|
25.9.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
26 |
Rún ó Thionól Parlaiminteach Euronest maidir le dlús a chur le Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile a dhaingniú i bparlaimintí náisiúnta an Aontais Eorpaigh
(2018/C 343/06)
TÁ TIONÓL PARLAIMINTEACH EURONEST,
|
— |
ag féachaint do Ghníomh Bunaitheach Thionól Parlaiminteach Euronest an 3 Bealtaine 2011, |
|
— |
ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach ó Chruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir an 24 Samhain 2017 sa Bhruiséil, agus dá dearbhuithe roimhe sin, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe (CEPA) idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach d'Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile |
|
— |
ag féachaint do Thosaíochtaí Comhpháirtíochta AE-na hAirméine arna síniú an 21 Feabhra 2018 sa Bhruiséil, |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ó Bhiúró Thionól Parlaiminteach na hEorpa do Chruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir an 24 Samhain 2017, |
|
— |
ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre comhpháirteach an 9 Meitheamh 2017 dar teideal “Comhpháirtíocht an Oirthir — 20 sprioc insoláthartha don bhliain 2020: Ag díriú ar phríomhthosaíochtaí agus torthaí nithiúla” (SWD(2017)0300), |
|
A. |
de bhrí, tríd an Dearbhú Comhpháirteach ó Chruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir an 24 Samhain 2017 sa Bhruiséil, gur chuir rannpháirtithe an Chruinniú Mullaigh fáilte roimh shíniú CEPA idir an tAontas Eorpach agus an Airméin ar imeall an Chruinniú Mullaigh; |
|
B. |
de bhrí go ndearna síniú CEPA idir an tAontas Eorpach agus an Airméin, ar imeall Cruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir sa Bhruiséil an 24 Samhain 2017, oibriú níos dlúithe a chumasú idir an tAontas Eorpach agus an Airméin chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ann cheana. |
|
C. |
de bhrí gur athdhearbhaigh an Airméin a tiomantas don chomhpháirtíocht straitéiseach agus uaillmhianach sin leis an Aontas Eorpach, atá bunaithe ar luachanna coiteanna, leasanna frithpháirteacha agus tuiscint fhrithpháirteach, úinéireacht agus freagracht chomhroinnte, difreáil agus cuntasacht fhrithpháirteach, agus a thugann tíortha comhpháirtíochta Oirthear na hEorpa níos gaire don Aontas Eorpach; |
|
D. |
de bhrí gur dhaingnigh Tionól Náisiúnta Phoblacht na hAirméine an Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir AE agus an Airméin in 2018 d'aon toil, |
|
E. |
de bhrí go bhfuil an Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir AE agus an Airméin daingnithe cheana ag parlaimintí náisiúnta ó Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine agus Phoblacht na Bulgáire; |
Tá Tionól Parlaiminteach Euronest,
1.
ag áitiú do pharlaimintí náisiúnta Bhallstáit uile AE Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe a dhaingniú idir AE agus an Airméin gan moill mhíchuí;
2.
ag cur fáilte roimh thacaíocht an Choimisiúin Eorpaigh, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha/Leas-Uachtaráin an Choimisiúin agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le CEPA a dhaingniú i bparlaimintí náisiúnta an Aontais, agus ag súil go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí ina leith sin;
3.
ag iarraidh ar pháirtithe polaitiúla san Aontas Eorpach rannchuidiú leis an bpróiseas bailchríoch a chur ar na nósanna imeachta maidir le daingniú CEPA i bparlaimintí náisiúnta a dtíortha féin.