7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/43


Airteagal 49

(sean-Airteagal 49 CAE)

Féadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 agus atá tiomanta iad a chur chun cinn go comhpháirteach iarratas a dhéanamh chun bheith ina chomhalta den Aontas. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoin iarratas sin. Díreoidh an Stát iarrthach a iarratas chun na Comhairle a ghníomhóidh d'aon toil tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus tar éis do Pharlaimint na hEorpa toiliú trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í. Tabharfar aird ar na coinníollacha incháilitheachta a bheidh formheasta ag an gComhairle Eorpach.

Na coinníollacha ar a ligfear Stát isteach agus na hoiriúnuithe is gá dá chionn sin ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe, beidh siad ina n-ábhar do chomhaontú idir na Ballstáit agus an Stát iarrthach. Cuirfear an comhaontú sin faoi bhráid na Stát Conarthach uile lena dhaingniú i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.