7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/37


Airteagal 41

(sean-Airteagal 28 CAE)

1.   Déanfar an caiteachas riarthach a thabhóidh na hinstitiúidí tríd an gCaibidil seo a chur chun feidhme a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais.

2.   Aon chaiteachas oibríochtúil atá ann de bharr an Chaibidil sin a chur chun feidhme, muirearófar é ar bhuiséad an Aontais freisin, seachas aon chaiteachas a thig ó oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu agus cásanna ina gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil.

Nuair nach muirearófar an caiteachas ar bhuiséad an Aontais, muirearófar ar na Ballstáit é i gcomhréir le scála na holltáirgeachta náisiúnta mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil. I dtaca le caiteachas a thig ó oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu, ní bheidh d'iallach ar na Ballstáit a bhfuil dearbhú foirmiúil déanta ag a n-ionadaithe sa Chomhairle faoin dara fomhír d'Airteagal 31(1) ranníocaíochtaí a dhéanamh maidir lena maoiniú.

3.   Glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena mbunófar na nósanna imeachta speisialta chun rochtain sciobtha a ráthú ar leithreasaí i mbuiséad an Aontais chun tionscadail faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a mhaoiniú go práinneach, agus go háirithe le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 42(1) agus in Airteagal 43. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Déanfar na gníomhaíochtaí ullmhúcháin do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 42(1) agus in Airteagal 43 nach muirearófar ar bhuiséad an Aontais a mhaoiniú trí chiste tosaithe arna chomhdhéanamh de ranníocaíochtaí ó na Ballstáit.

Glacfaidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe, ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, cinntí lena mbunófar:

(a)

na nósanna imeachta chun an ciste tosaithe a chur ar bun agus a mhaoiniú, go háirithe na méideanna arna gcionroinnt ar an gciste;

(b)

na nósanna imeachta chun an ciste tosaithe a riar;

(c)

na nósanna imeachta rialaithe airgeadais.

Nuair nach féidir an cúram arna bheartú i gcomhréir le hAirteagal 42(1) agus le hAirteagal 43 a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais, údaróidh an Chomhairle don Ardionadaí an ciste sin a úsáid. Déanfaidh an tArdionadaí tuarascáil don Chomhairle maidir leis an sainordú a chur chun feidhme.