30.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 150/1 |
COMHAONTÚ IDIR RIALTAS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH MAIDIR LE HÚSÁIDÍ SÁBHÁILTE AGUS SÍOCHÁNTA AN FHUINNIMH NÚICLÉACH
Tá an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom), dá ngairtear ‘an Comhphobal’ anseo feasta,
de pháirt, agus
Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann dá ngairtear ‘an Ríocht Aontaithe’ anseo feasta,
den pháirt eile,
dá ngairtear na ‘Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta agus ‘Páirtí’ ina n-aonar anseo feasta,
ÓS RUD É go ndearna an Ríocht Aontaithe, an tAontas Eorpach (‘an tAontas’) agus an Comhphobal an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) an 24 Eanáir 2020 agus gur tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas ar an mbonn sin ag 23:00 GMT agus 00:00 CET an 31 Eanáir 2020,
ÓS RUD É go bhforáiltear i dTeideal IX den Chomhaontú um Tharraingt Siar do shaincheisteanna deighilte a bhaineann le Euratom,
Á dTABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gur chomhaontaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an Dearbhú Polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas,
AG AITHINT DÓIBH an leibhéal comhtháthaithe atá idir an Comhphobal agus an Ríocht Aontaithe sa réimse núicléach,
AG AITHINIT DÓIBH go bhfuil ardleibhéal inchomparáide bainte amach ag an Ríocht Aontaithe agus an Comhphobal agus a chuid Ballstát in úsáidí síochánta an fhuinnimh núicléach a thugtar lena ndlíthe agus rialacháin faoi seach maidir le coimircí núicléacha agus slándáil núicléach, sláinte phoiblí, sábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht, bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus breosla spíonta, agus cosaint an chomhshaoil,
Á dTABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH tiomantas na Ríochta Aontaithe chun fuinneamh núicléach a fhorbairt agus a chur in úsáid mar chuid dá meascán fuinnimh éagsúlaithe agus ísealcharbóin,
ÓS MIAN LEO socruithe comhoibritheacha fadtéarmacha a dhéanamh maidir le húsáidí síochánta neamhphléascacha an fhuinnimh núicléach ar bhealach intuartha praiticiúil, socruithe lena gcuirtear riachtanais a gclár fuinnimh núicléach san áireamh agus lena n-éascófar trádáil, taighde agus forbairt agus gníomhaíochtaí eile comhair idir an Ríocht Aontaithe agus an Comhphobal,
AG AITHINIT DÓIBH go mbaineann an Ríocht Aontaithe agus an Comhphobal tairbhe as an gcomhar eatarthu maidir le fuinneamh núicléach a úsáid chun críoch síochánta,
Á nATHDHEARBHÚ DÓIBH tiomantas na bPáirtithe chun a áirithiú go gcuirfear an cuspóir maidir le neamhleathadh arm núicléach chun cinn leis an bhforbairt idirnáisiúnta agus le húsáid fuinnimh núicléach chun críoch síochánta,
Á nATHDHEARBHÚ DÓIBH tacaíocht na Ríochta Aontaithe, an Chomhphobail agus a chuid Ballstát do chuspóirí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (‘IAEA’) agus do chóras coimircí IAEA, agus an mhian atá acu obair le chéile chun a éifeachtacht leanúnach a áirithiú,
Á dTABHAIRT DÁ nAIRE gur páirtithe iad an Ríocht Aontaithe agus Ballstáit uile an Chomhphobail sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach, arna dhéanamh in Washington, i Londain agus i Moscó an 1 Iúil 1968 agus a tháinig i bhfeidhm go ginearálta an 5 Márta 1970, (‘NPT’),
Á nATHDHEARBHÚ DÓIBH tacaíocht na bPáirtithe do chuspóirí NPT agus an mhian atá acu a chur chun cinn go gcloífí le NPT ar bhonn uilechoiteann,
AG MEABHRÚ DÓIBH tiomantas láidir na Ríochta Aontaithe, an Chomhphobail agus a chuid Ballstát don neamhleathadh núicléach, lena n-áirítear neartú agus cur i bhfeidhm éifeachtúil na gcoimircí agus na gcóras rialaithe onnmhairí gaolmhara faoina ndéantar comhar maidir le húsáidí síochánta an fhuinnimh núicléach idir an Ríocht Aontaithe agus an Comhphobal,
AG AITHINIT DÓIBH go ndearna an Ríocht Aontaithe, mar Stát a bhfuil airm núicléacha aige faoi NPT, Comhaontú go toiliúil idir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach maidir le Cur I bhFeidhm Coimircí i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann Maidir leis an gConradh ar Neamhleathadh Arm Núicléach (IAEA INFCIRC/951) agus an Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú sin (IAEA INFCIRC/951/Add.1), arna ndéanamh i Vín an 7 Meitheamh 2018 agus a tháinig i bhfeidhm ag 23:00 GMT an 31 Nollaig 2020 (dá ngairtear ‘Comhaontú na Ríochta Aontaithe-IAEA maidir le Coimircí’ anseo feasta),
Á dTABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH go gcuirtear coimircí núicléacha i bhfeidhm i mBallstáit uile an Chomhphobail de bhun an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’) agus de bhun na gcomhaontuithe maidir le coimircí a tugadh i gcrích idir an Comhphobal, a chuid Ballstát agus IAEA,
AG MEABHRÚ DÓIBH tiomantas láidir na Ríochta Aontaithe, an Chomhphobail agus a chuid Ballstát d’úsáid shlán ábhair núicléach mar pháirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Fhisiceach Ábhair Núicléach, arna dhéanamh i Vín agus i Nua Eabhrac an 3 Márta 1980 agus a tháinig i bhfeidhm go ginearálta an 8 Feabhra 1987, agus don leasú ar an gCoinbhinsiún sin a rinneadh i Vín an 8 Iúil 2005 agus a tháinig i bhfeidhm go ginearálta an 8 Bealtaine 2016 (dá ngairtear le cheile ‘CPPNM Leasaithe’ anseo feasta),
Á dTABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH go bhfuil an Ríocht Aontaithe agus Ballstáit an Chomhphobail rannpháirteach i nGrúpa na Soláthraithe Núicléacha,
Á dTABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gur cheart aird a thabhairt ar na gealltanais a thug an Ríocht Aontaithe agus gach Ballstát de chuid an Chomhphobail faoi chuimsiú Ghrúpa na Soláthróirí Núicléacha,
AG AITHINT DÓIBH nach dochar an Comhaontú seo don Chomhaontú idir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Ríocht na hÍsiltíre maidir le Comhoibriú i bhForbairt agus i Saothrú an Phróisis Lártheifneora Gáis chun Úráiniam Saibhrithe a tháirgeadh, a rinneadh in Almelo an 4 Márta 1970, agus don Chomhaontú idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Poblacht na Fraince maidir le Comhoibriú sa Teicneolaíocht Lártheifneora, a rinneadh i gCaerdydd an 12 Iúil 2005,
Á nATHDHEARBHÚ DÓIBH tacaíocht na Ríochta Aontaithe, an Chomhphobail agus a chuid Ballstát do na coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht núicléach, dramhaíl radaighníomhach agus bainistiú breosla spíonta, fógra luath a thabhairt faoi thaisme núicléach agus cúnamh a thabhairt i gcás éigeandálaí,
