7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/358


63.   Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le sainiú an téarma "náisiúnaigh"

I ndáil leis na Conarthaí agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus le haon cheann de na gníomhartha a chineann ó na Conarthaí sin nó a leanann de bheith i bhfeidhm de bhua na gConarthaí sin, athdhéanann an Ríocht Aontaithe an Dearbhú a rinne sí an 31 Nollaig 1982 maidir le sainiú an fhocail "náisiúnaigh" ach amháin go dtuigfear an tagairt do "dhaoine is saoránaigh de na spleáchríocha Briotanacha" mar thagairt do "dhaoine is saoránaigh de Chríocha Briotanacha thar lear".