7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/191


Airteagal 332

(sean-Airteagail 27a go 27e, 40 go 40b agus 43 go 45 CAE agus sean-Airteagail 11 agus 11a CCE)

Is iad na Ballstáit rannpháirteacha a iompróidh an caiteachas a thig ón gcomhar feabhsaithe a chur chun feidhme, seachas costais riaracháin a thabhóidh na hinstitiúidí, mura gcinnfidh comhaltaí uile na Comhairle a mhalairt, ag gníomhú dóibh d'aon toil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.