sceideal ranníocaíochtaí tráth nach déanaí ná seasca (60) lá roimh ghnáthchruinniú an Choimisiúin ag a mbeidh na buiséid sin le breithniú. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún teacht ar chomhthoil maidir le buiséad bliantúil a ghlacadh d’aon bhliain ar leith, tabharfar ar aghaidh buiséad an Choimisiúin don bhliain roimhe sin don bhliain sin.
3. Roinnfear an buiséad idir chomhaltaí an Choimisiúin i gcomhréir le foirmle a ghlacfaidh an Coimisiún trí chomhthoil. I gcás comhalta den Choimisiún a ghlac comhaltas i rith bliain airgeadais, déanfaidh sé ranníocaíocht leis an mbuiséad ar mhéid atá comhréireach leis an líon míonna iomlána atá fágtha sa bhliain arna ríomh ón lá a ghlac sé comhaltas.
4. Cuirfidh an Rúnaí Feidhmiúcháin méid a ranníocaíochta in iúl do gach comhalta den Choimisiún. Íocfar ranníocaíochtaí tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis dháta an fhógra sin, in airgeadra an Stáit ina bhfuil Rúnaíocht an Choimisiúin suite. Comhalta den Choimisiún nach féidir leis an sprioc-am a chomhlíonadh, míneoidh sé don Choimisiún an chúis nach bhfuil sé in ann déanamh amhlaidh.
5. Comhalta den Choimisiún nach bhfuil a ranníocaíochtaí íoctha ina n-iomláine aige 2 bhliain as a chéile, ní bheidh sé i dteideal a bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht an Choimisiúin, ná ní fhéadfaidh sé agóidí a dhéanamh maidir le haon chinneadh a ghlacann an Coimisiún, go dtí go mbeidh a oibleagáidí airgeadais urscaoilte aige.
6. Déanfaidh iniúchóirí seachtracha arna roghnú ag an gCoimisiún gnóthaí airgeadais an Choimisiúin a iniúchadh go bliantúil.
Airteagal 13
Dualgais Bratstát
1. Déanfaidh gach Páirtí Conarthach cibé bearta is gá chun a áirithiú maidir le soithí iascaireachta atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu:
|
(a) |
agus iad ag oibriú i Limistéar an Choinbhinsiúin, go gcomhlíonann siad forálacha an Choinbhinsiúin seo agus na bearta arna nglacadh de bhun an Choinbhinsiúin seo agus nach bhfuil na soithí sin ag gabháil d’aon ghníomhaíochtaí a bhainfeadh an bonn d’éifeachtacht na mbeart sin; agus |
|
(b) |
nach ndéanann siad gníomhaíochtaí iascaireachta neamhúdaraithe laistigh de limistéir atá faoi dhlínse náisiúnta Stáit eile atá tadhlach le Limistéar an Choinbhinsiúin. |
2. Ní cheadóidh aon Pháirtí Conarthach d'aon soitheach iascaireachta atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain a bheith in úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin mura mbeidh údarás nó údaráis iomchuí an Pháirtí Chonarthaigh sin tar éis údarú dó déanamh amhlaidh. Ní údaróidh gach Páirtí Conarthach ar leith soithí atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin ach amháin i gcás ina mbeidh sé in ann a fhreagrachtaí a fheidhmiú go héifeachtach maidir leis na soithí sin faoin gCoinbhinsiún seo, faoi Choinbhinsiún 1982 agus faoi Chomhaontú 1995.
3. Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach ar leith, maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain de shárú ar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, agus ar bhearta a ghlacfar de bhun an Choinbhinsiúin seo agus an údaraithe i mír 2, go mbeidh na gníomhaíochtaí sin ina sárú faoina chreat dlíthiúil.
4. Cuirfidh gach Páirtí Conarthach de cheangal ar shoithí iascaireachta atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu agus atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin:
|
(a) |
leas a bhaint as tarchuradóirí suite fíor-ama satailíte le linn dóibh a bheith i Limistéar an Choinbhinsiúin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a forbraíodh de bhun Airteagal 7, fomhír 2(e); |
|
(b) |
fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an rún atá acu dul isteach i Limistéar an Choinbhinsiúin agus é a fhágáil i gcomhréir le nósanna imeachta arna bhforbairt de bhun Airteagal 7, fomhír 2(f); agus |
|
(c) |
fógra a thabhairt don Choimisiún faoi shuíomh aon trasloingsithe acmhainní iascaigh agus táirgí acmhainní iascaigh arna ngabháil i Limistéar an Choinbhinsiúin, go dtí go nglacfaidh an Coimisiún nósanna imeachta le haghaidh rialáil agus faireachán a dhéanamh ar thrasloingsiú de bhun Airteagal 7, fomhír 2(a). |
5. Cuirfidh gach Páirtí Conarthach toirmeasc ar shoithí atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu dul i mbun iascaireacht dhírithe ar na hoird seo a leanas: Alcyonacea, Antipatharia, Gorgonacea, agus Scleractinia, chomh maith le haon speicis tháscacha eile d’éiceachórais mhuirí leochaileacha a d’fhéadfadh an Coiste Eolaíoch a shainaithint ó am go ham agus a ghlacfaidh an Coimisiún.
