|
|
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/278 |
PRÓTACAL (Uimh. 11)
MAIDIR LE hAIRTEAGAL 42 DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH an gá chun forálacha an dara fomhír d'Airteagal 42(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a chur chun feidhme go hiomlán,
AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH nach ndéanfaidh beartas an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42 dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe, agus go n-urramóidh sé na hoibleagáidí a chineann ó Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i gcás Ballstáit áirithe a mheasann go bhfuil a gcomhchosaint bainte amach acu in ECAT, agus go mbeidh sé ag luí leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta arna bhunú sa chreat sin,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:
Tarraingeoidh an tAontas Eorpach suas, i dteannta le hAontas Iarthar na hEorpa, socruithe maidir le comhar feabhsaithe eatarthu.