25.9.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 311/1


Faisnéis faoi theacht i bhfeidhm an Chinnidh Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena n‐údaraítear don Ríocht Aontaithe a toiliú a léiriú, ina cáil féin, a bheith faoi cheangal ag comhaontuithe idirnáisiúnta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm le linn na hidirthréimhse i réimse chomhbheartas iascaigh an Aontais

An Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena n‐údaraítear don Ríocht Aontaithe a toiliú a léiriú, ina cáil féin, a bheith faoi cheangal ag comhaontuithe idirnáisiúnta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm le linn na hidirthréimhse i réimse chomhbheartas iascaigh an Aontais an 18 Meán Fómhair 2020, tugadh fógra faoi don Ríocht Aontaithe ar dháta a ghlactha. I gcomhréir le habairt deiridh an dara mír d’Airteagal 297 CFAE, ghabh éifeacht leis an gcinneadh sin an 18 Meán Fómhair 2020.