6. Cuirfidh gach Páirtí Conarthach breathnóirí ar bord soithí iascaireachta atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu agus atá ag oibriú i Limistéar an Choinbhinsiúin i gcomhréir leis an gClár Breathnóirí a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 7, fomhír 2(b). Beidh clúdach céad (100) faoin gcéad faoin gClár Breathnóirí ag soithí iascaireachta atá ag gabháil d’iascaireacht ghrinnill i Limistéar an Choinbhinsiúin. Soithí iascaireachta atá ag gabháil do chineálacha eile gníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin, beidh leibhéal clúdaigh breathnóra acu de réir mar a chinnfidh an Coimisiún.
7. Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go nglacfaidh soithí iascaireachta atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain le cigirí cuí-údaraithe dul ar bord i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le dul ar bord agus cigireacht a dhéanamh ar shoithí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin a ghlac an Coimisiún de bhun Airteagal 7, fomhír 2(c). Comhlíonfaidh cigirí cuí-údaraithe na nósanna imeachta sin.
8. Chun go gcuirfear an Coinbhinsiún seo chun feidhme go héifeachtach, déanfaidh gach Páirtí Conarthach an méid seo a leanas:
|
(a) |
taifead a choimeád de na soithí iascaireachta atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu agus atá údaraithe lena n-úsáid i ndáil le gníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin i gcomhréir leis na ceanglais faisnéise, na rialacha, na caighdeáin agus na nósanna imeachta arna nglacadh ag an gCoimisiún; |
|
(b) |
faisnéis, mar a chinnfidh an Coimisiún, maidir le gach soitheach iascaireachta a chuirtear isteach sa taifead a cheanglaítear a choimeád faoin mír seo a chur ar fáil go bliantúil don Choimisiún, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhunóidh an Coimisiún, agus cuirfidh sé aon mhodhnuithe ar an bhfaisnéis sin in iúl go pras don Choimisiún; agus |
|
(c) |
ainmneacha na soithí iascaireachta a iontráladh sa taifead arb iad a rinne na gníomhaíochtaí iascaireachta le linn na bliana féilire roimhe sin a chur ar fáil don Choimisiún mar chuid den tuarascáil bhliantúil a cheanglaítear de bhun Airteagal 16. |
9. Cuirfidh gach Páirtí Conarthach an Coimisiún ar an eolas go pras freisin maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
aon rud breise a chuirtear leis an taifead; agus |
|
(b) |
aon scriosadh ón taifead, lena sonraítear cé acu de na cúiseanna seo a leanas is infheidhme:
|
10. Coimeádfaidh an Coimisiún a thaifead féin ar shoithí iascaireachta, bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirfear ar fáil dó de bhun mhíreanna 8 agus 9. Cuirfidh an Coimisiún an taifead sin ar fáil go poiblí trí mhodhanna comhaontaithe, agus aird chuí á tabhairt aige ar an ngá atá le rúndacht faisnéise pearsanta a chosaint, i gcomhréir le cleachtas intíre gach Páirtí Chonarthaigh. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil freisin d’aon Pháirtí Conarthach, arna iarraidh sin, faisnéis faoi aon soitheach a chuirfear isteach ar thaifead an Choimisiúin, ar faisnéis í nach bhfuil ar fáil go poiblí ar bhealach eile.
11. Aon Pháirtí Conarthach nach gcuirfidh isteach na sonraí agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 16, mír 3 i leith aon bhliana ina ndearnadh iascaireacht i Limistéar an Choinbhinsiúin ag soithí iascaireachta atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain, ní ghlacfaidh sé páirt sna hiascaigh ábhartha go dtí go mbeidh na sonraí agus an fhaisnéis sin curtha ar fáil. Beidh cur chun feidhme na míre seo á threorú a thuilleadh ag na Rialacha Nós Imeachta atá le glacadh ag an gCoimisiún.
Airteagal 14
Dualgais Stát an Chalafoirt
1. Tá sé de cheart ag Páirtí Conarthach agus de dhualgas air bearta a ghlacadh, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, chun éifeachtacht beart caomhnaithe agus bainistíochta foréigiúnach, réigiúnach agus domhanda a chur chun cinn.
