GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/281


PRÓTACAL (Uimh. 13)

MAIDIR LEIS NA CRITÉIR UM CHÓINEASÚ

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO sonraí na gcritéar um chóineasú a threoróidh an tAontas agus na cinntí á nglacadh aige maidir le deireadh a chur le maoluithe na mBallstát a bhfuil maolú acu, dá dtagraítear in Airteagal 140 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 1

Ciallóidh an critéar um chobhsaíocht phraghsanna dá dtagraítear sa chéad fhleasc d'Airteagal 140(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh ag Ballstát feidhmiú praghsanna atá inbhuanaithe agus meánráta boilscithe, arna bhreathnú thar thréimhse bliana roimh an scrúdú, nach dtéann níos mó ná 1.5 pointe céatadáin os cionn ráta boilscithe na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht phraghsanna. Déanfar an boilsciú a thomhas trí bhíthin innéacs praghsanna do thomhaltóirí (IPT) ar bhonn inchomórtais, agus difríochtaí i sainmhínithe náisiúnta á gcur san áireamh.

Airteagal 2

Ciallóidh an critéar um an riocht buiséadach rialtais dá dtagraítear sa dara fleasc d'Airteagal 140(1) den Chonradh sin nach mbeidh an Ballstát, tráth an scrúdaithe, faoi réir cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(6) den Chonradh sin go bhfuil easnamh iomarcach ann i gcás an Bhallstáit i dtrácht.

Airteagal 3

Ciallóidh an critéar um rannpháirtíocht i Meicníocht Rátaí Malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta dá dtagraítear sa tríú fleasc d'Airteagal 140(1) den Chonradh sin go bhfuil Ballstát tar éis na gnáthlamhálacha luaineachta dá bhforáiltear i Meicníocht Rátaí Malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta a urramú gan ghéartheannais i rith an dá bhliain deiridh ar a laghad roimh an scrúdú. Go háirithe, ní bheidh an Ballstát tar éis ráta lárnach déthaobhach airgeadra a thíre a dhíluacháil in aghaidh an euro ar a thogra féin ar feadh na tréimhse céanna.

Airteagal 4

Ciallóidh an critéar um chóineasú rátaí úis dá dtagraítear sa cheathrú fleasc d'Airteagal 140(1) den Chonradh sin go raibh ag Ballstát, arna bhreathnú thar thréimhse bliana roimh an scrúdú, meánráta ainmniúil fadtéarmach úis nach dtéann níos mó ná 2 pointe céatadáin os cionn ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht phraghsanna. Déanfar rátaí úis a thomhas ar bhonn bannaí fadtéarmacha rialtais nó urrúis inchomórtais, agus difríochtaí i sainmhínithe náisiúnta á gcur san áireamh.

Airteagal 5

Soláthróidh an Coimisiún na sonraí staidrimh a úsáidfear chun an Prótacal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 6

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa nó le BCE de réir mar a bheidh, agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, na forálacha iomchuí chun sonraí na gcritéar um chóineasú dá dtagraítear in Airteagal 140 den Chonradh sin a leagan síos agus cuirfear na forálacha sin in ionad an Phrótacail seo.