|
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/347 |
28. Dearbhú maidir le hAirteagal 98 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Tugann an Chomhdháil dá haire go gcuirfear forálacha Airteagal 98 i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcleachtas reatha. Léireofar an abairt "sa mhéid gur gá na bearta sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a thug deighilt na Gearmáine ar an ngeilleagar i limistéir áirithe de Phoblacht na Cónaidhme a mbaineann an deighilt sin leo" i gcomhréir leis an gcásdlí atá ann de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.