2. Déanfaidh gach Páirtí Conarthach an méid seo a leanas:
|
(a) |
éifeacht a thabhairt do bhearta Stát an chalafoirt arna nglacadh ag an gCoimisiún i ndáil le teacht isteach ina chalafoirt agus úsáid na gcalafort ag soithí iascaireachta a rinne gníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin lena n-áirítear, inter alia, maidir le tabhairt i dtír agus trasloingsiú acmhainní iascaigh, cigireacht ar shoithí iascaireachta, doiciméid, gabháil agus trealamh ar bord, agus úsáid seirbhísí calafoirt; agus |
|
(b) |
cúnamh a thabhairt do Bhratstáit, de réir mar is indéanta le réasún agus i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus leis an dlí idirnáisiúnta, i gcás ina mbeidh soitheach iascaireachta ina chalafoirt go deonach agus ina n-iarrfaidh Bratstát an tsoithigh ar an bPáirtí Conarthach cúnamh a thabhairt chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Choinbhinsiúin seo agus na bearta caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh ag an gCoimisiún. |
3. I gcás ina measann Páirtí Conarthach go ndearna soitheach iascaireachta a bhaineann úsáid as a chalafoirt sárú ar fhoráil den Choinbhinsiún seo nó ar bheart caomhnaithe agus bainistíochta arna ghlacadh ag an gCoimisiún, tabharfaidh sé fógra don Bhratstát lena mbaineann, don Choimisiún agus do Stáit ábhartha eile agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta iomchuí. Cuirfidh an Páirtí Conarthach an doiciméadacht ar an ábhar ar fáil don Bhratstát agus, de réir mar is iomchuí, don Choimisiún, lena n-áirítear aon taifead cigireachta.
4. Ní fhorléireofar aon ní san Airteagal seo mar ní a dhéanann difear d’fheidhmiú a gceannasachta ag Páirtithe Conarthacha ar chalafoirt ina gcríocha i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear a gceart chun cead isteach i gcalafoirt ina gcríoch a dhiúltú agus bearta Stat calafoirt níos déine a ghlacadh ná na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an Choinbhinsiúin seo.
Airteagal 15
Dualgais Eintiteas Iascaireachta
Tá feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 13 agus Airteagal 14, míreanna 2 agus 3 maidir le haon eintiteas iascaireachta a chuir a ghealltanas daingean in iúl i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 16
Sonraí a Bhailiú, a Thiomsú agus a Mhalartú
1. Forbróidh an Coimisiún, agus aird iomlán á tabhairt aige ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú 1995, mar aon le forálacha ábhartha Airteagail 10 agus 11, caighdeáin, rialacha agus nósanna imeachta le haghaidh, inter alia, na nithe seo a leanas:
|
(a) |
na sonraí ábhartha uile a bheith á mbailiú, á bhfíorú agus á dtuairisciú go tráthúil chuig an gCoimisiún ag comhaltaí an Choimisiúin; |
|
(b) |
sonraí cruinne agus iomlána a bheith á dtiomsú agus á mbainistiú ag an gCoimisiún chun measúnú éifeachtach stoic a éascú chun a áirithiú go bhféadfar an chomhairle eolaíochta is fearr a sholáthar; |
|
(c) |
sonraí, lena n-áirítear sonraí maidir le soithí atá i mbun iascaireacht NNN agus, de réir mar is iomchuí, maidir le húinéireacht thairbhiúil na soithí sin, a bheith á malartú idir comhaltaí an Choimisiúin, agus le heagraíochtaí agus socruithe réigiúnacha eile bainistíochta iascaigh, d’fhonn an fhaisnéis sin a chomhdhlúthú i bhformáid láraithe lena scaipeadh de réir mar is iomchuí; |
|
(d) |
doiciméadú comhordaithe agus comhroinnt sonraí idir eagraíochtaí agus socruithe réigiúnacha bainistíochta iascaigh a bheith á n-éascú, lena n-áirítear nósanna imeachta chun sonraí a mhalartú maidir le cláir soithí, agus bearta a bhaineann leis an margadh i gcás inarb infheidhme; agus |
|
(e) |
iniúchtaí rialta ar an gcaoi a gcomhlíonann comhaltaí an Choimisiúin na ceanglais maidir le sonraí a bhailiú agus a mhalartú, agus maidir le haghaidh a thabhairt ar aon neamhchomhlíonadh a shainaithneofar in iniúchtaí den sórt sin. |
2. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh sonraí ar fáil go poiblí maidir le líon na soithí iascaireachta a oibríonn i Limistéar an Choinbhinsiúin, stádas na n-acmhainní iascaigh arna mbainistiú faoin gCoinbhinsiún seo, measúnuithe ar acmhainní iascaigh, cláir thaighde i Limistéar an Choinbhinsiúin, agus tionscnaimh chomhoibritheacha le heagraíochtaí réigiúnacha agus domhanda.
3. Bunóidh an Coimisiún formáid na tuarascála bliantúla a bheidh le tíolacadh ag gach comhalta den Choimisiún. Cuirfidh gach comhalta den Choimisiún a thuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill i gcomhréir leis an bhformáid sin. Áireofar sa tuarascáil bhliantúil cur síos ar an gcaoi a bhfuil na bearta caomhnaithe agus bainistíochta curtha chun feidhme ag an gcomhalta den Choimisiún, mar aon le nósanna imeachta faireacháin, rialaithe agus faireachais agus forfheidhmithe arna nglacadh ag an gCoimisiún, lena n-áirítear toradh aon ghníomhaíochtaí atá déanta ag an gcomhalta i ndáil le hAirteagal 17, chomh maith le faisnéis ar aon ábhair bhreise a chinnfidh an Coimisiún.
