30.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 149/1


Fógra don léitheoir

Ós rud gur go fíordhéanach a tugadh chun críche an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe agus maidir leis an gComhaontú idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh Comhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach (“na Comhaontuithe”), níorbh fhéidir athbhreithniú críochnaitheach dlítheangeolaíoch a dhéanamh ar théacs na gComhaontuithe sin sular síníodh iad agus sular cuireadh i bhfeidhm go sealadach iad. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé go raibh earráidí teicniúla agus míchruinnis i dtéacsanna na gComhaontuithe a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 31 Nollaig 2020 (1).

Mar a fhoráiltear in Airteagal 780 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, in Airteagal 21 den Chomhaontú a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe agus in Airteagal 25 den Chomhaontú le haghaidh Comhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach, díreach tar éis na Comhaontuithe a shíniú, chuaigh na Páirtithe ar aghaidh leis an athbhreithniú dlítheangeolaíoch ar théacsanna na gComhaontuithe sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris.

Trí mhalartú nótaí taidhleoireachta an 21 Aibreán 2021, bhunaigh na Páirtithe téacsanna athbhreithnithe sin na gComhaontuithe sna teangacha ar fad mar théacsanna barántúla críochnaitheacha. Gabhfaidh na téacsanna barántúla críochnaitheacha sin ab initio ionad na leaganacha sínithe de na Comhaontuithe arna foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 31 Nollaig 2020.


(1)  IO L 444, 31.12.2020, lch. 2.