Á nATHDHEARBHÚ DÓIBH tiomantas na bPáirtithe d’úsáid shábháilte ábhair núicléach agus saoráidí núicléacha agus do chosaint daoine agus an chomhshaoil ar éifeachtaí díobhálacha na radaíochta ianúcháin; a thábhachtaí atá sé don phobal idirnáisiúnta a áirithiú go mbeidh úsáid fuinnimh núicléach sábháilte, dea-rialáilte agus fónta ó thaobh an chomhshaoil de; agus a thábhachtaí atá comhar déthaobhach iltaobhach le haghaidh socruithe éifeachtacha maidir le sábháilteacht núicléach, agus chun na socruithe sin a fheabhsú,
AG AITHINT DÓIBH an prionsabal maidir le feabhas leanúnach ar shábháilteacht núicléach agus ceannaireacht an dá Pháirtí sa réimse sin, lena n-áirítear ardchaighdeáin a chur chun cinn ar fud an domhain, agus á aithint a thábhachtaí atá sé do gach Páirtí ardleibhéal sábháilteachta núicléiche a chothabháil,
AG CUR SAN ÁIREAMH a thábhachtaí atá an taighde eolaíoch agus teicneolaíoch ar scoilteadh núicléach agus comhleá núicléach, d’fheidhmeanna fuinnimh agus neamhfhuinnimh araon, do na Páirtithe, agus dá leas frithpháirteach sa chomhar san ábhar sin,
Á nATHDHEARBHÚ DÓIBH, tríd an gComhaontú maidir le Bunú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Fuinnimh Comhleá ITER chun Tionscadal ITER a Chur Chun Feidhme go Comhpháirteach (1) a shíniú, go bhfuil gealltanas tugtha ag an gComhphobal a bheith rannpháirteach i gcruthú Thionscadal ITER (‘ITER’) agus a shaothrú amach anseo; déantar ranníocaíocht an Chomhphobail a bhainistiú tríd an gComhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (‘Fuinneamh Comhleá’), arna bhunú le Cinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle (2),
ÓS RUD É go ndéantar téarmaí agus coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i dtionscadal ITER nó i ngníomhaíochtaí eile trí Fhuinneamh Comhleá agus rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe mar thír chomhlachaithe i gClár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail, lena n-áirítear an ranníocaíocht airgeadais, a chinneadh ar leithligh,
AG AITHINT DÓIBH an bunphrionsabal maidir le saorghluaiseacht earraí, táirgí agus caipitil mar aon leis an tsaoirse fostaíochta do shaineolaithe i gcómhargadh núicléach inmheánach an Chomhphobail,
AG AITHINT DÓIBH gur cheart go mbeadh an Comhaontú seo i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na Ríochta Aontaithe faoi chomhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála,
AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH gealltanais na Ríochta Aontaithe agus Bhallstáit an Chomhphobail i leith a gcomhaontuithe déthaobhacha maidir le húsáidí síochánta an fhuinnimh núicléach,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Cuspóir
1. Is é is cuspóir don Chomhaontú seo creat a sholáthar le haghaidh comhar idir na Páirtithe maidir le húsáidí síochánta an fhuinnimh núicléach ar bhonn comhshocair agus cómhalartachta, agus gan dochar d’inniúlachtaí gach Páirtí faoi seach.
2. Is chun críoch síochánta amháin a rachfar i mbun comhair faoin gComhaontú seo.
3. Is chun críoch síochánta amháin a úsáidfear na hítimí atá faoi réir an Chomhaontaithe seo agus ní úsáidfear iad le haghaidh aon arm núicléach nó aon fheiste phléascach núicléach, ná chun taighde ná forbairt a dhéanamh ar aon arm núicléach nó ar aon fheiste phléascach núicléach eile ná chun aon chríche míleata.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críoch an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil’:
nó údarás eile den sórt sin a bhféadfaidh an Páirtí lena mbaineann fógra i scríbhinn a thabhairt ina leith, tráth ar bith, don Pháirtí eile; |
(b) |
ciallaíonn ‘trealamh’ na hítimí sin a liostaítear i Ranna 1, 3, 4, 5, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn B NSG; |
(c) |
ciallaíonn ‘Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha’ na treoirlínte a leagtar amach i ndoiciméad IAEA INFCIRC/254/Part 1, ar treoirlínte iad a bhféadfar athbhreithniú a dhéanamh orthu ó am go chéile, agus arna gcur chun feidhme ag na Páirtithe mura gcomhaontófar a mhalairt tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste; |
(d) |
tá le ‘maoin intleachtúil’ an bhrí a leagtar amach in Airteagal 2 den Choinbhinsiún lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil, a rinneadh i Stócólm an 14 Iúil 1967, arna leasú an 28 Meán Fómhair 1979, agus féadfar aon ábhar eile arna chinneadh go frithpháirteach ag na Páirtithe a bheith ar áireamh leis; |
(e) |
ciallaíonn ‘Comhchoiste’ an coiste arna bhunú faoi Airteagal 19; |
(f) |
tá le ‘ábhar neamhnúicléach’ an bhrí a leagtar amach in Iarscríbhinn B NSG; |
(g) |
ciallaíonn ‘Iarscríbhinn B NSG’ Iarscríbhinn B a ghabhann leis na Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha; |
(h) |
ciallaíonn ‘ábhar núicléach’ aon ‘ábhar bunaidh’ nó ‘ábhar inscoilte speisialta’ mar a dtugtar sainmhíniú ar na téarmaí sin in Airteagal XX de Reacht IAEA, a rinneadh ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe an 23 Deireadh Fómhair 1956, agus a tháinig i bhfeidhm an 29 Iúil 1957 (‘Reacht IAEA’). Aon chinneadh a dhéanfaidh Bord Gobharnóirí IAEA faoi Airteagal XX de Reacht IAEA lena leasófar liosta na n-ábhar a mheastar gur ‘ábhar bunaidh’ nó ‘ábhar ineamhnaithe’ nó ‘ábhar inscoilte speisialta’ iad, ní bheidh éifeacht aige faoin gComhaontú seo ach amháin má thagann an dá Pháirtí ar chomhaontú tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste; |
(i) |
ciallaíonn ‘críoch shíochánta’ úsáid ábhair núicléach, lena n-áirítear ábhar núicléach arna tháirgeadh le próiseas amháin nó níos mó, ábhar neamhnúicléach, trealamh agus teicneolaíocht i réimsí amhail cumhacht leictreach agus giniúint teasa, leigheas, talmhaíocht agus tionsclaíocht, ach ní áirítear leis airm núicléacha ná feistí pléascacha a mhonarú, taighde a dhéanamh orthu ná iad a fhorbairt, ná aon chríoch mhíleata. Ní áirítear le críoch mhíleata soláthar cumhachta do bhunáit mhíleata a tharraingítear ó aon ghréasán cumhachta, ná táirgeadh raidiseatóp atá le húsáid chun críoch míochaine in ospidéal míleata; |
(j) |
ciallaíonn ‘daoine’ aon duine nádúrtha, gnóthas nó eintiteas eile a rialaítear leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme i ndlínse chríche na bPáirtithe faoi seach, ach ní áirítear na Páirtithe sa Chomhaontú seo iad féin leis; |
(k) |
tá le ‘teicneolaíocht’ á an bhrí a leagtar amach in Iarscríbhinn A a ghabhann leis na Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha; |
(l) |
tá le ‘hidirthréimhse’ an bhrí a leagtar amach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar; agus |
(m) |
ciallaíonn ‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’ an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain an 30 Nollaig 2020; agus |
na tagairtí sa Chomhaontú seo d’Airteagail is tagairtí iad d’Airteagail sa Chomhaontú seo, mura bhforáiltear a mhalairt.