4. Bunóidh an Coimisiún rialacha chun slándáil sonraí, rochtain ar shonraí agus scaipeadh sonraí a áirithiú, lena n-áirítear sonraí a thuairiscítear trí tharchuradóirí suite fíor-ama satailíte, agus rúndacht á coimeád i gcás inarb iomchuí agus aird chuí á tabhairt ar chleachtais intíre chomhaltaí an Choimisiúin.
Airteagal 17
Comhlíonadh agus Forfheidhmiú
1. Déanfaidh gach comhalta den Choimisiún forálacha an Choinbhinsiúin seo agus aon chinntí ábhartha ón gCoimisiún a fhorfheidhmiú.
2. Déanfaidh gach comhalta den Choimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó aon chomhalta eile den Choimisiún agus nuair a thugtar an fhaisnéis ábhartha dó, imscrúdú iomlán ar aon líomhain go bhfuil aon cheann d’fhorálacha an Choinbhinsiúin seo nó aon bheart caomhnaithe agus bainistíochta arna ghlacadh ag an gCoimisiún sáraithe ag soithí iascaireachta atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu.
3. I gcás ina mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil i ndáil le sárú líomhnaithe ar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo nó ar bhearta arna nglacadh de bhun an Choinbhinsiúin seo ag soitheach iascaireachta atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain aige:
|
(a) |
cuirfear an sárú líomhnaithe in iúl go pras do chomhalta an Choimisiúin; agus |
|
(b) |
déanfaidh comhalta an Choimisiúin na gníomhaíochtaí iomchuí i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin, lena n-áirítear imeachtaí a thionscnamh gan mhoill agus, i gcás inarb iomchuí, an soitheach lena mbaineann a choinneáil. |
4. I gcás ina suífear, i gcomhréir le dlíthe comhalta den Choimisiún, go raibh baint ag soitheach iascaireachta atá i dteideal bratach an chomhalta sin a chur ar foluain le sárú tromchúiseach a dhéanamh ar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo nó ar aon bhearta caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh ag an gCoimisiún, ordóidh an comhalta sin den Choimisiún don soitheach iascaireachta scor d’oibríochtaí agus, i gcásanna iomchuí, ordóidh sé don soitheach iascaireachta Limistéar an Choinbhinsiúin a fhágáil láithreach. Áiritheoidh comhalta an Choimisiúin nach mbeidh an soitheach lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin d’acmhainní iascaigh go dtí go gcomhlíonfar na smachtbhannaí uile atá fós le cur i bhfeidhm ag an gcomhalta sin i leith an tsáraithe.
5. Chun críocha an Airteagail seo, áireofar le sárú tromchúiseach aon cheann de na sáruithe a shonraítear in Airteagal 21, fomhíreanna 11 (a) go (h) de Chomhaontú 1995 agus cibé sáruithe eile a chinnfidh an Coimisiún.
6. Más rud é, laistigh de thrí (3) bliana ó theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo, nach mbeidh an Coimisiún in ann comhaontú ar nósanna imeachta maidir le dul ar bord soithí iascaireachta agus cigireacht a dhéanamh orthu i Limistéar an Choinbhinsiúin, beidh feidhm ag Airteagail 21 agus 22 de Chomhaontú 1995 amhail is dá mba chuid den Choinbhinsiún seo iad. Déanfar bordáil agus cigireacht ar shoithí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin, mar aon le haon ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sna hAirteagail sin agus i gcomhréir le haon nósanna imeachta praiticiúla breise den sórt sin a chinnfidh an Coimisiún.
7. Gan dochar do phríomhfhreagracht an Bhratstáit, déanfaidh gach comhalta den Choimisiún, i gcomhréir lena dhlíthe:
|
(a) |
a mhéid is féidir, bearta a dhéanamh agus comhoibriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh a náisiúnaigh, agus soithí iascaireachta atá faoi úinéireacht a náisiúnach, atá á n-oibriú nó á rialú ag a náisiúnaigh, forálacha an Choinbhinsiúin seo agus aon bhearta caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh ag an gCoimisiún; agus |
|
(b) |
ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’aon chomhalta eile den Choimisiún agus nuair a sholáthraítear an fhaisnéis ábhartha dó, imscrúdóidh sé go pras aon sárú líomhnaithe a rinne náisiúnaigh dá chuid, nó soithí iascaireachta ar leis iad, atá á n-oibriú nó á rialú ag a náisiúnaigh, ar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo nó ar aon bhearta caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh ag an gCoimisiún. |
8. Déanfar gach imscrúdú agus gach imeacht breithiúnach go gasta. Maidir leis na smachtbhannaí dá bhforáiltear i ndlíthe agus rialacháin ábhartha chomhaltaí an Choimisiúin, beidh siad sách dian le go mbeidh siad éifeachtach chun comhlíonadh a áirithiú agus chun sáruithe a dhíspreagadh cibé áit a dtarlaíonn siad, agus bainfear de na ciontóirí na sochair a fhabhróidh óna ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha.
