7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/187 |
Airteagal 322
(sean-Airteagal 279 CCE)
1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí, trí bhíthin rialachán:
(a) |
na rialacha airgeadais lena sonrófar go háirithe an gnáthnós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus chun cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh; |
(b) |
na rialacha ina bhforálfar do sheiceálacha ar an bhfreagracht atá ar oibreoirí airgeadais, agus go háirithe ar oifigigh um údarú agus ar oifigigh cuntais. |
2. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCúirt Iniúchóirí, na modhanna agus an nós imeachta a chinneadh ar dá réir a bheidh an t-ioncam buiséid dá bhforáiltear faoi na socruithe i dtaobh acmhainní dílse an Aontais féin le cur ar fáil don Choimisiún agus na bearta a chinneadh a bheidh le cur i bhfeidhm, más gá, chun freastal do riachtanais airgeadais.