Airteagal 3
Raon feidhme an chomhair núicléach
1. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh ar an gcomhar maidir le húsáidí síochánta an fhuinnimh núicléach a bheartaítear idir na Páirtithe faoin gComhaontú seo:
(a) |
comhar trádála agus tráchtála a éascú; |
(b) |
ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach agus trealamh a sholáthar; |
(c) |
teicneolaíocht a aistriú, lena n-áirítear faisnéis atá ábhartha don Airteagal seo a sholáthar; |
(d) |
trealamh agus feistí a sholáthar; |
(e) |
rochtain ar threalamh agus ar shaoráidí agus úsáid an trealaimh agus na saoráidí sin; |
(f) |
breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go sábháilte, lena n-áirítear diúscairt gheolaíoch; |
(g) |
sábháilteacht núicléach agus cosaint ar radaíocht, lena n-áirítear ullmhacht éigeandála agus faireachán a dhéanamh ar leibhéil radaighníomhaíochta sa chomhshaol; |
(h) |
coimircí núicléacha agus cosaint fhisiciúil; |
(i) |
raidiseatóip agus radaíocht a úsáid sa talmhaíocht, sa tionsclaíocht, sa leigheas agus sa taighde; go háirithe, chun na rioscaí maidir le ganntanas soláthair raidiseatóp míochaine a íoslaghdú agus chun tacú le forbairt teicneolaíochtaí agus cóireálacha núíosacha lena mbaineann raidiseatóip, chun leasa na sláinte poiblí; |
(j) |
taiscéalaíocht gheolaíoch agus gheoifisiceach, agus acmhainní úráiniam a fhorbairt, a tháirgeadh, a phróiseáil a thuilleadh agus a úsáid; |
(k) |
gnéithe rialála d’úsáidí síochánta an fhuinnimh núicléach; |
(l) |
taighde agus forbairt; agus |
(m) |
réimsí eile atá ábhartha don Chomhaontú seo, a fhéadfaidh na Páirtithe a chinneadh go frithpháirteach i scríbhinn tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste. |
2. Maidir leis an gcomhar i réimsí sonracha a leagtar amach i mír 1, féadfar é a chur chun feidhme, de réir mar is gá, trí shocruithe idir eintiteas dlítheanach atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus eintiteas dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal, a dtabharfaidh an t-údarás inniúil faoi seach fógra ina leith don údarás inniúil eile go bhfuil sé údaraithe go cuí chun an comhar sin a chur chun feidhme. Beidh ar áireamh in aon socruithe den sórt sin forálacha maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint, i gcás inar ann do na cearta sin nó ina dtagann siad chun cinn.
Airteagal 4
Foirmeacha comhair núicléach
Féadfaidh an comhar a thuairiscítear in Airteagal 3 a bheith sna foirmeacha seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
(a) |
ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, trealamh agus teicneolaíocht a aistriú; |
(b) |
faisnéis a mhalartú i réimsí leasa fhrithpháirtigh, amhail coimircí núicléacha, sábháilteacht núicléach, leibhéil radaighníomhaíochta sa chomhshaol agus soláthar raidiseatóp; |
(c) |
malartú, cuairteanna agus oiliúint pearsanra agus saineolaithe a éascú, lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil agus ardoiliúint a chur ar phearsanra riaracháin, eolaíochta agus teicniúil; |
(d) |
siompóisiamaí agus seimineáir a eagrú; |
(e) |
faisnéis, cúnamh agus seirbhísí eolaíocha agus teicniúla a mhalartú, lena n-áirítear i leith gníomhaíochtaí taighde agus forbartha; |
(f) |
tionscadail chomhpháirteacha a eagrú, agus páirt a ghlacadh iontu, agus comhfhiontair agus meithleacha nó staidéir déthaobhacha iomchuí a bhunú; |
(g) |
comhar tráchtála a bhaineann le timthriall an bhreosla núicléach a éascú, amhail seirbhísí i leith thimthriall an bhreosla núicléach a sholáthar, lena n-áirítear tiontú úráiniam agus saibhriú iseatópach; agus |
(h) |
foirmeacha eile comhair a fhéadfaidh na Páirtithe a chinneadh go frithpháirteach i scríbhinn tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste. |
Airteagal 5
Ítimí atá faoi réir an Chomhaontaithe seo
1. Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis na hítimí a leagtar amach i mír 2, ach amháin:
(a) |
i gcás ina gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt i scríbhinn; nó |
(b) |
i gcás ina mbeidh feidhm ag eisceacht faoi mhír 4. |
2. Is iad seo a leanas na hítimí dá dtagraítear i mír 1:
(a) |
ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, trealamh nó teicneolaíocht, a aistrítear idir na Páirtithe nó a gcuid daoine féin faoi seach, cibé acu go díreach nó trí thríú páirtí. Beidh an t-ábhar núicléach, an t-ábhar neamhnúicléach, an trealamh nó an teicneolaíocht sin faoi réir an Chomhaontaithe seo ar theacht isteach i ndlínse chríche an Pháirtí is faighteoir dó nó di, ar choinníoll go ndearna an Páirtí is soláthróir fógra a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí is faighteoir faoin aistriú, agus go ndearna an Páirtí is faighteoir a dhearbhú i scríbhinn go bhfuil nó go mbeidh an ítim sin á sealbhú faoi réir an Chomhaontaithe seo agus gur duine údaraithe faoi dhlínse chríche an Pháirtí is faighteoir é an faighteoir atá molta, murab é an Páirtí is faighteoir é; |
(b) |
ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach nó trealamh a úsáidtear in ítimí atá faoi réir an Chomhaontaithe seo agus a fhéadfar a chinneadh a thuilleadh sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15, nó ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach nó trealamh a tháirgtear trí úsáid a bhaint as na hítimí sin; |
(c) |
ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, trealamh nó teicneolaíocht a chinnfear i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15 a bheith faoi réir an Chomhaontaithe seo tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo; agus |
(d) |
aon ítimí eile arna gcinneadh go frithpháirteach ag na Páirtithe, tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste. |
3. Ítimí a bhfuil feidhm ag an gComhaontú seo maidir leo, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, leanfaidh siad de bheith faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe seo go dtí go gcinnfear an méid seo a leanas, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15:
(a) |
go ndearnadh ítim den sórt sin a athaistriú lasmuigh de dhlínse an Pháirtí is faighteoir i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chomhaontaithe seo; |
(b) |
maidir le hábhar núicléach, nach féidir an t-ábhar núicléach sin a úsáid a thuilleadh le haghaidh aon ghníomhaíocht núicléach atá ábhartha ó thaobh na gcoimircí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) nó nach féidir é a aisghabháil i gcleachtas a thuilleadh; chun a chinneadh cén uair nach féidir an t-ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a úsáid a thuilleadh nó nach féidir é a aisghabháil i gcleachtas a thuilleadh lena phróiseáil i bhfoirm inar féidir é a úsáid le haghaidh aon ghníomhaíocht núicléach atá ábhartha ó thaobh coimircí de, glacfaidh an dá Pháirtí le cinneadh arna dhéanamh ag IAEA i gcomhréir leis na forálacha i ndáil le coimircí de chuid an chomhaontaithe ábhartha maidir le coimircí ina bhfuil IAEA ina pháirtí a fhoirceannadh; |
(c) |
maidir le hábhar agus trealamh neamhnúicléach, nach féidir an ítim sin a úsáid a thuilleadh chun críoch núicléach; |
(d) |
nach bhfuil an ítim sin faoi réir an Chomhaontaithe seo a thuilleadh, i gcomhréir leis na critéir a shainítear sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15; nó |
(e) |
arna gcinneadh go frithpháirteach ag na Páirtithe i scríbhinn, tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste. |
4. Beidh an teicneolaíocht faoi réir an Chomhaontaithe seo i gcás Bhallstáit uile an Chomhphobail, seachas na Ballstáit sin a shonróidh an Comhphobal i bhfógra i scríbhinn don Ríocht Aontaithe ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, a ndearna na Ballstáit sin a mian a chur in iúl nach gcuirfidh siad an teicneolaíocht faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo. Ní dochar gníomhaíocht den sórt sin do dhlí an Chomhphobail, go háirithe na rialacha a bhaineann leis an gcómhargadh núicléach. Cabhróidh aon Bhallstát, a bhfuil fógra faoin mír seo tugtha ina leith, le húdarás inniúil an Chomhphobail i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí faoin gComhaontú seo a mhéid a bhaineann le haistrithe agus athaistrithe teicneolaíochta. Tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste, féadfar an fógra dá dtagraítear sa mhír seo a tharraingt siar i scríbhinn i ndáil le haon Bhallstát lena mbaineann tráth ar bith, tar éis don Bhallstát sin a mhian a chur in iúl chuige sin. Saineofar na módúlachtaí praiticiúla maidir le cur chun feidhme na forála seo sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15.