9. Déanfar tuarascáil ar dhul chun cinn aon imscrúdaithe arna sheoladh de bhun mhíreanna 2, 3, 4 nó 7, lena n-áirítear sonraí faoi aon ghníomh a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh i ndáil leis an sárú líomhnaithe, a sholáthar don chomhalta den Choimisiún a dhéanann an iarraidh agus don Choimisiún a luaithe is indéanta agus in aon chás laistigh de dhá mhí ón iarraidh. Cuirfear tuarascáil ar thoradh an imscrúdaithe ar fáil don chomhalta den Choimisiún a dhéanann an iarraidh agus don Choimisiún nuair a bheidh an t-imscrúdú críochnaithe.
10. Tá forálacha an Airteagail seo gan dochar do na nithe seo a leanas:
|
(a) |
cearta aon chomhaltaí den Choimisiún de réir a ndlíthe agus a rialachán a bhaineann le hiascaigh; agus |
|
(b) |
cearta aon cheann de na Páirtithe Conarthacha i ndáil le haon fhoráil a bhaineann le comhlíonadh agus forfheidhmiú atá in aon chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach ábhartha nach bhfuil ar neamhréir le forálacha an Choinbhinsiúin seo, Choinbhinsiún 1982 nó Chomhaontú 1995. |
Airteagal 18
An Trédhearcacht
Cuirfidh an Coimisiún an trédhearcacht chun cinn ina phróisis chinnteoireachta agus ina ghníomhaíochtaí eile. Tabharfar an deis d’ionadaithe ó eagraíochtaí idir-rialtasacha agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil baint acu le nithe atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin seo a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Choimisiúin agus a fhochomhlachtaí mar bhreathnóirí nó eile a mheasann comhaltaí den Choimisiún a bheith iomchuí agus de réir mar a fhoráiltear sna Rialacha Nós Imeachta a ghlacfaidh an Coimisiún. Ní bheidh na nósanna imeachta sriantach go míchuí ina leith sin. Tabharfar rochtain thráthúil do na heagraíochtaí idir-rialtasacha agus do na heagraíochtaí neamhrialtasacha ar fhaisnéis ábhartha faoi réir na rialacha agus na nósanna imeachta a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh. Déanfar aon bhearta caomhnaithe, bainistíochta agus aon bhearta nó nithe eile a chinnfidh an Coimisiún nó fochomhlachtaí a chur ar fáil go poiblí mura gcinnfidh an Coimisiún a mhalairt.
Airteagal 19
Réiteach Díospóidí
Tá feidhm, mutatis mutandis, ag na forálacha a bhaineann le díospóidí a réiteach a leagtar amach i gCuid VIII de Chomhaontú 1995 maidir le haon díospóid idir na Páirtithe Conarthacha, bíodh siad ina bPáirtithe i gComhaontú 1995 nó ná bíodh.
Airteagal 20
Comhar le Páirtithe Neamhchonarthacha
1. Malartóidh comhaltaí an Choimisiúin faisnéis maidir le gníomhaíochtaí soithí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin atá i dteideal bratach Páirtithe neamhChonarthacha den Choinbhinsiún seo a chur ar foluain.
2. Déanfaidh an Coimisiún aird aon Pháirtí neamhChonarthaigh sa Choinbhinsiún seo a tharraingt ar aon ghníomhaíocht a ghabhann a náisiúnaigh nó a shoithí iascaireachta atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu, ar gníomhaíocht í a dhéanann difear, i dtuairim an Choimisiúin, do bhaint amach chuspóir an Choinbhinsiúin seo.
3. Iarrfaidh an Coimisiún ar an bPáirtí neamhChonarthach a shainaithnítear i mír 2 comhoibriú go hiomlán leis an gCoimisiún trí bheith ina Pháirtí Conarthach nó trí chomhaontú na bearta caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh ag an gCoimisiún a chur i bhfeidhm. Faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a bhunóidh an Coimisiún, féadfaidh Páirtí neamhChonarthach comhoibritheach den sórt sin sa Choinbhinsiún seo tairbhe a bhaint as rannpháirteachas in iascach a bheidh ar comhréir, inter alia, lena ghealltanas bearta caomhnaithe agus bainistíochta a chomhlíonadh agus lena thaifead ar chomhlíonadh na mbeart caomhnaithe agus bainistíochta i leith na n-acmhainní iascaigh iomchuí agus aon ranníocaíocht airgeadais a thugann sé don Choimisiún.
4. Déanfaidh gach ball den Choimisiún bearta a bheidh i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, le Coinbhinsiún 1982, le Comhaontú 1995 agus le dlí ábhartha idirnáisiúnta eile chun gníomhaíochtaí soithí iascaireachta atá i dteideal bratach na bPáirtithe neamhChonarthacha sa Choinbhinsiún seo a chur ar foluain, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann an bonn d’éifeachtacht beart caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh ag an gCoimisiún, a dhíspreagadh.
5. Déanfaidh gach comhalta den Choimisiún bearta iomchuí, i gcomhréir lena dhlíthe, chun cosc a chur ar shoithí atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu a gclárúchán a aistriú chuig Páirtithe neamhChonarthacha sa Choinbhinsiún seo ionas go bhféádfar éalú ó fhorálacha an Choinbhinsiúin seo a chomhlíonadh.
