7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/179


Airteagal 306

(sean-Airteagal 264 CCE)

Déanfaidh Coiste na Réigiún a chathaoirleach agus a oifigigh a thoghadh as líon a chomhaltaí go ceann téarma dhá bhliain go leith.

Glacfaidh sé a Rialacha Nós Imeachta.

Déanfaidh a chathaoirleach an Coiste a chomóradh, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún. Féadfaidh an Coiste teacht le chéile freisin ar a thionscnamh féin.