Airteagal 6
Coimircí
1. Beidh ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a) |
sa Chomhphobal, faoi réir choimircí Euratom de bhun Chonradh Euratom agus faoi réir choimircí IAEA de bhun na gcomhaontuithe seo a leanas maidir le coimircí, ós rud é go bhféadfar iad a athbhreithniú agus a ionadú, agus i gcomhréir le NPT:
|
(b) |
sa Ríocht Aontaithe:
|
2. I gcás ina ndéanfar cur i bhfeidhm aon cheann de na comhaontuithe le IAEA dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh ar chúis ar bith laistigh den Chomhphobal nó den Ríocht Aontaithe, déanfaidh an Páirtí ábhartha, gan mhoill, comhaontú le IAEA lena bhforálfar d’éifeachtacht agus do chumhdach is coibhéiseach leis an éifeachtacht agus leis an gcumhdach dá bhforáiltear leis na comhaontuithe ábhartha maidir le coimircí dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) de mhír 1, nó, mura bhfuil sé sin indéanta:
(a) |
déanfaidh an Comhphobal, a mhéid a bhaineann leis, coimircí a chur i bhfeidhm arna mbunú ar chóras coimircí Euratom, lena bhforáiltear d’éifeachtacht agus do chumhdach is coibhéiseach leis an éifeachtacht agus leis an gcumhdach dábhforáiltear leis na comhaontuithe maidir le coimircí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus déanfaidh an Ríocht Aontaithe, a mhéid a bhaineann léi, coimircí a chur i bhfeidhm a dhéanann foráil d’éifeachtacht agus do chumhdach is coibhéiseach leis an éifeachtacht agus leis an gcumhdach a fhoráiltear leis an gcomhaontú maidir le coimircí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1; |
(b) |
nó, mura bhfuil sé sin indéanta, déanfaidh na Páirtithe socruithe chun coimircí a chur i bhfeidhm, ar socruithe iad lena bhforáiltear d’éifeachtacht agus do chumhdach is coibhéiseach leis an éifeachtacht agus leis an gcumhdach a fhoráiltear leis na comhaontuithe maidir le coimircí dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) de mhír 1. |
3. Comhaontaíonn an dá Pháirtí córas láidir éifeachtach cuntasaíochta agus rialaithe ábhair núicléach a chur chun feidhme laistigh dá ndlínsí féin chun a áirithiú nach ndéanfar ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe a atreorú óna úsáid shíochánta. Déanfar maoirseacht, lena n-áirítear cigireachtaí sna suiteálacha sin ina gcoinnítear ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo, a chur i gcrích ar bhealach inar féidir leis na húdaráis inniúla teacht ar chonclúidí neamhspleácha agus, nuair is gá, gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí a éileamh agus faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin.
Airteagal 7
Cosaint fhisiciúil
1. Beidh cur i bhfeidhm beart cosanta fisicí i gcónaí ar leibhéil a chomhlíonann ar a laghad na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn C a ghabhann leis na Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha. De bhreis ar an doiciméad sin, déanfaidh an Ríocht Aontaithe, an Comhphobal, mar a ndéanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht air i gcás inarb iomchuí, agus Ballstáit an Chomhphobail tagairt, agus bearta cosanta fisiciúla á gcur i bhfeidhm acu, dá n-oibleagáidí faoi CPPNM Leasaithe, lena n-áirítear aon leasuithe ar CPPNM Leasaithe atá i bhfeidhm do gach Páirtí, agus na moltaí in IAEA INFCIRC/225/Rev.5 (Moltaí maidir le Slándáil Núicléach i dtaobh Cosaint Fhisiceach Ábhair Núicléach agus Saoráidí Núicléacha), lena n-áirítear aon athbhreithniú mura gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt go frithpháirteach tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste.
2. Beidh iompar ábhair núicléach faoi réir fhorálacha CPPNM Leasaithe, lena n-áirítear aon leasuithe atá i bhfeidhm do gach Páirtí, agus faoi réir Rialacháin IAEA maidir le hIompar Sábháilte Ábhair Radaighníomhaigh (Sraith Caighdeán Sábháilteachta IAEA Uimh. TS-R-1), lena n-áirítear aon athbhreithniú mura gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt go frithpháirteach tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste.
Airteagal 8
Sábháilteacht núicléach
1. Is páirtithe iad an Comhphobal agus an Ríocht Aontaithe sa Choinbhinsiún maidir le Sábháilteacht Núicléach, a rinneadh i Vín an 17 Meitheamh 1994, agus a tháinig i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 1996 (IAEA INFCIRC/449), sa Choinbhinsiún Comhpháirteach maidir le Sábháilteacht i mBainistiú Breosla Spíonta agus maidir le Sábháilteacht i mBainistiú Dramhaíola Radaighníomhaí, a rinneadh i Vín an 5 Meán Fómhair 1997, agus a tháinig i bhfeidhm an 18 Meitheamh 2001 (IAEA INFCIRC/546), sa Choinbhinsiún um Chúnamh i gcás Taisme Núicléach nó Éigeandáil Raideolaíoch do Tharlú, a rinneadh i Vín an 26 Meán Fómhair 1986, agus a tháinig i bhfeidhm an 26 Feabhra 1987 (IAEA INFCIRC/336) agus sa Choinbhinsiún um Luath-Fhógra i dtaobh Taisme Núicléiche, a rinneadh i Vín an 26 Meán Fómhair 1986, agus a tháinig i bhfeidhm an 27 Deireadh Fómhair 1986 (IAEA INFCIRC/335). Beidh feidhm ag aon leasú ar aon cheann de na Coinbhinsiúin thuasluaite maidir leis an gComhaontú seo mura mbeidh fógra i scríbhinn tugtha ag Páirtí don Pháirtí eile á chur in iúl nach nglacann sé leis an leasú. D’fhormheas an Comhphobal, a Bhallstáit agus an Ríocht Aontaithe Dearbhú Vín maidir le Sábháilteacht Núicléach a glacadh an 9 Feabhra 2015 (IAEA INFCIRC/872).
2. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le comhar idirnáisiúnta le haghaidh socruithe éifeachtacha maidir le sábháilteacht núicléach agus, agus ceannaireacht an dá Pháirtí sa réimse sin á haithint acu, oibreoidh siad i gcomhar le chéile chun feabhas leanúnach a chur ar chaighdeáin agus ar Choinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht núicléach, agus ar a gcur chun feidhme.
3. Ag aithint dóibh an prionsabal maidir le feabhsú leanúnach ar shábháilteacht núicléach agus ceart gach Páirtí caighdeáin sábháilteachta núicléiche a chur chun feidhme, agus a mhéid nach mbeidh sé ag teacht salach ar na forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta sábháilteachta núicléiche atá ceangailteach ó thaobh dlí de, ní dhéanfaidh ceachtar Páirtí na leibhéil chosanta a lagú ná a laghdú faoi bhun na leibhéal dá bhforáiltear leis na caighdeáin chosanta, agus trína bhforfheidhmiú, arna gcomhroinnt ag na Páirtithe ag deireadh na hidirthréimhse maidir le sábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht, bainistiú sábháilte ar dhramhaíl radaighníomhach agus breosla spíonta, díchoimisiúnú, loingsiú sábháilte ábhair núicléach, agus ullmhacht agus freagairt i gcás éigeandála.