Airteagal 21
Comhar le hEagraíochtaí nó Socruithe Eile
1. Comhoibreoidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, maidir le cúrsaí leasa fhrithpháirtigh le FAO, le gníomhaireachtaí speisialaithe eile de chuid na Náisiún Aontaithe agus le heagraíochtaí nó socruithe réigiúnacha ábhartha, go háirithe leis na heagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh sin nó socruithe a bhfuil freagracht orthu maidir le hiascaigh i limistéir mhuirí gar do Limistéar an Choinbhinsiúin nó tadhlach leis.
2. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na bearta caomhnaithe agus bainistíochta nó na moltaí arna nglacadh ag eagraíochtaí agus socruithe réigiúnacha bainistíochta iascaigh agus eagraíochtaí idir-rialtasacha ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu i ndáil le limistéir atá tadhlach le Limistéar an Choinbhinsiúin nó i ndáil le hacmhainní iascaigh nach gcumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo, speicis ar leis an éiceachóras céanna iad nó atá ag brath ar na spriocstoic nó bainteach leis, agus a bhfuil cuspóirí acu atá i gcomhréir le cuspóir an Choinbhinsiúin seo agus a thacaíonn leis an gcuspóir sin.
3. Féachfaidh an Coimisiún le caidrimh oibre chomhoibritheacha a fhorbairt agus féadfaidh sé comhaontuithe a dhéanamh chun na críche sin le heagraíochtaí idir-rialtasacha ar féidir leo cur lena chuid oibre agus a bhfuil inniúlacht acu maidir le caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe beo-acmhainní agus a n-éiceachóras a áirithiú. Féadfaidh sé iarraidh ar na heagraíochtaí sin breathnóirí a chur chuig a chruinnithe nó chuig cruinnithe aon cheann dá fhochuideachtaí. Féadfaidh sé freisin féachaint le páirt a ghlacadh i gcruinnithe na n-eagraíochtaí sin de réir mar is iomchuí.
4. Féachfaidh an Coimisiún le socruithe oiriúnacha a dhéanamh le haghaidh comhairliúcháin, comhair agus comhoibrithe le heagraíochtaí nó socruithe réigiúnacha eile bainistíochta iascaigh d’fhonn na hinstitiúidí atá ann cheana a úsáid, a mhéid is féidir, chun cuspóir an Choinbhinsiúin seo a bhaint amach. I ndáil leis sin, féachfaidh an Coimisiún le comhar a bhunú maidir le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin leis na heagraíochtaí sin agus na socruithe sin lena gcuirfear na gníomhaíochtaí sin i gcrích i Limistéar an Choinbhinsiúin.
Airteagal 22
Athbhreithniú
1. Eagróidh an Coimisiún athbhreithnithe tráthrialta ar a éifeachtaí atá na bearta caomhnaithe agus bainistíochta arna ghlacadh aige agus a gcomhlionadh ó thaobh chuspóir an Choinbhinsiúin seo a bhaint amach. Féadfaidh scrúdú ar éifeachtacht fhorálacha an Choinbhinsiúin féin a bheith ar áireamh sna hathbhreithnithe sin.
2. Cinnfidh an Coimisiún téarmaí tagartha agus modheolaíocht na n-athbhreithnithe sin agus déanfar an méid seo a leanas iontu:
|
(a) |
cleachtas eagraíochtaí réigiúnacha eile bainistíochta iascach a chur san áireamh agus athbhreithnithe feidhmíochta á ndéanamh acu; |
|
(b) |
ranníocaíochtaí ó na fochomhlachtaí a áireamh ann de réir mar is cuí; agus |
|
(c) |
rannpháirtíocht duine nó daoine a bhfuil inniúlacht aitheanta acu agus a bheidh neamhspleách ar chomhaltaí an Choimisiúin a áireamh ann freisin. |
3. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na moltaí a eascróidh as aon athbhreithniú den sórt sin agus déanfaidh sé bearta, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear leasú iomchuí a dhéanamh ar a bhearta caomhnaithe agus bainistíochta agus ar na sásraí lena gcur chun feidhme. Maidir le haon tograí chun leasú a dhéanamh ar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo a éiríonn as aon athbhreithniú den sórt sin, déileálfar leo de réir Airteagal 29.
4. Cuirfear torthaí aon athbhreithnithe den sórt sin agus torthaí aon mheasúnaithe a dhéanfaidh an Coimisiún ina dhiaidh sin ar fáil go poiblí a luaithe is féidir tar éis iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Airteagal 23
Síniú, Daingniú, Glacadh agus Formheas
1. Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt chun a shínithe i Súl an 1 Aibreán 2012 ag na Stáit a ghlac páirt sna Cruinnithe Iltaobhacha maidir le Bainistiú Iascach Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh agus fanfaidh sé ar oscailt chun a shínithe ar feadh dhá mhí dhéag (12).
2. Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheasa ag na Sínitheoirí. Taiscfear ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasta le Rialtas Phoblacht na Cóiré, arb é an Taiscí é. Cuirfidh an Taiscí na Sínitheoirí go léir agus na Páirtithe Conarthacha go léir ar an eolas faoi gach daingniú, glacadh nó formheas a bheidh taiscthe agus comhlíonfaidh sé cibé feidhmeanna eile dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún Vín 1969 maidir le Dlí na gConarthaí agus sa dlí idirnáisiúnta gnách.
Airteagal 24
Aontachas
1. Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt le haghaidh aontachas na Stát dá dtagraítear in Airteagal 23, mír 1.
2. Tar éis don Choinbhinsiún seo teacht i bhfeidhm, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha a iarraidh, trí chomhthoil, aontú don Choinbhinsiún seo:
|
(a) |
Stáit eile nó eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíoch ar mian lena soithí iascaireachta gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh le haghaidh acmhainní iascaigh i Limistéar an Choinbhinsiúin; agus |
|
(b) |
Stáit chósta eile Limistéar an Choinbhinsiúin. |
3. Aon Pháirtí Conarthach nach dtagann faoin gcomhthoil i ndáil le mír 2, cuirfidh sé na cúiseanna atá aige gan déanamh amhlaidh faoi bhráid an Choimisiúin i scríbhinn.
4. Taiscfear na hionstraimí aontachais leis an Taiscí. Cuirfidh an Taiscí gach aontachas in iúl do na Sínitheoirí agus do na Páirtithe Conarthacha uile.
Airteagal 25
Teacht i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm céad ochtó (180) lá ón dáta a gheobhaidh Taiscí an ceathrú hionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, formheasta nó aontachais.
2. I gcás Páirtithe Conarthacha a thaisc ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, formheasta nó aontachais maidir leis an gCoinbhinsiún seo tar éis na ceanglais maidir le teacht i bhfeidhm a bheith comhlíonta ach roimh an dáta a dtiocfaidh an ionstraim i bhfeidhm, beidh éifeacht ag an daingniú, ag an nglacadh, ag an bhformheas nó ag an aontachas ar dháta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm nó tríocha (30) lá tar éis an dáta a thaiscfear an ionstraim, cibé dáta acu is déanaí.
3. Maidir le Páirtithe Conarthacha a mbeidh ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, formheasta nó aontachais taiscthe acu tar éis an dáta a tháinig an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, tiocfaidh an Coinbhinsiún seo in éifeacht tríocha (30) lá tar éis an dáta a thaiscfear an ionstraim.
Airteagal 26
Forchoimeádais agus Eisceachtaí
Ní fhéadfar aon fhorchoimeádas ná eisceacht a dhéanamh maidir leis an gCoinbhinsiún seo.
Airteagal 27
Dearbhuithe agus Ráitis
Ní choisceann Airteagal 26 Stát nó eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíochta, agus é nó í ag síniú, ag daingniú, ag glacadh, ag formheas nó ag aontú don Choinbhinsiún seo, dearbhuithe nó ráitis a dhéanamh, cibé friotal a úsáidtear nó cibé ainm a thugtar dóibh, d’fhonn, inter alia, a dhlíthe agus a rialacháin a chomhchuibhiú le forálacha an Choinbhinsiúin seo, ar choinníoll nach n-airbheartaíonn na dearbhuithe nó na ráitis sin éifeacht dhlíthiúil fhorálacha an Choinbhinsiúin seo a eisiamh ná a mhodhnú maidir lena bhfeidhmiú maidir leis an Stát sin nó leis an eagraíocht réigiúnach um lánpháirtiú eacnamaíoch.
Airteagal 28
Gaol le Comhaontuithe Eile
1. Ní athróidh an Coinbhinsiún seo cearta agus oibleagáidí Páirtithe Conarthacha a eascraíonn as comhaontuithe eile atá ar comhréir leis an gCoinbhinsiún seo agus nach ndéanann difear do Pháirtithe Conarthacha eile a gcearta a theachtadh nó a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún seo.
2. Ní dhéanfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo dochar do chearta, do dhlínse ná do dhualgais na bPáirtithe Conarthacha faoi Choinbhinsiún 1982 nó faoi Chomhaontú 1995. Déanfar an Coinbhinsiún seo a léiriú agus a chur chun feidhme i gcomhthéacs Choinbhinsiún 1982 agus Chomhaontú 1995 agus ar bhealach atá i gcomhréir leo.
Airteagal 29
Leasuithe
1. Déanfar aon togra chun an Coinbhinsiún seo a leasú a chur i scríbhinn chuig Cathaoirleach an Choimisiúin nócha (90) lá ar a laghad roimh an gcruinniú ag a mbeartaítear é a bhreithniú, agus déanfaidh Cathaoirleach an Choimisiúin an togra a tharchur go pras chuig comhaltaí uile an Choimisiúin. Déanfar leasuithe beartaithe ar an gCoinbhinsiún seo a bhreithniú ag gnáthchruinniú an Choimisiúin, mura n-iarrfaidh tromlach de chomhaltaí an Choimisiúin ar chruinniú speisialta an leasú beartaithe a phlé. Féadfar cruinniú speisialta a chomóradh le fógra nócha (90) lá ar a laghad.
