7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/353


49.   Dearbhú maidir leis an Iodáil

Tugann an Chomhdháil dá haire a raibh ráite sa Phrótacal maidir leis an Iodáil a cuireadh i gceangal i 1957 leis an gConradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, mar atá arna leasú tráth an Conradh ar an Aontas Eorpach a ghlacadh:

"TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO fadhbanna áirithe ar leith a bhaineann leis an Iodáil a réiteach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh seo:

TÓGANN BALLSTÁIT AN CHOMHPHOBAIL

SUNTAS DE go bhfuil Rialtas na hIodáile ag gabháil do chlár deich mbliana d'fhorbraíocht eacnamaíoch atá ceaptha chun na míchothromaíochtaí i ngréasán eacnamaíoch na hIodáile a cheartú, go háirithe trí bhonneagar a chur ar fáil do na limistéir lagfhorbartha i nDeisceart na hIodáile agus ar oileáin na hIodáile agus trí phoist nua a chruthú d'fhonn an dífhostaíocht a dhíchur.

TUGANN SIAD CHUN CUIMHNE go bhfuil prionsabail agus cuspóirí chlár seo Rialtas na hIodáile breithnithe agus formheasta ag eagraíochtaí um chomhar idirnáisiúnta ar comhaltaí díobh na Ballstáit.

AITHNÍONN SIAD gurb é a gcomhleas é go mbainfí amach cuspóirí chlár na hIodáile.

COMHAONTAÍONN SIAD, chun cuidiú le Rialtas na hIodáile an cúram sin a thabhairt chun críche, ar a mholadh d'institiúidí an Chomhphobail leas a bhaint as na modhanna agus na nósanna imeachta go léir dá bhforáiltear sa Chonradh seo agus, go háirithe, úsáid iomchuí a dhéanamh d'acmhainní an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus Chiste Sóisialach na hEorpa.

IS É A dTUAIRIM gur chóir d'institiúidí an Chomhphobail, ag cur an Chonartha seo chun feidhme dóibh, aird a thabhairt ar an iarracht leanúnach atá le déanamh ag geilleagar na hIodáile sna blianta le teacht agus ar a mhéad is inmhianaithe go seachnófaí strusanna contúirteacha, go háirithe i gcomhardú na n-íocaíochtaí nó i leibhéal na fostaíochta, a d'fhéadfadh bheith ina mbaol d'fheidhmiú an Chonartha seo san Iodáil.

AITHNÍONN SIAD go mbeidh sé riachtanach, má chuirtear Airteagail 109h agus 109i i bhfeidhm, cúram a ghlacadh nach rachaidh aon bhearta dá n-éileofar ar Rialtas na hIodáile chun dochair do chomhlíonadh a chláir chun forbraíocht eacnamaíoch a chur chun cinn agus caighdeán maireachtála an phobail a ardú.".