7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/178


Airteagal 302

(sean-Airteagal 259 CCE)

1.   Ceapfar comhaltaí an Choiste ar feadh cúig bliana. Glacfaidh an Chomhairle liosta na gcomhaltaí arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát. Féadfar téarma oifige chomhaltaí an Choiste a athnuachan.

2.   Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Féadfaidh sí tuairim a fháil ó chomhlachtaí Eorpacha a ionadaíonn do na hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta éagsúla agus an tsochaí shibhialta ar cúram leo gníomhaíochtaí an Aontais.