7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/194


Airteagal 347

(sean-Airteagal 297 CCE)

Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile d'fhonn go ndéanfar i gcomhar na nithe is gá chun nach gcoiscfí feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar gheall ar bhearta a bheadh le déanamh ag Ballstát i gcás suaitheadh tromchúiseach inmheánach a dhul i gcion ar an ord poiblí, i gcás cogaidh nó i gcás mórtheannas idirnáisiúnta a mbeadh bagairt chogaidh ann, nó chun oibleagáidí a chomhlíonadh a bhí glactha aige d'fhonn an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choimeád.