4. Leanfaidh na Páirtithe de bheith ag obair i gcomhar le chéile, de theagmháil rialta a choimeád ar bun agus d’fhaisnéis a chomhroinnt faoi ábhair atá ábhartha do shábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht, ullmhacht agus freagairt éigeandála agus bainistiú breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí, lena n-áirítear torthaí athbhreithnithe piaraí idirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí.
5. Leanfaidh na Páirtithe de bheith ag obair i gcomhar le chéile maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis na nithe seo a leanas:
(a) |
córais sheanbhunaithe Chomhphobail chun faireachán agus malartú faisnéise a dhéanamh ar leibhéil radaighníomhaíochta sa chomhshaol, lena n-áirítear:
|
(b) |
grúpaí saineolaithe comhairleacha seanbhunaithe i réimse na sábháilteachta núicléiche, lena n-áirítear an Grúpa Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach; agus |
(c) |
aon chórais Comhphobail nó grúpaí Comhphobail eile a bhféadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú ina leith, trína n-údaráis inniúla. |
Féadfaidh an Comhphobal, trína údarás inniúil, cuireadh a thabhairt don Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach mar thríú tír sna córais agus sna grúpaí sin.
Airteagal 9
Aistrithe, athaistrithe agus éascú trádála
1. Maidir le haon aistriú ábhair núicléach, ábhair neamhnúicléach, trealaimh nó teicneolaíochta a dhéantar de bhun na ngníomhaíochtaí comhair faoin gComhaontú seo, déanfar é i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta ábhartha an Chomhphobail, Bhallstáit an Chomhphobail agus na Ríochta Aontaithe maidir le húsáidí síochánta an fhuinnimh núicléach mar a liostaítear in Airteagail 6 agus 7 agus maidir leis na gealltanais arna dtabhairt ag Ballstáit aonair an Chomhphobail agus ag an Ríocht Aontaithe laistigh de Ghrúpa na Soláthróirí Núicléacha, mar a leagtar amach sna Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha.
2. Déanfaidh na Páirtithe, chun leasa fhrithpháirtigh na dtáirgeoirí, thionscal thimthriall an bhreosla núicléach, na bhfóntas agus na dtomhaltóirí, éascú ar thrádáil na n-ítimí atá faoi réir an Chomhaontaithe seo eatarthu féin nó idir daoine nó gnóthais atá bunaithe i gcríocha na bPáirtithe.
3. Déanfaidh na Páirtithe, a mhéid is indéanta, cúnamh a thabhairt dá chéile maidir le soláthar a bheith á dhéanamh ar ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, trealamh nó teicneolaíocht ag ceachtar den dá Pháirtí nó ag daoine laistigh den Chomhphobal nó faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe.
4. Beidh leanúnachas an chomhair a bheartaítear sa Chomhaontú seo ag brath ar an gcóras maidir le coimircí agus rialú arna bhunú ag an gComhphobal i gcomhréir le Conradh Euratom a bheith á chur i bhfeidhm ar bhealach a bheidh sásúil don dá thaobh, agus freisin ar an gcóras maidir le coimircí agus rialú arna bhunú ag an Ríocht Aontaithe a bheith á chur i bhfeidhm ar bhealach a bheidh sásúil don dá thaobh.
5. Ní bhainfear úsáid as forálacha an Chomhaontaithe seo chun sláine agus feidhmiú rianúil chómhargadh núicléach an Chomhphobail a chur i mbaol, go háirithe chun bac a chur ar an tsaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí ann, ná chun comhbheartas soláthair núicléach an Chomhphobail a chur ó rath.
6. Is faoi dhálaí cothroma tráchtála a dhéanfar ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, trealamh nó teicneolaíocht a aistriú agus seirbhísí iomchuí a sholáthar. Ní dochar cur chun feidhme na míre seo do Chonradh Euratom agus don reachtaíocht a dhíorthaítear as, ná do dhlíthe agus rialacháin na Ríochta Aontaithe.
7. Maidir le haon ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, trealamh nó teicneolaíocht atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a athaistriú, ar athaistrithe lasmuigh de dhlínse na bPáirtithe iad, ní dhéanfar iad ach faoi chuimsiú na ngealltanas arna dtabhairt ag Ballstáit aonair an Chomhphobail agus ag an Ríocht Aontaithe laistigh de Ghrúpa na Soláthróirí Núicléacha. Go háirithe, beidh feidhm ag na Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha i dtaobh athaistrithe aon ítimí atá faoi réir an Chomhaontaithe seo.
8. Maidir le fógraí i scríbhinn i dtaca le hítimí atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a aistriú agus maidir le hábhar neamhnúicléach, trealamh agus teicneolaíocht atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a athaistriú, malartófar iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15.
9. Maidir le hábhar neamhnúicléach, trealamh agus teicneolaíocht atá faoi réir an Chomhaontaithe seo, ní dhéanfar iad a aistriú lasmuigh de dhlínse chríche an Pháirtí is faighteoir gan toiliú i scríbhinn a bheith faighte ón bPáirtí is soláthróir roimh ré, ach amháin i gcomhréir le mír 11 den Airteagal seo. Tá Ní dochar an fhoráil seo d’Airteagal 5(4).
10. Nuair a bhíonn gá le toiliú an Pháirtí is soláthróir faoi na Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha, ní dhéanfar ábhar neamhnúicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a aistriú lasmuigh de dhlínse chríche an Pháirtí is faighteoir gan toiliú i scríbhinn a bheith faighte ón bPáirtí is soláthróir roimh ré, ach amháin i gcomhréir le mír 11.
11. Ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, malartóidh na Páirtithe liostaí de thíortha a n-údaraítear don Pháirtí eile de bhun mhíreanna 9 agus 10 den Airteagal seo ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, trealamh agus teicneolaíocht a athaistriú chucu. Déanfaidh gach Páirtí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shainítear sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15 fógra a thabhairt don Pháirtí eile faoi athruithe ar na liostaí tíortha atá aige.
12. I gcás ina n-aistreoidh an Ríocht Aontaithe nó Ballstát de chuid an Chomhphobail teicneolaíocht atá faoi réir an Chomhaontaithe seo chuig Ballstát a thagann faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(4), beidh feidhm ag míreanna 7 agus 9 den Airteagal seo. Saineofar na módúlachtaí praiticiúla maidir le cur chun feidhme na míre seo faoi chuimsiú socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15.
Airteagal 10
Saibhriú
Gheobhaidh Páirtí toiliú i scríbhinn ón bPáirtí eile sula ndéanfar aon ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a shaibhriú go 20 % nó níos mó in iseatóp Úráiniam-235. Más rud é go dtugtar an toiliú sin, ní mór tuairisc a thabhairt ann ar na coinníollacha faoinar féidir an t-úráiniam sin a shaibhrítear go 20 % nó níos mó a úsáid. Maidir le forálacha breise is gá chun gur fusa a bheidh sé an fhoráil sin chur chun feidhme, féadfar iad a bhunú sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15.
Airteagal 11
Athphróiseáil
Tugann gach Páirtí a thoiliú don Pháirtí eile a mbíonn breosla núicléach ina bhfuil ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo á athphróiseáil aige ar choinníoll go ndéanfar an athphróiseáil sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 12
Comhar maidir le taighde agus forbairt núicléach
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile maidir le taighde agus forbairt a dhéanamh ar úsáid shíochánta, idir úsáid chumhachta agus neamhchumhachta, fuinneamh núicléach, lena n-áirítear fuinneamh comhleá a fhorbairt, eatarthu féin agus a ngníomhaireachtaí, i gcás ina bhfuil comhleasanna ag na Páirtithe agus a mhéid a chumhdaítear iad lena gcláir agus a ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha. Féadfaidh na Páirtithe nó a ngníomhaireachtaí, de réir mar is iomchuí, a cheadú do thaighdeoirí agus d’eagraíochtaí as gach earnáil taighde, lena n-áirítear ollscoileanna, saotharlanna agus an earnáil phríobháideach, a bheith rannpháirteach sa chomhar sin. Féachfaidh na Páirtithe, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin, leis an gcomhar sin a éascú idir daoine sa réimse sin.
2. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh sa chomhar faoin Airteagal seo:
(a) |
rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe mar thríú tír i gcláir agus i ngníomhaíochtaí taighde agus oiliúna an Chomhphobail; agus |
(b) |
ballraíocht na Ríochta Aontaithe in Fuinneamh Comhleá, |
i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair.
3. A mhéid is gá, féadfaidh na Páirtithe, nó a n-údaráis inniúla, socruithe cur chun feidhme ar leithligh a thabhairt i gcrích ina leagfar amach an raon feidhme, na téarmaí agus na coinníollacha sonracha a bhaineann leis an gcomhar faoi réir an Airteagail seo.
4. Féadfaidh socruithe cur chun feidhme arna mbunú de bhun mhír 3, inter alia, forálacha maidir le maoiniú, sannadh freagrachtaí bainistíochta agus oibríochtúla agus forálacha mionsonraithe maidir le scaipeadh agus comhroinnt faisnéise agus maoine intleachtúla a chumhdach.
Airteagal 13
Faisnéis agus saineolas teicniúil a mhalartú
1. Déanfaidh na Páirtithe an malartú iomchuí agus comhréireach i leith faisnéise agus saineolas teicniúil eatarthu féin, agus idir a n-údaráis inniúla faoi seach, a chur chun cinn agus a éascú, maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo.
2. Féadfaidh na Páirtithe faisnéis atá ar fáil dóibh maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo a chur ar fáil dá chéile, dá n-údaráis inniúla agus do dhaoine laistigh den Chomhphobal nó faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe.
3. Déanfar faisnéis a fhaightear ó aon tríú páirtí faoi théarmaí lena gcoisctear tuilleadh soláthar faisnéise den sórt sin a eisiamh ó raon feidhme an Chomhaontuithe seo.
4. Ní sholáthrófar faisnéis a measfaidh an Páirtí is soláthróir luach tráchtála a bheith aici ach amháin faoi théarmaí agus coinníollacha a shonróidh an Páirtí is soláthróir.
5. Spreagfaidh agus éascóidh na Páirtithe malartú faisnéise idir daoine atá faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe, ar thaobh amháin, agus daoine laistigh den Chomhphobal, ar an taobh eile, ar ábhair a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo.
6. Ní dhéanfar faisnéis atá ar úinéireacht ag daoine den sórt sin a sholáthar ach amháin le toiliú na ndaoine sin agus faoi théarmaí agus coinníollacha a bheidh le sonrú ag na daoine sin.
7. Déanfaidh na Páirtithe gach réamhchúram is iomchuí chun rúndacht na faisnéise a fhaightear mar thoradh ar oibriú an Chomhaontaithe seo a chaomhnú.
Airteagal 14
Maoin intleachtúil
1. Áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfar cosaint leordhóthanach éifeachtach ar mhaoin intleachtúil a chruthófar agus ar theicneolaíocht a aistreofar de bhun an chomhair faoin gComhaontú seo i gcomhréir leis na comhaontuithe agus socruithe idirnáisiúnta ábhartha agus leis na dlíthe agus na rialacháin atá i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas, sa Chomhphobal nó ina mBallstáit.
2. Níl sé i gceist go ndéanfar aon mhaoin intleachtúil a aistriú leis an gComhaontú seo. Déanfar an mhaoin intleachtúil a ghinfear faoi chuimsiú an chomhair dá bhforáiltear leis an gComhaontú seo a leithdháileadh de réir an cháis in aon chomhaontuithe, socruithe nó conarthaí sonracha a bhaineann leis an gComhaontú seo.
Airteagal 15
Socruithe riaracháin
1. Déanfaidh na Páirtithe, trína n-údaráis inniúla faoi seach, socruithe riaracháin a bhunú chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme go héifeachtach. Áireofar sna socruithe sin na nósanna imeachta atá ag teastáil ó na húdaráis inniúla chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme agus a riar.
2. Féadfar socruithe riaracháin arna mbunú de bhun an Airteagail seo a leasú arna gcinneadh go frithpháirteach ag na húdaráis inniúla i scríbhinn.
3. Féadfar foráil a dhéanamh do shocruithe riaracháin maidir le malartú liostaí fardail i ndáil leis na hítimí atá faoi réir an Chomhaontaithe seo.
4. Féadfar na sásraí comhairliúcháin idir na húdaráis inniúla a leagan amach sna socruithe riaracháin.
5. Bunófar cuntasaíocht an ábhair núicléach agus an ábhair neamhnúicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo ar idirmhalartacht agus ar phrionsabail na comhréireachta agus na coibhéise i ndáil le hábhar núicléach agus le hábhar neamhnúicléach mar a leagtar amach sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun an Airteagail seo.
Airteagal 16
Cur chun feidhme
1. Cuirfear forálacha an Chomhaontaithe seo chun feidhme de mheon macánta ar dhóigh go seachnófar aon bhac, moill nó cur isteach míchuí ar ghníomhaíochtaí núicléacha sa Ríocht Aontaithe agus sa Chomhphobal agus sa dóigh go mbeidh siad i gcomhréir leis na cleachtais stuama bhainistíochta is gá chun gníomhaíochtaí núicléacha a dhéanamh go heacnamaíoch agus go sábháilte.
2. Ní úsáidfear forálacha an Chomhaontaithe seo chun buntáistí tráchtála agus tionsclaíocha a lorg, ná chun cur isteach ar leasanna tráchtála nó tionsclaíocha, cibé acu leasanna náisiúnta nó idirnáisiúnta iad, ceachtar Páirtí nó daoine údaraithe, ná chun críche cur isteach ar bheartas núicléach ceachtar Páirtí nó Bhallstáit an Chomhphobail, ná chun críche bac a chur ar chur chun cinn úsáidí síochánta agus neamhphléascacha an fhuinnimh núicléach, ná chun críche bac a chur ar ghluaiseacht ítimí atá faoi réir an Chomhaontaithe seo nó a chuirfear in iúl a bheith faoina réir, bíodh sé laistigh de dhlínse chríche faoi seach na bPáirtithe nó idir an Ríochta Aontaithe agus an Comhphobal.
Airteagal 17
An dlí is infheidhme
1. An comhar dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo beidh sé i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin faoi seach atá i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe agus laistigh den Aontas agus den Chomhphobal agus i gcomhréir leis na comhaontuithe idirnáisiúnta arna ndéanamh ag na Páirtithe, gan dochar d’Airteagal 18. I gcás an Chomhphobail, áirítear sa dlí is infheidhme Conradh Euratom agus a reachtaíocht thánaisteach.
2. Beidh gach Páirtí freagrach i leith an pháirtí eile as a áirithiú go nglacfar le forálacha an Chomhaontaithe seo, agus go gcomhlíonfar iad, i gcás na Ríochta Aontaithe, go ndéanfaidh gach duine faoina dlínse a bhfuil údarú deonaithe dó de bhun an Chomhaontaithe seo amhlaidh, agus i gcás an Chomhphobail, go ndéanfaidh gach duine laistigh de a bhfuil údarú deonaithe dó de bhun an Chomhaontaithe seo amhlaidh.
Airteagal 18
Comhaontuithe atá ann cheana
1. Measfar forálacha aon chomhaontuithe déthaobhacha um chomhar núicléach sibhialta atá i bhfeidhm idir an Ríocht Aontaithe agus Ballstáit an Chomhphobail a bheith comhlántach leis an gComhaontú seo agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfear forálacha an Chomhaontaithe seo ina n-ionad.
