7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/344


16.   Dearbhú maidir le hAirteagal 55(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Measann an Chomhdháil go rannchuidíonn an chaoi chun aistriúcháin a dhéanamh de na Conarthaí sna teangacha atá luaite in Airteagal 55(2) leis an gcuspóir a ghnóthú maidir le saibhreas éagsúlachta cultúrtha agus teanga an Aontais a urramú mar atá leagtha amach sa cheathrú fomhír d'Airteagal 3(3). Sa chomhthéacs sin, daingníonn an Chomhdháil cion an Aontais le héagsúlacht chultúrtha na hEorpa agus an aire ar leith a leanfaidh sé de bheith á tabhairt do na teangacha sin agus do theangacha eile.

Molann an Chomhdháil do na Ballstáit sin ar mian leo an chaoi atá aitheanta in Airteagal 55(2) a thapú a chur i bhfios don Chomhairle, laistigh de shé mhí ó dháta Conradh Liospóin a shíniú, an teanga nó na teangacha chun a ndéanfar na Conarthaí a aistriú.