30.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 443/3


CINNEADH uimh. 3/2020 ÓN GCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN GCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 17 Nollaig 2020

lena leasaítear an Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach [2020/2247]

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú Um Tharraingt Siar’), agus go háirithe pointe (d) d'Airteagal 164(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le pointe (d) d'Airteagal 164(5) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, cuirtear ar a chumas don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena ndéanfar an Comhaontú um Tharraingt Siar a leasú, ar choinníoll gur gá na leasuithe sin chun earráidí a cheartú, chun aghaidh a thabhairt ar neamhghníomhartha nó ar easnaimh eile, nó chun aghaidh a thabhairt ar chásanna nach raibh coinne leo nuair a síníodh an Comhaontú, agus ar choinníoll nach bhféadfaidh na cinntí sin eilimintí ríthábhachtacha an Chomhaontaithe a leasú. De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Ní mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe cinntí den sórt sin, a bhfuil na héifeachtaí dlíthiúla céanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, a chur chun feidhme.

(2)

Faoi Airteagal 182 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, is dlúthchuid den Chomhaontú sin an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (‘an Prótacal’).

(3)

Ní bhaineann dhá ghníomh dlí maidir le feidhmíocht astaíochtaí CO2 gluaisteán nua agus veaineanna nua a chláraítear san Aontas agus a liostaítear faoi cheannteideal 9 d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal agus a rinneadh infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann de réir Airteagal 5(4) den Phrótacal sin, le feithiclí den sórt sin a chur ar an margadh san Aontas. Dá bhrí sin ba cheart iad a bhaint d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal;

(4)

Tá ocht ngníomh dhlíthiúla ann atá riachtanach do chur i bhfeidhm rialacha an mhargaidh inmheánaigh d'earraí i ndáil le Tuaisceart Éireann agus a fágadh ar lár tráth a nglactha, ba cheart na gníomhartha sin a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal.

(5)

Chun raon feidhme cur i bhfeidhm gníomhartha sonracha áirithe a liostaíodh in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a shoiléiriú, ba cheart trí nóta a chur leis an Iarscríbhinn sin;

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH

Airteagal 1

Déanfar Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal a leasú mar a leanas:

1.

faoin gceannteideal ‘9. Mótarfheithiclí, lena n-áirítear tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta’, scriosfar na n-iontrálacha seo a leanas:

‘—

Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú

Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú’;

2.

faoin gceannteideal ‘6. Rialacháin maidir le coimircí déthaobhacha’, cuirfear an iontráil seo a leanas leis:

‘—

Rialachán (AE) 2019/287 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Feabhra 2019 lena gcuirtear chun feidhme clásail choimirce dhéthaobhacha agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife a bhaineann le comhaontuithe trádála áirithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha (1)’;

3.

faoin gceannteideal ‘23. Ceimiceáin agus ábhair ghaolmhara’, cuirfear an iontráil seo a leanas leis:

‘—

Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Aontas agus tríú tíortha (2)’;

4.

faoin gceannteideal ‘25. Dramhaíl’, cuirfear an iontráil seo a leanas leis:

‘—

Airteagail 2 go 7, Airteagail 14 agus 17 agus Codanna A, B, C, D agus F den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (3)’;

5.

faoin gceannteideal ‘29. Bia – ginearálta’, cuirfear an iontráil seo a leanas leis:

‘—

Treoir 2011/91/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le tásca nó marcanna lena sainaithnítear an luchtóg lena mbaineann bia-earra (4)’;

6.

faoin gceannteideal ‘42. Ábhar atáirgthe plandaí’, cuirfear an iontráil seo a leanas leis:

‘—

Treoir 66/401/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síolta plandaí farae a mhargú (5)

Treoir 98/56/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le hábhar iomadaithe plandaí ornáideacha a mhargú (6)

Treoir 2008/72/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le hábhair iomadaithe agus plandaithe glasraí ornáideacha, seachas síolta a mhargú (7)’;

7.