2. Ní bheidh an Comhaontú seo ina chomhaontú forlíontach ar an gComhaontú Trádála agus Comhair.
3. Tá feidhm ag an gComhaontú seo gan dochar d’aon chomhaontú déthaobhach a rinneadh roimhe seo idir an Ríocht Aontaithe de pháirt agus an tAontas agus an Comhphobal den pháirt eile.
Airteagal 19
Comhchoiste
1. Bunaíonn na Páirtithe comhchoiste leis seo.
2. Déanfar comhdhéanamh an Chomhchoiste agus na nósanna imeachta lena mbaineann a leagan amach sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15.
3. Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile go rialta, agus arna iarraidh sin d’údarás inniúil ceachtar den dá Pháirtí, chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a mhaoirsiú.
4. Áireofar ar fheidhmeanna an Chomhchoiste na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
(a) |
faisnéis a mhalartú, dea-chleachtais a phlé, taithí chur chun feidhme a roinnt; |
(b) |
meithleacha a bhunú agus a chomhordú, ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo; |
(c) |
saincheisteanna teicniúla a shainaithint, a phlé agus dul i mbun comhairle maidir leo; |
(d) |
moltaí a ghlacadh le haghaidh cinntí comhpháirteacha a bheidh le déanamh ag na Páirtithe nuair a fhoráiltear dó sin sa Chomhaontú seo, lena n-áirítear cinntí comhpháirteacha chun an Comhaontú seo a leasú; |
(e) |
gníomhú mar fhóram comhairliúcháin, lena n-áirítear i ndáil le díospóidí a réiteach; |
(f) |
gníomhaíocht a chomhordú maidir le comhar in úsáidí neamhchumhachta an fhuinnimh núicléach, go háirithe chun na rioscaí maidir le ganntanas soláthair raidiseatóp míochaine a íoslaghdú agus chun tacú le forbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí agus cóireálacha núíosacha lena mbaineann raidiseatóip, ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí; agus |
(g) |
gníomhú mar fhóram teicniúil i dtaobh aon nithe eile i ndáil leis an gComhaontú seo. |
Airteagal 20
Comhairliúchán
Arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, tiocfaidh ionadaithe na bPáirtithe le chéile nuair is gá chun dul i gcomhairle le chéile faoi chuimsiú an Chomhchoiste maidir le nithe a éireoidh as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, chun a oibriú a mhaoirsiú agus chun socruithe le haghaidh comhair a phlé i dteannta na socruithe sin dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo. Féadfaidh na comhairliúcháin sin a bheith i bhfoirm malartú comhfhreagrais freisin.
Airteagal 21
Díospóidí a réiteach
1. Déanfaidh na Páirtithe aon díospóid eatarthu maidir le cur i bhfeidhm, léiriú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a phlé go pras sa Chomhchoiste d’fhonn an díospóid a réiteach trí chaibidlíocht. D’fhéadfadh aon phlé nó caibidlíocht den sórt sin a bheith i bhfoirm malartú comhfhreagrais freisin.
2. Déanfar aon díospóid den sórt sin nach socrófar trí chaibidlíocht, agus comhchomhairliúcháin éigeantacha, faoi chuimsiú an Chomhchoiste a chur, arna iarraidh do cheachtar Páirtí, faoi bhráid binse eadrána ar a mbeidh triúr eadránaí. Ainmneoidh gach Páirtí eadránaí amháin agus toghfaidh an bheirt eadránaí a ainmneofar an tríú eadránaí, nach náisiúnach de cheachtar Páirtí é, a bheidh ina chathaoirleach.
3. Mura mbeidh eadránaí ainmnithe ag ceachtar Páirtí laistigh de 30 lá tar éis go ndéanfar eadráin a iarraidh, féadfaidh an Páirtí eile sa díospóid a iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta eadránaí a cheapadh don Pháirtí nach mbeidh eadránaí ainmnithe aige. Mura mbeidh an tríú eadránaí tofa laistigh de 30 lá tar éis go ndéanfar eadránaithe a ainmniú nó a cheapadh don dá Pháirtí, féadfaidh ceachtar Páirtí a iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta an tríú eadránaí a cheapadh.
4. Is é a bheidh i gcóram tromlach chomhaltaí an bhinse eadrána, agus is trí vóta tromlaigh de chomhaltaí uile an bhinse eadrána a dhéanfar na cinntí go léir. Bunóidh an binse an nós imeachta eadrána. Beidh cinntí an bhinse ina gceangal ar an dá Pháirtí agus cuirfidh siad chun feidhme iad. Cinnfear luach saothair na n-eadránaithe ar an mbonn céanna le luach saothair bhreithiúna ad hoc na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta. Déanfar aon chinneadh nó dámhachtain eadrána a fhorghníomhú i gcomhréir leis an reachtaíocht uile is infheidhme de chuid na bPáirtithe agus an dlí idirnáisiúnta.
Airteagal 22
Deireadh le comhar i gcás sárú tromchúiseach
1. Más rud é:
(a) |
go ndéanann ceachtar Páirtí nó aon Bhallstát de chuid an Chomhphobail sárú tromchúiseach ar aon cheann de na hoibleagáidí nithiúla faoi Airteagail 1, 5, 6, 7, 9, 10, 11 nó 15, nó ar aon oibleagáid eile faoin gComhaontú seo de réir mar a chinnfidh na Páirtithe go frithpháirteach i scríbhinn tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste; nó |
(b) |
go háirithe, go ndéanann Ballstát de chuid an Chomhphobail nach bhfuil airm núicléacha aige feiste pléascach núicléach a mhadhmadh, nó go ndéanann Ballstát de chuid an Chomhphobail a bhfuil airm núicléacha aige nó an Ríocht Aontaithe feiste pléascach núicléach a mhadhmadh trí úsáid a bhaint aon ítim atá faoi réir an Chomhaontaithe seo, |
féadfaidh an Páirtí eile, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt chuige sin, an comhar faoin gComhaontú seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, go hiomlán nó i bpáirt. San fhógra uaidh, sainaithneoidh an Páirtí na bearta a mheasann sé a bheith ina sárú tromchúiseach ar oibleagáidí faoin gComhaontú seo, sonróidh sé na forálacha atá beartaithe aige a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh agus an dáta óna bhfuil sé beartaithe aige an fhionraí nó an foirceannadh a chur i bhfeidhm.
2. Sula ndéanfaidh ceachtar Páirtí beart chuige sin, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile faoi chuimsiú an Chomhchoiste d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil lena n-áirítear cinneadh i dtaobh an bhfuil gá le bearta ceartaitheacha nó le bearta eile nó nach bhfuil, agus más gá, na bearta a bheidh le déanamh agus an scála ama a ndéanfar na bearta sin dá réir.
3. Ní ghlacfar fionraí nó foirceannadh de bhun mhír 1 ach amháin más rud é nach ndéanfar na bearta ceartaitheacha nó na bearta eile a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama a chinnfidh an Comhchoiste nó, i gcás nach n-aimsítear réiteach cairdiúil, laistigh de thréimhse réasúnta ama ach gan mhoill.
4. Scoirfidh an fhionraí d’fheidhm a bheith aici nuair is deimhin leis an bPáirtí fionraíochta go bhfuil a chuid oibleagáidí faoin gComhaontú seo á gcomhlíonadh ag an bPáirtí eile, cibé acu as a stuaim féin nó mar thoradh ar chinneadh ón mbinse eadrána.
5. I gcás ina ndéanfar an Comhaontú seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, beidh sé de cheart ag an bPáirtí is soláthróir a cheangal go dtabharfar ar ais na hítimí atá faoi réir an Chomhaontaithe seo.
Airteagal 23
Leasuithe
1. Féadfaidh na Páirtithe dul i gcomhairle, arna iarraidh do cheachtar Páirtí, faoi chuimsiú an Chomhchoiste, maidir le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gComhaontú seo, go háirithe chun forbairtí idirnáisiúnta sa réimse núicléach a chur san áireamh.
