GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/275


PRÓTACAL (Uimh. 10)

MAIDIR LEIS AN mBUANCHOMHAR STRUCHTÚRTHA ARNA BHUNÚ LE hAIRTEAGAL 42 DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG FÉACHAINT d'Airteagal 42(6) agus d'Airteagal 46 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

AG MEABHRÚ DÓIBH go bhfuil comhbheartas eachtrach agus slándála á sheoladh ag an Aontas atá fothaithe ar chóineasú méadaitheach ar ghníomhaíocht na mBallstát a ghnóthú;

AG MEABHRÚ DÓIBH gur cuid dhílis den chomhbheartas eachtrach agus slándála an comhbheartas slándála agus cosanta; go gcuireann sé cumas oibríochtúil ar fáil don Aontas trí tharraingt ar shócmhainní sibhialta agus míleata; go bhféadfaidh an tAontas na sócmhainní sin a úsáid i mbun na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43 den Chonradh ar an Aontas Eorpach lasmuigh den Aontas maidir leis an tsíochánaíocht, maidir le coinbhleachtaí a chosc agus maidir leis an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe; go gcuirfear na cúraimí sin i gcrích agus leas á bhaint as cumais arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal na foinse aonair fórsaí;

AG MEABHRÚ DÓIBH nach ndéanann comhbheartas slándála agus cosanta an Aontais dochar do cháilíocht shonrach bheartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe;

AG MEABHRÚ DÓIBH go n-urramaíonn comhbheartas slándála agus cosanta an Aontais na hoibleagáidí a chineann ó Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i gcás na mBallstát sin a mheasann go bhfuil a gcomhchosaint bainte amach acu in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh a leanann de bheith mar bhunsraith do chomhchosaint a cuid comhaltaí, agus go bhfuil sé ag luí leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta arna bhunú sa chreat sin;

AR A BHEITH DEARFA go rannchuideoidh ról níos teanntásaí ag an Aontas i gcúrsaí slándála agus cosanta le beogacht Comhghuaillíochta Atlantaí athnuaite, i gcomhréir leis na socraíochtaí dá ngairtear "Beirlín Plus";

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU a áirithiú go mbeidh ar chumas an Aontais a chuid freagrachtaí sa chomhphobal idirnáisiúnta a ghabháil ar láimh;

Á AITHINT DÓIBH go bhféadfaidh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe cúnamh a iarraidh ar an Aontas chun misin arna nglacadh ar láimh faoi Chaibidil VI agus faoi Chaibidil VII de Chairt na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme go práinneach;

Á AITHINT DÓIBH go mbeidh ar na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh i réimse na gcumas de bharr neartú ar an mbeartas slándála agus cosanta;

ÓS FEASACH DÓIBH go mbeidh tréaniarracht ó na Ballstáit i dtrácht ag gabháil le tosú ar chéim nua i bhforbairt bheartais Eorpaigh slándála agus cosanta;

AG MEABHRÚ DÓIBH a thábhachtaí atá sé go mbeadh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála gafa go hiomlán leis na himeachtaí a bhaineann le buanchomhar struchtúrtha,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Beidh an buanchomhar struchtúrtha dá dtagraítear in Airteagal 42(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ar oscailt do gach Ballstát a ghabhfaidh ar láimh, ó dháta Chonradh Liospóin a theacht i bhfeidhm:

(a)

iarrachtaí níos tréine a dhéanamh chun a chumais cosanta a fhorbairt trína rannpháirtíochtaí náisiúnta a fhorbairt agus trí bheith rannpháirteach, nuair is iomchuí, i bhfórsaí ilnáisiúnta, sna príomhchláir Eorpacha trealaimh agus i ngníomhaíocht na Gníomhaireachta a bhaineann le cumais chosanta a fhorbairt, le taighde, le soláthar agus le harmálacha (Gníomhaireacht Eorpach um Chosaint), agus

(b)

an cumas a bheith aige faoi 2010 ar a dhéanaí, bíodh sé ar leibhéal náisiúnta nó mar chomhbhall de ghrúpaí ilnáisiúnta d'fhórsaí, spriocaonaid chomhraic a chur ar fáil do na misin a phleanálfar, a bheidh struchtúrtha ar leibhéal na hoirbheartaíochta mar chathghrúpa, a mbeidh eilimintí tacaíochta acu lena n-áirítear iompar agus lóistíocht, a bheidh in ann na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a chur i gcrích laistigh de thréimhse 5 go 30 lá, go háirithe chun freagairt d'iarrataí ó Eagraíocht na Náisiún Aontaithe, agus a fhéadfar a choimeád ar bun ar feadh thréimhse tosaigh 30 lá agus leanúint leo ar feadh 120 lá ar a laghad.

Airteagal 2

D'fhonn na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 1 a bhaint amach, gabhfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa bhuanchomhar struchtúrtha ar láimh:

(a)

comhoibriú, amhail ó Chonradh Liospóin a theacht i bhfeidhm, d'fhonn cuspóirí formheasta a bhaint amach maidir le leibhéal an chaiteachais infheistíochta ar threalamh cosanta, agus na cuspóirí sin a athbhreithniú go tráthrialta i bhfianaise thimpeallacht na slándála agus fhreagrachtaí idirnáisiúnta an Aontais;

(b)

a ngairis cosanta a chur in oiriúint dá chéile oiread agus is féidir, go háirithe trí bhíthin sainaithint a riachtanas míleata a chomhchuibhiú, a meáin agus a gcumais cosanta a chomhthiomsú, agus, nuair is iomchuí, speisialtóireacht a dhéanamh orthu, agus taobhú leis an gcomhar i réimsí na hoiliúna agus na lóistíochta;

(c)

bearta táigiúla a ghlacadh chun infhaighteacht, idir-inoibritheacht, solúbthacht agus in-imscarthacht a gcuid fórsaí a fheabhsú, go háirithe trí chomhchuspóirí a shainaithint maidir le fórsaí a sholáthar, lena bhféadfaí athbhreithniú ar a nósanna imeachta náisiúnta cinnteoireachta a áireamh;

(d)

comhoibriú chun a áirithiú go nglacfaidh siad na bearta is gá, lena n-áirítear trí chur chuige ilnáisiúnta agus gan dochar do na gealltanais ina leith sin laistigh d'Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, chun na heasnaimh arna suíomh faoi chuimsiú an "tSásra Forbartha Cumais" a shlánú;

(e)

páirt a ghlacadh, nuair is iomchuí, i bhforbairt mórchlár comhpháirteach trealaimh nó mórchlár Eorpach trealaimh faoi chuimsiú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint.

Airteagal 3

Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint le measúnú tráthrialta ar rannpháirtíochtaí na mBallstát rannpháirteach i dtaca le cumais, go háirithe na rannpháirtíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir leis na critéir a bhunófar inter alia ar bhonn Airteagal 2, agus déanfaidh sí tuarascáil air ar a laghad uair sa bhliain. Féadfar an measúnú sin a úsáid mar bhonn do mholtaí agus do chinntí ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.