faoin gceannteideal ‘47. Ilghnéitheach’, cuirfear an iontráil seo a leanas leis:

‘—

Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú’;

8.

faoin gceannteideal ‘4. Gnéithe trádáilbhunaithe ginearálta’, tar éis na hiontrála do ‘Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle’, cuirfear an nóta seo a leanas isteach:

‘Gan dochar don fhíoras go mbeidh fabhair tharaife le haghaidh tíortha incháilithe de bhun Scéim Ghinearálta um Fhabhair an Aontais infheidhme sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann:

ní thuigfear as na tagairtí do ‘Ballstát’ in Airteagal 9(1)(c)(ii) agus i gCaibidil VI [Forálacha maidir le cosaint agus faireachas] de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 go n-áirítear an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann;

ní thuigfear as na tagairtí do ‘margadh an Aontais’ in Airteagal 2(k) agus i gCaibidil VI [Forálacha maidir le cosaint agus faireachas] de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 go n-áirítear iontu margadh na Ríochta Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann; agus

ní thuigfear as na tagairtí do ‘tairgeoirí an Aontais’ agus do ‘tionscal an Aontais’ i Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 go n-áirítear iontu táirgeoirí nó tionscal na Ríochta Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.’;

9.

faoin gceannteideal ‘5. Ionstraimí cosanta trádála’, díreach faoin gceannteideal, cuirfear isteach an nóta seo a leanas:

‘Gan dochar don fhíoras go mbeidh feidhm ag bhearta cosanta nua trádála an Aontais sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, ní thuigfear as na tagairtí do ‘Ballstáit’ ná ‘Aontas’ i Rialachán (AE) 2016/1036, Rialachán (AE) 2016/1037, Rialachán (AE) 2015/478 agus Rialachán (AE) 2015/755 go n-áirítear iontu an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. Ina theannta sin, maidir le hallmhaireoirí a d'íoc dleachtanna frithdhumpála nó frithchúitimh an Aontais ar allmhairiú earraí a bhfuarthas imréiteach custaim ina leith i dTuaisceart Éireann, féadfaidh siad aisíocaíocht ar na dleachtanna sin a iarraidh go heisiach de bhun Airteagal 11(8) de Rialachán (AE) 2016/1036 nó Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2016/1037 faoi seach.’;

10.

faoin gceannteideal ‘6. Rialacháin maidir le coimircí déthaobhacha’, díreach faoin gceannteideal, cuirfear isteach an nóta seo a leanas:

‘Gan dochar don fhíoras go bhfuil feidhm ag bearta coimirce déthaobhacha an Aontais sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, ní thuigfear as na tagairtí do ‘Ballstáit’ ná ‘Aontas’ sna rialacháin a liostaítear thíos go n-áirítear iontu an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.’;

11.

faoin gceannteideal ‘25. Dramhaíl’ tar éis na hiontrála do ‘Treoir (AE) Uimh. 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol’, cuirfear isteach an nóta seo a leanas:

‘I ndáil le cur i bhfeidhm na nAirteagal agus na gCodanna sin maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, léifear aon tagairt do ‘ 3 Iúil 2021 ’ in Airteagal 4 (1), agus in Airteagail 14 agus 17 (1) mar thagairt do ‘ 1 Eanáir 2022 ’. Beidh feidhm ag Airteagail 2, 3, 14 agus 17, agus Cuid F den Iarscríbhinn, a mhéid a bhaineann siad le hAirteagail 4 go 7.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Nollaig 2020.

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Maroš ŠEFČOVIČ

Michael GOVE


(1)   IO L 53, 22.2.2019, lch. 1.

(2)   IO L 22, 26.1.2005, lch. 1.

(3)   IO L 155, 12.6.2019, lch. 1.

(4)   IO L 334, 16.12.2011, lch. 1.

(5)   IO L 125, 11.7.1966, lch. 2298.

(6)   IO L 226, 13.8.1998, lch. 16.

(7)   IO L 205, 1.8.2008, lch. 28.