2. Féadfar an Comhaontú seo a leasú má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh.
3. Tiocfaidh aon leasú i bhfeidhm ar an dáta a shonróidh na Páirtithe, trí nótaí taidhleoireachta a mhalartú idir na Páirtithe nó trína n-údaráis inniúla, de réir mar is cuí, go bhfuil a nósanna imeachta inmheánacha a bhfuil gá leo chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm curtha i gcrích.
4. Is cuid dhílis den Chomhaontú seo í an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo agus féadfar í a leasú i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 24
Teacht i bhfeidhm agus fad
1. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh na míosa ina mbeidh fógra tugtha ag an dá Pháirtí dá chéile go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha féin lena mbunaítear a dtoiliú a bheith faoi cheangal curtha i gcrích acu.
2. Fanfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse tosaigh 30 bliana. Dá éis sin, déanfar an Comhaontú seo a athnuachan go huathoibríoch go ceann tréimhsí breise deich mbliana, mura rud é, sé mhí ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse tosaigh 30 bliana nó roimh dheireadh aon tréimhse deich mbliana breise den sórt sin, go gcuirfidh Páirtí fógra chuig an bPáirtí eile trí nótaí taidhleoireachta a mhalartú go bhfuil ar intinn aige an Comhaontú a fhoirceannadh.
3. D’ainneoin an Comhaontú seo nó aon chomhar anseo thíos a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó é a dhul in éag, ar chúis ar bith, na hoibleagáidí in Airteagail 1, 5, 6, 7, 9, 10 agus 11, Airteagail 13 go 18, Airteagail 20, 21 agus 22, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm fad is atá aon mhír atá faoi réir na n-Airteagal sin i gcríoch an Pháirtí eile nó faoina dhlínse nó faoina rialú áit ar bith, nó go dtí go gcinnfidh na Páirtithe go frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 5 nach féidir an t-ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a úsáid a thuilleadh, nó nach féidir é a aisghabháil i gcleachtas a thuilleadh lena phróiseáil i bhfoirm inar féidir é a úsáid le haghaidh aon ghníomhaíocht núicléach atá ábhartha ó thaobh coimircí de.
Airteagal 25
Téacsanna barántúla
Dréachtófar an Comhaontú seo i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris. Beidh na leaganacha teanga uile den Chomhaontú faoi réir athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach, a chríochnófar faoin 30 Aibreán 2021. Gabhfaidh na leaganacha teanga ar toradh iad ar an athbhreithniú dlítheangeolaíoch seo ionad na leaganacha den Chomhaontú a síníodh ab initio agus déanfar iad a bhunú mar leaganacha barántúla críochnaitheacha trí mhalartú nótaí taidhleoireachta idir na Páirtithe.
Съставено в Брюксел и Лондон на тридесети декември две хиляди и двадесета година.
Hecho en Bruselas y Londres, el treinta de diciembre de dos mil veinte.
V Bruselu a v Londýně dne třicátého prosince dva tisíce dvacet.
Udfærdiget i Bruxelles og London, den tredivte december to tusind og tyve.
Geschehen zu Brüssel und London am dreißigsten Dezember zweitausendzwanzig.
Kahe tuhande kahekümnenda aasta detsembrikuu kolmekümnendal päeval Brüsselis ja Londonis.
Έγινε στις Βρυξέλλες και στο Λονδίνο, στις τριάντα Δεκεμβρίου δύο χιλιάδες είκοσι.
Done at Brussels and London on the thirtieth day of December in the year two thousand and twenty.
Fait à Bruxelles et à Londres, le trente décembre deux mille vingt.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain, an tríochadú lá de mhí na Nollag an bhliain dhá mhíle fiche.
Sastavljeno u Bruxellesu i Londonu tridesetog prosinca godine dvije tisuće dvadesete.
Fatto a Bruxelles e Londra, addì trenta dicembre duemilaventi.
Briselē un Londonā, divi tūkstoši divdesmitā gada trīsdesmitajā decembrī.
Priimta du tūkstančiai dvidešimtų metų gruodžio trisdešimtą dieną Briuselyje ir Londone.
Kelt Brüsszelben és Londonban, a kétezer-huszadik év december havának harmincadik napján.
Magħmul fi Brussell u Londra, fit-tletin jum ta’ Diċembru fis-sena elfejn u għoxrin.
Gedaan te Brussel en Londen, dertig december tweeduizend twintig.
Sporządzono w Brukseli i Londynie dnia trzydziestego grudnia roku dwa tysiące dwudziestego.
Feito em Bruxelas e em Londres, em trinta de dezembro de dois mil e vinte.
Întocmit la Bruxelles și la Londra la treizeci decembrie două mii douăzeci.
V Bruseli a Londýne tridsiateho decembra dvetisícdvadsať.
V Bruslju in Londonu, tridesetega decembra dva tisoč dvajset.
Tehty Brysselissä ja Lontoossa kolmantenakymmenentenä päivänä joulukuuta vuonna kaksituhattakaksikymmentä.
Som skedde i Bryssel och i London den trettionde december år tjugohundratjugo.
(1) IO L 358, 16.12.2006, lch. 62.
(2) Cinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle an 27 Márta 2007 lena mbunaítear an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt agus buntáistí a thabhairt dó (IO L 90, 30.3.2007, lch. 58).
IARSCRÍBHINN
ATHPHRÓISEÁIL
AIRTEAGAL 1
Déanfar ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a athphróiseáil faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a) |
déanfar an athphróiseáil chun críoch úsáide fuinnimh nó bainistiú a dhéanamh ar ábhair atá i mbreosla spíonta, i gcomhréir leis an gclár timthrialla breosla núicléach arna chinneadh go frithpháirteach trí chomhairliúchán idir na húdaráis inniúla; |
(b) |
maidir le tuairisc ar aon chlár timthrialla breosla núicléach atá beartaithe, lena n-áirítear mionsonraí maidir leis an gcreat beartais, dlít agus rialála is ábhartha maidir le hathphróiseáil agus stóráil, úsáid agus iompar plútóiniam, soláthróidh údarás inniúil an Pháirtí a bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin á mbeartú aige tuairisc uirthi; |
(c) |
stórálfar agus úsáidfear an plútóiniam aisghafa de réir an chláir timthrialla breosla núicléach dá dtagraítear i bpointe (a); agus |
(d) |
ní dhéanfar athphróiseáil agus úsáid an phlútóiniam aisghafa chun críoch neamhphléascach síochánta, lena n-áirítear an taighde, nach n-áirítear sa chlár timthrialla breosla núicléach dá dtagraítear i bpointe (a), ach amháin faoi choinníollacha arna gcinneadh go frithpháirteach i scríbhinn idir na Páirtithe tar éis comhairliúcháin de bhun Airteagal 2 den Iarscríbhinn seo. |
AIRTEAGAL 2
Tionólfar comhairliúcháin sa Chomhchoiste laistigh de 40 lá tar éis iarraidh a fháil ó cheachtar Páirtí:
(a) |
chun oibriú fhorálacha na hIarscríbhinne seo a athbhreithniú; |
(b) |
chun breithniú a dhéanamh ar leasuithe ar an gclár timthrialla breosla núicléach dá dtagraítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn seo; |
(c) |
chun breithniú a dhéanamh ar fheabhsuithe ar choimircí idirnáisiúnta agus ar theicnící rialaithe eile lena n-áirítear bunú sásraí idirnáisiúnta nua a bhfuil glacadh coitianta leo agus is ábhartha maidir le hathphróiseáil agus le plútóiniam; nó |
(d) |
chun breithniú a dhéanamh ar thograí chun an plútóiniam aisghafa a athphróiseáil, a úsáid, a stóráil agus a iompar chun críoch neamhphléascach síochánta eile, lena n-áirítear an taighde. |