7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/352


47.   Dearbhú maidir le hAirteagal 5(3), (4) agus (5) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

Tugann an Chomhdháil dá haire go bhféadfadh na coinníollacha a bheidh le cinneadh sa chinneadh dá dtagraítear i mír 3, 4 nó 5 d'Airteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh a chinneadh go n-iompróidh an Ballstát lena mbaineann na hiarmhairtí díreacha airgeadais, más ann, a thabhófar le riachtanas agus ar dhóigh dhosheachanta de bhrí gur scoir sé a rannpháirtíocht i gcuid den acquis nó san acquis ina iomláine dá dtagraítear in aon chinneadh arna ghlacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 4 den Phrótacal sin.