2. Glacfaidh na Páirtithe Conarthacha leasuithe ar an gCoinbhinsiún seo ag an gCoimisiún trí chomhthoil. Déanfaidh an Taiscí téacs aon leasuithe a ghlacfar amhlaidh a tharchur chuig gach Páirtí Conarthach.
3. Beidh éifeacht le leasú maidir le gach Páirtí Conarthach céad is fiche (120) lá tar éis an dáta tarchuir a bheidh sonraithe san fhógra ón Taiscí á rá go bhfuair gach Páirtí Conarthach fógra i scríbhinn maidir le formheas.
4. Aon Stát nó eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch a thiocfaidh chun bheith ina Pháirtí Conarthach sa Choinbhinsiún seo tar éis leasú a ghlacadh i gcomhréir le mír 2, measfar go mbeidh an leasú sin formheasta acu.
Airteagal 30
Iarscríbhinn
Beidh an Iarscríbhinn ina dlúthchuid den Choinbhinsiún seo agus, mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite, folaíonn tagairt don Choinbhinsiún seo tagairt don Iarscríbhinn.
Airteagal 31
Tarraingt siar
1. Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach tarraingt siar ón gCoinbhinsiún ar an 31 Nollaig aon bhliain trí fhógra a thabhairt don Taiscí roimh nó ar an 30 Meitheamh roimhe sin agus cuirfidh an Taiscí cóipeanna den fhógra sin chuig Páirtithe Conarthacha eile.
2. Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach eile tarraingt siar ón gCoinbhinsiún an 31 Nollaig chéanna ansin trí fhógra a thabhairt don Taiscí laistigh de mhí amháin ó chóip d’fhógra tarraingthe siar a bheidh tugtha de bhun mhír 1 a fháil.
DÁ FHIANÚ SIN, tá na daoine a bhfuil a síniú anseo thíos, agus iad údaraithe go cuí ag a Rialtais faoi seach , tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú.
ARNA DHÉANAMH i dTóiceo, an ceathrú lá is fiche d’Fheabhra 2012, i mBéarla agus i bhFraincis, agus comhúdarás ag gach téacs acu.
Iarscríbhinn
Eintitis Iascaireachta
1.
Tar éis don Choinbhinsiún seo teacht i bhfeidhm, féadfaidh aon eintiteas iascaireachta a ndearna a shoithí iascaireacht nó a bhfuil sé beartaithe ag a shoithí iascaireacht a dhéanamh ar acmhainní iascaigh, trí ionstraim i scríbhinn a sheachadfar don Taiscí, a ghealltanas daingean a chur in iúl cloí le téarmaí an Choinbhinsiúin seo agus aon bhearta caomhnaithe agus bainistíochta a ghlacfar de bhun an Choinbhinsiúin seo a chomhlíonadh. Tiocfaidh an gealltanas sin in éifeacht tríocha (30) lá ón dáta a bhfaighfear an ionstraim. Féadfaidh aon eintiteas iascaireachta den sórt sin an gealltanas sin a tharraingt siar an 31 Nollag aon bhliain trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Taiscí roimh nó ar an 30 Meitheamh roimhe sin.
2.
Féadfaidh aon eintiteas iascaireachta dá dtagraítear i mír 1, trí ionstraim i scríbhinn a sheachadfar chuig an Taiscí, a ghealltanas daingean a chur in iúl cloí le téarmaí an Choinbhinsiúin seo mar a fhéadfar é a leasú de bhun Airteagal 29, mír 3. Beidh éifeacht leis an ngealltanas sin ó na dátaí dá dtagraítear in Airteagal 29, mír 3 nó ar an dáta a fhaightear an teachtaireacht i scríbhinn dá dtagraítear sa mhír seo, cibé acu is déanaí.
3.
Eintiteas iascaireachta a bhfuil gealltanas daingean tugtha aige cloí le téarmaí an Choinbhinsiúin seo agus na bearta caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh de bhun an Choinbhinsiúin seo i gcomhréir le mír 1 a chomhlíonadh, ní mór dó oibleagáidí chomhaltaí an Choimisiúin a chomhlíonadh agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh in obair an Choimisiúin, lena n-áirítear cinnteoireacht, i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin seo. Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, folaíonn tagairtí don Choimisiún nó do chomhaltaí an Choimisiúin eintiteas iascaireachta den sórt sin.
4.
Má bhaineann díospóid le heintiteas iascaireachta a chuir in iúl go bhfuil sé tiomanta a bheith faoi cheangal ag téarmaí an Choinbhinsiúin seo i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo agus nach féidir í a réiteach ar mhodh cairdiúil, cuirfear an díospóid, arna iarraidh sin d’aon pháirtí sa díospóid, faoi eadráin chríochnaitheach cheangailteach de réir rialacha ábhartha na Buan-Chúirte Eadrána.
5.
Is chun críoch an Choinbhinsiúin seo amháin iad forálacha na hIarscríbhinne seo a bhaineann le rannpháirtíocht eintitis iascaireachta.