|
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/197 |
Airteagal 355
(sean-Airteagal 299(2), an chéad mhír, agus (3) go (6) CCE)
Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chomh maith le forálacha Airteagal 52 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le raon feidhme críochach na gConarthaí.
|
1. |
Beidh feidhm ag forálacha na gConarthaí maidir le Guadalúip, le Guáin na Fraince, le Martinique, le Mayotte, le La Réunion, le Saint-Martin, leis na hAsóir, le Maidéara agus leis na hOileáin Chanáracha, i gcomhréir le hAirteagal 349. |
|
2. |
Bainfidh na socruithe speisialta i dtaobh comhlachais atá leagtha amach i gCuid a Ceathair leis na tíortha agus na críocha thar lear atá luaite sa liosta in Iarscríbhinn II. Ní bhainfidh na Conarthaí leis na tíortha agus na críocha thar lear a bhfuil caidreamh speisialta acu le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus nach bhfuil luaite sa liosta réamhráite. |
|
3. |
Bainfidh forálacha na gConarthaí leis na críocha Eorpacha a bhfuil Ballstát freagrach ina gcaidreamh eachtrach. |
|
4. |
Beidh forálacha na gConarthaí infheidhme ar Oileáin Åland i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach i bPrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne. |
|
5. |
De mhaolú ar Airteagal 52 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo:
|
|
6. |
Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, ar thionscnamh ón mBallstát i dtrácht, cinneadh a ghlacadh lena leasófar an stádas i leith an Aontais atá ag tír nó ag críoch de chuid na Danmhairge, na Fraince nó na hÍsiltíre dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. |