GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/309


PRÓTACAL (Uimh. 28)

MAIDIR LE COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH, SÓISIALTA AGUS CRÍOCHACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH go luann Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach an cuspóir comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a chur chun cinn agus go bhfuil an comhtháthú a dúradh ar cheann de na réimsí ina bhfuil inniúlacht arna roinnt san Aontas atá liostaithe in Airteagal 4(2)c den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

AG MEABHRÚ DÓIBH go soláthraíonn forálacha Chuid a Trí, Teideal XVIII maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach ina n-iomláine bonn dlíthiúil le gníomhaíocht an Aontais i réimse an chomháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh a chomhdhlúthú agus a fhorbairt níos mó, lena n-áirítear cur ar bun ionchasach ciste nua,

AG MEABHRÚ DÓIBH go bhforáiltear le forálacha Airteagal 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Ciste Comhtháthaithe a chur ar bun,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH go bhfuil suimeanna móra, agus iad ag dul i méid, á dtabhairt ar iasacht ag BEI chun leas na réigiún is boichte,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH an dúil i mbreis solúbthachta le haghaidh rialacha mionsonraithe um chionrannta ó na cistí strúchtúracha,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH an dúil i leibhéil rannpháirtíocht an Aontais i gcláir agus i dtionscadail i dtíortha áirithe a mhodhnú,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH an togra rathúlacht choibhneasta Bhallstát a chur san áireamh níos mó sa chóras acmhainní dílse,

ATHDHAINGNÍONN SIAD go bhfuil cur ar aghaidh an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh sár-riachtanach do lánfhorbairt agus do rath marthanach an Aontais;

ATHDHAINGNÍONN SIAD a n-áitiús gur chóir go leanfadh na cistí struchtúracha de pháirt thábhachtach a imirt i ngnóthú cuspóirí Aontais i réimse an chomhtháthaithe;

ATHDHAINGNÍONN SIAD a n-áitiús gur chóir go leanfadh BEI den chuid is mó dá acmhainní a chur i leith comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur ar aghaidh agus dearbhaíonn siad a bhfonnmhaireacht riachtanais chaipitil BEI a athbhreithniú a luaithe a bheidh gá leis sin chun na críche sin;

COMHAONTAÍONN SIAD go soláthróidh an Ciste Comhtháthaithe ranníocaíochtaí airgeadais Aontais le haghaidh tionscadail i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán tras-Eorpach i mBallstáit ag a bhfuil OTI in aghaidh an duine níos lú ná 90 % den mheán Aontais agus ag a bhfuil clár chun na coinníollacha do chóineasú eacnamaíoch mar atá siad leagtha amach in Airteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chomhall;

DEARBHAÍONN SIAD a n-intinn lamháil níos mó solúbthachta a cheadú chun airgeadas ó na cistí struchtúracha a chionroinnt ar riachtanais shonracha nach bhfolaítear faoi rialacháin láithreacha na gcistí struchtúracha;

DEARBHAÍONN SIAD a bhfonnmhaireacht leibhéil rannpháirtíocht an Aontais a mhodhnú i gcomhthéacs chláir agus thionscadail na gcistí struchtúracha d'fhonn méaduithe iomarcacha i gcaiteachas bhuiséad na mBallstát is lagrathúla a sheachaint;

COMHAONTAÍONN SIAD gur gá faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar an dul chun cinn ionsar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a ghnóthú agus dearbhaíonn siad a bhfonnmhaireacht staidéar a dhéanamh ar gach beart is gá ina leith sin;

DEARBHAÍONN SIAD a rún aird níos mó a thabhairt ar chumas ranníocaíochta na mBallstát leithleach sa chóras acmhainní dílse agus modhanna a scrúdú a chearthódh i gcás na mBallstát is lagrathúla eilimintí cúlchéimnitheacha atá sa chóras láithreach acmhainní dílse;

COMHAONTAÍONN SIAD go gcuirfear an Prótacal seo i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.