7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/36


Airteagal 39

I gcomhréir le hAirteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus de mhaolú ar mhír 2 de, glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena leagfar síos na rialacha a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit nuair atá gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme na Caibidle seo, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin. Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi rialú údaráis neamhspleácha.