7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/31


Airteagal 26

(sean-Airteagal 13 CAE)

1.   Déanfaidh an Chomhairle Eorpach leasanna straitéiseacha an Aontais a shainaithint, cuspóirí a chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chinneadh agus treoirlínte ginearálta a chomhbheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear ábhair a bhfuil impleachtaí cosanta acu, a shainiú. Glacfaidh sí na cinntí is gá.

Má éilíonn forbairtí idirnáisiúnta é, déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a chomóradh d'fhonn línte straitéiseacha bheartas an Aontais a shainiú i bhfianaise na bhforbairtí sin.

2.   Cumfaidh an Chomhairle an comhbheartas eachtrach agus slándála agus glacfaidh sí na cinntí is gá chun an comhbheartas sin a shainiú agus a chur chun feidhme ar bhonn na dtreoirlínte ginearálta agus na línte straitéiseacha arna sainiú ag an gComhairle Eorpach.

Áiritheoidh an Chomhairle agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála aontacht, comhchuibheas agus éifeachtúlacht ghníomhaíocht an Aontais.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí agus na Ballstáit an comhbheartas eachtrach agus slándála a chur in éifeacht, agus leas á bhaint as acmhainní náisiúnta agus acmhainní an Aontais.